Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dealughadh, dealachan
Briathar Coimsidhe; ainm-bhriathar.
1.
scaradh; imeacht ó … nó as … ; bailiughadh le (leat agus rl.); ruaigeadh.
a.
+
Tá sé dealuighthe leis a[r fa]d as seo = imighthe; bailighthe leis; bánuigh
Cá'id dealuighthe leis é. Bhí sé annsin ar maidin
TUILLEADH (13) ▼
Chaithfeadh sé gur ghearr dealuighthe léithe í. 'Sí a chonnaic mé ag dul siar agus mé ag te[acht] aníos an[...]. Nach gearr an mhoill a rinne sí. Ach cé'n mheanmna a chas aniar chor ar bith í?
Is mór is fiú an bitheamhnach sin a bheith dealuighthe leis. Dhá bhfanadh sé sin oíche in 'u' (bhur) mbuil, ní dóigh rud dhá ndéanfadh sé ná achrann a tharraint. Bíonn goin ar an diabhal sin i gcomhnuí
Ab shin é a chonnaic mé ag dealú leis suas an t-árd. Bailigheadh leis anois. Ní fearr timcheall na mbólaí seo é sin. Ceo ar bith marambeadh sé te nó trom, bheadh sé árduighthe leis aige. Tá sé sin buille luath lámhach a mhic ó mo chroidhe
Dealuigh leat anois. Níl muid dot' iarraidh. Is beag an ghnaoi atá annseo ort, dhá mbeadh a fhios agad é
Ní miste dhuinn é ó a dhealuigh siad leo. Bhí faitíos mo chroidhe orm an fhad agus a bhí siad istigh, agus a raibh de shíothmálachaí [aca], go dtarraingeochaidís achrann istigh faoi chaolachaí an tigh againn. An bhfac[a] tú a leithidí de bhrúisceanna ariamh?
Tá "na Gaedhilgeoirí" ar fad dealuighthe leo a[bhaile] Ní fearr beirthe é. Beidh suaímneas ag na daoine aríst go ceann bliain eile
Tabhair cead dó dealachan leis ar fad. Is fearr faoi dhó a bhéas na daoine dhá fhuireasbhaidh, ar scáth a bhfuil sé indon a dhéanamh. Is mó atá an ceann céadna a mhilleadh ná a leasú fúinn
Ní dhealóchaidh siad sin leo nó go bhfágaidh siad ciréim ar dhuine eicínt. Is maith ábalta na buachaillí iad, agus mise i mbannaí nach gceilfidh siad lúd a láimhe ar dhuine ar bith a chuirfeas aon-araoid orra, ná gan araoid ar bith má chaitheann siad in a gceann é
Dá ndealuigheadh an "boss" leis chor ar bith, dheamhan smeach a dhéanfaí aríst nó go bhfeicthí ag teacht é. Siúd é an áit a raibh an saoghal. Ba é an t-airgead ab fhusa a shaothruigh mé ariamh é
Tá sé le dealú leis ambáireach agus má tá féin dheamhan mórán a chaoinfeas cuid againn in a dhiaidh. Is beag nar chuir sé thar bharr mo chéille mise ar aon-chor. Is mé a chaitheadh a dhul ag freastal air, an uair a bhíodh an dream eile reicthe aige
Ar chuala tú faoi Sh. Tá sé dealuighthe leis agus fiacha fágtha in a dhiaidh aige is 'chuile áit ar fud an D. 'Chuile dheoir óil dár thóig sé, níor íoc sé sciúrtóg dhó (dhe). Nach diabhaltaí tuatach an mhaise dhó lascadh leis mar sin agus ualach de'n tsórt sin a fhágáil in a dhiaidh
Mara ndealuighidh tú leat anois a ghrabairín, beidh scéal agad air. Is deas iad do bhéasa. Ag iarraidh bior dearg a chur síos le mo dhruím. Rún atá agad mo bhruith agus mo loscadh. Chonnaic mise gasúir ámhuilleacha go minic ach ag an Diabhal go raibh sibse — croisim aríst sib! — sháruigh sib a bhfaca mé ariamh
Shílfeá má tá fútha imeacht imbliana go bhfuil sé in am aca a bheith dealuighthe leo feasta. Nach bhfuil 'chuile choláiste agus scoil oscluighthe anois. Déarfainnse gurb é an chaoi nach ndearna siad aon-mhaith
+
Níor dhealuigh an bruithtíneach léithe fós = dealuigheann tinneas, olc, fearg, agus rudaí mar sin le duine, ach dealuigheann cara uait
Níor dhealuigh na diabhail de dhoigheachaí seo liom fós. Tá an tseachtain saothruighthe go maith agam [...]éid a shliocht orra: tiubharfaidh mise gaoth bhuird amach dóibh Dia Sathairn seo chugainn faoin a bheith slán dúinn
TUILLEADH (12) ▼
Dhá ndeal[uigheadh] an bhruithtíneach seo le na gasúir — shílfeá gur roighin uaithe — b'fhéidir go mb[u]ailfinn siar ar cuairt chugaibh. Ach dheamhan goir a[gam] corruighe anois. Tá anró le fáil uatha, go leigidh Dia slán na [daoin]e!
Dhá ndealuighea[dh] an slaghdán seo léithe, b'fhéidir go dtiubharfadh sí "battle" eile, ach tá aois mhór aice. Mar sin fhéin, dheamhan a dhath mairg' a bhí uirre nó gur bhuail an ruaig sin í
Ná bac leis an gcailín [...] le duine ó a bhuailfeas sí aon-uair amháin é. Níl leigheas i gcíonn [na] h-eitinne. Duine ar bith a dtiocfaidh sí in a chrioslaigh is fear réidh é.
