Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dúshlánach
aidiacht, dobhriathar as dúshlán
dásachtach; díbheirgeach; tugtha do spreacadh nó do neart a chur i gcion; trodúil, coilgneach.
a.
+
Ná bí dúshlánach leis — trodúil, tugtha dá bheith ag cur achrainn ar dhaoine, nó ag tabhairt a ndúshláin. Ach níl an chiall seo leath chomh coitianta anois i gcaint le na corannaí eile a baintear as an bhfocal
Bhí sé dúshlánach go leor liom. Bhagair mé air faoi dheireadh agus faoi dhó (dheoidh) go dtabharfainn an póilí ann, agus sin é an uair a lig sé sa gcosán mé
TUILLEADH (3) ▼
Bhí sé an-dúshlánach lena chuid máistrí. Ní ghéilleadh sé dóibh faoi rud ar bith. Bhí a shliocht air. Cuireadh díbirt air as deireadh na cúise
Is diabhlaí dúshlánach a bhí sé leis an sagart má thairg sé a dhul dhá bhualadh. Is duine sé nó seachráin a dhéanfadh an cleas sin
Tá dris dhúshlánach anseo, agus nó go gcuirtear in aer í, níl aon ghair againn a dhul in éadan béal na brocaí
+
Ná téirigh ina dhiaidh ródhúshlánach a Spotín! — mar dhóigh dhe go raibh an madadh ródhian nó róchoilgneach ina dhiaidh (i ndiaidh cait). B'fhearr leis an té a chaith an chaint go ndéanfadh sé ní ba réidhe dhá dhíbirt
Níl aon ghair aige ar mhadraí an tsléibhe ina dhiaidh sin. Dhá mbeadh sé sách oilte, ní ghabhfadh sé i ndiaidh beithíoch chomh déan (dian) chomh dúshlánach agus a théas sé. Cuir suas seal ag an M. é agus cuirfidh mé geall leat go múinfidh sé sin é
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhéadfadh an capall bocht a athrú a dhéanamh. Téann sé di ródhúshlánach. Ar ndóigh capall cineálta féin, scanródh an cheird siúd í
b.
tugtha d'obair a dhéanamh le teann fórsa.
+
Chuaigh sé an-dúshlánach don gharraí, ach níor mhór do sin agus chomh crosta agus a bhí sé. Dar fia tá stócáil mhór déanta anois aige. Má fhaigheann sé geimhreadh eile air, beidh sé in araíocht a chur ar fad
Fir dhúshlánacha a mhic ó! Déanfaidh siad deargadh feicfidh tú an tseachtain seo. Ach ní mór dóibh sin ar shon an cheann atá ann. Dheamhan a mbeadh píosa fataí fódaithe ráithe aige agus fágtar faoi féin é
TUILLEADH (4) ▼
'Sé an chaoi chéanna a bhfuil sé leis an tuíodóireacht a bhfuil sé leis an gcaoladóireacht — a cur go dúshlánach. Is cuma leis beirthe cén photráil cur a thabharfas sé di, ach a brú isteach ina slámannaí diabhaltacha agus stróic mhór a bhaint den teach chuile lá
Thosaigh ceathrar againne cheana Lá Nollag ar ghalún fuisce poitín — mé féin agus P. agus S. Sh. Ph. agus L. Sh. Ph. – agus ní raibh deoir ann ag an dó dhéag a chlog an oíche i ndiaidh Lá Fhéil Stiofáin. Nach muid a chuaigh ina éadan go dúshlánach!
Bainfidh tú amach é má théann tú dhó chomh dúshlánach sin dó, ach ní bainte amach a bheas sé agat ach briste — briste ina mhíle píosa
Nach dúshlánach anois a chuaigh sé ag spealadóireacht agus go raibh an speal nua sníofa aige in am dinnéir. Cén bhrí ach ní raibh thairis sin [...] anuas aige, agus é bainte chomh maolscríobach lena bhfaca tú ariamh
c.
daingean, láidir; tacúil.
+
Doras dúshlánach é. Chaithfeadh sé gurbh ea agus seisear againn ar feadh leathuaire ag iarraidh é a chur dá lúdrachaí, agus gur chinn sé orainn
Tá an broimfhéar seo an-dúshlánach. Do cheann fine ní thabharfadh as an talamh é
TUILLEADH (10) ▼
Dá mbeadh sé chomh dúshlánach le balla an phríosúin, cuirfidh sé siúd in aer é lena chuid gróití agus geanntrachaí
Tá na seanbhallaí sin uileag dúshlánach. D'éireodh dhóibh agus an déanamh atá orthu
Tá geadáin den phortach seo an-dúshlánach. Dheamhan ceo ar bith ach nach lúbann sí an sleán
Má bhíonn airgead ansin san oíche; chuirfinnse geall go bhfuil doirse dúshlánacha air. Níor mhór dhó sin agus a bhfuil de chneámhairí ag streilleachas thart ansiúd
Níor facthas ó rugadh an chéad fhear aon ghlas ba dúshlánaí ná é. Bhí trí bhaint air agus chuile bholta acu chomh mór le do láimh. Nach diabhaltaí a bhain siad é ina dhiaidh sin. Níl rud ar bith ag dul ó chuid de na daoine
Cuirfidh mise mo rogha geall leat muise go mbeidh an German sách dúshlánach ach a dteanna siad isteach ina chraiceann. Nach bhfuil a fhios agat go maith nach bhfuil an buachaill sin ar a mhine ghéire chor ar bith fós
Tá claí ar an bPáirc Gh. anois aige chomh dúshlánach leis an Maginot Line. Rud ar bith atá istigh, tá sé cuibhrithe, agus rud ar bith atá amuigh, fanfaidh sé amuigh
Ab é Claí na Muice Duibhe atá sé a dhéanamh thoir anseo le seachtain, nó cé le aghaidh a bhfuil sé chor ar bith aige. Ar ndóigh a Dhia láidir, tá sé siúd chomh dúshlánach agus nárbh foláir báid aeir Mheiriceá lena chur ar lár
Anois, do chrainnín chomh beag leis, nach dúshlánach atá sé i dtalamh. Ní bhainfeadh an deabhac féin as na fréamhrachaí é
Tá an fharraige ag tuargaint uirthi sin ariamh agus nach diabhalta dúshlánach atá sí ann ina dhiaidh sin, agus nár baineadh ariamh í (carraig)

