Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Díleaghadh
ainm-fhocal; fireann
níl aon-iolraidh.
sain-chiall na Gaillimhe leis an bhfocal seo .i. imeacht nó anachain eallaigh agus maoine agus daoine, de bharr teire nó geise; leághadh chubhar na h-abhann; smál; míadh; tubaiste; diomallú míádhamhail; mí-chinneamhaint.
+
Tá an díleághadh ar mo chuid = faghann a mbíonn d'eallach is d'áirnéis agam bás. Níl maoin ar bith ag feithiú liom de bharr teire, smáil, tubaiste, nó dubh-chinneamhna eicínt
Ó'n lá sin amach, tháinic díleághadh ar a raibh aige. Níor fhan gamhain ná bó ag gabhail leis. Bhí an anachain chéadna ar a chuid muc 'sabhálaidh Dia sinn. Bhasc a chapall í féin i gclochar. Thagadh an galra cam ar a chuid caorach an uair nach mbíodh sé ar aon-chaoirigh eile ins an tír. Níor fágadh bonn bán air.
TUILLEADH (7) ▼
'Sé an díleághadh sin mar d'innis mé dhuit, a chuir de dhruim tighe é. Bhí sé fánach aige aon-chúis a dhéanamh. B'éigin dó an teach agus an talamh a dhíol agus a dhul síos go G. Bhí sórt sipín beag annsin aige ar feadh scathamh, ach níor eirigh sin leis ach an oiread. Tháinig an sirriam air agus thóig má's beag mór a bhí aige ann, in ómós fiacha. Fuair sé bás ins an "bpoorhouse" faoi dheire agus faoi dhó (dheoidh)
Deir siad gurb éard a d'fhága an díleághadh air sin, sceach a raibh geis uirre thiar ingarrdha an Ch. a bhaint. Bhí na "daoine maithe" — diúltaigheamuide dhóib — fúithe. An uair a tharraing sé an tuagh, tháinic an guth go dtí é: "ná buail" adeir sé. Ach bhí S. cho dórainneach, cho dubhshlánach sin, agus nach gcoiscfeadh sé a láimh. Bhain sé an sceach thrí 'chuile údragáil. Ó'n lá sin amach bhí an díleághadh air: leághadh chubhar na h-abhann ar a raibh aige. Dar fiadh bhí an fear sin deiseamhail, ach ba bheag an mhaith dhó a chuid deis lá agus gur thosuigh an saoghal ag dul in aghaidh. Níor fhan bó ná gamhain ná caora aige nar báitheadh nó nar bascadh nó nar cailleadh. Ó a bhuaileas an smál sin iad, is furasta leo imeacht. An tsiocair is lugha faoi'n domhan, agus scaithtí ní call dóib tsiocair ar bith. Bhí sé taobh le sean-bhó bhuidhe ins an deire. Chonnaic mé féin í sin aige. Ní feasach dom ar cailleadh í sin nó gur cailleadh í le aois, ach ba chuma dhó-san sin. Ba mhaith bocht an fear é indeireadh a shaoghail, agus beo bocht a bhí a chlann in a dhiaidh nó gur dhealuigh siad leo ar fad as. Sin é an chaoi a ndeacha an sceach dó. Ara bhí sé cho do-chomhairleach leis an saoghal. "A chomhairle féin do mhac dhanra" arsa tusa "agus ní bhfuair sé ariamh níos measa." Níor ceart do dhuine ar bith, ar aon-chor, a dhul thar theasbánadh, agus fuair seisean an teasbánadh — go ndéanaidh Dia grásta air!
Bhí sruth agus gaoth leo an fhad agus a bhíodar thuas, ach ó'n lá ar athruigh siad síos chuaidh an saoghal in a n-aghaidh. Tháinic díleághadh ar a raibh ag gabhail leo. Go fiú agus an síol féin a chuiridís ní bhíodh sé ag eirghe leo. Is minic a loiceadh a gcuid fataí agus togha an bharr ag 'chuile dhuine eile. Bhí anachain muc agus anachain daoine orra in éindigh — ní dhá roint leo é. Fuair triúr mac breágh bás imbéal a chéile orra. Dheamhan a fhios agamsa a raibh eatorra ach an bhliain. An fear aca atá ins an gcomhaireamh ceann indiu, is beag fear tighe ná urláir in do thír is boichte ná é. Ní maith a chuaidh an imirce do na créatúir bhochta sin
Chuala mé go minic go raibh geis ar an gcnocán sin: go raibh sé sídheamhail. Deir 'chuile dhuine go raibh rudaí dhá fheiceál ann. Ach ní raibh géilleamhaint ar bith aige-san do chúrsaí de'n tsórt sin. Bhí rachmall an airgid air, agus chaith sé in a cheann teach nuadh a dhéanamh. Ní bheadh aon-shásamh aige ann go ndéanfadh sé ar an gcnocán sin é, th'éis go raibh 'chuile dhuine ag cur aithne air gan drannadh leis. Má's é an t-Athair M. féin é — 'sé a bhí annseo an uair sin — chuala mé gur dhubhairt sé leis go mbeadh sé in aithmhéala, mara bhfágadh sé an cnocán agus a raibh ann len a n-anshógh féin. Ach ní raibh aon-chomhairleachan in a chíonn. Ó a chuirfeadh sé roimhe rud a dhéanamh. Bhí sé cho dána le múille. Réab sé an cnocán as a lúdrachaí ar aon-nós, agus rinne sé an teach. Tá sé fuar falamh annsin ó shoin, mar a fheiceas tú féin é. Dheamhan duine a chomhnuigh ariamh ann sílim. Marbhuigheadh an mac shul má bhí sé déanta. Sáthach fánach a marbhuigheadh é freisin. Ord a thuit de'n scafall air. Buaileadh síos an inghean agus chaill sé an domhnuidheacht airgid léithe, ach ní dhearna sí aon-mhaith ariamh. Thuit binn an tighe go talamh shul má bhí sé réidh. Shílfeá go mbadh shin é a dhóthain de theasbánadh, ach chuaidh sé in a éadan as dubhshlán in ath-uair. Ní fhaca sé an chloch spideoige ariamh air. Bhí sé ag déanamh creafóige. Ó'n lá ar thosuigh sé ag ordluigheacht ar an gcnocán sin — shílfeá gur beith a bhí air é — níor fhan rud istigh ná amuigh aige nar tháinig an díleághadh air. D'imigh a raibh aige agus ar chruinnigh sé go cruadh — d'imigh sé in a ghlaedh ghlas. B'éigin do'n bhean agus do'n chuid eile de'n chlainn lascadh leo as ar fad ins an deire. Bhí an díleághadh ar a gcuid as comhair a dhá súil. Níl a fhios agam an raibh an oiread aca agus a thug go G. iad. Má bhí, dheamhan tada leis é. Níl duine ar a shliocht indiu; i gcruthamhnas nach ceart d'aonduine a dhul ag cur araoid ar an sluagh sidhe — diúltaigheamuide dhóibh agus fuagruigheamuid deagh-chomharsanacht orra!
