Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dearg
briathar
ainm briathartha, ainmfhocal: deargadh
1.
lasadh.
a.
+
Dearg é (píopa, toitín, tine, lampa, talamh, iarann, srl.)
Dearg suas an seandúda — las é (redden the pipe adeireas an chuid is mó de na Béarlóirí ar fud na Gaillimhe)
TUILLEADH (16) ▼
Cheal nach bhfuil sé deargtha fós agat (toitín)
Tabhair dhom deargadh give me a light
Gheobhaidh tú deargadh as an bpíopa seo — toitín a dheargadh as píopa
Iarr deargadh air sin anois. Tá feaig dearg aige (lasta)
Ní dheargfaidh an tine seo go sleibhe — lasadh suas; lasair a theacht uirthi (bheadh smeachóideachaí inti ceart go leor)
Nach deacair leis an mbodhrán (móna) sin deargadh. Tá sí fadaithe le uair an chloig agus dheamhan cosúlacht cnádadh féin fós uirthi
Do cheann fine ní chuirfeadh an spadalach sin ag deargadh. Ach nach bhfuil sí ina bogeimhin
Ní dheargfaidh sí leis an ola ach an oiread. 'Sé an chaoi a múchfaidh tú í. Lig di ar fad go fóilleach. B'fhéidir di scinneadh amach ar ball
An ndeargfaidh mé an lampa an lasfaidh mé an lampa, is minice adeirtear, ach deirtear deargadh freisin
Dearg an lampa sin, agus ná bíodh muid inár muintir Dhorchaí níos faide
Dearg amach ceann de do chuid cipíní
Níl an choinneal ag deargadh ach an oiread leis an tine
Dhearg sé cheithre feaig i mbéal a chéile
Cáid go mbeidh an t-iarann sin deargtha (sa tine)
Chuir sé an t-iarann ar an inneoin agus gan leathdheargadh air
Ní dheargóidh an smután sin anocht. Is beag an baol air. Tá an iomarca fliucháin faighte aige
+
Dearg é agus comhdhearg é agus ná ruadhearg é (ródhearg é?) — é a dheargadh go maith ach gan é a lasadh uilig (píopa, maiste, adhmad, iarann srl.)
Dearg agus comhdhearg an píopa sin dom
TUILLEADH (4) ▼
Séard atá agat a dhéanamh leis an iarann sin, a dheargadh agus a chomhdheargadh ach gan é a ruadheargadh. Cuir sa gcois ansin ar an bpointe é
Mura bhfuil tada eile ar t'aire, seo cipín duit agus dearg agus comhdhearg é, ach ná ruadhearg é, agus téirigh ag scríobh ar na ballaí sin timpeall leis
Seo píosa iarainn duit. Cuir isteach ansin i dteallach na ceártan é, agus dearg agus comhdhearg ach ná ruadhearg é, agus leag amach anseo agamsa ar an inneoin é, agus feicfidh tú féin air go ndéanfaidh mise foireann deas cruife dhuit le aghaidh an chait! — duine ag magadh faoi ghasúr
Tá sé deargtha agus comhdheargtha anois agat, ach ní foláir dó a bheith ruadheargtha le go ndéanfaidh sé cúis
+
Bhí sé ina shuí le deargadh na maidne (deirtear le deargadh maidne agus le deargmhaidne freisin: fc. deargmhaidin) — leis an scairtmhaidin; an t-am a n-aithneofá luisne dhearg ag teacht san aer thoir leis an lá
D'éirigh mé le deargadh na maidne. Ba bheag le aithne lae a bhí air an uair sin
TUILLEADH (6) ▼
Tháinig sé le deargadh maidne. Meas tú cá raibh sé go dtí an tráth sin?
Ní mór dhaoibh a bheith ag gluaiseacht le deargadh maidne. Tá aistir fada romhaibh
Tá sé ina dheargadh maidne. Is gearr an mhoill a bhíos ar an oíche chor ar bith an tráth seo bhliain
Ní raibh ann ach go mba léir dhom é ar éigean le dearg mhaidne, ach bhraith mé ar an toirt nach é a mhalrait a bhí ann. Tugann sé an mhaidin leis i gcónaí ag teacht dó
Ara bhí aithne lae air, agus go maith. Bhí sé ina dheargadh maidne féin
Meas tú cén meanmna a chas amach chomh moch sin é le deargadh na maidne? A Dhia dhá tharrtháil muis! Tá cor eicínt le teacht ar an saol. Fear nach n-éiríonn go headra lá ar bith!
b.
 snua, snúúlacht, luisne.
+
Tá sé deargtha go bun na gcluas — lasadh nó deirge ann
Dhearg sé suas go dtí na cluasa — tháinig lasadh ina cheannaghaidh
TUILLEADH (3) ▼
Deargfaidh (deargóidh freisin) sé i gcónaí nuair a labhras duine leis. Tá sé an-chúthail
Deargadh ón eitinn é sin. Chuala tú caint ar luisne na heitinne
Níl call ar bith dhuit a bheith ag deargadh anois. Bhí tú in éindí léithe. Ní údar náire do bhuachaill óg ar bith speal a bhaint as gearrchaile!
