Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dubhní
/dun′ī/
ainmfhocal, fireann
an-éagóir a dhéanamh ort féin; droch-chor a thabhairt duit féin; thú féin a chur chun báis nó drochghortú a thabhairt duit féin d'aon uaim. Is suicideattempted suicide é.
+
Rinne sé dubhní air féin, sábhála Dia sinn. Ach tá mé ag ceapadh go raibh daol eicínt air sa gceann. Chuaigh cuisle (cuisne, coiste) air, agus shílfeá nach mó ná sásta a bhí an sagart go gcuirfí sa reilig é
Measaim gur shíl sé dubhní a dhéanamh murach gur rugthas air. Bhí a raibh sa teach imithe amach ach tháinig bean chomharsan isteach ag iarraidh rud eicínt agus fuair sí ar sliobarna as an mboimbéal é. Tháinig cúnamh ansin agus cuireadh fios ar an dochtúr agus ar an sagart ar an bpointe. Dheamhan ceo a d'fhan air ar chaoi ar bith. 'Sé an fear staidéarach é anois
TUILLEADH (4) ▼
Cén chiall é a chur soir (go dtí an gealtlann i mBéal Átha na Sluaighe)? Ar ndóigh sea: saochan a bheith air. Nach raibh rásúr tarraingthe amach aige ag dul ag déanamh dubhní air fhéin, murach an nós ar tapaíodh é
Níl aon lá san aer nach mbíodh sé ag dul ag déanamh dubhní air fhéin: ag dul dhá bháthadh nó dhá chrochadh féin. Ach ba bheag dá chuid cluanaíocht é mo chreach mhaidne! 'Sé a raibh uaidh go ngéillfí dó agus go mbeadh cead a chomhairle féin aige
M'anam muis má tá rún aige dubhní a dhéanamh air féin go bhfaighidh sé cuid mhaith ar an mbaile sin a bhealós an rópa dó (le é féin a chrochadh) mar nach fearr leo ina measc é
Chuaigh sí agus rinne sí dubhní uirthi féin de bharr an mission. Goilleann rudaí mar sin ar dhaoine thar a chéile
·
Rinne sé dubhní air féin. Chuir sé nimh i gcois leis agus b'éigean a baint dhe anuas ón dúid. B'fhearr leis sin féin ná a dhul amach sa mbriseadh aríst. Nach dalbaí an áit é cogadh go bhfóire Dia orainn!

Féach freisin

dubhní in iontrálacha eile (1)

 
dia 1
Dia agus Muire linn! Tá chuile shórt ceart ach rud den tsórt sin: duine a dhul ag déanamh dubhní ar fhéin