Bhí teir ar na guirt sin ariamh. Ní raibh goir ag bó na gamhain a dtaithiughadh nach raibh an t-imeacht orra. Bíonn guirt ann mar sin thar a chéile, agus an té a mbeidh siad aige, is fear é a mbeidh an tseamair Mhuire aige, nó tiocfaidh an díleághadh ar a chuid. Is ar a chruadh-chúis do dhuine ar bith a mbeidh guirt de'n tsórt sin aige, gan rud a chur ionnta uair eicínt. Is mór an nídh a bhfeiceál ag dul i bhásta. Tá cuid de na daoine agus ní thiubharfaidís áird ar bith ar na sean-chainteannaí sin. Bíonn an oiread saint' ionnta chuig an saoghal agus gur cuma leobhtha teir ná teir. S. L. a bhí annsin thoir, an uair a cheannuigh sé an talamh thuas ó P. N., dubhairt daoine leis nach n-eireochadh an tabhairt sin leis chor ar bith — go raibh teir ar an ngiodán ab fhearr ag gabhail leis, agus nach raibh aon-lá ariamh nach raibh an díleághadh ar bheithidhigh Ph. N. ann. "Má's teir nó teir anois é" adeir S. L. "rachaidh gach beithidheach ag gabhail liomsa isteach ann. Nach mé a shíleas sib a bheith adhartha go leigfinn an priobán is fhearr ar an talamh i bhásta ingeall ar shean-chainteanna seafóideacha". Chuir sé na beithidhigh isteach ann, ach dheamhan díleághadh a tháinig orra. D'imigheadh ceann anois agus aríst, ach d'imeochaidís sin in áit ar bith. Ní bheadh beithidheach seachtain i mbéal a chéile ag P. N. ann an uair a bheadh taobh na bpoll as a chionn. Sin é an chóir a mbíonn sé. Measaim féin, scaithtí gurb ar an duine agus nach ar an áit a bhíos an teir. Bhí smál eicínt ar Ph. N. nach n-eirigheadh tada leis.
Tá an díleághadh ceart ar an duine bocht ó phós sé. Cailleadh cliobóg de chapall bhreagh air. Bhí bó bhainne tachttha ins an gcró roimhe, maidin. Ní fhanann laogh ná gamhain aige nach bhfuil an bhail chéadna orra. Thug sé leath-cholapa dheas a bhí aige anuas ar an mbarr-garbh oíche roimh an aonach anuiridh, len a cur siar lá'r na bháireach. Dheamhan pighinn de chúig phunt dhéag airgead nach bhfuigheadh sé uirre. Ar a dhul amach dó ar maidin, fuair sé sínte ins an iothlainn í agus a cois briste. Leag sí claidhe na h-iothlann agus thuit brúisc uirre féin dó (de). Thug sé fear cnámh aice, agus dheasuigh sé í, ach ní raibh aon-bhiseach ag teacht uirre in a dheidh sin. Mharbhuigh sé ins an deire í
'Sé an díleághadh atá ar an mbuachaill sin nach dtugann sé greim len ithe dóibh go gcailltear leis an ocras iad. Amhgar agus anshógh atá ar a chuid beithidheach, agus ní díleághadh. Seadh b'fhéidir! Nach bhfaca mé laogh breagh annsin anuiridh aige — céileóg. Tabhair laogh breagh air. Choisc sé é faoi cheann míosa, agus níor thug sé gabhail ná uchtóg dó ach a chur siar in Garrdha na L. ag ithe raithnighe. 'Meas tusa an cothú do laogh í raithneach. Bíodh unsa céille agad. Thú féin agus do chuid díleághadh. Is gearr ó'n bpéire laoghannta sin thíos anois aige. D'fheicfeá ag eitealla leis an ocras iad.

Díleaghadh in iontrálacha eile (1)

 
Rinne sé é ar na drochóirí dó féin, agus bhí a shliocht air: ní fhaca sé aon-lá de'n ádh uaidh sin amach. Bhí saidhbhreas na saidhbhreas aige an uair sin. Ba leis B. Bh., F., G. agus áiteacha tharta. Bhí dath gach bó ar shliabh aige, ach tháinig an díleaghadh ar fad ar a chuid. Leagh a raibh aige — deis beithidhigh agus eile — anuas in a ghlaedh ghlas. Ins an "bpoorhouse" a fuair sé bás. Is deacair a rádh nach h-olc an rud a dhul in aghaidh comhairle mhaithe