Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

diurnadh (10)

 
Go deimhin is deas é do cheird, ag diurnadh an diúilicín de chat sin chuile ré solais! Caith ansin i dtigh an chlampair é. Ní beag dhó a dhonacht agus atá sé, agus gan tusa a bheith ag cur farasbarr donachta air. Má fheicim tú ag leagan láimh ná cois aríst i mbliana air, bainfidh mé an t-anam asat, bainfidh sin!
+
Tá sé dhá diurnadh — barróg aige uirthi agus é dhá teannadh leis
TUILLEADH (6) ▼
Chaith sí an oíche ag diurnadh an pháiste ag iarraidh é a bhréagadh agus foighid a chur ann, ach bhí sé ar an táirm chéanna i gcónaí. Deargabhlóir é siúd
Dhá mbeifeá ag marú mairt, ní bhreathnódh sé ort ach dhá diurnadh sin aige chuile oíche san aer. Shílfeá go mbeadh náire fhéin air, agus lucht na gcuart ar fad ag breathnú air, ach dheamhan náire muis, ná fios aige céard í
Dúradh leis go raibh an bhean ag an doras, agus d'éirigh sé de ghorta gharta lena diurnadh aige, ach ní raibh roimhe ach an ursain (fear as bhí leathdhall)
Beidh pógadh agus diurnadh ann ach a dteaga sí sin abhaile anois. Shílfeá gur as a tóin a éiríos an ghrian ag a máthair. Diabhal a leithide de ghairm agus a bheas roimpi sin. Ní bheadh a leathoiread roimh inín duine uasail
Shílfeá gur anall as California a tháinig sé agus nach bhfaca siad le scór blianta cheana é, leis an bpógadh agus leis an diurnadh atá acu air. Is beag an diurnadh a dhéanfas siad ar an té a choinnigh teach ariamh dóibh: an ceann atá sa mbaile
Ag diurnadh prindín ime a bhí sí ar a dhul isteach dom. Go deimhin chásaigh sí nach bhféadfadh sí láimh a chroitheadh liom
 
Caitheann sí a bheith sa mbaile luath chuile thráthnóna nó bheadh a "meaimí" le cuthach. Ach féadann sé a bheith dhá diurnadh leis scaitheamh faoin aill ansiúd leis an dubhchrónach
 
dúch
Áit ar bith a bhfeicfidh tusa an mearbhall sin sa lagpholl tá dúch ansin. Bíonn mar a bheadh ola ann os a cionn, agus an dúch thíos in íochtar. I seanphortaigh is fhearr a gheofá í. Is mór a tógadh ariamh di thuas ar Dh. an Bh. Sna sean-lagphoill sin atá ag D. Sh. siar ó Ch an Gh. a d'fhaigheadh na trí bhaile seo í. Dhá mbeadh láí nó sluasaid agat, ní raibh call dhuit a dhéanamh ach a cur síos go híochtar agus an láib a thabhairt aníos léithe. Bhíodh muid ag cur feacannaí fada sna lántaí mar bhíodh an-domhain i gcuid de na poill. Nuair a bheadh sí aníos ar bruach agat, chaithfeá an láib a bhaint aisti: ní thabharfá abhaile leat ach an dúch. B'fhurasta a aithinte an dúch. Ní bheadh ort ach a diurnadh agus a tabhairt amach ón gcuid eile den lathach. D'fheicfeá an mearbhall inti i gcónaí. Thugadh muid abhaile le ancaird nó le buicéid nó le tobáin, nó rud ar bith ba thúisce agat í. Chuirfeá síos an olann ansin i bpota in éindí leis an dúch agus d'fhágfá thíos ar feadh an lae uileag í. Níor mhór den olann a bheith bruite as ruaim roimhe sin agus gan gionnóid (deannóid) shalachair a bheith ar a corp. Dhá mbeadh, ní dhathódh do chumhachta í. Ní bheadh aon ghlacadh aici leis an dath. Nuair a bheadh sí ar an tine níor chall di a bheith thar chnag, ach chaithfeá a coinneáil brúite agus measctha. Chaithfeá amach ansin ar chiseoig í agus nífeá aríst ar uisce í. Chuirfeá amach i gcliabh ansin í nó go dtriomaíodh sí. Í a spíonadh ansin. Ba in é an deis le dath dubh a thabhairt uirthi. Dhá mbeifeá ag iarraidh dath buí … (sliocht as cuntas a thug m'athair dom ar dhathú olla)