Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
drochóirí
ainm fhocal — iolraidh is cosamhail. Níl a fhios céard is uathaidh ná is inscin dó.
droch-thráth; an tráth contráilte; tráth na geise nó na teire; tráth na tubaiste, an droch-chuir, an mhíadha; mí-thráthamhlacht; an-tráth.
·
"Trathnóna Dé Céadaoin ar na drochóirí dóibhsean; Tháinig fear ceoil ar an mbaile" (amhrán — "Creathnach Sheáin Bóirne") = ar na drochóirí dóibhsean — ins an tráth contráilte dóibhsean; idtráth an chatmara dóibhsean; níorbh fhearrde iadsan go dtáinig sé arae ba tuar míádha agus mísce dóibhsean a theacht agus go h-áirid an tráth a dtáinig sé.
"Chuir sí fios ar bhean feasa ar na drochóirí di féin" (líne as amhrán — "Máirín Deas Bhéal Tuinne") = chuir sí fios ar bhean feasa agus ba tuar léin di sin agus ins an am ar chuir sí fios uirre go h-áirid.
+
Tháinig sé ar na drochóirí dhó fhéin — an t-am ba mheasa dhó a theacht. Bhí droch-thuairt faoin a chomhair
Rinne sé é ar na drochóirí dó féin, agus bhí a shliocht air: ní fhaca sé aon-lá de'n ádh uaidh sin amach. Bhí saidhbhreas na saidhbhreas aige an uair sin. Ba leis B. Bh., F., G. agus áiteacha tharta. Bhí dath gach bó ar shliabh aige, ach tháinig an díleaghadh ar fad ar a chuid. Leagh a raibh aige — deis beithidhigh agus eile — anuas in a ghlaedh ghlas. Ins an "bpoorhouse" a fuair sé bás. Is deacair a rádh nach h-olc an rud a dhul in aghaidh comhairle mhaithe
TUILLEADH (10) ▼
Bhí sruth agus gaoth leis ins an L. agus é ina shuidhe go te. Bhí dhá ghabhaltas talmhana aige agus an saoghal ag feithiú leis. Níl aon-aonach beo nach mbíodh deich nó dó dhéag de bheithidhigh sheasca aige ar an aonach sin thoir. Ach tháinig uabhar air. Dhíol sé teach agus talamh agus a raibh ann agus síos leis ar shlata na G. ar na drochóirí dhó féin. Céard tá dhá bharr aige indiu. Thíos annsiúd ag faire ar an bpighinn, go dteighidh sé amach agus go gceannuighidh sé ioscaidín tae le h-aghaidh a bhricfeasta léithe. Diabhal bréag narbh shin í an imirce uabhair aige — ní dhá roint leis é
Chaith sé an chaint sin ar na drochóirí dhó féin. Bhí an ceann eile (duine eile) ag faire air leis an bhfocal a fhastú, agus, mo léan géar, 'sé a d'fhastuigh. Deir siad é: "ar adharca a bheirtear ar na ba ach ar thea[nga] ar na daoine". Is daor a chuaidh na cupla focal cainte sin air
Ní raibh comhairleachan in a chionn. Phós sé í. Phós ar na drochóirí dhó féin. Níor fhága sí bonn bán air. 'Sé an chaoi a mbíodh na páistí a bhí aca amuigh is 'chuile theach ar an mbaile ag forcabhás — na créatúir — go réidhtighthí blogam tae. Iad leath-chaillte ins an mbaile. Dhá mbeadh breith ar a aithmhéala aige ní phósfadh sé an uair sin í ach in a dhiaidh a feicthear do'n Éireannach a leas
Chuaidh mé ar cuairt ann aréir ar na drochóirí dom féin. Is gearr gur bhrugh an teach isteach le lucht cuarta — muintir Sh. Mh. Thosuigh na cleis. Chuir L. Sh. splaincín dhearg faoi bhonnachaí N. ar an teallach. Ar an dá luath agus ar theang(mh)uigh an teas leis an gcois ag N. d'eirigh sé in a bhruighshléacht agus rug sé ar an tlú, agus orm féin a b'áil leis é a ídiú a bhí cho saor air leis an bhfear nar rugadh. D'eirigh mé féin — ní raibh a mhalrait le déanamh agam — go dtugainn mo bheanna liom. Aniar ar an slinneán a fuair mé é. Diabhal brigh é, ach tá sé sáthach tinn. Bhí an dream eile dhá shaghdadh — "set" (muintir) S. Mh. Bhí N. i bhfiadhántas ceart. "Déanfaidh mé do lá" adeir sé. Cheap mé féin nach raibh rud ar bith ab fhearr dom a dhéanamh — ó a tháinig mé cho saor sin — ná a theacht abhaile. Sin é an bhail a chuir mo chuid cuartuidheachta orm fhéin.
