Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dealaigh
briathar cuimsí
ainm briathartha: dealú, dealachan
1.
scaradh; imeacht ó … nó as … ; bailiú le (leat srl.); ruaigeadh.
a.
+
Tá sé dealaithe leis ar fad as seo — imithe; bailithe leis; bánaigh
Cáid dealaithe leis é. Bhí sé ansin ar maidin
TUILLEADH (13) ▼
Chaithfeadh sé gur ghearr dealaithe léithe í. 'Sí a chonaic mé ag dul siar agus mé ag teacht aníos an[...]. Nach gearr an mhoill a rinne sí. Ach cén mheanmna a chas aniar chor ar bith í?
Is mór is fiú an bithiúnach sin a bheith dealaithe leis. Dhá bhfanadh sé sin oíche ina (bhur) mbail, ní dóigh rud dhá ndéanfadh sé ná achrann a tharraingt. Bíonn goin ar an diabhal sin i gcónaí
Ab in é a chonaic mé ag dealú leis suas an t-ard. Bailíodh leis anois. Ní fearr timpeall na mbólaí seo é sin. Ceo ar bith mura mbeadh sé te nó trom, bheadh sé ardaithe leis aige. Tá sé sin buille luathlámhach a mhic ó mo chroí
Dealaigh leat anois. Níl muid do t'iarraidh. Is beag an ghnaoi atá anseo ort dhá mbeadh a fhios agat é
Ní miste dhúinn é ó dhealaigh siad leo. Bhí faitíos mo chroí orm an fhad is a bhí siad istigh, agus a raibh de shíomálachaí acu, go dtarraingeoidís achrann istigh faoi chaolachaí an tí againn. An bhfaca tú a leithidí de bhrúisceanna ariamh?
Tá na Gaeilgeoirí ar fad dealaithe leo abhaile. Ní fearr beirthe é. Beidh suaimhneas ag na daoine aríst go ceann bliain eile
Tabhair cead dó dealachan leis ar fad. Is fearr faoi dhó a bheas na daoine dhá uireasa ar scáth a bhfuil sé in ann a dhéanamh. Is mó atá an ceann céanna a mhilleadh ná a leasú fúinn
Ní dhealóidh siad sin leo nó go bhfága siad cithréim ar dhuine eicínt. Is maith ábalta na buachaillí iad, agus mise i mbannaí nach gceilfidh siad lúd a láimhe ar dhuine ar bith a chuirfeas aon araoid orthu, ná gan araoid ar bith má chaitheann siad ina gceann é
Dá ndealaíodh an boss leis chor ar bith, dheamhan smeach a dhéanfaí aríst nó go bhfeicthí ag teacht é. Siúd é an áit a raibh an saol. Ba é an t-airgead ab fhusa a shaothraigh mé ariamh é
Tá sé le dealú leis amárach agus má tá féin, dheamhan mórán a chaoinfeas cuid againn ina dhiaidh. Is beag nár chuir sé thar bharr mo chéille mise ar aon chor. Is mé a chaitheadh a dhul ag freastal air nuair a bhíodh an dream eile reicthe aige
Ar chuala tú faoi Sh. Tá sé dealaithe leis agus fiacha fágtha ina dhiaidh aige i chuile áit ar fud an D. Chuile dheoir óil dár thóg sé, níor íoc sé sciúrtóg dhó (dhe). Nach diabhaltaí tútach an mhaise dhó lascadh leis mar sin agus ualach den tsórt sin a fhágáil ina dhiaidh
