Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díleá
ainmfhocal, fireann
níl aon iolra
sainchiall na Gaillimhe leis an bhfocal seo .i. imeacht nó anachain eallaigh agus maoine agus daoine, de bharr teire nó geise; leá chúr na habhann; smál; mí-ádh; tubaiste; diomalú mí-ádhúil; míchinniúint.
+
Tá an díleá ar mo chuid — faigheann a mbíonn d'eallach is d'airnéis agam bás. Níl maoin ar bith ag féithiú liom de bharr teire, smáil, tubaiste, nó dubhchinniúna eicínt
Ón lá sin amach, tháinig díleá ar a raibh aige. Níor fhan gamhain ná bó ag gabháil leis. Bhí an anachain chéanna ar a chuid muc go sábhála Dia sinn. Bhasc a chapall í féin i gclochar. Thagadh an galra cam ar a chuid caorach nuair nach mbíodh sé ar aon chaoirigh eile sa tír. Níor fágadh bonn bán air
TUILLEADH (7) ▼
'Sé an díleá sin, mar a d'inis mé dhuit, a chuir de dhroim tí é. Bhí sé fánach aige aon chúis a dhéanamh. B'éigean dó an teach agus an talamh a dhíol agus a dhul síos go G. Bhí sórt sipín beag ansin aige ar feadh scaithimh, ach níor éirigh sin leis ach an oiread. Tháinig an sirriam air agus thóg más beag mór a bhí aige ann in ómós fiacha. Fuair sé bás sa bpoorhouse faoi dheireadh agus faoi dhó (dheoidh)
Deir siad gurb éard a d'fhága an díleá air sin, sceach a raibh geis uirthi thiar i ngarraí an Ch. a bhaint. Bhí na daoine maithe — diúltaí muide dhóibh — fúithi. Nuair a tharraing sé an tua, tháinig an guth go dtí é: 'ná buail,' adeir sé. Ach bhí S. chomh doghrainneach, chomh dúshlánach sin, agus nach gcoiscfeadh sé a láimh. Bhain sé an sceach thrí chuile údragáil. Ón lá sin amach bhí an díleá air: leá chúr na habhann ar a raibh aige. Dar fia bhí an fear sin deisiúil, ach ba bheag an mhaith dhó a chuid deis lá is gur thosaigh an saol ag dul ina aghaidh. Níor fhan bó ná gamhain ná caora aige nár báitheadh nó nár bascadh nó nár cailleadh. Ó bhuaileas an smál sin iad, is furasta leo imeacht. An tsiocair is lú faoin domhan, agus scaití ní call dóibh tsiocair ar bith. Bhí sé taobh le seanbhó bhuí sa deireadh. Chonaic mé féin í sin aige. Ní feasach dom ar cailleadh í sin nó gur cailleadh í le aois, ach ba chuma dhósan sin. Ba mhaith bocht an fear é i ndeireadh a shaoil, agus beo bocht a bhí a chlann ina dhiaidh nó gur dhealaigh siad leo ar fad as. Sin é an chaoi a ndeachaigh an sceach dó. Ara bhí sé chomh dochomhairleach leis an saol. "A chomhairle féin do mhac dhanra," arsa tusa, "agus ní bhfuair sé ariamh níos measa." Níor ceart do dhuine ar bith ar aon chor, a dhul thar thaispeánadh, agus fuair seisean an taispeánadh — go ndéana Dia grásta air!
Bhí sruth is gaoth leo an fhad is a bhíodar thuas, ach ón lá ar athraigh siad síos chuaigh an saol ina n-aghaidh. Tháinig díleá ar a raibh ag gabháil leo. Go fiú is an síol féin a chuiridís, ní bhíodh sé ag éirí leo. Is minic a loiceadh a gcuid fataí agus togha an bharr ag chuile dhuine eile. Bhí anachain muc agus anachain daoine orthu in éindí — ní dhá roinnt leo é. Fuair triúr mac breá bás i mbéal a chéile orthu. Dheamhan a fhios agamsa a raibh eatarthu ach an bhliain. An fear acu atá sa gcomhaireamh ceann inniu, is beag fear tí ná urláir in do thír is boichte ná é. Ní maith a chuaigh an imirce do na créatúir bhochta sin
Chuala mé go minic go raibh geis ar an gcnocán sin: go raibh sé síúil. Deir chuile dhuine go raibh rudaí dhá fheiceáil ann. Ach ní raibh géilliúint ar bith aigesean do chúrsaí den tsórt sin. Bhí rachmall an airgid air, agus chaith sé ina cheann teach nua a dhéanamh. Ní bheadh aon shásamh aige ann go ndéanfadh sé ar an gcnocán sin é, théis go raibh chuile dhuine ag cur aithne air gan drannadh leis. Más é an tAthair M. féin é — 'sé a bhí anseo an uair sin — chuala mé gur dhúirt sé leis go mbeadh sé in aiféala mura bhfágadh sé an cnocán agus a raibh ann lena n-anó féin. Ach ní raibh aon chomhairleachan ina chionn ó chuirfeadh sé roimhe rud a dhéanamh. Bhí sé chomh dána le múille. Réab sé an cnocán