Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deargadh
ainm-bhriathar; ainm-fhocal; briathar.
1.
lasadh.
a.
+
Dearg é (píopa, toitín, teine, lampa, talamh, iarann, agus rl.)
Dearg suas an sean-dúda = las é ("redden the pipe" adeireas an chuid is mó de na Béarlóirí ar fud na Gaillimhe)
TUILLEADH (16) ▼
Cheal nach bhfuil sé deargtha fós agad (toitín)
Tabhr'om deargadh = "give me a light"
Gheobhaidh tú deargadh as an bpíopa seo = tuitín a dheargadh as píopa
Iarr deargadh air sin anois. Tá "feaig" dearg aige (lasta)
Ní dheargfaidh an teine seo go sleibhe = lasadh suas; lasair a theacht uirre (bheadh smiochóideachaí innti ceart go leór)
Nach deacair leis an mbodhrán (móna) sin deargadh. Tá sí faduithe le uair an chluig agus dheamhan cosúlacht crádadh féin fós uirre
Do cheann finne ní chuirfeadh an spaidealach sin ag deargadh. Ach nach bhfuil sí in a bog eibhinn
Ní dheargfaidh sí leis an ola ach an oiread. Sé an chaoi a múchfaidh tú í. Leig di ar fad go fóilleach. B'fhéidir di scinneadh (sceinneadh) amach ar ball
An ndeargfaidh mé an lampa = "an lasfaidh mé an lampa", is minice adeirtear, ach deirtear deargadh freisin
Dearg an lampa sin, agus ná bíodh muid in ar muintir Dhorchaí níos fuide
Dearg amach ceann de do chuid cipíní
Níl an choinneal ag deargadh ach an oiread leis an teine
Dhearg sé cheithre feaig i mbéal a chéile
Cáid go mbeidh an t-iarann sin deargtha (san teine)
Chuir sé an t-iarann ar an inneoin agus gan leathdheargadh air
Ní dheargóidh an smután sin anocht. Is beag an baol air. Tá an iomarca fliucháin faighte aige
+
Dearg é agus comhdhearg é agus ná ruadhdhearg é (ró-dhearg é?) = é a dheargadh go maith ach gan é a lasadh uilig (píopa, maiste, adhmad, iarann agus rl.)
Dearg agus comhdhearg an píopa sin dom
TUILLEADH (4) ▼
Séard atá agad a dhéanamh leis an iarann sin a dheargadh agus a chomhdheargadh ach gan é a rua-dheargadh. Cuir san gcois annsin ar an bpuinte é
Mara bhfuil tada eile ar t'aire, seo cipín duit agus dearg agus comhdhearg é, ach ná ruadhearg é, agus teirigh ag scríobhadh ar na ballaí sin tímpeall leis
Seo píosa iarainn duit. Cuir isteach annsin i dteallach na ceártan é, agus dearg agus comhdhearg ach ná ruadhearg é, agus leag amach annseo agamsa ar an inneoin é, agus feicfidh tú féin air go ndéanfaidh mise fuireann deas cruithe dhuit l'aghaidh an chuit! = duine ag magadh faoi ghasúr
Tá sé deargtha agus comhdheargtha anois agad, ach ní fuláir dó a bheith ruadheargtha le go ndéanfaidh sé cúis
+
Bhí sé in a shuí le deargadh na maidne (deirtear le "deargadh maidne" agus le "dearg-mhaidne" freisin: Fc. dearg-mhaidin) = leis an scairt-mhaidin; an t-am a n-aithneóchthá luisne dhearg ag teacht san aer thoir leis an lá
D'eirigh mé le deargadh na maidne. Ba bheag le aithne lae a bhí air an uair sin
TUILLEADH (6) ▼
Tháinic sé le deargadh maidne. Meastú cá raibh sé go dtí an tráth sin?
Ní mór dhaoib a bheith ag gluaiseacht le deargadh maidne. Tá aistir fada romhaibh
Tá sé in a dheargadh maidne. Is gearr an mhoill a bhíos ar an oíche chor ar bith an tráth seo 'bhliain
Ní raibh ann ach go mba léar dhom é ar éigin le dearg mhaidne, ach bhrath mé ar an toirt nach hé a mhalrait a bhí ann. Tugann sé an mhaidin leis i gcomhnaí ag teacht dó
Ara bhí aithne lae air, agus go maith. Bhí sé in a dheargadh maidne féin
Meastú cén meanmna a chas amach cho moch sin é le deargadh na maidne? A Dhia dhá thárráil muis! Tá cor eicínt le teacht ar an saol. Fear nach n-eiríonn go h-eadra lá ar bith!
b.
snuadh, snuadhúlacht, luisne.
+
Tá sé deargtha go bun na gcluas = lasadh nó deirge ann
Dhearg sé suas go dtí na cluasa = tháinic lasadh in a cheann-aghaidh
TUILLEADH (3) ▼
Deargfaidh (deargóidh freisin) sé i gcomhnaí nuair a labhras duine leis. Tá sé an-chuthal
Deargadh ó'n eitinn é sin. Chuala tú caint ar luisne na h-eitinne
Níl call ar bith dhuit a bheith ag deargadh anois. Bhí tú in éindí léithe. Ní údar náire do bhuachaill óg ar bith speal a bhaint as geárrchaile!