2.
 scóladh, othras de bharr an chraicinn a bheith tógtha.
a.
+
'Sé an deargadh a bhí air a choinnigh ó chodladh ar feadh na hoíche aréir é. Tá sé chomh cantalach le dris ó tháinig sé air — tógáil nó scóladh i mbléin agus ar mhásaí páiste (fc. dearg)
Níl a fhios agam beirthe ná beo céard a dhéanfas mé leis an deargadh atá ar an naíonán sin chor ar bith. Tá chuile shórt féachta agam leis agus is aon mhaith amháin é. Níl sé ag imeacht ina dhiaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Is mór an tseanmóir thú. Breá nach ndéanfá foras uair eicínt agus gan a bheith ag diúgaireacht i gcónaí. Foighid ort anois, bainfidh mise an deargadh sin asat. Mo leanbh agus mo lao thú!
b.
+
Tá deargadh tiaraí ar an asal — nuair a bhíos an tiarach (fc. tiarach) rófháiscthe ar asal nó nach mbíonn sí luiteach ceart air, tógann sí é faoi bhun a dhriobaill agus bíonn sórt mairc air agus an craiceann dearg leis. Deargadh tiaraí atá air sin
Bog an tiarach sin nó is gearr go gcuire sí deargadh tiaraí air
TUILLEADH (3) ▼
Is beag an dochar dhó deargadh tiaraí a bheith air agus chomh crua agus atá an tiarach. Is mór an t-ionadh nach fadó a tháinig sé air
Ní féidir aon tsrathar a chur ar an asal sin aríst go ceann aimsire. Nach bhfuil sé faoi dheargadh tiaraí ar fad.
Tá deargadh tiaraí air, agus na míoltógaí agus na cleabhair ag déanamh ball séire air. Seachnaígí sibh fhéin air. Má theangaíonn sibh leis an leath deiridh chor ar bith aige, tosóidh sé ag broimseálacht
·
Tá bean ansin thoir. Suaróigín bheag agus í chomh sean leis an gceo, agus is geall le deargadh tiaraí atá ar a béal. Diabhal a bhfaca tú a shamhail ariamh ach é — brat trom lipstick
Bhí an saol go maith ariamh nó gur bhuail an deargadh tiaraí puis na mná! Ach céard é siúd atá siad a chur ar a mbéal, nó an gcaitheann siad a bhaint anuas chuile uair a dtéann siad ag ithe? Is groí an saol é
3.
·
Deargfaidh mé thú (deargóidh mé an smut, an t-éadan, an ghrua srl. agat) mura lige tú dhom fhéineacht Dathóidh mé thú (le fuil) is mó adeirtear
4.
dúchan talúna, talamh a chur nó a threabhadh.
+
Tá an-deargadh déanta aige — dúchan (fc. dúchan); go leor talamh treafa nó curtha aige (faoi fhataí, meaingeals, nó mar sin. Ní deargadh a déantar le ithir nó lorg ach spré)
An bhfuil an deargadh déanta agat? Dar príosta is sclábhaí maith fir thú. Ní tada eile thú bail ó Dhia ort!
TUILLEADH (3) ▼
Tá deargadh mór déanta an taobh sin soir, ach tosaíonn siad sin ar an earrach luath. Is dóibh is fusa. Is acu atá a dheis
Beidh mé réidh leis an deargadh anocht. Má bhíonn féin ní miste sin liom, mar ní gan anró é
Níl aon ár go deo ach an deargadh atá siad a dhéanamh i mbliana. Ní chónóidh siad go mbeidh chuile fhód ag gabháil leo faoi fhataí. Bheadh ciall ina leithidí!
+
Ag deargadh leat i gcónaí bail ó Dhia ort! Ba cheart go mbeadh cúnamh maith anois agat air (an churaíocht)
An fear a bhíos ag oscailt (claise) bíonn sé ag deargadh an bhoird ó thaobh, agus tá an bord le cur ar an iomaire eile; nó fear a bheadh ag casadh na bhfóid d'fhear an bhoird bheadh sé ag oscailt freisin — mar sin a chuirtear fataí le láí
TUILLEADH (8) ▼
Dearg amach an bord sin
An bhfuil an bord sin deargtha fós agat?
Dearg an bord sin — cuir fód nó créafóig air
Níl chúig shúileoig fhataí deargtha aige de bharr a lae.
Beidh an garraí ar fad deargtha acu tráthnóna. Is gearr orthu é: forránaigh luatha láidir
Dheargfainn an cúilín sin freisin murach cheal leasaithe. Níl an oiread ag gabháil liom agus a leasódh é. Nach bhfuil sin gann go leor anois!
I dteannta a bhfuil deargtha aige, cén diabhal eile atá aige? Purláin an tí agus na breaclachaí sin siar ansin
Is beag chor ar bith atá deargtha againn i mbliana. Cupla póicín ansin thuas. Ní raibh an cúnamh ann le tada a dheargadh
5.
aibiúchan torthaí.
·
Is deacair leo deargadh i mbliana. Ach ní bhfuair siad an ghrian — úlla ag aibiúchan