Is deacair leis an gcasacht dealughadh leis. Tholg sé slaghdán cupla mí ó shoin, agus ghreamuigh an chasacht dó ó shoin. Shílfeá muis go bhfuil a dhóthain clúdadha air, agus gur diadhachta di (do'n chasacht) greamú dó ar an gcaoi sin
Ní dhealóchaidh na crochaillí seo liom nó go gcaithidh mé braon sean-fuisce. Sin é a chuirfeas aníos a bhfuil de réama síos i mbéal mo chléibh. Meastú cé'n dóigh ab fhearr dom anois a dhul dhá thóruigheacht
Ní bhfuighidh tú sásamh ar bith air; nó go ndealuighidh an ghrís siúd leis. Is truagh Mhuire é léithe. Ní fhaghann sé suaimneas oíche ná lae uaithe, ach ag tochas go h-acht agus go h-áirid
Is deacair le na h-araingeachaí sin dealú amach le creatlachaí duine. Is minic a bhain siad mí asamsa. Daighean mé go mbaineadh. Agus níl aon-leigheas ó fhlaithis go talamh orra, ach cead aca a seal a thabhairt
Nach réidh a dhealuigh an treoch len a cuid patairí seo thíos. Dar príosta rinne sí éascaidheacht mhór leo ar scáth coicíse. Is minic a chonnaic mise ag baint ráithe mhóir fhada as gasúir í. Marar chas fear an chapaill bháin léithe (bíonn leigheas an treoch ag fear capall bán)
Ní dhealóchaidh na gága seo liom go deo nó go ndealuighidh mise leis an láighe. Sin é a bhfuil de leigheas orra. Maidir le do chuid "vaseline", níl ann ach a bheith ag milleadh do lámha leis. Sin é an méid
B'fhéidir dá ndealuigheadh an méid sin uilc leis, go suaimneochadh agus go dtiocfadh sé 'un sástacht aríst. Ach cho uain agus a bhéas an daol sin ag spochadh leis, níl aon-cheart le baint de. Sin é a bhealach: taghdannaí mar sin; ach cho luath agus a leigeas sé faoi aríst, níl aonduine faoi'n domhan is síodamhla a bhíos ná é
Ní dhealóchaidh an smál sin leo choidhchin nó go ndealuighidh siadsan amach as an teach sin ar fad. Ní ag comhaireamh na h-anachain é, d'imigh a gceart orra le cupla bliain: beirt mhac agus an t-athair, agus a raibh d'eallach ag gabhail leo. Is millteach an díleághadh atá orra, ní dhá roint leo é
Shílfeá nar dhealuigh galra an tairt fós leis. Chonnaic mé thíos aréir é agus é ag slugadh. Ní raibh duine ná deoruidhe ag coinneál chomhlódair leis, ach é ag diúgadh a phionta leis annsiúd
b.
·
Dealuigh uaim! = glan leat uaim!
Is mé a bheadh buidheach dá mbeidís dealuighthe uaim. Is mór an tseanmóir iad 'chuile ré soluis. Mara mbeidh 'chuile shórt ar a mian aca, bíonn siad ag clamhsán agus ag casaoid, agus tá a fhios ag mo chroidhe go mb'fhearr do dhuine uaidh iad
c.
·
Níl na ciarógaí dealuighthe go fóill, aindeoin an chaoi a chuir an dochtúr siúd ar an teach. Ó a rinneadh é sin leis, níor chuala mé aon-chr[...]g[...] ann ó shoin. Is cosamhail gur mharbhuigh sé iad. Shíl mé go dtiubharfadh sé froisín faoi na ciarógaí freisin, ach níor thug, nó má thug tá siad ar ais aríst
Tá sé dealuighthe soir an bóthar. Ar an dá luath agus ar dhealuigh sé soir an t-árd, leag sé ar na buinn é
2.
scoilteadh; roint.
a.
+
Bhí deis annsiúd a dhealóchadh an droch-choirce ó'n gcoirce ar foghnamh ar an bpuínte boise. Cineál machine a bhí ann
Séard a theastóchadh deis eicínt annsin a dhealóchadh an droch-bhainne ó'n deagh-bhainne, má's cúrsaí de'n tsórt sin é. Ach níl leath-chreisteamhaint agam féin go dtolgann bainne daoine ar an gcaoi sin.
TUILLEADH (4) ▼
Tá madadh aige siúd agus dhealóchadh sé na caoirigh buineanna ó na réitheanna le ionntú do bhoise. Dhealóchadh, dhá mbeadh míle caora ann. Chonnaic mé dhá dhéanamh thuas i lár na h-easca é
Caithfidh tú na h-uibheachaí glugair a dhealú ó'n gcuid eile, má's leat a leagan síos (faoi chirc). Nó an brath ar a gcur síos thrín a chéile atá tú.
Dealuigh amach na fataí a bhfuil na súile ionnta ó'n gcuid eile, nó go ngearraidh mé iad. Seachain a bhfágfá aon-cheann a bhfuil aon-tsúil ann in do dhiaidh.
Ní dhealóchaidh sé as sin nó go ndealuighidh an ball dubh leis an bhfeadóig.
·
Is deacair an bheirt anois a dhealú ó chéile
b.
·
Dealaíodh iad = beirt a bhí ag troid; cuireadh ó chéile iad
Mara ndealaithear iad, gortóidh siad a chéile. Teigheadh muid eatorra. Is mór an ní iad a fheiceál mar sin