Cheannuigh mé péire banbh annseo anuiridh ar na drochóirí dhom fhéin. Rinne siad muca breagha. Ach an uair a bhí siad tóigthe ceart agus i gcruth a ndíol, sin é an uair a d'imigh siad. Cailleadh iad — ní ag ceasacht ar Dhia é. Níor eirigh aon-mhuic ariamh linn. Tá anachain muc orainn — ní ag ceasacht ar Dhia. An uair nach n-eirigheann siad leat bhí sé cho maith ag duine leigean asta ar fad. Is mór an carghaos péire breagh muc a fheiceál ag imeacht agus thú scriosta dhá dtógál (dtógáil)
Shílfeá nach mbeadh breith aige ó indiu go dtí ambáireach go dteigheadh sé ann. Ag strócántacht 'chuile lá ag iarraidh imeacht an uair a chonnaic sé na gearrbhodaigh eile ar fad ag dealú leo. Sin é a raibh ag cur síos leis — Sasana. D'imigh sé faoi dheireadh ar na drochóirí dhó féin. Ní raibh sé leath-bhliain imighthe — an duine bocht — an uair a marbhuigheadh é … i gCoventry an t-am a raibh na "haeroplanes" ag caitheamh anuas. Níor fritheadh a dhuth ná a dhath ná a thuairisc ariamh. Buaileadh an "shelter". Ní raibh mac an aoin bheo istigh ann nar criogadh. Níor fritheadh a gcnámha féin.
Tá sé ag dul soir anois muis ar na drochóirí dó féin. Daol eicínt a bhuail anois é. Tá sé ag dul ar an ól go siúráilte. Diabhal bréag muis nach bhfuil dream annseo thoir atá indon síneadh leis. Tiocfaidh sé anoir deireadh oíche, agus a phócaí sciúrtha
Ar na drochóirí dhó féin a bhuail sé faoi'n "mótar" sin. Tá daoine ann le h-aghaidh "mótars" ach m'anam narbh eisean é. Níl aon-mhaith ag talmhuidhe a bheith ag comórtas le buicíní maran leis féin a chuid talmhana a chaitheamh in aer agus ceird a dhéanamh de'n mhótar. Ach maidir le 'bheith ag iarraidh an dá thráigh a fhreastal m'anam go bhfuil sé fánach aige. Sin é an rud a d'fhága cosa Ph. nighte ach ní raibh aon-ghoir ag aonduine a dhul ag cur chomhairle air: "a chomhairle féin do mhac dhanardha" adeir siad.
Ba ar na drochóirí dhó féin é an chéad lá ariamh a ndeachaidh sé ag pléidh leis an mbeainc céadna. Tá an beainc indon é a phléidh le duine freisin. Chuaidh sé isteach gur thóig sé "lab" ann, agus tá na stéigeachaí bainte as ag iarraidh a bheith dhá íoc ó shoin. Tá an t-airgead caithte agus dheamhan mórán smaise a fheiceas muid airsean dhá bharr ach oiread. Ní robáil go h-éag ach na beainceanna céadna. Dar príosta, caithfidh siad a gcuid féin a fháil hébí (pé'r bith) cé a bhéas ar deire
Cheannuigh sé an chú sin ar na drochóirí dó féin. Thug sé lán-laidhre uirre agus dheamhan cianóg ruadh a chuir sí síos in a phóca ariamh ná a chuirfeas go bráth. Cé'n bhrigh ach a dtarraingeann sé de chostas air ag imeacht is 'chuile áit léithe
+
Ar na drochóirí dhuit nar fhan tú as! (eascaine) = go mbadh tuar léin duit é an áit sin a thaobhachtáil; ba é do leas é fanacht as.
Ar na drochóirí dhuit nar eirigh an uair a bhí sé annseo. Dhá n-eirightheá cá bhfios nach obair a thairgfeadh sé duit. = ba shin é tráth an ádha dhuit a bheith in do shuidhe an uair a bhí sé annseo. Ach is tráth míádha gach uair eile dá mbíonn tú in do shuidhe
TUILLEADH (3) ▼
Ar na drochóirí dó nar imigh anonn go Sasana agus rud eicínt a shaothrú ann a thiocfadh 'un sochair dó féin agus dá mháthair. Ach ba bheag an baoghal air. B'fhearr leis in a thaidhbhse istigh annsiúd ag breathnú ins an straois uirre agus ag leiciméaracht ó'n leabaidh go dtí an teallach. Nach deacair a bheith ag iarraidh maitheasa ar chuid de na daoine = tá an rud i gceist annseo nach mbeidh saothrú i Sasana i gcomhnuí agus go mbadh é leas duine a thapú an fhad agus atá sé ann.
Ar na drochóirí dó nar phós an uair a bhí aige pósadh, agus gan é a bheith ag imeacht in a shraithrín anois indiaidh cailíní óga, agus ag caoineadh na h-óige. An uair a bhí aige gna (gno) a dhéanamh leis an óige níor thapuigh sé í — níor thapuigh sin
Ar na drochóirí dhuit nar íoc an madadh sin an uair a bhí agad a íoc thar agus a bheith dhá íoc faoi dhó anois, agus ag tarraint póilíos ag an teach 'chuile ré soluis

Féach freisin

drochóirí in iontrálacha eile (1)

 
droch-
Tháinig tú ar na drochóirí duit fhéin (fc. drochóirí)