Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díbliú
ainm briathartha; ainmfhocal
fuaim: bíonn g in áit d ina thosach scaití
ag ithe agus ag gearradh; ag sciolladh; ag feannadh; ag coiriú; ag cáineadh srl.
+
Ní fhaca mé aon díbliú in mo shaol ariamh mar a thug sé ar an mbean. Mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leis ag liobairt uirthi. D'ith sé go cnáimh í
Deir siad go dtug an sagart díbliú an mhí-ádh air inniu. Rug sé air ag teacht amach as tigh Bh., agus más thuas a frítheadh é, is thíos a fágadh é shula bhí sé réidh leis. Tá teanga nimhe neanta ag an sagart sin nuair a áitíos sé duine. Sagart soineanta go leor é nó go mbaintear as é, ach má bhaintear, bí ar do shon féin ansin
TUILLEADH (1) ▼
Tugann sé sin díbliú brocach ar chuile dhuine nach dtaitníonn leis, nó nach bhfuil aon bhrabach aige air. Ach cuirfidh mé geall gur beag a chloisfeas tú a rá faoi A. Sh. é. Is maith an rud grá nó faitíos. Dhá bhfaigheadh sé sin tada amach ina dhiaidh, speirfeadh sé ar bhall na háite é, speirfeadh sin
+
Tá an cat mara ar a béal sin. Chuala mise í ag gíbliú (díbliú) ar J. Sh. seo thoir cheana — rud eicínt a tháinig eatarthu — faoi shinseáil, agus má chuala féin tabhair gíbliú air. D'fheann sí isteach go smior é. Ní éadáil mhór ar bith do dhuine a tarraingt air, dhá bhféadadh sé a ligean thairis
Bhí sé ag díbliú ar de Valera faoi gan aon phraghas a bheith ar chaoirigh. Diabhal aithne air nach ag de Valera atá na caoirigh a cheannacht. ’Ní cheannaíonn de Valera caora ar bith ar bith,' adeirim féin. 'Níl aon talamh caorach aige.' 'Go leá mac an diabhail é an cneámhaire,' arsa seisean. 'Is mór an feall nach bhfuil díol a dhroma aige de thalamh eicínt nach n-éireodh sé as — an ruifíneach ós seisean é'
TUILLEADH (2) ▼
D'ionsaigh sé ag díbliú orm gan fáth gan ábhar. Ach is beag nach dtug mise ábhar dhó shular dhealaigh mé uaidh. Dar fiagaí thabharfainn murach gur cosnaíodh orm é
Rinne M. gíbliú (díbliú) ar gach is ar bhain leis. Níor fhága sí aon duine amháin dhá chine nár bhain sí fogha is easpa as. Is uirthi a bhí stiúir na ropaireachta dháiríre
·
Lig de do chuid díbliú anois. Níor thuill duine ar bith anseo an díbliú sin uait. Téirigh ag díbliú ar an dream a rinne rud ort. Ach ní rachaidh, mar ní ligfeadh an faitíos duit
Breá nach dtéann tú agus a dhul ag díbliú air fhéin. Dheamhan a fhios agamsa céard a bhaineas dó fhéin ná dhá mhuintir. Tá sé ansin thíos agat, agus níl i bhfad le dhul agat le n-inseacht dó gur sconmhíol é má thograíonn tú. Ach ná bí do mo bhodhrúsa faoi níos faide

díbliú in iontrálacha eile (3)

 
díle 1
Nuair a bhuaileas ruibh na cainte é, cheapfadh duine gurb í an díle a bheadh ag teacht air, bíonn sé chomh luathchainteach sin. Níl ort ach muintir Mh. a tharraingt aige. Teagann coinneal ann agus áitíonn air ag cur caoi orthu agus ag díbliú orthu. Déanann sé leitheachaí de na focla ina bhéal, bíonn an oiread sin anbhá air. Níl greann go héag ach éisteacht leis
 
D'iarr sé ar a raibh ann an poitín a dhiúltú, agus dhiúltaigh — faoi láthair ar aon nós. Ach tá faitíos orm nach mórán cuimhne a bheas ar na pledgeannaí sin ar an dá luath is a dtairgfear aríst dhóibh é. Aithrí thoirní a bhí san aithrí sin thiar. Nuair a thosaigh sé sin ag díbliú agus ag scamhailéireacht chuir sé scanradh ar chuile dhuine, ach ní bhíonn an scanradh sin buan faraor!
 
Ar chuala tú céard adúirt N. Ph. faoi Mh. Sh. Sh.?: "níl fata ina gharraí; níl gráinne mine ina chomhra; níl caorán ina chlúid; leaba dhreancaideach í a leaba; agus tá an t-airleacan caite ó chuaigh sé i gcionn tí." Ní raibh léamh ná inseacht scéil ag N. ag díbliú ar dhuine ar bith nach mbeadh aon ghnaoi aige air