dearg in iontrálacha eile (50+)

 
Dhearg sé suas a fhearacht is (fearacht's) dá mbeadh olc air — fearacht agus; ar nós agus dhá mbeadh olc air
 
Ní féidir gurb in fothram gaoithe sa doras iata. Feamainn dearg! Nár ba slán ceoil dhuit anois mar ghaoith! Ní iarrfadh muid aon fheamainn dearg go ceann seachtain eile
 
Breathnaigh ar na claíochaí faitíos na fálach thuas. Tá an bhratainn sin thíos taithithe ag an gcladach d'acht is go háirid, i ndiaidh feamainn dearg, agus leagfaidís bearna ann ar an bpointe. B'aisteach go dtáinig siad (na beithígh) anois le trí lá i ndiaidh a chéile. Murach go bhfuil bearna leagtha ann, ní chorróidís as an ngarraí
 
fíóg
Síos leat agus tabhair aníos fíóigín agam ón tine. Tá an diabhlánach de phíopa seo as aríst. Múchadh agus báthadh air. Ní choinneodh do cheann fine dearg é
 
Chuir an coinín a phípín ina chaibín, agus tharraing sé amach a bhoiscín cipíní gur dhearg sé é.
 
calm
Cuimhním oíche a raibh fuireacht calaidh orainn le calm i gcéibh an S. Dheamhan an oiread móna a bhí againn agus a dheargfadh tine dhúinn.
 
Tá cantáil ar fheamainn dearg ar an saol seo — tá fuadach uirthi; tá faire uirthi; tá go leor dhá hiarraidh.
+
ceal 1
Mura bhfuil feamainn dearg aige, ní cheal a shaothraithe é, arae dheamhan lá beo nach gcaitheann sé stráisiún thíos ar bharr na corraí.
TUILLEADH (1) ▼
Mura bhfaighe sí na flaithis, ní cheal a shaothraithe é ar chaoi ar bith. Tá cosán dearg déanta chuig an séipéal aici, chuile mhionóid sa ló.
 
Níl bounce ar bith sa spadalach sin. Breá ó fuaidh sibh dhá tabhairt libh, nár thug sibh móin ar fónamh libh, seachas an chinceach sin nach ndeargfadh ó mhaidin go faoithin.
 
cleite
Tá sé ag cinnt orm abhras ar bith a bhaint as an gcleite cainte atá oraibh. Breá nach ag caint ar fheamainn dearg, nó ar phósaíochaí, nó ar earrach a bheadh sibh?
 
clóic
Dhá mbeadh an lá ag caitheamh sceana gréasaí, ní chuirfeadh sé aon chlóic air siúd ach feamainn dearg a fháil le tógáil.
 
Cáid ó thosaigh sé ag imeacht ina cheannaí leis an gcóirséad dearg siúd? (Is minic le ceannaí mála a leithide de bhall a bheith air)
 
coirt
A bhobarúin, hé brí cár shuigh tú, tá coirt dhearg agat ar do bhríste nua.
 