as a lúdrachaí ar aon nós, agus rinne sé an teach. Tá sé fuar folamh ansin ó shin, mar a fheiceas tú féin é. Dheamhan duine a chónaigh ariamh ann sílim. Maraíodh an mac shul má bhí sé déanta. Sách fánach a maraíodh é freisin. Ord a thit den scafall air. Buaileadh síos an iníon agus chaill sé an domhnaíocht airgid léithe, ach ní dhearna sí aon mhaith ariamh. Thit binn an tí go talamh shul má bhí sé réidh. Shílfeá go mba in é a dhóthain de thaispeánadh, ach chuaigh sé ina éadan as dúshlán in athuair. Ní fhaca sé an chloch spideoige ariamh air. Bhí sé ag déanamh créafóige. Ón lá ar thosaigh sé ag orlaíocht ar an gcnocán sin — shílfeá gur beith a bhí air é — níor fhan rud istigh ná amuigh aige nár tháinig an díleá air. D'imigh a raibh aige agus ar chruinnigh sé go crua — d'imigh sé ina ghlae ghlas. B'éigean don bhean agus don chuid eile den chlainn lascadh leo as ar fad sa deireadh. Bhí an díleá ar a gcuid os comhair a dhá súil. Níl a fhios agam an raibh an oiread acu agus a thug go G. iad. Má bhí, dheamhan tada leis é. Níl duine ar a shliocht inniu; i gcruthúnas nach ceart d'aon duine a dhul ag cur araoid ar an slua sí — diúltaí muide dhóibh agus fuagraímid dea-chomharsanacht orthu!
Bhí teir ar na goirt sin ariamh. Ní raibh gair ag bó na gamhain a dtaithiú nach raibh an t-imeacht orthu. Bíonn goirt ann mar sin thar a chéile, agus an té a mbeidh siad aige, is fear é a mbeidh an tseamair Mhuire aige nó tiocfaidh an díleá ar a chuid. Is ar a chruachúis do dhuine ar bith a mbeidh goirt den tsórt sin aige gan rud a chur iontu uair eicínt. Is mór an ní a bhfeiceáil ag dul i bhásta. Tá cuid de na daoine agus ní thabharfaidís aird ar bith ar na seanchainteannaí sin. Bíonn an oiread sainte iontu chuig an saol agus gur cuma leofa teir ná teir. S. L. a bhí ansin thoir, nuair a cheannaigh sé an talamh thuas ó P. N., dúirt daoine leis nach n-éireodh an tabhairt sin leis chor ar bith — go raibh teir ar an ngeadán ab fhearr ag gabháil leis, agus nach raibh aon lá ariamh nach raibh an díleá ar bheithígh Ph. N. ann. 'Más teir nó teir anois é,' adeir S. L., 'rachaidh gach beithíoch ag gabháil liomsa isteach ann. Nach mé a shíleas sibh a bheith adhartha go ligfinn an preabán is fhearr ar an talamh i bhásta i ngeall ar sheanchainteanna seafóideacha.' Chuir sé na beithígh isteach ann ach dheamhan díleá a tháinig orthu. D'imíodh ceann anois agus aríst, ach d'imeoidís sin in áit ar bith. Ní bheadh beithíoch seachtain i mbéal a chéile ag P. N. ann nuair a bheadh taobh na bpoll os a chionn. Sin é an chóir a mbíonn sé. Measaim féin, scaití gurb ar an duine agus nach ar an áit a bhíos an teir. Bhí smál eicínt ar Ph. N. nach n-éiríodh tada leis
Tá an díleá ceart ar an duine bocht ó phós sé. Cailleadh cliobóg de chapall bhreá air. Bhí bó bhainne tachta sa gcró roimhe maidin. Ní fhanann lao ná gamhain aige nach bhfuil an bhail chéanna orthu. Thug sé leathcholpa dheas a bhí aige anuas ar an mbarr garbh oíche roimh an aonach anuraidh, lena cur siar lá arna mhárach. Dheamhan pínn de chúig phunt dhéag airgead nach bhfaigheadh sé uirthi. Ar a dhul amach dó ar maidin, fuair sé sínte san iothlainn í agus a cois briste. Leag sí claí na hiothlann agus thit brúisc uirthi féin dó (de). Thug sé fear cnámh aici agus dheasaigh sé í, ach ní raibh aon bhiseach ag teacht uirthi ina dhiaidh sin. Mharaigh sé sa deireadh í
'Sé an díleá atá ar an mbuachaill sin nach dtugann sé greim le n-ithe dóibh go gcailltear leis an ocras iad. Amhgar agus anó atá ar a chuid beithíoch, agus ní díleá. Sea b'fhéidir! Nach bhfaca mé lao breá ansin anuraidh aige — céileog. Tabhair lao breá air. Choisc sé é faoi cheann míosa, agus níor thug sé gabháil ná uchtóg dó ach a chur siar i nGarraí na L. ag ithe raithní. Meas tusa an cothú do lao í raithneach. Bíodh unsa céille agat. Thú féin agus do chuid díleá. Is gearr ón bpéire laonta sin thíos anois aige. D'fheicfeá ag eitealla leis an ocras iad

