Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dúid
ainmfhocal, baineann
ginideach uatha: na dúide
1.
 íochtar an chinn thar timpeall, i gcóngar an chinn agus an mhuiníl; cóngar méire agus láimhe; cóngar coise agus cabhlach; cóngar driobaill agus cabhlach srl.
+
Bhain siad an ceann amach ón dúid dhó — dhícheann siad é
Siúd í an cailín nach bhfuil an col aici le fuil. Chonaic mé ag breith ar thrí choileachín i ndiaidh a chéile í thíos ag an teach faoi Fhéil Mártan agus ag scoith an chloiginn amach ón dúid díobh. Diabhal mé mura mb'éigean dom fhéin an tsráid a thabhairt orm fhéin. Chuir an fhuil carghas orm
TUILLEADH (1) ▼
"Codladh codladh púicín; siúd é an sionnach ag teacht faoin doras agus gearrfaidh sé (bainfidh sé) an ceann ón dúid dhíot" (deirtear le cearca é nuair a bheidís ag grágaíl nó corrmhéiniúil ar an bhfara san oíche) (fc. codladh púicín)
+
B'éigean dóibh an chois a bhaint dó … tá. Bainte amach ón dúid dó. Níl a dhath dhi air
Chaill sé an láimh ón dúid ag Dun Kirk. Bhí sé ar bhord na loinge ag dul go Sasana nuair a bhuail an bomb an loing agus d'éirigh fleasc eicínt dó leis. B'éigean a baint dó ar aon nós
TUILLEADH (2) ▼
Thug drad an engine an láimh glan ón dúid dó. 'Sí atá deas air a mhic ó. Níorbh ait liom plé ar bith a bheith agam le na h-engines céanna. Dhá mbeadh an saol ag caint, tá an buille feille iontu. Ní fhaca mé aon lá den rath ar an saol ó d'éirigh na daoine as é (arbhar) a bhualadh ar an gcloich. Tá cogadh agus báisteach agus easpa tae ann chuile lá ó shin
Urchar gunna mhóir a theangaigh leis agus sciob an dhá chois ón dúid dó. Scrúdfadh sé thú anois a bheith ag breathnú air, agus gan gair aige corraí amach as an gciseáinín siúd
+
Tá brocaire beag aige agus an drioball bainte amach ón dúid dó. Deir siad nach ngoillfeadh sé a dhath orthu, dá mbaintí díobh in am é
Séard atá agat a dhéanamh, an tsáil a ghearradh ón dúid amach. Ní gabhfaidh aon chaoi rathúil go deo mar sin uirthi. Diabhal a bhféadfá
TUILLEADH (1) ▼
Ná fág cleite amach ón dúid uirthi nach mbearrfaidh tú. Bíonn sí chuile lá ag cartadh istigh i bhfataí T. Mh. agus is gearr go spréachfaidh sé nuair a fheicfeas sé an millteanas
+
Bhain mótar an ceann ó bhun na dúide de lacha liom an lá deireanach. D'fhuagair mé cúiteamh air, ach dheamhan lá aird a thug sé orm. 'Is fairsing atá an tír agat agus gan a ligean ar an mbóthar,' adeir sé
Bhain an t-urchar an ordóig ó bhun na dúide dhó. Caitheann sé scríobh leis an gciotóig anois, ach tá sé sách gasta léithe dar fia, níos gasta ná atá mise leis an deasóig ar chaoi ar bith!
TUILLEADH (3) ▼
Ba diabhaltaí an t-aicsean a rinne sé sin, agus ba ghránna: an chluais a scuchadh ó bhun na dúide d'fhear eile le corrán. Dhá mba mise a bheadh in áit an bhreithimh ar chaoi ar bith, bhealóinn an chnáib dó!
Thit an ionga dhíom amach ó bhun na dúide, agus m'anam gur shaothraigh mé aici é ar feadh seachtain nó coicís le pian inti
Tá an crann fuinseoige a bhí ansiúd ag béal an dorais aige bainte aníos ó bhun na dúide aige. Níl a fhios agam fhéin an bhfuair sé a chead ó na póilíos nó nach bhfuair, ach mura bhfuair, is gearr go mbeidh a fhios é
2.
 dúda: sa leagan filleadh dúda amháin. Chuala mé file dúda freisin — l amháin (/fil′ə/). Ach measaim gur filleadh is cirte, fc. an nóta thíos (fc. dúda, dúidín).
+
Chuaigh an lorry síos go filleadh dúda sa muc shneachta — síos an-fhada. Sa gcás áirid atá i gceist, bhí na rothaí folctha. Má tá áit áirid ann nó ball áirid a dtugtar filleadh dúda air, ní feasach mise é. Tá feile — "a small piece of flannel at the end of the roll" i bhFoclóir an Duinnínigh. Thiocfadh dhó freisin gurb é an focal sin é, arae dhéanfadh feile, file de réir urlabhraíocht Chonamara
'Sin rud nach raibh aici muis, clann mhaith,' adeir sé, agus bháigh sé an píce go filleadh dúda sa bportach. Bhuail scáth mé féin, agus dar fia, níor sheadaigh mé an scéal níos faide — go cóngar an iarainn agus na coise sa gcás seo
TUILLEADH (6) ▼
Tá an bruach siúd ina bhogeimhin anois. Chuir mé bord na gcléibh ar an asal ann inniu, ach mo léan deacrach, chuaigh sé dhá bháthadh go filleadh dúda ann ar an bpointe boise. B'fhearr do dhuine gan a bheith dhá mheath fhéin ag déanamh ciseannaí ann, ach a dhul ag tarraingt lena dhroim. Ba é ba shomhaoiní dhó as a dheireadh ar chaoi ar bith
Ná téirigh amach sa scraith ghlugair sin nó is gearr go mbeidh tú thíos go filleadh dúda inti. Ní mheasaim go bhfuil sí sin insheolta
Is contúirteach an áit é sin. Tá gaineamh ann agus ghabhfá síos go file dúda ann, mura mbeifeá san airdeall ort fhéin thar cionn agus fanacht ar an gcruatan. Is beag an ghnaithe a bheadh ag an mbolóig mhóir sin thíos ag an mB. ann. Choinneofaí ann é. Siúd ní fhágfadh sé nó go mbeireadh an sruth tuile air
Is maith a chuaigh muid as nach raibh muid ar fad sáite aige. Rug sé ar an scian agus chuir sé go file dúda sa mbord í. Tharraing sé aríst í agus chuir sé go file dúda i gclár an drisiúir í. Bhí mo chroí in mo bhéal. Shíl mé gurb é an chéad rud eile a dhéanfadh sé a cur go feirc ionam féin, mar ba mé ba ghaire dhó
Chuir sé an adhairc thríd go filleadh dúda
Nach ábhailleach anois a bhíos cuid de na daoine. Ní shásódh tada an té a casadh anseo nó gur chuir sé feac na sluaiste go filleadh dúda sa talamh. Tá an scéal go maith murar bhris sé uileag é, arae tá an talamh sin an-chrua, agus chaithfeadh sé go raibh cloch aige ina éadan. Diomdha Dé agus Mhuire dhó ar chaoi ar bith!