Níor mhór don chorcán sin leaba faoi fhéin ar fad. Mura bhfuil sé suas is anuas ann, tá sé siar is aniar ann. Agus nach é atá craosach dearg as a cheann aghaidh!
 
Sílim gur chaith ceannaí an oíche aréir i mbéalbhachaí an tí seo. Fuair mé leaba dhearg san iothlainn ar maidin, agus níor tháinig iamh ar an mada ach ag tafann ar feadh na hoíche.
 
coiric
Tiocfaidh an fheamainn dearg sa gcoiricín air mura bhfuil ag Dia!
 
Beidh iarracht maith againn ar thaobh ó thuaidh gharraí an chladaigh amárach faoina bheith slán dhúinn. Tá sé deargtha againn cheana soir chomh fada le na crúbáin, agus ní aireoidh muid an méid eile má fhaigheann muid freastal.
+
Shílfeá nach bhféadfadh an cúl sin curfhásach a dhéanamh mar a rinne sé agus a ndeachaigh de leasú air. Agus bhí sé seanleasaithe freisin. Ach 'sé an chaoi a bhfuil sé, tá an talamh maraithe ag feamainn dearg.
TUILLEADH (2) ▼
An fheamainn dearg a rinne curásach den áit sin — an fheamainn dearg, agus gan leasú ar bith eile a chur ina haice
Bhí sé chomh maith dhó a dhul ag deargadh ar easca chriathraigh le dul ag deargadh ar an gcurásach siúd. Níl an tabhairt ann.
+
beo 1
Má tá aithinnear bith beo inti, b'fhéidir go ndeargfadh sí fós, ach í a shéideadh agus réidh an achair a thabhairt di.
TUILLEADH (1) ▼
Má tá aon dé chor ar bith beo inti, deargfaidh an choinneal agus an siúcra í.
 
Má dheargann an beochan beag sin fhéin ceart, beidh tine mhaith ann ar ball.
+
bior
Is túisce go mór a chuirfinn bior dearg thrí súil duine ná adéarfainn an chaint sin leis.
TUILLEADH (3) ▼
Nach mb'fhearr leat duine ag cur bior dearg faoi do shúil ná é ag déanamh cleas den tsórt sin ort — nach mb'fhearr leat duine ag cur méire faoi do shúil srl.
An té a thiocfadh i gcleithiúnas tútaíola den tsórt sin, ní raibh le déanamh leis go díreach glan ach bior dearg a shá isteach thrína shúil.
Dhá samhlaíteá leis siúd go raibh aon dhuine a bhain leis bocht, chuirfeadh sé bior dearg thríd an tsúil agat.
 
D'éagóir Dé dhaoibh nach ina ndiaidh ar an bportach a d'fhága sibh an bhodhránach de mhóin sin. Tá sí thíos ó mhaidin agus dheamhan deargadh a rinne sí fós mar is ceart, ach ag cnádadh léithe mar a fheiceanns tú anois í.
+
aer
Ní mórán measa atá agam ar an aer dearg sin. Ní fhaca mé ariamh é gan a bhuidéilín a bheith leis — tagann báisteach as an aer dearg nó néalta dearga a bheith ar an spéir.
TUILLEADH (1) ▼
"An t-aer dearg thiar, gealach agus grian; An t-aer dearg ó thuaidh, bainne ag na buaibh; An t-aer dearg ó dheas, mil ag gach meach (beach); An t-aer dearg thoir, sneachta go fraigh" (ceathrú faidhlíochta ar an aimsir)
 
Is aibéiseach an cheird do dhuine a bheith ag plé le feamainn dearg ar an aimsir seo — ní luífeadh do chroí léithe; bheifeá ina héadan, agus ní maith a thiocfadh sí leat
 
Óra a dheartháir mo chroí thú, bhí an cladach ina bhruithshléacht aige inniu, ag gabháil le cuthach faoi fheamainn dearg agus ag rá gur tógadh a roinn fhéin
+
buail
Thug sé broicneáil bhreá bhuailte dhó; thug sé droimeáil bhuailte dhó; thug sé greadadh buailte dhó; thug sé lascadh buailte dhó; gleadhradh buailte; liúradh buailte; léasadh buailte; deargadh buailte srl. — bualadh breá
TUILLEADH (2) ▼
"Aithním culaith an deirg, ach ní aithním a dheilbh ná é fhéin; Agus fear gan bheannú, i measc an tslua, is cóir a bhualadh ar chnámh an ghéill" (An chaint a chaith an chailleach is máthair don Dearg Mór i gCrích Lochlainn, nuair a shiúil Conán isteach chuici agus culaith ghaisce an deirg air. Tá sé ina leathfhocal sa gcaint fós, go háirid an dara leathrann de.)
Tá cosán dearg buailte ag coiníní thríd an bhféar.
 
