Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Díbliú
ainm-bhriathar, ainm-fhocal
Fuaim — bíonn g in áit d in a thosach scaithtí
ag ithe agus ag gearradh; ag sciolladh; ag feannadh; ag coireadh; ag cáineadh agus rl.
+
Ní fhaca mé aon-díbliú in mo shaoghal ariamh mar a thug sé ar an mbean. Mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leis ag liobairt uirre. D'ith sé go cnáimh í
Deir siad go dtug an sagart díbliú an mhíádha air indiu. Rug sé air ag teacht amach as tigh Bh., agus má's thuas a fríothadh é, is thíos a fágadh é shul a bhí sé réidh leis. Tá teanga nimhe-neannta ag an sagart sin, 'nuair a áitigheas sé duine. Sagart soineannta go leor é, nó go mbaintear as é, ach má bhaintear, bí ar do shon féin annsin
TUILLEADH (1) ▼
Tugann sé sin díbliú brocach ar 'chuile dhuine nach dtaithnigheann leis, nó nach bhfuil aon-bhrabach aige air. Ach cuirfidh mé geall gur beag a chloisfeas tú a rádh faoi A. Sh. é. Is maith an rud grádh nó faitíos. Dhá bhfaghadh sé sin tada amach in a dhiaidh, speirfeadh sé ar bhall na h-áite é, speirfeadh sin
+
Tá an catmara ar a béal sin. Chuala mise í ag gíbliú (díbliú) ar J. Sh. seo thoir cheana — rud eicínt a tháinic eatorra — faoi shinseáil agus má chuala féin tabhair gíbliú air. D'fheann sí isteach go smior é. Ní éadáil mhór ar bith do dhuine a tarraint air, dhá bhféadadh sé a leigean thairis
Bhí sé ag díbliú ar Develera faoi gan aon-phradhas a bheith ar chaoirigh. Diabhal aithne air nach ag Develera atá na caoirigh a cheannacht. "Ní cheannuigheann Develera caora ar bith ar bith" adeirim féin. "Níl aon-talamh caorach aige." "Go leaghaidh mac an Diabhail é an cneamhaire" arsa seisean. "Is mór an feall nach bhfuil díol a dhroma aige de thalamh eicínt nach n-eireochadh sé as — an ruifíneach ó's seisean é"
TUILLEADH (2) ▼
D'ionnsuigh sé ag díbliú orm gan fáth gan ábhar. Ach is beag nach dtug mise ábhar dhó shul ar dhealuigh mé uaidh. Dar fiaguidhe thiubharfainn marach gur coisnigheadh orm é
Rinne M. gíbliú (díbliú) ar gach agus ar bhain leis. Níor fhága sí aon-duine amháin dhá chine nachar bhain sí fogha agus easbaidh as. Is uirre a bhí stiúir na ropaireacht' dhá ríre
·
Leig de do chuid díbliú anois. Níor thuíll duine ar bith anseo an díbliú sin uait. Teirigh ag díbliú ar an dream a rinne rud ort. Ach ní rachaidh, mar ní leigfeadh an faitíos duit
Breagh nach dteigheann tú agus a dhul ag díbliú air fhéin. Dheamhan a fhios agamsa céard a bhaineas dó fhéin ná dhá mhuintir. Tá sé annsin thíos agad, agus níl i bhfad le dhul agad len innseacht dó gur scoinmhíol é, má thogruigheann tú. Ach ná bí do mo bhodhrú-sa faoi níos fuide

Díbliú in iontrálacha eile (3)

 
díle 1
An uair a bhuaileas ruibh na cainte é, cheapfadh duine gurb í an díle a bheadh ag teacht air, bíonn sé cho luath-chainteach sin. Níl ort ach muintir Mh. a tharraingt aige. Teagann coinneal ann agus áitigheann air ag cur caoi orra, agus ag díbliú orra. Déanann sé leitheachaí de na focla in a bhéal, bíonn an oiread sin an-bháthadha air. Níl greann go h-éag ach éisteacht leis
 
D'iarr sé ar a raibh ann an poitín a dhiúltú, agus dhiúltaigh — faoi láthair ar aon-nós. Ach tá faitíos orm nach mórán cuímne a bhéas ar na "pledgeannaí" sin ar an dá luath agus a dtairgfear aríst dhóib é. Aithrighe thoirnighe a bhí ins an aithrighe sin thiar. An uair a thosuigh sé sin ag díbliú agus ag scaimhléaracht chuir sé scanradh ar 'chuile dhuine, ach ní bhíonn an scanradh sin buan faraor!
 
Ar chuala tú céard adubhairt N. Ph. faoi Mh. Sh. Sh.?: "níl fata in a gharrdha; níl gráinne mine in a chómhra; níl caorán in a chlúid; leabaidh dhreancaideach í a leabaidh; agus tá an t-áirleacan caithte ó a chuaidh sé i gcíonn tighe." Ní raibh léigheamh ná innseacht scéil ag N. ag díbliú ar dhuine ar bith nach mbeadh aon-ghnaoi aige air