2.
scólladh, óthras de bharr an chraicinn a bheith tóigthe.
a.
+
Sén deargadh a bhí air a choinnigh ó chodladh ar feadh na h-oíche aréir é. Tá sé cho cantalach le dris ó a tháinic sé air = tógáil nó scólladh i mbléin agus ar mhásaí páiste (fc. dearg)
Níl a fhios agam beirthe ná beo céard a dhéanfas mé leis an deargadh atá ar an naoineán sin chor ar bith. Tá chuile shórt féachta agam leis agus is aon-mhaith amháin é. Níl sé ag imeacht in a dheidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Is mór an tseanmóir thú. Breá nach ndéanfá foras uair eicínt agus gan a bheith ag diúgaireacht i gcomhnaí. Foighid ort anois, bainfidh mise an deargadh sin asad. Mo leanbh agus mo laogh thú!
b.
+
Tá deargadh tiaraí ar an asal = nuair a bhíos an tiarach (fc. tiarach) ro-fháiscthe ar asal nó nach mbíonn sí luighteach ceart air, tóigeann sí é faoi bhun a dhriobaill agus bíonn sórt mairc air agus an craiceann dearg leis. Deargadh tiaraí atá air sin
Bog an tiarach sin nó is gearr go gcuire sí deargadh tiaraí air
TUILLEADH (3) ▼
Is beag an dochar dhó deargadh tiaraí a bheith air agus cho cruadh agus atá an tiarach. Is mór an t-íonadh nach fadó a tháinic sé air
Ní féidir aon-tsrathar a chur ar an asal sin aríst go ceann aimsire. Nach bhfuil sé faoi dheargadh tiaraí ar fad.
Tá deargadh tiaraí air, agus na míoltógaí agus na cleabhair ag déanamh ballséire air. Seachnaigí sib fhéin air. Má theangaíonn sib leis an leath deireadh chor ar bith aige, tosóidh sé ag bruimseálacht
·
Tá bean annsin thoir. Suaróigín bheag agus í cho sean leis an gceo, agus is geall le deargadh tiaraí atá ar a béal. Diabhal a bhfaca tú a shamhail ariamh ach é = brat trom lipstick
Bhí an saol go maith ariamh nó gur bhuail an deargadh tiaraí puis na mná! Ach céard é siúd atá siad a chur ar a mbéal, nó an gcaitheann siad a bhaint anuas chuile uair a dteigheann siad ag ithe? Is gradha an saol é
3.
·
Deargfaidh mé thú (deargóidh mé an smut, an t-éadan, an ghruadh agus rl. agad) mara leigidh tú dhom fhéineacht = "Dathóidh mé thú (le fuil) is mó adeirtear
4.
dúachan talúna, talamh a chur nó a threabhadh.
+
Tá an-deargadh déanta aige = dúachan (fc. dubhchan); go leor talamh treabhtha nó curtha aige (faoi fhataí, mangols, nó mar sin. Ní deargadh a déantar le ithir nó lorg ach spréidheadh)
An bhfuil an deargadh déanta agad? Dar príosta is sclábhaí maith fir thú. Ní tada eile thú bail ó Dhia ort!
TUILLEADH (3) ▼
Tá deargadh mór déanta an taobh sin soir, ach tosaíonn siad sin ar an Earrach luath. Is dóib is fusa. Is aca atá a dheis
Beidh mé réidh leis an deargadh anocht. Má bhíonn féin ní miste sin liom, mar ní gan anró é
Níl aon-ár go deo ach an deargadh atá siad a dhéanamh i mbliana. Ní chomhnóidh siad go mbeidh chuile fhód ag gabhail leo faoi fhataí. Bheadh ciall ina leithidí!
+
Ag deargadh leat i gcomhnaí bail ó Dhia ort! Ba cheart go mbeadh cúnamh maith anois agad air (an churaíocht)
An fear a bhíos ag oscailt (claise) bíonn sé ag deargadh an bhuird ó thaobh, agus tá an bord le cur ar an iomaire eile; nó fear a bheadh ag casadh na bhfóid d'fhear an bhuird bheadh sé ag oscailt freisin = mar sin a chuirtear fataí le láidhe
TUILLEADH (8) ▼
Dearg amach an bord sin
An bhfuil an bord sin deargtha fós agad?
Dearg "an bord" sin = cuir fód nó créafóig air
Níl chúig shúileóig fhataí deargtha aige de bharr a lae.
Beidh an garraí ar fad deargtha aca trathnóna. Is gearr orra é: forránaí luatha láidir'
Dheargfainn an cúilín sin freisin marach cheal leasuithe. Níl an oiread ag gabhail liom agus a leasódh é. Nach bhfuil sin gann go leor anois!
I dteannta a bhfuil deargtha aige, cén diabhal eile atá aige? Purláin an tí agus na breaclachaí sin siar annsin
Is beag chor ar bith atá deargtha againn i mbliana. Cupla póicín annsin thuas. Ní raibh an cúnamh ann le tada a dheargadh
5.
aibiúchan toraí.
·
Is deacair leo deargadh i mbliana. Ach ní bhfuair siad an ghrian = úlla ag aibiúchan

