Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

dealú (30)

 
baile
Ní fearr dhuit ar bith é ná a bheith dealaithe amach as baile na gortan sin thiar.
 
biorach 2
Cén chaoi a bhféadfadh a bheith ina lacht (lacht bó) ach an teirgéis, agus an peata de lao sin ag diúl uirthi chuile ré solais, i leaba biorach a chur air nó é a dhealú uaithi.
 
Caithfear an bolstaic sin a dhealú amach ó na beithígh eile mar tá sé ag déanamh cíor thuaifil díobh.
 
Is mór is fiú dhuit a bheith dealaithe amach as na breaclachaí, hé brí céard a dhéanfas Dia leat.
 
buail
Tá an ghliomadóireacht iarmhaiseach go leor, ach tá iascairí buailte arae dheamhan a shúil le fáil ar an gcaoláire (.i. Cuan na Gaillimhe) nach bhfuil dealaithe leob ag na trólars Francacha — tá solamar le baint as gliomaigh, ach níl tada de bharr na hiascaigh. Tá a bhfuil d'iasc ar an gcuan scuabtha leob ag na báid Francacha
 
áfach
Chomh luath agus a fuair sé é fhéin dealaithe as an bpota, thug sé an áfach air fhéin agus ní fheicfidh muid aríst go luath é.
 
aogall
Chuir sé aogall ar mo chroí é a fheiceáil ag dealú leis uainn ar fad.
 
Is aoibhinn Dia do dhuine ar bith a fhéadfas dealú leis as an áit bhrocach bhroghach seo.
 
Tá an bullán an-dodach leis an ngamhainín sin a ceannaíodh. Tá gacha le foighdéan aige faoi ó mhaidin: dhá bhualadh lena chloigeann. Caithfear a ndealú ó chéile. Ní dhéanfaidh siad aon chúis mar siúd
 
Fleascach aerach go maith é sin. Ní tada eile é. Tá sé dealaithe leis chuile phointe a bhfaighidh sé an dóigh. Damhsaí! Deile!
 
Is mór is fiú dhuit a bheith dealaithe aníos den fhuarsceird sin ar chuma ar bith agus gan sáile a bheith dhá bhualadh sa smut ort chuile lá sa mbliain. Muise nárbh aibéiseach an fear a chuimhnigh ar theach a dhéanamh ann an chéad lá ariamh. Ach diabhal a raibh de neart acu air chreidim san am sin. Bhí an saol go dona, agus dhéanfaidís bráicín in áit ar bith ba túisce acu
 
