—
díspeagadh ar dlaoi: maistí agus rúsc slata nó fióg go háirid.
a.
+–
Bain dlaíóg as an scuaib sin dom nó go réití mé mo phíopa. Tá sé calctha chuile phointe
Chuaigh dlaíóigín bheag thobac le m'anáil, agus chaith mé an lá ag casacht ag iarraidh mo sceadamán a réiteach
TUILLEADH (3) ▼
Deir tú le dlaíóigín bheag den tobac sin atá istigh sa bhfeaig a shlog mé! Ní mé an bhfuil aon dochar ansin. Déarfadh daoine go bhfuil
Níor mhór dhuit corrdhlaíóig den olann ghlas a chaitheamh ar an dlúth. Is amhlaidh is deise a bheas sé
Ní bheadh dlaíóigín bharraigh thuas agat. Tá dó bhoilg ar T. aríst
b.
·
Dlaíóig thuí a thug sé amach sa doras ag deargadh an phíopa a dhóigh an teach. Bhí an-stolladh gaoithe ann, agus chuaigh an lasair sa mbuntsop
Bhí a raibh sa teach thuas ag gortghlanadh fataí cé is moite den dá ghasúr. Diabhal easna dhóibh sin nach dtosaíonn ag lasadh dlaíógaí ar an teallach agus dhá dtarraingt amach ar an tsráid. Deir Taimín gurb í Cáit adúirt leis féin an dlaíóig a chur sa teach. Ar ndóigh ba é a gciall é! Ar a theacht aníos de bhean Ph. Dh., bhí an teach thrí lasadh agus í déanta siar ar an mbuntsop uileag …
Féach freisin
→
dlaoi