Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dubhshlánach
aidiacht; do-bhriathar as dubhshlán
dásachtach; díbheirgeach; tugtha do spreacamh nó do neart a chur igcion; trodamhail, coilgneach.
a.
+
Ná bí dubhshlánach leis = trodamhail, tugtha dá bheith ag cur achrainn ar dhaoine, nó ag tabhairt a ndubhshláin (Ach níl an chiall seo leath cho coitiannta anois i gcaint le na corannaí eile a baintear as an bhfocal)
Bhí sé dubhshlánach go leor liom. Bhagair mé air faoi dheire agus faoi dhó (dheoidh?) go dtiubharfainn an póilí ann, agus sin é an uair a leig sé ins an gcasán mé
TUILLEADH (3) ▼
Bhí sé an-dubhshlánach len a chuid máistirí. Ní ghéilleadh sé dóib faoi rud ar bith. Bhí a shliocht air. Cuireadh díbirt air as deireadh na cúise
Is diabhluidhe dubhshlánach a bhí sé leis an sagart má thairg sé a dhul dhá bhualadh. Is duine sé nó seachráin a dhéanfadh an cleas sin.
Tá dris dhubhshlánach annseo, agus nó go gcuirtear in aer í níl aon-ghoir againn a dhul in éadan béal na brocaighe
+
Ná teirigh in a dhiaidh ro-dhubhshlánach a Spotín! = mar dhóigh dhe go raibh an madadh ro-dhian nó ro-choiligneach in a dhiaidh (indiaidh cait). B'fhearr leis an té a chaith an chaint go ndéanfadh sé ní ba réidhche dhá dhíbirt
Níl aon-ghoir aige ar mhadraí an tsléibhe in a dheidh sin. Dhá mbeadh sé sáthach oilte ní ghabhfadh sé indiaidh beithidheach cho déan (dian) cho dubhshlánach agus a theigheas sé. Cuir suas seal ag an M. é agus cuirfidh mé geall leat go múinfidh sé sin é
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhéadfadh an capall bocht a athrú a dhéanamh. Teigheann sé di ro-dhubhshlánach. 'Ar ndú' capall cineálta féin scanróchadh an cheird siúd í
b.
tugtha d'obair a dhéanamh le teann fórsa.
+
Chuaidh sé an-dubhshlánach do'n gharrdha ach níor mhór do sin agus cho crosta agus a bhí sé. Dar fiadh tá stócáil mhór déanta anois aige. Má fhaghann sé geimhreadh eile air, beidh sé in araidheacht a chur ar fad
Fir dhubhshlánacha a mhic ó! Déanfaidh siad deargadh feicfidh tú, an tseachtain seo. Ach ní mór dóibh sin ar shon an cheann atá ann. Dheamhan an mbeadh "píosa" fataí fóduighthe ráithe aige agus fágtar faoi féin é
TUILLEADH (4) ▼
'Sé an chaoi chéadna a bhfuil sé leis an tuigheadóireacht a bhfuil sé leis an gcaoladóireacht — a cur go dubhshlánach. Is cuma leis beirthe cé'n phutráil cur a thiubharfas sé di, ach a brughadh isteach in a slamannaí diabhaltacha, agus stróic mhór a bhaint de'n teach 'chuile lá
Thosuigh ceathrar againne cheana lá Nodlag ar ghalún fuisce poitín — mé féin agus P. agus S. Sh. Ph. agus L. Sh. Ph. agus ní raibh deoir ann ag an dó dhéag a chlog, an oíche indiaidh lá Fheil' Stiopháin. Nach muid a chuaidh in a éadan go dubhshlánach!
Bainfidh tú amach é má theigheann tú dhó cho dubhshlánach sin dó, ach ní bainte amach a bhéas sé agad ach briste — briste ina mhíle píosa
Nach dubhshlánach anois a chuaidh sé ag spealadóireacht agus go raibh an sp[eal] nua sníomhtha aige in am dinnéir. Cé'n bhrigh ach ní raibh thairis sin [...] anuas aige, agus é bainte cho maoilscríobach len a bhfaca tú aria[mh]
c.
daingean, láidir; tacamhail.
+
Dorus dubhshlánach é. Chaithfeadh sé gurbh eadh agus seisear againn ar feadh leath-uaire ag iarraidh é a chur dá lúdrachaí, agus gur chinn sé orainn
Tá an bruimfhéar seo an-dubhshlánach. Do cheann finne ní thiubharfadh as an talamh é.
TUILLEADH (10) ▼
Dá mbeadh sé cho dubhshlánach le balla an phríosúin, cuirfidh sé siúd in aer é, len a chuid gróití agus geanntrachaí.
Tá na sean-bhallaí sin uiliog dubhshlánach. D'eireochadh dhóib agus an déanamh atá orra
Tá giodáin den phortach seo an-dubhshlánach. Dheamhan ceo ar bith ach nach lúbann sí an sleaghan
Má bhíonn airgead annsin ins an oíche; chuirfinnse geall go bhfuil doirse dubhshlánach' air. Níor mhór dhó sin agus a bhfuil de chneamhairí ag streilleachas thart annsiúd
Níor facthas ó rugadh an chéad-fhear aon-ghlas ba dubhshlánaighe ná é. Bhí trí bhaint air agus chuile bholta aca cho mór le do láimh. Nach diabhaltaí a bhain siad é in a dheidh [sin]. Níl rud ar bith ag dul ó chuid de na daoine.
Cuirfidh mise mo rogha geall leat muise go mbeidh an "German" sáthach dubhshlánach ach a dteannaidh siad isteach in a chraiceann. Nach bhfuil a fhios agad go maith nach bhfuil an buachaill sin ar a mhine-ghéire chor ar bith fós
Tá claidhe ar an bPáirc Gh. anois aige cho dubhshlánach leis an Maginot Line. Rud ar bith atá istigh tá sé cuibhrighthe, agus rud ar bith atá amuigh fanfaidh sé amuigh.
Ab é Claidhe na Muice Duibhe atá sé a dhéanamh thoir annseo le seachtain, nó cé l'aghaidh a bhfuil sé chor ar bith aige. 'Ar ndú a Dhia láidir tá sé siúd cho dubhshlánach agus narbh f'lár báid aeir Mheiriocá len a chur ar lár
Anois do chrainnín cho beag leis, nach dubhshlánach atá sé i dtalamh. Ní bhainfeadh an deabhac féin as na fréamhrachaí é
Tá an fhairrge ag tuargaint uirre sin ariamh agus nach diabhalta dubhshlánach atá sí ann ina dheidh sin, agus nar baineadh ariamh í (carraig)