Níl sástaíocht ar bith orthub a dhul chuig an scoil murach go gcuirtear ann de lom dearg a n-ainneona iad
 
aird 1
Ní ólann sé aon deoir ach uair sna naoi n-aird, agus tá a shliocht air, 'sé atá dearg círíneach.
+
Ba talamh an-airiúil é an geadán sin ach tá sé maraithe aige le feamainn dearg nuair nach gcuireann sé leasú ar bith eile air ina haice. Ídíonn an iomarca den fheamainn dearg sin an talamh uileag. Dónn sí é.
TUILLEADH (1) ▼
Má chuireann siad diúain (guano) air sin anois is mó a mhillfeas siad ná a leasós siad faoin talamh. Beidh sé sin sách airiúil go ceann deich mbliana fós d'uireasa aon leasú. Ach tuige nach mbeadh. Dheamhan deargadh a rinneadh ar an talamh sin, tá mé ag ceapadh, ó aimsir Chromail, hé brí cáid ó bhí sé ann.
 
airde 2
Mura mbí aon tsop isteach le airde láin tráthnóna, ní thiocfaidh aon fheamainn dearg ar an ngairfean seo.
 
Is suarach an chaoi aige a bheith ag forcamhás ar shnáithín feamainne na baintreabhaí sin. Murach gur dearg antlachán é, ní bheadh (forcamhás = ag faire, ag tnúthán le)
 
anuas
Bhí cóta dearg anuas faoina mullach — cóta a gcaithfeadh sí a cloigeann a chur isteach ann lena chur uirthi
+
Feamainn dearg — dath dearg atá uirthi. Teagann sí isteach sa mbruth faoi thír ar feadh na bliana le cóir ghaoithe. Baineann oibriú na farraige de na leacrachaí agus de na bráideannaí domhaine í. Copógaí móra dearga a bhíos inti agus slata mara agus cuailleachaí thríthi. Cuirtear amach ina seanleasú ar an talamh í ó mhí Dheireadh an Fhómhair, ach fóineann sí do leasú ar bith
TUILLEADH (3) ▼
Bhí sé ag sciobadh feamainn dearg le trí mhaidin — a dhul sa gcladach de shiúl oíche nó deireadh oíche agus an snáth a scoilteadh i dtosach ar aon duine eile. Bheadh sé agat uilig ansin duit féin, agus ní fhéadfadh aon duine a dhul ina bharr ort. Ach roinntear an fheamainn dearg in áiteachaí fós. Ceaptar a chion féin do gach duine de réir fairsinge a chuid talúna, agus caitear crainnte ansin uirthi.
Dónn an fheamainn dearg sin an talamh ar fad. Ní bhíonn uirthi ach spogáin d'fhataí
Níl dosán feamainn dearg ann, théis a raibh de ghaoith aneas ann le seachtain.
+
Ba aige a bhí an fhiannaíocht go ndéana Dia grásta air: Laoi Airicín Mhic Annagair, agus Laoi Shadhb na Sadhbhann Óige agus Laoi an Deirg agus a raibh acu ann
TUILLEADH (1) ▼
Chaith siad an oíche sin, trian le fiannaíocht, trian le scéalaíocht, trian ag ól beoir agus fíon dearg na Spáinne; rinne siad trí treana den oíche: trian le rianaíocht, trian le fiannaíocht, agus trian suain agus sámhchodlata, nó gur gheal an lá lá arna mhárach; chaith siad an oíche sin, trian le fiannaíocht, trian le scéalaíocht, trian idir thromshámh agus síorchodlata; chaith siad an oíche sin, trian le fiannaíocht, trian le scéalaíocht, trian ag ól fíon de chruithneacht dearg na Spáinne — seoraithe sna scéalta. Chuala mé iad seo ar fad, agus tá leagain eile orthu freisin
 
fiann
Ba é an Craosach Dearg sleá na bhFiann (as scéal a chuala mé é)