Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dinndiúirí
ní baintear aon-leas as ach ins an iolraidh.
1.
comharthuidheacht nó cruthú, nó páipéir a theasbáineas go bhfuil gradam áirid agad: go bhfuil tú in do dhochtúr nó in do mháistir scoile, nó in do sheilbhéara agus rl. (Deirtear go h-áirid le dochtúr é. Ní abróchaí le sagart é).
a.
+
B'fhéidir dhó a bheith cho maith le dochtúr ar bith, ach níl a chuid dinndiúirí aige in a dheidh sin.
Níor thug an dochtúr sin amach a chuid dinndiúirí chor ar bith. Deir siad gur eirigh sé as shul ár chríochnuigh sé
TUILLEADH (8) ▼
Tá an-dinndiúirí ag an dochtúr sin, adeir siad, agus níl rath ná ríoghacht air 'na dheidh sin. Má thóigeann an bhróig léas ar do sháil, fuadóchaidh sé isteach ag an aspuicil (óispidéal) thú
Níl annseo ach gobán de dhochtúr. Níl dinndiúirí ar bith aige. Bhí sé cho dóigh dhó an oiread a mhilleadh agus a leasóchadh sé fút.
Dhá bhfáightí amach air é, ghabhfadh sé daor air. Níl aon-bhaint ag dochtúr ar bith láimh a leagan ar dhuine mara bhfuil a chuid dinndiúirí amuigh aige
Dheamhan dinndiúirí máistir scoile aige ach an oiread liomsa nach(ar) chaith lá ag an scoil ariamh. Is beag dhá chuid cluanuidheacht' sin a bheith ag rádh go bhfuil sé in a mháistir scoile. Ó a chaith sé an t-achar ag coláiste, caithfidh sé a rádh go bhfuil na dinndiúirí aige cho maith leis an té a mbeadh.
Sin iad na dinndiúirí mar siúd. Lasfaidís an sean-dúda dhuit mar a lasadh na seiceannaí "fálse" do Mh. Ch. é
Ní raibh sástuigheacht ar bith air le na dinndiúirí a thug sé amach 'un tosaigh. Chuaidh sé isteach aríst le bheith in a árd-dhochtúr agus chinn air. Nuair a chinn, chaith sé suas ar fad é agus scuab leis go Meiriocá. Níor fríothadh aon-dé ó shoin air.
Chaith sé an tsíorruidheacht ag imeacht ag coláiste ach go leághaidh an diabhal dinndiúirí aige indiu ach an oiread leis an lá ar thosuigh sé, ná ní bheidh go ndéanfaidh Dia dearmad dó (dhe)
Dá mbeadh sé in a mháistir scoile bheadh páipéir nó dinndiúirí eicínt aige le 'sbáint, ach an uair a d'iarr an sagart air iad, ní raibh le rádh aige ach gur chaill sé iad. Is maith an t-údar é, ba deacair dhó. Níor thug sé amach iad, le bheith aige.
b.
cairteanna nó páipéir dhlí, nó a leithidí.
+
Má's leat do chuid talmhan' a choinneál, ní mór duit dinndiúirí agus páipéir a bheith agad air. Ní goire d'oighridheacht tú ná ceachtar de do chuid dearbhráthar. Má tá indán agus go bhfuighidh lucht an dlí aon-fhabht in do chuid cainte, ní bhfuighidh tú comhaireamh na sop, creid mé dhuit ann. Len 'aghaidh sin atá siad annsiúd
An uair a thiocfas an scéal faoi'n mbreitheamh annsiúd, is beag an mhaith dhuit tosuighe ag dilleoireacht agus ag rádh: "d'fhága sé agam é", mara bhfuil páipéir agus dinndiúirí agad air, de réir an dlí. Ní hé an dlí an ribín réidh deirimse leat. Ar chuala tú ariamh é: "teigheann an dlí do na daoine bochta mar a theigheas uisce an earraigh do na cearca"
TUILLEADH (3) ▼
Níl rud ar bith is mó a mbíonn dinndiúirí air ná talamh. Seo é an saoghal mara dtarraingidh tú dinndiúirí air, go mbeidh tú dhá fhuireasbhaidh. An bhfeiceann tú an giodán talmhan' a bhí aige seo thoir …
Tá an oiread dinndiúirí ar an teirghéis bheag sin de leath-choróin "dole", agus a bheadh ar dhúithche L. K. dhá mbeadh sí dhá díol. Níl aon-leota de pháipéar dhá bhfuil mé a fháil faoi nach ndéanfadh stráca do'n teach. Fuair mé ceathair nó cúig de cheanna le mí …
Is áidhbhéil an lear dinndiúirí agus páipéir a chaithfeas fear a tharraint, le "leaibhrín rations" a fháil. Diabhal aithne orra nach féirín a bheidís a thabhairt do dhuine. Ní raibh aon-lá de'n ádh ar an saoghal ó 'thosuigh siad ag toidheacht amach
2.
caint, caibidil nó cailicéaracht a bheadh ag dul i gcosamhlacht leis an gcineál cainte a bhíos i gcairteanna i bpáipéir dhlí nó ag dligheadóirí, nó a leithidí.
+
Nach aige atá na dinndiúirí agus an chailicéaracht. Shílfeá gurb é Caibhnsiléara na Sceiche (fc. caibhnsiléara) é annsiúd chois na teine. Níl nídh ó Fhlaithis go talamh nach gcuirtear faoi chaibidil annsiúd
Níor thaithnigh an ceann céadna ariamh liom. Tá an iomarca dinndiúirí cainte ar fad aige. Ní fhéadfá samhail ar bith a thabhairt dó ag scoilteadh cainte ach duine de na sean-phóilíos thíos ar R. D. a cheannuigh "cruib" mhóna anuiridh uaim. Dheamhan aithne a bhí air nach fear a bhí tóigthe aige faoi rud eicínt a ghoid. D'ionnsuigh air faoi'n móin. Cá'il an locht nach raibh uirre. Ag iarraidh mé a ghiorrú ins an margadh a bhí sé. "Tá an-fhonn ortsa caint a scoilteadh" arsa mise "ach mo choinsias 's dar m'anam mara n-íocaidh tú mise go beo deifreach, go scoiltfidh mise clár na baithise agad … "
TUILLEADH (1) ▼
Cá bhfágfadh sé iad mar dhinndiúirí. Badh é an dlí an chéad-bhiadh ins an sliogán dó sin. Bhánuigh a athair é féin le dlí. Ní fhéadfadh sé labhairt ar thada ach ar an gceird chéadna sin fheacht agus áirid. Bhí sé sáthach tolgtha dhó (dhe) ins an deireadh