Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deornadh
/d′ūrɴə/ : /d′ūrɴāl′/. ach dheorluigh /jōrʟə/ Aimsir Chaithte in áiteacha
Briathar, Ainm-Bhriathar
ag diúrnadh, ag diúrnáil: Ainm bhriathar.
Diúrnálfaidh sé: Fáistíneach.
Dheorluigh: Muigh Cuilinn
1.
fáisceadh, barróg a chur ar dhuine agus é a fháscadh chuige le luthgháire nó le lághaidheacht.
a.
+
Tá sé dhá diúrnadh = barróg aige uirre agus é dhá teannadh leis
Chaith sí an oíche ag diúrnadh an pháiste ag iarraidh é a bhréagadh agus foighid a chur ann, ach bhí sé ar an táirm chéadna igcomhnaí. Dearg-amhlóir é siúd
TUILLEADH (6) ▼
Dhá mbeitheá ag marbhú mairt ní bhreathnóchadh sé ort ach dhá diúrnadh sin aige 'chuile oíche san aer. Shílfeá go mbeadh náire fhéin air, agus lucht na gcuart ar fad ag breathnú air, ach dheamhan náire muis, ná fios aige céard í
Dubhradh leis go raibh an bhean ag an doras, agus d'eirigh sé de ghort a gharta len a diúrnadh aige, ach ní raibh roimhe ach an ursain (fear a bhí leath-dhall)
Bíonn sé dhá diúrnáil leis de réir a láimhe igcomhnaí, ach níl aon-chosamhlacht pósta fós orra. Dheamhan a fhios agam cé'n chaoi a mbeidh sé as a dheireadh. Is olc í an bhádóireacht chois teallaigh, nó an chúirtéaracht fhada, adeir siad
Dhiúrnaigh sí an inghin isteach chuice. Shílfeá gur anuas as na Flaithis a thuit sí aice, agus scáth an t-achar ó a chonnaic sí cheana í
Shín sí amach a dhá láimh, le breith orm agus mé a dhiúrnadh aice, ach ní raibh mise ag iarraidh a cuid póga chor ar bith agus d'fhan mé glan uirre
Dheorluigh sí é as comhair a raibh ann. "Mo mhaicín bán" adeir sí, "shíl mé nach leagfainn súil ort go deo deo"
b.
+
Phóg sé agus dhiúrnaigh sé í; phóg sé agus dheorluigh sé í (cuirtear an dá fhocal le chéile, nó déanfaidh ceachtar aca ar aghaidh féin, ach go bhfuil ciall áirid le diúrnadh má bhíonn sé ar a aghaidh féin)
Ní hé an mac amháin a mhic ó, ach phógfadh sé agus dhiúrnfadh sé a raibh istigh dhá dtugtaí cead dó. Bhí an deoir faoin a shúil! "Cé'n chaoi a bhfuil do cholainn uasal" adeir sé liomsa
TUILLEADH (4) ▼
Rug sí orm i lár na sráide agus phóg sí agus dhiúrn sí mé as comhair na tíre. Ní thiubharfainn deoir fhola le náire. Cé'n bhrigh nó gur thosuigh sí ag caint: "a mhac mo chol-ceathar, a mhac mo chol-ceathar nach bhfaca mé leis an fhad seo … ". Mo choinsias agus dar m'anam, níor tháinic aon-lá ariamh mar é ar shlata an bhaile mhóir, agus cáir ar 'chuile fhear
Beidh pógadh agus diúrnadh ann ach a dteagaidh sí sin abhaile anois. Shílfeá gur as a tóin a eirigheas an ghrian ag a máthair. Diabhal a leithide de ghairm agus a bhéas roímpe sin. Ní bheadh a leath-oiread roimh inghin duine uasail
Shílfeá gur anall as California a tháinic sé agus nach bhfaca siad le scór blianta cheana é, leis an bpógadh agus leis an diúrnadh atá aca air. Is beag an diúrnadh a dhéanfas siad ar an té a choinnigh teach ariamh dóib: an ceann atá sa mbaile
Nuair a chuaidh sí isteach thar an tairsigh buaileadh an cáca pósta uirre, agus ní raibh aon-tsean-bhean ar an mbaile nar phóg agus nar dheorluigh í. Diabhal a leithide de cheird! Ghlacfadh duine fuath ar an bpósadh nuair a d'fheicfeadh sé a raibh de chóirí catha annsin
2.
rud a phuinnteáil nó a sceacháil le na bosa.
+
Cé'n sórt diúrnáil a bhíos mar siúd aice ar an im. Ó a bhíos an mioscán déanta aice, shílfeá go ndéanfadh sin í. Is maith an rud riar. Ach caithfidh sí siúd gnaithí a bheith aice nach mbeidh ag aonduine
Ag diúrnadh prindín ime a bhí sí, ar a dhul isteach dom. Go deimhin chásuigh sí nach bhféadfadh sí láimh a chraitheadh liom.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí ceart ag an gcáca sin a bheith fuinte ar chuma ar bith agus an fhad agus a chaith sí dhá dhiúrnadh idir a lámha. Ach chreidim gur cáca "grandáilte" a bhí ann, agus nachar mhór fuint duine uasail a thabhairt air
+
Ná bac len a cuid maitheasa sin! Istigh sa ngríosach ar feadh an lae ag breacadh a luirgní, agus ag diúrnáil an chuit in a h-ucht!
Caithfidh sí an lá aríst ag diúrnáil an chóitín sin le ríméad. Shílfeá uirre gurb é an ball is breácha a cheannuigh bean ariamh é! Mo chreach mhaidne í!
TUILLEADH (2) ▼
Bíonn an oiread diúrnál' aige ar na coicíní beaga sin muis agus dhá mba cocaí móinfhéir nó cocaí iothlann iad. Agus nuair a bhíos an féar uiliog ina chocaí beaga aige seasann sé thoir ar an gcnocán, agus má fheiceann sé ceann ar bith aca maoilscríobach teigheann sé siar aríst go bpuinteálfaidh sé tuilleadh é. 'Ar ndú' níl aon-fhear le fáil is puinteáilte ná é
Dhá bhfeictheá a raibh de chíoradh agus de dhiúrnadh aice ar a gruaig nuair a chuala sí go raibh S. síos faoi'n mbaile! Shíl sí go dtiocfadh sé ag breathnú uirre. Fuair sí amach é muis. Ní theastóchadh uaidh ach sin!