Féach freisin

dúd

dúid in iontrálacha eile (6)

 
Ní fhaca mé a mhacasamhail i gcaitheamh an tsaoil ariamh, tá sé chomh díbheirgeach sin. Chuaigh sicín linn soir anuraidh sa ngarraí gleannach siúd aige taobh thoir daoinne (dínne, d leathan). Dheamhan a raibh a fhios againne céard ba cor di, ná go raibh sí ar a chuid chor ar bith. Is uair sna naoi n-aird a thaobhaíodh aon chearc linn é, mar ní thugann muid d'fhaisean dóibh a dhul ann ach a gcoinneáil ruaigthe taobh siar i gcónaí. Bhí mé ag gearradh cuid muc ar an tsráid théis am dhinnéir agus níor airigh mé ariamh a dheirfiúr m'anama thú, gur caitheadh an sicín anoir thar an gclaí le m'ais agus í dícheannta. Nár fhága mé seo mura raibh. Chuir sé féin a chloigeann thar an gclaí. 'Coinneoidh mise feoil libhse,' adeir sé 'mura gcoinní sibhse a (bhur) gcuid cearc uaimse.' Nár dhíbheirgeach an mhaise dhó sin é. Ní chásóinn chor ar bith í, dhá mbeadh millteanas le déanamh aici, ach ní raibh. Shílfeá go bhféadfadh sé a fuagairt agus a rogha rud a dhéanamh léithe dhá mbeireadh sé aríst uirthi. Dheamhan fuagairt muis, ach an cloigeann a bhaint anuas ón dúid di
 
díol 2
Chuaigh sé ag déanamh ball séire ormsa oíche anseo a ndeachaigh sé thart deireanach. Bhí seanasal dubh agam an uair sin agus é thiar ansin thiar i ngarraí an bhóthair. Bhí seanasal eile ag J. Th. sa ngarraí ó thuaidh. Sheol sé anuas é agus isteach in mo gharraíse agus deir tú le céard a rinne sé, ach driobaill an dá asal a cheangal dhá chéile le píosa róipín. Murach gur éirigh lena hasail a bheith an-tsean agus an-tsocair, diabhal mé go mbeadh an dá dhrioball tarraingthe amach ón dúid acu as a chéile ar maidin, mar chuir sé an ceangal cráite orthu. D'fhan mar sin go ceann seachtaine agus siar liom féin oíche agus níor chónaigh mé ariamh gur thug mé a chapall amach glan as an ngarraí, agus as go brách liom gur fhága mé thuas in éindí le na caiple féaraigh ar chuid M. Ph. í. Rug mé ar bhromach réidh go leor, agus as go brách liom anuas aríst gur fhága mé istigh thiar sa ngarraí aige é, an áit a raibh an capall. 'Bailíodh leat,' anois arsa mise. Bhí cupla uair lae ann feadh is mé a bheith sa mbaile. Ba é déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh an mhaidin sin ar chaoi ar bith
 
droim
Is gránna an saothar atá déanta anseo thíos de dhroim oíche. Ar maidin inniu, frítheadh trí cinn de bhulláin le D. agus na drible bainte dhaofa amach ón dúid. Anois an bhfuil biseach agat?
 
Níl aon bhean i do thír nach bhfuil an duailín laghdaithe aici ó thosaigh caint ar an drochthinneas seo. Ach is cuma sin dóibh. Tabharfar soir ansiúd iad agus bearrfar amach ón dúid iad
 
Rinne sé dubhní air féin. Chuir sé nimh i gcois leis agus b'éigean a baint dhe anuas ón dúid. B'fhearr leis sin féin ná a dhul amach sa mbriseadh aríst. Nach dalbaí an áit é cogadh go bhfóire Dia orainn!
 
Rug mé ar dhúdán air, agus bhí mé dhá thachtadh nó gur chuir sé banlámh dhá theanga amach. Ní ligfinn uaim é nó go mbeadh sí aniar ón dúid aige, murach gur cosnaíodh orm é