Mura ndealaí tú leat anois a ghrabairín, beidh scéal agat air. Is deas iad do bhéasa. Ag iarraidh bior dearg a chur síos le mo dhroim. Rún atá agat mo bhruith agus mo loscadh. Chonaic mise gasúir ábhailleacha go minic ach ag an diabhal go raibh sibhse — crosaim aríst sibh! — sháraigh sibh a bhfaca mé ariamh
Shílfeá má tá fúthu imeacht i mbliana go bhfuil sé in am acu a bheith dealaithe leo feasta. Nach bhfuil chuile choláiste agus scoil osclaithe anois. Déarfainnse gurb é an chaoi nach ndearna siad aon mhaith
+
Níor dhealaigh an bruitíneach léithe fós — dealaíonn tinneas, olc, fearg, agus rudaí mar sin le duine, ach dealaíonn cara uait
Níor dhealaigh na diabhail de dhaitheachaí seo liom fós. Tá an tseachtain saothraithe go maith agam [...]éid a shliocht orthu: tabharfaidh mise gaoth bhoird amach dóibh Dia Sathairn seo chugainn faoina bheith slán dúinn
TUILLEADH (12) ▼
Dhá ndealaíodh an bhruitíneach seo le na gasúir — shílfeá gur righin uaithi — b'fhéidir go mbuailfinn siar ar cuairt chugaibh. Ach dheamhan gair agam corraí anois. Tá anró le fáil uathu, go lige Dia slán na daoine!
Dhá ndealaíodh an slaghdán seo léithe, b'fhéidir go dtabharfadh sí battle eile, ach tá aois mhór aici. Mar sin fhéin, dheamhan a dhath mairge a bhí uirthi nó gur bhuail an ruaig sin í
Ná bac leis an gcailín [...] le duine ó bhuailfeas sí aon uair amháin é. Níl leigheas i gcionn na heitinne. Duine ar bith a dtiocfaidh sí ina chrioslaigh is fear réidh é
Is deacair leis an gcasacht dealú leis. Tholg sé slaghdán cupla mí ó shin, agus ghreamaigh an chasacht dó ó shin. Shílfeá muis go bhfuil a dhóthain clúdaigh air, agus gur diachta di (don chasacht) greamú dó ar an gcaoi sin
Ní dhealóidh na crochaillí seo liom nó go gcaithe mé braon seanfuisce. Sin é a chuirfeas aníos a bhfuil de réama síos i mbéal mo chléibh. Meas tú cén dóigh ab fhearr dom anois a dhul dhá thóraíocht
Ní bhfaighidh tú sásamh ar bith air; nó go ndealaí an ghrís siúd leis. Is trua Mhuire é léithe. Ní fhaigheann sé suaimhneas oíche ná lae uaithi, ach ag tochas go hacht is go háirid
Is deacair le na harraingeachaí sin dealú amach le creatlachaí duine. Is minic a bhain siad mí asamsa. Daighean mé go mbaineadh. Agus níl aon leigheas ó fhlaithis go talamh orthu, ach cead acu a seal a thabhairt
Nach réidh a dhealaigh an triuch lena cuid patairí seo thíos. Dar príosta rinne sí éascaíocht mhór leo ar scáth coicíse. Is minic a chonaic mise ag baint ráithe mhóir fhada as gasúir í. Murar chas fear an chapaill bháin léithe (bíonn leigheas an triuch ag fear capall bán)
Ní dhealóidh na gága seo liom go deo nó go ndealaí mise leis an láí. Sin é a bhfuil de leigheas orthu. Maidir le do chuid vaseline, níl ann ach a bheith ag milleadh do lámha leis. Sin é an méid
