diurnáil (5)
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                  
                    
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
            Bíonn sé dhá diurnáil leis de réir a láimhe i gcónaí, ach níl aon chosúlacht pósta fós orthu.  Dheamhan a fhios agam cén chaoi a mbeidh sé as a dheireadh.  Is olc í an bhádóireacht chois teallaigh, nó an chúirtéireacht fhada, adeir siad
                    
                        TUILLEADH (3) ▼
                      
                    
                  
                    Cén sórt diurnáil a bhíos mar siúd aici ar an im.  Ó bhíos an meascán déanta aici, shílfeá go ndéanfadh sin í.  Is maith an rud riar.  Ach caithfidh sí siúd gnaithí a bheith aici nach mbeidh ag aon duine
                    Ná bac lena cuid maitheasa sin!  Istigh sa ngríosach ar feadh an lae ag breacadh a loirgní, agus ag diurnáil an chait ina hucht!
                    Caithfidh sí an lá aríst ag diurnáil an chóitín sin le ríméad.  Shílfeá uirthi gurb é an ball is breácha a cheannaigh bean ariamh é!  Mo chreach mhaidne í!