Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dlaoitheog
ainm-fhocal, buineann
geineamhnach uathaidh: na dlaoitheoige
ainmneach iolraidh: dlaoitheogaí
dísbheagadh ar dhlaoi: maistí agus rúsc slata nó fidheog go h-áirid.
a.
+
Bain dlaoitheog as an scuaib sin dom nó go réidhtighidh mé mo phíopa. Tá sé calctha 'chuile phuinte
Chuaidh dlaoitheoigín bheag thobac le m'anáil, agus chaith mé an lá ag casacht ag iarraidh mo sceadamán a réidhteach
TUILLEADH (3) ▼
Deir tú le dlaoitheoigín bheag de'n tobac sin atá istigh 'sa "bhfeaig" a shluig mé! Nímé an bhfuil aon-dochar annsin. Déarfadh daoine go bhfuil
Níor mhór dhuit corr-dhlaoidheoig de'n olann ghlas a chaitheamh ar an dlúth. Is amhlaidh is deise a bhéas sé
Ní bheadh dlaoitheoigín bharraigh thuas agad. Tá dógh bhuilg ar T. aríst
b.
·
Dlaoitheoig thuighe a thug sé amach san doras ag deargadh an phíopa a dhóigh an teach. Bhí an-stolladh gaoithe ann, agus chuaidh an lasair 'sa mbun-tsop
Bhí a raibh sa teach thuas ag gort-ghlanadh fataí cé's moite de'n dá ghasúr. Diabhal easna dhóib sin, nach dtosuigheann ag lasadh dlaoitheogaí ar an teallach agus dhá dtarraint amach ar an tsráid. Deir Taimín gurb í Cáit adubhairt leis féin an dlaoidheoig a chur 'sa teach. 'Ar ndú' ba é a gciall é! Ar a theacht aníos de bhean Ph. Dh. bhí an teach thrídh lasadh agus í déanta siar ar an mbun-tsop uiliog …

Féach freisin