B'fhéidir dá ndealaíodh an méid sin oilc leis, go suaimhneodh agus go dtiocfadh sé chun sástacht aríst. Ach chomh uain is a bheas an daol sin ag spochadh leis, níl aon cheart le baint de. Sin é a bhealach: taghdannaí mar sin; ach chomh luath agus a ligeas sé faoi aríst, níl aon duine faoin domhan is síodúla a bhíos ná é
Ní dhealóidh an smál sin leo choíchin nó go ndealaí siadsan amach as an teach sin ar fad. Ní ag comhaireamh na hanachain é, d'imigh a gceart orthu le cupla bliain: beirt mhac agus an t-athair, agus a raibh d'eallach ag gabháil leo. Is millteach an díleá atá orthu, ní dhá roinnt leo é
Shílfeá nár dhealaigh galra an tairt fós leis. Chonaic mé thíos aréir é agus é ag slogadh. Ní raibh duine ná deoraí ag coinneáil chomhluadair leis, ach é ag diúgadh a phionta leis ansiúd
b.
·
Dealaigh uaim! — glan leat uaim!
Is mé a bheadh buíoch dá mbeidís dealaithe uaim. Is mór an tseanmóir iad chuile ré solais. Mura mbeidh chuile shórt ar a mian acu, bíonn siad ag clamhsán agus ag casaoid, agus tá a fhios ag mo chroí go mb'fhearr do dhuine uaidh iad
c.
·
Níl na ciarógaí dealaithe go fóill, ainneoin an chaoi a chuir an dochtúr siúd ar an teach. Ó rinneadh é sin leis, níor chuala mé aon chr[...]g[...] ann ó shin. Is cosúil gur mharaigh sé iad. Shíl mé go dtabharfadh sé fruisín faoi na ciarógaí freisin, ach níor thug, nó má thug tá siad ar ais aríst
Tá sé dealaithe soir an bóthar. Ar an dá luath is ar dhealaigh sé soir an t-ard, leag sé ar na boinn é
2.
scoilteadh; roinnt.
a.
+
Bhí deis ansiúd a dhealódh an droch-choirce ón gcoirce ar fónamh ar an bpointe boise. Cineál machine a bhí ann
Séard a theastódh, deis eicínt ansin a dhealódh an drochbhainne ón dea-bhainne, más cúrsaí den tsórt sin é. Ach níl leathchreistiúint agam féin go dtolgann bainne daoine ar an gcaoi sin
TUILLEADH (4) ▼
Tá madadh aige siúd agus dhealódh sé na caoirigh baineanna ó na reitheanna le iontú do bhoise. Dhealódh, dhá mbeadh míle caora ann. Chonaic mé dhá dhéanamh thuas i lár na heasca é
Caithfidh tú na huibheachaí glugair a dhealú ón gcuid eile más leat a leagan síos (faoi chirc). Nó an brath ar a gcur síos thrína chéile atá tú
Dealaigh amach na fataí a bhfuil na súile iontu ón gcuid eile nó go ngearra mé iad. Seachain a bhfágfá aon cheann a bhfuil aon tsúil ann in do dhiaidh
Ní dhealóidh sé as sin nó go ndealaí an ball dubh leis an bhfeadóig
·
Is deacair an bheirt anois a dhealú ó chéile
b.
·
Dealaíodh iad — beirt a bhí ag troid; cuireadh ó chéile iad
Mura ndealaítear iad, gortóidh siad a chéile. Téadh muid eatarthu. Is mór an ní iad a fheiceáil mar sin

