Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dreas
/d′r′æs/; ach deirtear /ɡ′r′æs/ scaithtí. An d atá i gCois Fhairrge
ainm-fhocal, fireann
tuiseal geineamhnach uathaidh: an dreasa
ainmneach iolraidh: dreasa, dreasannaí
cáirdeach, brat nó scráib mheirge ar rud, craiceann teann calctha ar mhóin nó a leithide.
+
Tá dreas ar an móin sin = bíonn craiceann nó scamall taobh amuigh ar an bhfód a choinnigheas an fliuchán ón a dhul go dtí a chroidhe; ní bheadh cráinín fliuch ar bith ar mhóin de'n tsórt sin. Bheadh sponc innte agus thiocfadh lasair uirre ar an toirt (dreas = dross? Fuaimeanna na Gaedhilge atá ar na leitreacha issan bhfocal)
Sin í an "cailín" a bhfuil an dreas uirre. Is fhearr í sin ná gual
TUILLEADH (2) ▼
Móin ar bith nach gcuirfidh an ghrian dreas agus creat uirre, ólfaidh sí an t-uisce má bhíonn sí tirm féin. Ní bheidh sí folláin istigh ná amuigh
Seo í anois an aimsir nach mbeidh i bhfad ag cur dreas' ar an bhfóidín móna. Má fhaghann sí coicís dhe seo, beidh sí in a barrach
+
Tá dreas meirge air = cáirdeach; iarann nó rud mar sin a gheobhadh amluadh agus a dhéanfadh meirg
Fágadh amuigh an tsluasaid sin nó gur lobh sí. Fuair mé caithte thoir i lag chlaise san lorg sin thoir í, agus nuair a bhuail mé a bhéal faoi chloich, tháinic dreas meirge dhi.
TUILLEADH (5) ▼
Tá sé sin thar cionn. Tabhair goradh dhó sa teine, agus fagh do chasúr agus teirigh ag ordlaidheacht air scaithín, agus eireochaidh an dreas meirge sin dhó. Tá sé folláin istigh ann
Níl air ach dreas meirge. Tabhair goradh dhó, agus imeochaidh sé sin dhe
Is gearr a bheadh an gabha ag cur deis' air sin. Thiubharfadh sé goradh dhó sa teallach, agus ghabhfadh sé in a éadan ar an inneoin annsin, agus bheadh sé dhá ghreadadh, nó nach bhfágfadh sé a dhath de'n dreas sin air. D'fheicfeá ag eirghe dhó leis an ordlaidheacht é. Féadfaidh tusa an cleas céadna a dhéanamh, mara bhfuil tú ro-dhíomhaoineach
Ní fiú trumpa gan teanga iad sin anois, na sean-iarainn sin. Tá siad ithte le meirg. Dhá mbeidís taobh le dreas bheadh an scéal ceart. Ach dhá dteightheá ar a mbualadh sin anois, bheadh dreasannaí ag eirghe dhóib (dhíob) go faoithin, agus bhrisfidís ort 'sa deireadh
Sin í an tsiléig i gcomhnaí. Láighe nuadh a bhí innte sin, ach fágadh amuigh [í] nó go ndearna sí dreas meirge. Is deas í anois 'mo choinsias!
+
Ní bhíonn dreas ná teas i móin ar bith nach gcuirfidh grian an tsamhradh creat uirre. Bhain mé annsin thuas anuiridh í taca Dhomhnach Chrom Dubh agus má bhain féin, chaithfeadh sí stráisiún thíos ag crádadh, shul má thiocfadh aon-lasair uirre. Ba bheag ab ionann í féin agus móin tús bliana
Mara n-eirighidh creataigh an tsamhraidh léithe, ní bhíonn dreas ná teas innte. Caithfidh tú an ghrian a thapú nuair a bhéas sí ársuighthe, má's leat móin mhaith theine a bheith agad, agus gan a bheith fearacht Ph. Á. a thriomuigheadh í ar anna beag na Féile Michil
TUILLEADH (2) ▼
Caith amach an spaidealach chaca sin. Níl dreas ná teas innte. An carghas atá oraibh an mhóin ar foghnamh a dhóghadh?
Dheamhan a fhios agam. An mhóin atá is na portaigh sin aghainne, ní chuirfeadh grian na n-Indiachaí aon-dreas uirre. Chonnaic mé annsin le cupla bliain í, agus dheamhan ceo triomaigh dhár chaith sé ar feadh an tsamhraidh nach bhfuair sí. Fuair sí creataigh ó'n ngrian ceart go leor, arae bhí sí bainte an chéad choicís de Bhealtaine. Ach do cheann finne ní lasfadh í in a dheidh sin. Ní bheadh call dom sagart ar bith a thaobhachtáil marach a mbaineadh sí d'eascainí agus de mhionna móra asam ag iarraidh a deargadh 'chuile mhaidin
+
D'eirigh dreas salachair leis an gcóta seo in áit eicínt ó a bhí sé ormsa cheana = brat nó scráib
Shílfeá gur eirigh dreas sneachta leat. Tá calógaí ort
TUILLEADH (3) ▼
Céard a chuir an dreas luaithe ar do bhríste?
Ná teirigh soir thríd an ngarrdha sin, mara bhfuil tú ag iarraidh dreas puitighe ar do chuid éadaighe
Choimirce an diabhail do'n "lorry" sin. Chuir sé dreas draoibe orm
·
Seachain an dreas ort fhéin (adéarfá. Sin iad na scrathachaí sin a eiríos den iarann agus thú dhá bhualadh (ó ghabha)).

Dreas in iontrálacha eile (2)

 
Chuir an gabha an t-iarann san teallach agus ba ghairid go raibh sé dubh-dhearg agus annsin cró-dhearg aige. Thosaigh sé dhá lascadh ar an inneoin annsin agus, marar bhain sé dreas as ní lá go maidin é
 
dlúth 1
Ní bheadh sé in a Chéideach mar a mbeadh sé mar sin. Bhí sin de dhlúth agus d'inneach ann. Deirimse leatsa go raibh. Thug na Céidigh an damhsa ó bhuaile leo. Bhí a athair, S. Mhag Céidigh, istigh ar rástaí Bhaile Uí Bhriota lá. Bhí bean an chláirín ann. Diabhal mé nuair a bhí dreas déanta aice nach bhfáisceann S. suas ar an gcláirín agus nach dtosuigheann sé féin. Is air a chruinnigh a raibh ar na rástaí. Thug sé an "sway" leis as 'chuile cheáird ag damhsa