Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dúiche
/dūhə/, //; /dūçə/ Achréidh
ainmfhocal, baineann
uimhir iolra: dúicheannaí
an oidhríocht talúna a bheadh ag tiarna talúna; an méid tionóntaí a bhíos ag cíosú le tiarna talúna. Ní chiallaíonn sé ceantar nó limistéar tíre anseo mar a chiallaíos sé in áiteachaí eile, ach fc. an seanfhocal fút síos.
a.
+
Dúiche na mBlácach, Dúiche an Mhuiréisigh, Dúiche Bherridge, Dúiche an Fhrionsaigh, Dúiche Shailearna, Dúiche na bhForbacha srl. (ainmneachaí dúicheannaí)
Dá mba liom Dúiche na mBlácach, ní bhfaigheadh sé pingin uaim
TUILLEADH (5) ▼
Dá mbeadh Dúicheannaí an Fhrionsaigh aige, chuirfeadh sé drochrath orthu
Dhá mbeadh Dúiche an Choimínigh aige, ní phósfainn é
Ní raibh deoraí ar an dúiche seo nach raibh salach, ach dheamhan duine a cuireadh as seilbh ina dhiaidh sin. Go deimhin dhá bhfaigheadh cuid de na báillí agus de na gíománaigh a bhí ag an máistir cead a gcinn, ní bheidís amhlaidh
Ní raibh tionónta istigh ar an dúiche nach gcaitheadh dhá lá sa tseachtain a thabhairt dó ar a chuid talúna fhéin
Ní raibh aon duine ariamh dhá raibh ar a ndúiche nach raibh buíoch de na M.
+
Bháigh sé a dhúiche ag imirt chártaí. Nuair a bhí chuile shórt eile caillte aige chuir sé an dúiche — chuir sé a dhúiche i ngeall, nó i bhfiacha nó i mortgage
Tá an dúiche sin báite
TUILLEADH (1) ▼
Chuir sé a raibh de dhúicheannaí aige ariamh i mbáthadh
b.
+
Sílim go ngabhfaidh mé ar an ngeadán is trioma den dúiche — ar an leaba
Tá Seán anocht ar an ngeadán is trioma den dúiche. Tá ragairne trí oíche anois air
TUILLEADH (4) ▼
Ó téirigh ar an ngeadán is trioma den dúiche. Tá tú in do dhall dúda le codladh
Meas tú nach bhfuil sé in am a dhul ar an spota is trioma den dúiche. Is trioma ann é anocht ná amuigh ar chaoi ar bith. Is millteach an oíche í míle buíochas le Dia
Tá a fhios agamsa go maith cá bhfaighidh tú é sin. Gheobhaidh tú ar an ngeadán is trioma den dúiche anois é: ar an leaba
Má tá tú dhá thóraíocht sin lá ar bith roimh an dó dhéag, caithfidh tú a dhul ar an ngeadán is trioma den dhúiche. Is ann a bhíos sé go mbíonn an lá ársaithe go maith
c.
+
"Is buan duine ina dhúiche fhéin" (seanfhocal) — faigheann sé fad saoil ann; bíonn sé ar a nádúr féin i measc a mhuintire fhéin, agus fágann sin nach mbíonn brón ná cumha ná treampán air agus go mbíonn a mhuintir féin i gcónaí aige le seasamh dhó
Is fhearr dhuit fanacht sa mbaile anois ó tá riar agat. Is deise dhuit é ná an tabhairt sin a thabhairt ort féin aríst. Is buan duine ina dhúiche féin, adeir siad
TUILLEADH (2) ▼
Mharaigh an cumha í i gcónaí i Meiriceá. Ní raibh aon luí aici leis ariamh. B'fhurasta di sin muis a theacht abhaile agus áit mhaith a fháil, mar bhí na pínneachaí aici. Ach ina leaba sin phós sí, agus bhí sí réidh leis an mbaile ansin. Sin é a thug bás di chomh hóg sin. Is buan duine ina dhúiche fhéin i gcónaí
'Sé an áit is cineálta dhó a theacht anseo anois agus teach a dhéanamh ann ó tá sé éirithe as an scoil. Is ann is fhearr a gheobhadh sé a shláinte, agus bheadh a mhuintir fhéin faoi is thairis i gcónaí le bheith ag freastal air. Is buan duine, adeir siad, ina dhúiche féin

dúiche in iontrálacha eile (13)