dealaigh in iontrálacha eile (11)

 
danra
Siúd é an féar atá danra ar a bhaint. Tá sé sínte as éadan agus driseacha caithrithe amach ann, agus maidir le faobhar, caithim é chur suas i chaon dara sracadh; arae tá sé brataithe le clocha. Is mé a bheadh sásta dá mbeinn dealaithe amach as. Diabhal mórán féir a bheas dhá bharr siúd
 
Bhí sé beophianta nó go ndéanfadh sé an imirce. Ag cur maith air fhéin mar dhóigh dhe. Ba í an imirce dheacrach dhó í. Ní raibh lá den ádh air ó dhealaigh sé amach as B. an Gh.
 
dearg 1
An t-arm dearg fré chéile agus ní dhealódh ó chéile iad, bhí siad chomh líofa sin ag a dhul ag troid
+
Is mise deireadh na Féinne anois. Dhealaigh a raibh de thithe eile ann uaim síos go bóthar. Tá mé liom féin anois ar bharr an bhaile
TUILLEADH (1) ▼
Gheobhadh sé faoi na foraí é as deireadh na rúcála murach gur dealaíodh iad — bíonn achrann nó siúite nó glacamas lámh i gceist anseo go hiondúil .i. rúcáil achrainn.
 
dia 2
Dheamhan a chos sin a fhillfeas go Luan an Bhrátha. Tá baol air. Ó dhealaigh sé uathu aon uair amháin, ní thaobhóidh sé aríst iad
 
D'ionsaigh sé ag díbliú orm gan fáth gan ábhar. Ach is beag nach dtug mise ábhar dhó shular dhealaigh mé uaidh. Dar fiagaí thabharfainn murach gur cosnaíodh orm é
 
díle 1
Ní thiocfaidh sé abhaile aríst go deo dearg na Díle. Ó dhealaigh sé uathu chor ar bith, is fada amach a fhanós sé uathu feasta
 
Deir siad gurb éard a d'fhága an díleá air sin, sceach a raibh geis uirthi thiar i ngarraí an Ch. a bhaint. Bhí na daoine maithe — diúltaí muide dhóibh — fúithi. Nuair a tharraing sé an tua, tháinig an guth go dtí é: 'ná buail,' adeir sé. Ach bhí S. chomh doghrainneach, chomh dúshlánach sin, agus nach gcoiscfeadh sé a láimh. Bhain sé an sceach thrí chuile údragáil. Ón lá sin amach bhí an díleá air: leá chúr na habhann ar a raibh aige. Dar fia bhí an fear sin deisiúil, ach ba bheag an mhaith dhó a chuid deis lá is gur thosaigh an saol ag dul ina aghaidh. Níor fhan bó ná gamhain ná caora aige nár báitheadh nó nár bascadh nó nár cailleadh. Ó bhuaileas an smál sin iad, is furasta leo imeacht. An tsiocair is lú faoin domhan, agus scaití ní call dóibh tsiocair ar bith. Bhí sé taobh le seanbhó bhuí sa deireadh. Chonaic mé féin í sin aige. Ní feasach dom ar cailleadh í sin nó gur cailleadh í le aois, ach ba chuma dhósan sin. Ba mhaith bocht an fear é i ndeireadh a shaoil, agus beo bocht a bhí a chlann ina dhiaidh nó gur dhealaigh siad leo ar fad as. Sin é an chaoi a ndeachaigh an sceach dó. Ara bhí sé chomh dochomhairleach leis an saol. "A chomhairle féin do mhac dhanra," arsa tusa, "agus ní bhfuair sé ariamh níos measa." Níor ceart do dhuine ar bith ar aon chor, a dhul thar thaispeánadh, agus fuair seisean an taispeánadh — go ndéana Dia grásta air!
 
Is mór is fiú dhuit a bheith dealaithe amach uileag ó dhíogha na L. Sin iad an t-uisce faoi thalamh. Is leat uileag iad nuair a bheas tú ag caint leo, ach chomh luath agus a iontós tú do dhroim, tosóidh siad ag ithe agus ag gearradh ort. Sin é a mbéasa. Bhídís ag coiriúint ortsa freisin. B'fhéidir nár chuala tú féin é, ach chuala tuilleadh é. Is maith a rinne tú é agus a bhfágáil ansin
 
Shílfeá nach mbeadh breith aige ó inniu go dtí amárach go dtéadh sé ann. Ag strócántacht chuile lá ag iarraidh imeacht nuair a chonaic sé na gearrbhodaigh eile ar fad ag dealú leo. Sin é a raibh ag cur síos leis — Sasana. D'imigh sé faoi dheireadh ar na drochóirí dhó féin. Ní raibh sé leathbhliain imithe — an duine bocht — nuair a maraíodh é … i gCoventry an t-am a raibh na haeroplanes ag caitheamh anuas. Níor frítheadh a dhubh ná a dhath ná a thuairisc ariamh. Buaileadh an shelter. Ní raibh mac an aoin bheo istigh ann nár cniogadh. Níor frítheadh a gcnámha féin.