deargadh in iontrálacha eile (9)

 
Dalláin ag an diabhal ort. Cá'il na dalláin? An caoch atá tú? Tóruigh an méid atá gearrtha agad aríst agus togh na síolta caocha as. Is deas iad mo chuid síolta! Bhí sé cho maith dhom imeacht ag gabhail "Laddie O'Lee" ar na cnocáin le dhul ag deargadh talmhana len a n-aghaidh sin
 
diaidh
Is mé atá indiaidh mo chuid tobac air, ach céard a d'fhéadfainn a dhéanamh. Ní raibh aon-ghoir agam gan a chaitheamh aige ó a chonnaic sé ag deargadh mé
 
Dlaoitheoig thuighe a thug sé amach san doras ag deargadh an phíopa a dhóigh an teach. Bhí an-stolladh gaoithe ann, agus chuaidh an lasair 'sa mbun-tsop
 
dóigh 3
Nach h-iad na h-aidhbheirseoirí gan choinsias anois iad! An bhfuil a fhios agad céard a rinne siad, asal le P. Mh. a raibh deargadh tiaraighe air a thabhairt leo, agus sean-tiarach a chur air agus neanntógaí a chur faoin a dhrioball innte. An uair a dhóigh na neanntóga an t-asal bocht, chuaidh sé ingealta. Ar éigin agus ar arach a ceannsuigheadh chor ar bith é. Is minic ariamh a thóig muid neanntóg le asal roighin a dhóghadh faoi bhun an driobaill, ach má seadh ní asal deargadh tiaraighe é
 
dreas 2
Dheamhan a fhios agam. An mhóin atá is na portaigh sin aghainne, ní chuirfeadh grian na n-Indiachaí aon-dreas uirre. Chonnaic mé annsin le cupla bliain í, agus dheamhan ceo triomaigh dhár chaith sé ar feadh an tsamhraidh nach bhfuair sí. Fuair sí creataigh ó'n ngrian ceart go leor, arae bhí sí bainte an chéad choicís de Bhealtaine. Ach do cheann finne ní lasfadh í in a dheidh sin. Ní bheadh call dom sagart ar bith a thaobhachtáil marach a mbaineadh sí d'eascainí agus de mhionna móra asam ag iarraidh a deargadh 'chuile mhaidin
 
droim
Ní thaithnigheann liom an chorruighe atá agad ar an teine sin chor ar bith anois. Bhí sí ag cnádadh go breagh gur thosuigh tú ag dochtúireacht uirre. Is mór m'fhaitíos go gcuirfidh tú de dhruim seoil ar fad í. Tá geis ar an teine sin nach bhfuil aon-duine indon a deargadh ach mise. 'Sí an tuagh a bhaint as láimh an tsaoir duitse a dhul in a h-éadan
 
duán
Go dtárruighidh Dia sinn! Dheamhan liobar fíonnaigh ariamh ar a mal. Agus is geall le deargadh tiaraighe a béal! Sin í an cailín a bhfuil a cuid eochraí uiliog ar bharr an dubháin aice! Nar theighidh sé 'un tosaigh ná 'un tairbhe di muis, gan díobháil gan dochar duinne
 
dubh 3
D'fhan siad thuas annsin go raibh an cheapach dubhuighthe aca aindeoin go raibh siad dhá gcaidhleadh le sneachta. Dheamhan duine ar na mbaile nach raibh na bonnaidheachaí le splainc aige, agus iadsan i muinín a gcroidhe agus a gcruite ag deargadh talmhana
 
Fir dhubhshlánacha a mhic ó! Déanfaidh siad deargadh feicfidh tú, an tseachtain seo. Ach ní mór dóibh sin ar shon an cheann atá ann. Dheamhan an mbeadh "píosa" fataí fóduighthe ráithe aige agus fágtar faoi féin é