Féach freisin

dúshlánach in iontrálacha eile (7)

 
Deir siad gurb éard a d'fhága an díleá air sin, sceach a raibh geis uirthi thiar i ngarraí an Ch. a bhaint. Bhí na daoine maithe — diúltaí muide dhóibh — fúithi. Nuair a tharraing sé an tua, tháinig an guth go dtí é: 'ná buail,' adeir sé. Ach bhí S. chomh doghrainneach, chomh dúshlánach sin, agus nach gcoiscfeadh sé a láimh. Bhain sé an sceach thrí chuile údragáil. Ón lá sin amach bhí an díleá air: leá chúr na habhann ar a raibh aige. Dar fia bhí an fear sin deisiúil, ach ba bheag an mhaith dhó a chuid deis lá is gur thosaigh an saol ag dul ina aghaidh. Níor fhan bó ná gamhain ná caora aige nár báitheadh nó nár bascadh nó nár cailleadh. Ó bhuaileas an smál sin iad, is furasta leo imeacht. An tsiocair is lú faoin domhan, agus scaití ní call dóibh tsiocair ar bith. Bhí sé taobh le seanbhó bhuí sa deireadh. Chonaic mé féin í sin aige. Ní feasach dom ar cailleadh í sin nó gur cailleadh í le aois, ach ba chuma dhósan sin. Ba mhaith bocht an fear é i ndeireadh a shaoil, agus beo bocht a bhí a chlann ina dhiaidh nó gur dhealaigh siad leo ar fad as. Sin é an chaoi a ndeachaigh an sceach dó. Ara bhí sé chomh dochomhairleach leis an saol. "A chomhairle féin do mhac dhanra," arsa tusa, "agus ní bhfuair sé ariamh níos measa." Níor ceart do dhuine ar bith ar aon chor, a dhul thar thaispeánadh, agus fuair seisean an taispeánadh — go ndéana Dia grásta air!
 
ding
Ní ghnóthódh an saol ar Shasana. Le teann imeartais agus gleacaíochta atá sí in ann an domhan as éadan a choinneáil géilliúnach di féin. Ar ndóigh ní raibh oileáinín ná carraig dúshlánach ar bith ar fud an domhain ar fad nach raibh fostaithe aici. Tá a cuid geanntrachaí faoi sheacht ranna an domhain. Tá a shliocht uirthi: ní bhainfeadh an diabhal as a lúdrachaí í. Fuair sí cupla priocadh maith sa gcogadh seo, ach má fuair féin thug sí a cuid beanna léithe ina dhiaidh sin. Is mór an feall nach bhfuair an Jap beag cúnamh. Bhearnaigh sé go maith í. Ach tá faitíos orm nach raibh ann ach an rith searraigh ina dhiaidh sin
+
docht 2
Doras docht dúshlánach é; doras docht daingean é (cuirtear cuingir ar na focla sin mar sin go minic)
TUILLEADH (1) ▼
Tá an leac sin docht dúshlánach. Is beag an mhaith do ghróín agus t'oirdín ina héadan sin
 
Tá sé ag déanamh bóthair dólámhach isteach sna garrantaí thoir. Má tá féin, ní gan í gan ó é. Tá clocha i dtalamh ansiúd agus ní bhainfidh a cheann fine iad. Ach beidh sé siúd ag tuineadh leo nó go gcuire sé as ar uain nó ar éigean iad. Tá sé an-dúshlánach nuair a chaitheas sé rud ina chloigeann
 
dubh 3
Dubhaíonn siad cúnamh maith de phíosa talúna chuile lá, ainneoin go ndéanann siad a gcuid freastail féin. Ach is suarach an t-ionadh é! Bíonn siad amuigh leis an scairtmhaidin agus ní scoireann siad go mbíonn an dubh ar an oíche. B'fhurasta do chuile dhuine dúchan a dhéanamh dhá dtéadh sé di chomh dúshlánach sin — as cosa i dtaca. Ach fágfaidh siad ina ndiaidh é chomh maith leis an té a ghlacfas an saol go réidh!
 
dún
Séard a bhí le déanamh, na brocachaí dúshlánacha a dhúnadh, agus na brocachaí laga a fhágáil osclaithe, agus d'fhéadfaí sléacht a dhéanamh ar shionnaigh an uair sin