Féach freisin

Dubhshlánach in iontrálacha eile (6)

 
Deir siad gurb éard a d'fhága an díleághadh air sin, sceach a raibh geis uirre thiar ingarrdha an Ch. a bhaint. Bhí na "daoine maithe" — diúltaigheamuide dhóib — fúithe. An uair a tharraing sé an tuagh, tháinic an guth go dtí é: "ná buail" adeir sé. Ach bhí S. cho dórainneach, cho dubhshlánach sin, agus nach gcoiscfeadh sé a láimh. Bhain sé an sceach thrí 'chuile údragáil. Ó'n lá sin amach bhí an díleághadh air: leághadh chubhar na h-abhann ar a raibh aige. Dar fiadh bhí an fear sin deiseamhail, ach ba bheag an mhaith dhó a chuid deis lá agus gur thosuigh an saoghal ag dul in aghaidh. Níor fhan bó ná gamhain ná caora aige nar báitheadh nó nar bascadh nó nar cailleadh. Ó a bhuaileas an smál sin iad, is furasta leo imeacht. An tsiocair is lugha faoi'n domhan, agus scaithtí ní call dóib tsiocair ar bith. Bhí sé taobh le sean-bhó bhuidhe ins an deire. Chonnaic mé féin í sin aige. Ní feasach dom ar cailleadh í sin nó gur cailleadh í le aois, ach ba chuma dhó-san sin. Ba mhaith bocht an fear é indeireadh a shaoghail, agus beo bocht a bhí a chlann in a dhiaidh nó gur dhealuigh siad leo ar fad as. Sin é an chaoi a ndeacha an sceach dó. Ara bhí sé cho do-chomhairleach leis an saoghal. "A chomhairle féin do mhac dhanra" arsa tusa "agus ní bhfuair sé ariamh níos measa." Níor ceart do dhuine ar bith, ar aon-chor, a dhul thar theasbánadh, agus fuair seisean an teasbánadh — go ndéanaidh Dia grásta air!
 
ding
Ní ghnothóchadh an saoghal ar Shasana. Le teann imeartais agus gleacaidheacht' atá sí indon an domhan as éadan a choinneál géilleamhnach di féin. 'Ar ndú ní raibh oileáinín ná carraig dubhshlánach ar bith ar fud an domhain ar fad nach raibh fastuighthe aice. Tá a cuid geanntrachaí faoi sheacht ranna an domhain. Tá a shliocht uirre: ní bhainfeadh an Diabhal as a lúdrachaí í. Fuair sí cupla priocadh maith ins an gcogadh seo, ach má fuair féin thug sí a cuid beanna léithe in a dheidh sin. Is mór an feall nach bhfuair an Jap beag congnamh. Bhearnuigh sé go maith í. Ach tá faitíos orm nach raibh ann ach an rith searraigh in a dheidh sin
+
docht 2
Doras docht dubhshlánach é; doras docht daingean é (cuirtear cuingir ar na focla sin mar sin go minic)
TUILLEADH (1) ▼
Tá an leac sin docht dubhshlánach. Is beag an mhaith do ghróín agus t'oirdín in a h-éadan sin
 
Tá sé ag déanamh bóthair dólámhach isteach 'sna garrantaí thoir. Má tá féin, ní gan í gan ó é. Tá clocha i dtalamh annsiúd agus ní bhainfidh a cheann-finne iad. Ach beidh sé siúd ag tuineamh leo nó go gcuiridh sé as ar uain nó ar éigin iad. Tá sé an-dubhshlánach nuair a chaitheas sé rud in a chloigeann
 
dubh 3
Dubhuigheann siad congnamh maith de "phíosa" talmhana 'chuile lá aindeoin go ndéanann siad a gcuid freastail féin. Ach is suarach an t-iongnadh é! Bíonn siad amuigh leis an scairt-mhaidin agus ní scuireann siad go mbíonn an dubh ar an oíche. B'fhurasta do 'chuile dhuine dubhachan a dhéanamh dhá dteigheadh sé di cho dubhshlánach sin — as cosa idtaca. Ach fágfaidh siad in a ndiaidh é cho maith leis an té a ghlacfas an saoghal go réidh!