díleá in iontrálacha eile (8)

 
Ní dhealóidh an smál sin leo choíchin nó go ndealaí siadsan amach as an teach sin ar fad. Ní ag comhaireamh na hanachain é, d'imigh a gceart orthu le cupla bliain: beirt mhac agus an t-athair, agus a raibh d'eallach ag gabháil leo. Is millteach an díleá atá orthu, ní dhá roinnt leo é
 
Nuair a thosós an saol ag dul in aghaidh duine mar sin, agus an díleá ag bualadh a mbeidh aige, b'fhearr dhó mála na déirce a fháscadh aniar ar a dhroim agus a dhul ag iarraidh a chodach ó theach go teach. Is mó a bheadh dhá bharr aige faoi dheireadh thiar thall
 
Tá an bheirt sin anois ar dheireadh na Féinne. Bhuail díleá eicínt an chuid eile. Cailleadh iad ó dhuine go duine. Bhí ráite gurb é an teach nua a rinne é. D'athraigh siad amach aríst i seanscioból agus dheamhan imeacht a tháinig ar aon duine acu ó shin. Ach is beag an chreach atá ann anois go bhfóire Dia orainn, ar scáth beirt
 
deis
Bhí deis sa teach sin tamall, ach is maith bochtaithe é inniu. Tháinig an díleá air. Smál é sin a bhíos ar chuid de na daoine. Dheamhan neart a bhíos acu air
 
Chuireadh muid suas na crosógaí Bríde roimhe seo, agus thosaigh daoine ag rá ansin go mba pisreogaí iad agus héiríodh astu. Sílimse gurb in tuilleadh den díchreideamh agus den díleá atá ar an saol. B'fhearr a bhí an saol go fada fhad is a bhí na daoine simplí. Chuile líne ag dul chun míne agus ag dul chun bréige
 
Tá na beithígh ag imeacht air dólámh. Chreidim gur díleá nó smál eicínt é, atá ar an duine bocht
 
Rinne sé é ar na drochóirí dó féin, agus bhí a shliocht air: ní fhaca sé aon lá den ádh uaidh sin amach. Bhí saibhreas na saibhreas aige an uair sin. Ba leis B. Bh., F., G. agus áiteacha thartu. Bhí dath gach bó ar shliabh aige, ach tháinig an díleá ar fad ar a chuid. Leáigh a raibh aige — deis beithígh agus eile — anuas ina ghlae ghlas. Sa bpoorhouse a fuair sé bás. Is deacair a rá nach olc an rud a dhul in aghaidh comhairle mhaithe
 
Ní chreidfinn ón saol nach bhfuil daoine ann a mbíonn beithígh ag dul dóibh thar a chéile. Dhá mbeadh dath gach bó ar cnoc agamsa, ní bheadh ceann acu sa gcomhaireamh ceann faoi cheann cupla bliain. An bhfeiceann tú an díleá a tháinig ar a raibh agam, ní ag ceasacht ar Dhia é. Ní éiríonn bó ná gamhain liom