Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dreas
/d′r′æs/ ach deirtear /ɡ′r′æs/ scaití. An d atá i gCois Fharraige
ainmfhocal, fireann
tuiseal ginideach uatha: an dreasa
ainmneach iolra: dreasa, dreasannaí
 cairdeach, brat nó scráib mheirge ar rud, craiceann teann calctha ar mhóin nó a leithide.
+
Tá dreas ar an móin sin — bíonn craiceann nó scamall taobh amuigh ar an bhfód a choinníos an fliuchán óna dhul go dtí a chroí; ní bheadh cráinín fliuch ar bith ar mhóin den tsórt sin. Bheadh sponc inti agus thiocfadh lasair uirthi ar an toirt. dreas = dross? Fuaimeanna na Gaeilge atá ar na litreacha sa bhfocal
Sin í an cailín a bhfuil an dreas uirthi. Is fhearr í sin ná gual
TUILLEADH (2) ▼
Móin ar bith nach gcuirfidh an ghrian dreas agus creat uirthi, ólfaidh sí an t-uisce má bhíonn sí tirim féin. Ní bheidh sí folláin istigh ná amuigh
Seo í anois an aimsir nach mbeidh i bhfad ag cur dreasa ar an bhfóidín móna. Má fhaigheann sí coicís dhe seo, beidh sí ina barrach
+
Tá dreas meirge air — cairdeach; iarann nó rud mar sin a gheobhadh amlua agus a dhéanfadh meirg
Fágadh amuigh an tsluasaid sin nó gur lobh sí. Fuair mé caite thoir i lagchlaise sa lorg sin thoir í, agus nuair a bhuail mé a bhéal faoi chloich, tháinig dreas meirge dhi.
TUILLEADH (5) ▼
Tá sé sin thar cionn. Tabhair goradh dhó sa tine, agus faigh do chasúr agus téirigh ag orlaíocht air scaithín, agus éireoidh an dreas meirge sin dhó. Tá sé folláin istigh ann
Níl air ach dreas meirge. Tabhair goradh dhó, agus imeoidh sé sin dhe
Is gearr a bheadh an gabha ag cur deise air sin. Thabharfadh sé goradh dhó sa teallach, agus ghabhfadh sé ina éadan ar an inneoin ansin, agus bheadh sé dhá ghreadadh nó nach bhfágfadh sé a dhath den dreas sin air. D'fheicfeá ag éirí dhó leis an orlaíocht é. Féadfaidh tusa an cleas céanna a dhéanamh, mura bhfuil tú ródhíomhaoineach
Ní fiú trumpa gan teanga iad sin anois, na seaniarainn sin. Tá siad ite le meirg. Dhá mbeidís taobh le dreas bheadh an scéal ceart. Ach dhá dtéiteá ar a mbualadh sin anois, bheadh dreasannaí ag éirí dhóibh (dhíobh) go faoithin, agus bhrisfidís ort sa deireadh
Sin í an tsiléig i gcónaí. Láí nua a bhí inti sin, ach fágadh amuigh í nó go ndearna sí dreas meirge. Is deas í anois mo choinsias!
+
Ní bhíonn dreas ná teas i móin ar bith nach gcuirfidh grian an tsamhraidh creat uirthi. Bhain mé ansin thuas anuraidh í taca Dhomhnach Chrom Dubh, agus má bhain féin, chaithfeadh sí stráisiún thíos ag cnádadh shul má thiocfadh aon lasair uirthi. Ba bheag ab ionann í féin agus móin tús bliana
Mura n-éirí creataí an tsamhraidh léithe, ní bhíonn dreas ná teas inti. Caithfidh tú an ghrian a thapú nuair a bheas sí ársaithe más leat móin mhaith thine a bheith agat, agus gan a bheith fearacht Ph. Á. a thriomaíodh í ar ana beag na Féile Michil
TUILLEADH (2) ▼
Caith amach an spadalach chaca sin. Níl dreas ná teas inti. An carghas atá oraibh an mhóin ar fónamh a dhó?
Dheamhan a fhios agam. An mhóin atá sna portaigh sin againne, ní chuirfeadh grian na nIndiachaí aon dreas uirthi. Chonaic mé ansin le cupla bliain í, agus dheamhan ceo triomaigh dhár chaith sé ar feadh an tsamhraidh nach bhfuair sí. Fuair sí creataí ón ngrian ceart go leor, arae bhí sí bainte an chéad choicís de Bhealtaine. Ach do cheann fine ní lasfadh í ina dhiaidh sin. Ní bheadh call dom sagart ar bith a thaobhachtáil murach a mbaineadh sí d'eascainí agus de mhionna móra asam ag iarraidh a deargadh chuile mhaidin
+
D'éirigh dreas salachair leis an gcóta seo in áit eicínt ó bhí sé ormsa cheana — brat nó scráib
Shílfeá gur éirigh dreas sneachta leat. Tá calógaí ort
TUILLEADH (3) ▼
Céard a chuir an dreas luatha ar do bhríste?
Ná téirigh soir thríd an ngarraí sin, mura bhfuil tú ag iarraidh dreas puití ar do chuid éadaí
Choimirce an diabhail don lorry sin. Chuir sé dreas draoibe orm
·
Seachain an dreas ort fhéin (adéarfá. Sin iad na scrathachaí sin a éiríos den iarann agus thú dhá bhualadh (ó ghabha))

dreas in iontrálacha eile (2)

 
Chuir an gabha an t-iarann sa teallach agus ba ghairid go raibh sé dubhdhearg agus ansin cródhearg aige. Thosaigh sé dhá lascadh ar an inneoin ansin agus murar bhain sé dreas as ní lá go maidin é
 
dlúth 1
Ní bheadh sé ina Chéideach mura mbeadh sé mar sin. Bhí sin de dhlúth agus d'inneach ann. Deirimse leatsa go raibh. Thug na Céidigh an damhsa ó bhuaile leo. Bhí a athair, S. Mhag Céidigh, istigh ar rástaí Bhaile an Bhriotaigh lá. Bhí bean an chláirín ann. Diabhal mé nuair a bhí dreas déanta aici nach bhfáisceann S. suas ar an gcláirín agus nach dtosaíonn sé féin. Is air a chruinnigh a raibh ar na rástaí. Thug sé an sway leis as chuile cheaird ag damhsa