danra
Siúd é an féar atá danra ar a bhaint. Tá sé sínte as éadan agus driseacha caithrithe amach ann, agus maidir le faobhar, caithim é chur suas i chaon dara sracadh; arae tá sé brataithe le clocha. Is mé a bheadh sásta dá mbeinn dealaithe amach as. Diabhal mórán féir a bheas dhá bharr siúd
+
Tá sé dealaithe leis ar fad as seo — imithe; bailithe leis; bánaigh
TUILLEADH (15) ▼
Cáid dealaithe leis é. Bhí sé ansin ar maidin
Chaithfeadh sé gur ghearr dealaithe léithe í. 'Sí a chonaic mé ag dul siar agus mé ag teacht aníos an[...]. Nach gearr an mhoill a rinne sí. Ach cén mheanmna a chas aniar chor ar bith í?
Is mór is fiú an bithiúnach sin a bheith dealaithe leis. Dhá bhfanadh sé sin oíche ina (bhur) mbail, ní dóigh rud dhá ndéanfadh sé ná achrann a tharraingt. Bíonn goin ar an diabhal sin i gcónaí
Ab in é a chonaic mé ag dealú leis suas an t-ard. Bailíodh leis anois. Ní fearr timpeall na mbólaí seo é sin. Ceo ar bith mura mbeadh sé te nó trom, bheadh sé ardaithe leis aige. Tá sé sin buille luathlámhach a mhic ó mo chroí
Tá na Gaeilgeoirí ar fad dealaithe leo abhaile. Ní fearr beirthe é. Beidh suaimhneas ag na daoine aríst go ceann bliain eile
Tá sé le dealú leis amárach agus má tá féin, dheamhan mórán a chaoinfeas cuid againn ina dhiaidh. Is beag nár chuir sé thar bharr mo chéille mise ar aon chor. Is mé a chaitheadh a dhul ag freastal air nuair a bhíodh an dream eile reicthe aige
Ar chuala tú faoi Sh. Tá sé dealaithe leis agus fiacha fágtha ina dhiaidh aige i chuile áit ar fud an D. Chuile dheoir óil dár thóg sé, níor íoc sé sciúrtóg dhó (dhe). Nach diabhaltaí tútach an mhaise dhó lascadh leis mar sin agus ualach den tsórt sin a fhágáil ina dhiaidh
Shílfeá má tá fúthu imeacht i mbliana go bhfuil sé in am acu a bheith dealaithe leo feasta. Nach bhfuil chuile choláiste agus scoil osclaithe anois. Déarfainnse gurb é an chaoi nach ndearna siad aon mhaith
Is deacair leis an gcasacht dealú leis. Tholg sé slaghdán cupla mí ó shin, agus ghreamaigh an chasacht dó ó shin. Shílfeá muis go bhfuil a dhóthain clúdaigh air, agus gur diachta di (don chasacht) greamú dó ar an gcaoi sin
Is deacair le na harraingeachaí sin dealú amach le creatlachaí duine. Is minic a bhain siad mí asamsa. Daighean mé go mbaineadh. Agus níl aon leigheas ó fhlaithis go talamh orthu, ach cead acu a seal a thabhairt
Is mé a bheadh buíoch dá mbeidís dealaithe uaim. Is mór an tseanmóir iad chuile ré solais. Mura mbeidh chuile shórt ar a mian acu, bíonn siad ag clamhsán agus ag casaoid, agus tá a fhios ag mo chroí go mb'fhearr do dhuine uaidh iad
Níl na ciarógaí dealaithe go fóill, ainneoin an chaoi a chuir an dochtúr siúd ar an teach. Ó rinneadh é sin leis, níor chuala mé aon chr[...]g[...] ann ó shin. Is cosúil gur mharaigh sé iad. Shíl mé go dtabharfadh sé fruisín faoi na ciarógaí freisin, ach níor thug, nó má thug tá siad ar ais aríst
Tá sé dealaithe soir an bóthar. Ar an dá luath is ar dhealaigh sé soir an t-ard, leag sé ar na boinn é
Caithfidh tú na huibheachaí glugair a dhealú ón gcuid eile más leat a leagan síos (faoi chirc). Nó an brath ar a gcur síos thrína chéile atá tú
Is deacair an bheirt anois a dhealú ó chéile
 
Shílfeá nach mbeadh breith aige ó inniu go dtí amárach go dtéadh sé ann. Ag strócántacht chuile lá ag iarraidh imeacht nuair a chonaic sé na gearrbhodaigh eile ar fad ag dealú leo. Sin é a raibh ag cur síos leis — Sasana. D'imigh sé faoi dheireadh ar na drochóirí dhó féin. Ní raibh sé leathbhliain imithe — an duine bocht — nuair a maraíodh é … i gCoventry an t-am a raibh na haeroplanes ag caitheamh anuas. Níor frítheadh a dhubh ná a dhath ná a thuairisc ariamh. Buaileadh an shelter. Ní raibh mac an aoin bheo istigh ann nár cniogadh. Níor frítheadh a gcnámha féin.
 
Is mór is fiú dhuit a bheith dealaithe amach uileag ó dhíogha na L. Sin iad an t-uisce faoi thalamh. Is leat uileag iad nuair a bheas tú ag caint leo, ach chomh luath agus a iontós tú do dhroim, tosóidh siad ag ithe agus ag gearradh ort. Sin é a mbéasa. Bhídís ag coiriúint ortsa freisin. B'fhéidir nár chuala tú féin é, ach chuala tuilleadh é. Is maith a rinne tú é agus a bhfágáil ansin