+
Chuala mé caint orthu — na deachmaí atá tú ag rá. Bhí a leithidí ann a mhaisce. Deir siad nár híocadh iad sin ariamh gan ár agus fuil. Don teampall gallda a bhí siad ag dul. Chloisinn S. Mh. A. ag cur síos air fadó, gur chuala sé ag a sheanathair go raibh siad dhá gcruinneáil thiar anseo uair ar Dhúiche an Ch. Bhí póilíos ann ar chuma ar bith, agus rún acu a mbaint amach den bhuíochas. Chruinnigh tír is talamh ann, le pící, le corráin nó arm ar bith ba túisce acu. Chuala an sagart a bhí anseo thiar é. Níl a fhios agam cén sagart a bhí ann san am. Bhuel tháinig sé aniar ar chuma ar bith. Chuaigh sé chun cainte lena póilíos agus lena báillí. Murach go ndearna sé eadarascán an lá sin bheadh cuimhne air. Bhí muintir na háite líofa ceart ag achrann. Dheamhan a fhios agam féin ar mhaith siad na deachmaí dhóibh nó nár mhaith, ach níor tógadh aon deachma an lá sin. Ní mheasaim gur tógadh ná níos mó, ach leisce na bréige níl a fhios agam ar tógadh nó is nár tógadh … Tá sin céad bliain go láidir. Ara tá agus i bhfad lena chois. Bheadh sé sé scóir nó seacht scóir blianta ó bhí seanathair Sh. Mh. A. ina mhaith — dhá mbeadh sé taobh leis
TUILLEADH (1) ▼
Níor chuala mé gur tógadh deachmaí anseo ariamh ach bhídís ansin thoir ar Dhúiche an Bh. Na ministéaraí a d'fhaigheadh iad sin nach iad. Dheamhan mórán a chuala mé ariamh fúthu. Tá siad sin caite suas le saol is aimsir … Ón drochshaol ab ea? Bail ó Dhia ort. Tá agus i bhfad roimhe. Rugadh m'athair — beannacht Dé lena anam — trí bliana roimh an Drochshaol (1846-1847) agus ní raibh siad ann lena linn. Cáid ó bhí Oíche na Stoirme Móire ann? … Céad bliain díreach. Bhuel is roimhe sin a bhí na deachmaí ann, más fada gearr roimhe é, sin rud nach feasach dom. Ach fiafraigh de Sh. Ó. C. é. Sin é an fear a inseos na húdair dhuit … Tá aois mhór agamsa air, ach má tá féin, níl mé ach ar chosa bacóige lena ais. Tá údar aige faoi chuile shórt ón Díle
 
Is diachta dóibh maoin ná brá gill a bheith orthu agus chomh caifeach drabhlásach agus atá siad. Dá mbeadh dúiche an Ch. acu, ní fhágfaidís luach bonn bán uirthi, nach istigh ag mná ósta a bheadh. Is mór an seasamh acu é. Ach ní mhaireann an rith maith don each i gcónaí. Mo choinsias ní mhaireann. Tiocfaidh an lá fós agus dá mbeadh breith ar a n-aiféala acu, dhéanfaidís tíobhas in am
 
díbir
Rinneadh díbirt as an áit sin. Deir siad nár fágadh Críostaí an bhéil bheo ar an dúiche sin nár díbríodh
 
Tá an oiread dintiúirí ar an teirgéis bheag sin de leathchoróin dole, agus a bheadh ar dhúiche L. K. dhá mbeadh sí dhá díol. Níl aon leota de pháipéar dhá bhfuil mé a fháil faoi nach ndéanfadh stráca don teach. Fuair mé ceathair nó cúig de cheanna le mí …
 
dochar
Ba ghearr le dhul a chuid sochair ar ghualainn a chuid dochair. Chuir sé amach a raibh sa leath thoir den dúiche ar fad, agus mar gheall gur shásaigh sé é féin, d'fhága sé cupla tionónta a bhí salach i seilbh anseo. Nár mhór an sochar é sin — nár mhór!
 
Is olc an ceart é go bhféadfaidh fear airgid a theacht agus an abhainn sin a thógáil le haghaidh 'dolaíocht' agus gan comhaireamh na sop le fáil ag an dream atá tórainneach léithe. Ach tuilleadh diabhail againn! Nuair a roinneadh an talamh ní raibh mac an aoin bheo ar an dúiche nár shaighneáil an abhainn don bhoc mhór seo thiar. Sin é a d'fhága aisti ó shin iad. Ach cén mhaith ag caint! Cén fios a bhí ag na daoine!
+
Mura n-éirí sé as a chuid drabhláis is gearr gur fear réidh é. Ar ndóigh ní sheasfadh Dúiche na mBl. dó, tá sé chomh caifeach sin. Tá an cheird sin ceart go leor ag an té a bhfeileann sí dhó nach (ach) m'anam nach é a leithide seisean é
TUILLEADH (1) ▼
Níl drabhlás airgid ar bith ar ndóigh is mó ná drabhlás cártaí. Is minic a chaill daoine a raibh istigh is amuigh acu leo. Is minic a chuala tú ariamh faoi dhuine uasal a bháigh a dhúiche nuair a bheadh an imirt ag dul ina aghaidh. Agus nár chuala tú freisin faoin bhfear a gheall a anam don Diabhal as ucht bua imeartha a thabhairt dó
 
dris
Diabhal bréag nach dona an áit a bhfuil a chosa dhá thabhairt. Ní dhéanfaidh sé mórán tíochais leis an dris sin. Ach ní fiú biorán í le hais na máthar. Ach a dtosaí an bheirt acu ag gabháil dó, is fear réidh é … Ní phósfainn í, dhá bhfaighinn dúiche an C. bronnta orm léithe
+
Ní bheidh tú ar an muráite choíchin go dté Cnoic Dhúiche Sheoigheach fút — go gcuire tú Cnoic Dhúiche Sheoigheach fút; go mbí siad le feiceáil ón áit a mbeidh tú ar an bhfarraige. Ní bheidís le feiceáil ón gcladach de bharr na gcnoic eile ní ba ghaire do láthair a bheadh ag dul idir thú agus iad
TUILLEADH (1) ▼
'Sé an marc a bhíodh againn ariamh ar mhuráite mangach, a dhul amach díreach ón gcaladh nó go dtéadh sléibhte Dhúiche Sheoigheach faoi. Ansin a dhul ag iascach
 
An ndeachaigh sé go Dúiche Sheoigheach (nó Dúiche Sheoigheach gan go, fc. téigh)