Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
diurnaigh
diurnadh /d′ūrɴə/; /d′ūrɴāl′/ ach dheorlaigh /jōrʟə/ aimsir chaite in áiteacha
briathar
fáistineach: diurnálfaidh sé
ainm briathartha: ag diurnadh, ag diurnáil
dheorlaigh: Maigh Cuilinn
1.
fáscadh, barróg a chur ar dhuine agus é a fháscadh chuige le lúcháire nó le láíocht.
a.
+
Tá sé dhá diurnadh — barróg aige uirthi agus é dhá teannadh leis
Chaith sí an oíche ag diurnadh an pháiste ag iarraidh é a bhréagadh agus foighid a chur ann, ach bhí sé ar an táirm chéanna i gcónaí. Deargabhlóir é siúd
TUILLEADH (6) ▼
Dhá mbeifeá ag marú mairt, ní bhreathnódh sé ort ach dhá diurnadh sin aige chuile oíche san aer. Shílfeá go mbeadh náire fhéin air, agus lucht na gcuart ar fad ag breathnú air, ach dheamhan náire muis, ná fios aige céard í
Dúradh leis go raibh an bhean ag an doras, agus d'éirigh sé de ghorta gharta lena diurnadh aige, ach ní raibh roimhe ach an ursain (fear as bhí leathdhall)
Bíonn sé dhá diurnáil leis de réir a láimhe i gcónaí, ach níl aon chosúlacht pósta fós orthu. Dheamhan a fhios agam cén chaoi a mbeidh sé as a dheireadh. Is olc í an bhádóireacht chois teallaigh, nó an chúirtéireacht fhada, adeir siad
Dhiurnaigh sí an inín isteach chuici. Shílfeá gur anuas as na flaithis a thit sí aici, agus scáth an t-achar ó chonaic sí cheana í
Shín sí amach a dhá láimh, le breith orm agus mé a dhiurnadh aici, ach ní raibh mise ag iarraidh a cuid póga chor ar bith agus d'fhan mé glan uirthi
Dheorlaigh sí é os comhair a raibh ann. 'Mo mhaicín bán,' adeir sí, 'shíl mé nach leagfainn súil ort go deo deo'
b.
+
Phóg sé agus dhiurnaigh sé í; phóg sé agus dheorlaigh sé í (cuirtear an dá fhocal le chéile, nó déanfaidh ceachtar acu ar a aghaidh féin, ach go bhfuil ciall áirid le diurnadh má bhíonn sé ar a aghaidh féin)
Ní hé an mac amháin a mhic ó, ach phógfadh sé agus dhiurnfadh sé a raibh istigh dhá dtugtaí cead dó. Bhí an deoir faoina shúil! 'Cén chaoi a bhfuil do cholainn uasal,' adeir sé liomsa
TUILLEADH (4) ▼
Rug sí orm i lár na sráide agus phóg sí agus dhiurn sí mé os comhair na tíre. Ní thabharfainn deoir fhola le náire. Cén bhrí nó gur thosaigh sí ag caint: 'a mhac mo chol ceathar, a mhac mo chol ceathar nach bhfaca mé leis an fhad seo …' Mo choinsias is dar m'anam, níor tháinig aon lá ariamh mar é ar shlata an bhaile mhóir, agus cáir ar chuile fhear
Beidh pógadh agus diurnadh ann ach a dteaga sí sin abhaile anois. Shílfeá gur as a tóin a éiríos an ghrian ag a máthair. Diabhal a leithide de ghairm agus a bheas roimpi sin. Ní bheadh a leathoiread roimh inín duine uasail
Shílfeá gur anall as California a tháinig sé agus nach bhfaca siad le scór blianta cheana é, leis an bpógadh agus leis an diurnadh atá acu air. Is beag an diurnadh a dhéanfas siad ar an té a choinnigh teach ariamh dóibh: an ceann atá sa mbaile
Nuair a chuaigh sí isteach thar an tairsigh buaileadh an cáca pósta uirthi, agus ní raibh aon tseanbhean ar an mbaile nár phóg agus nár dheorlaigh í. Diabhal a leithide de cheird! Ghlacfadh duine fuath ar an bpósadh nuair a d'fheicfeadh sé a raibh de chóirí catha ansin
2.
rud a phointeáil nó a sceacháil le na bosa.
+
Cén sórt diurnáil a bhíos mar siúd aici ar an im. Ó bhíos an meascán déanta aici, shílfeá go ndéanfadh sin í. Is maith an rud riar. Ach caithfidh sí siúd gnaithí a bheith aici nach mbeidh ag aon duine
Ag diurnadh prindín ime a bhí sí ar a dhul isteach dom. Go deimhin chásaigh sí nach bhféadfadh sí láimh a chroitheadh liom
TUILLEADH (1) ▼
Bhí ceart ag an gcáca sin a bheith fuinte ar chuma ar bith agus an fhad is a chaith sí dhá dhiurnadh idir a lámha. Ach chreidim gur cáca grandáilte a bhí ann, agus nár mhór fuint duine uasail a thabhairt air
+
Ná bac lena cuid maitheasa sin! Istigh sa ngríosach ar feadh an lae ag breacadh a loirgní, agus ag diurnáil an chait ina hucht!
Caithfidh sí an lá aríst ag diurnáil an chóitín sin le ríméad. Shílfeá uirthi gurb é an ball is breácha a cheannaigh bean ariamh é! Mo chreach mhaidne í!
TUILLEADH (2) ▼
Bíonn an oiread diurnála aige ar na coicíní beaga sin muis agus dhá mba cocaí móinéir nó cocaí iothlann iad. Agus nuair a bhíos an féar uileag ina chocaí beaga aige, seasann sé thoir ar an gcnocán, agus má fheiceann sé ceann ar bith acu maolscríobach téann sé siar aríst go bpointeálfaidh sé tuilleadh é. Ar ndóigh níl aon fhear le fáil is pointeáilte ná é
Dhá bhfeictheá a raibh de chíoradh agus de dhiurnadh aici ar a gruaig nuair a chuala sí go raibh S. síos faoin mbaile! Shíl sí go dtiocfadh sé ag breathnú uirthi. Fuair sí amach é muis. Ní theastódh uaidh ach sin!