Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dubh-ní
/dun′ī/
ainmfhocal, fireann
an-éagcóir a dhéanamh ort féin; droch-chor a thabhairt duit féin; thú féin a chur 'un báis nó droch-ghortú a thabhairt duit féin d'aon uaim (Is "suicide" nó "attempted suicide" é).
+
Rinne sé dubh ní air féin, sábhala Dia sinn. Ach tá mé ag ceapadh go raibh daol eicínt air san gceann. Chuaigh cuisle (cuisne, coiste) air, agus shílfeá nach mó ná sásta a bhí an sagart go gcuirfí san roillic é
Measaim gur shíl sé dubh ní a dhéanamh, marach gur rugthas air. Bhí a raibh san teach imithe amach ach tháinic bean chomharsan isteach ag iarraidh rud eicínt agus fuair sí ar sliobarna as an mboimbéal é. Tháinic cúnamh annsin agus cuireadh fios ar an dochtúr agus ar an sagart ar an bpuínte. Dheamhan ceó a d'fhan air ar chaoi ar bith. Sén fear staidéarach é anois
TUILLEADH (4) ▼
Cén chiall é a chur "soir" (go dtí an gealtlann i mBéal Átha na Sluaighe)? 'Ar ndú' seadh: saochan a bheith air. Nach raibh rásúr tarraingthe amach aige ag dul ag déanamh dubh ní air fhéin, marach an nós ar tapaíodh é.
Níl aon-lá san aer nach mbíodh sé ag dul ag déanamh dubh ní air fhéin: ag dul dhá bháthadh nó dhá chrochadh féin. Ach ba bheag dá chuid cluanaíocht é mo chreach mhaidne! Sé a raibh uaidh go ngéillfí dó, agus go mbeadh cead a chomhairle féin aige
M'anam muis má tá rún aige dubh ní a dhéanamh air féin go bhfuighidh sé cuid mhaith ar an mbaile sin a bhealós an rópa dó (le é féin a chrochadh) mar nach fearr leo ina measg é
Chuaigh sí agus rinne sí dubh ní uirre féin de bhárr an "mission". Goilleann rudaí mar sin ar dhaoine thar a chéile
·
Rinne sé dubh ní air féin. Chuir sé nimh i gcois leis agus b'éigin a baint dhe anuas ón dúid. B'fhearr leis sin féin ná a dhul amach san mbriseadh aríst. Nach dalbaí an áit é cogadh go bhfoire Dia orainn!

Féach freisin