Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dicheall
ainm-fhocal; fireann
tuiseal geineamhnach — díchill.
oibriú ar do neart; do chloch-neart; mine-ghéire; cho maith, cho beo, cho h-achmhuinneach nó cho spleodrach agus is féidir; lán-tsaothar.
a.
+
Tá sé ar a dhicheall = ag oibriú cho maith nó cho h-achmhuinneach agus atá sé indon
Bhí sé ar a dhicheall ceart (ar a shean-dicheall, ar a mhíle dicheall, ar a sheacht ndicheall, ar a dhicheall báis agus beatha, ar iomlán a dhichill agus rl.)
TUILLEADH (3) ▼
Teirigh ar do dhicheall. Tá an iomarca leisce ins an gcnáimh agad, tá sin
Chuaidh mé ar mo dhicheall ach má chuaidh féin ba bheag an mhaith é mo dhicheall
Ab shin é do dhicheall. Má's é, is beag an mhaith é do dhicheall
+
B'éigin dom mo dhicheall a dhéanamh críochnuighthe len a thabhairt aníos
Déan do dhicheall a fhleasca(igh)
TUILLEADH (2) ▼
Breagh nach ndéanann tú do dhicheall leis
Eirigh as an spreallaireacht agus déan do dhicheall
+
"Is leor do Mhór a dicheall" = is leor do dhuine a dhicheall a dhéanamh; ní féidir le duine a dhéanamh ach a dhicheall
Ní fhéadaimse a dhéanamh níos mó. Is leor do Mhór a dicheall, arsa tusa
TUILLEADH (1) ▼
Shaothruigh mé go maith é, ní as ucht mé féin dhá rádh é, ach chinn orm de mo bhuidheachas. Ach nach leor do Mhór a dicheall, mar adeir an ceann eile
+
"Is leor do dhuine dhona a dhicheall a dhéanamh"
Rinne mé mo dhicheall agus deir siad gur leor do dhuine dhona a dhicheall a dhéanamh.
TUILLEADH (3) ▼
Sin é a bhféadaimse a dhéanamh leis, ach is leor do dhuine dhona a dhicheall a dhéanamh, is leor sin
Sin í anois í. Tá sí scríobhtha agus ní go slachtar é, ach is leor do dhuine dhona a dhicheall a dhéanamh
Rinne mé péire cléibh dhó, ach cé'n sórt déanamh é! Ceo ar bith ach go dtiubharfaidh siad uailín móna ó'n bportach dó. Bhuel, is leor do dhuine dhona a dhicheall a dhéanamh arsa tusa
+
Ní dhéanfaidh do dhicheall é = cinnfidh sé ar do dhicheall
Cinnfidh sé ar do dhicheall an chloch sin a árdú
TUILLEADH (9) ▼
Ní dhéanfaidh do dhicheall an méid sin oibre indiu
Dhá mbeadh sé léithe ó shoin deamhan a mhíle dicheall a thiubharfadh gaoth di
Cuirfidh sé go dtí do dhicheall thú an méid sin a ghróigeadh indiu = 'sé do dhicheall é
Cuirfidh sé go dtí do dhicheall tú an oiread feamainne a bhaint an rabharta seo agus a leasóchas an dá gharrdha siúd
Má bhíonn tú réidh 'sé do dhicheall é. Tiubharfaidh sé rud le déanamh dhuit freisin, dar mo choinsias
Spréidh mé é, ach ba é mo dhicheall é. Diabhal bréag nachar fhéach sé mé freisin
Ní thóigfidh tú é gan do dhicheall (a dhéanamh)
Is fada ó do dhicheall tú fós. Leag ort féin! Cé leis a ndeachaidh tú chor ar bith
Shíl tú go raibh sé ag déanamh a dhichill. Ní raibh muis a mh'anam. B'fhada ón a dhicheall a bhí sé. Dhá mbeadh, ní raibh aon-fhear ins an bpáirt sin nach scóthfadh sé, ach P. Ph. b'fhéidir. Bainim P. as margadh gan "doubt"
+
Chríochnuigh mé é, ach fuair mé mo dhicheall uaidh
Fuair mé mo dhicheall go binn uatha ag iarraidh a gcur isteach. Tá an diabhal crónta (corónta) ar an gceann buidhe. Ní raibh le déanamh leis ach é a mharbhú
TUILLEADH (2) ▼
Fuair mé mo sheacht ndicheall uaidh. Marach a fheabhas agus a bhí mé ar mo mhaidí, chinnfeadh sé orm
Fuair mise mo dhicheall indiu ag iarraidh na claidheachaí siúd a bhiorrú, agus ná leagaidh aríst iad, má tá an t-ádh oraibh!
+
Thug sé mo dhicheall dom an malach feamainne sin a líonadh ag an láimh atá agam
Chuaidh ag mo dhicheall air, ach 'sé a raibh ann é = b'éigin dom mo dhicheall go binn a dhéanamh leis an gceann is fhearr a fháil air
TUILLEADH (1) ▼
Tá gnaithí de do dhicheall agad anois; beidh gnatha dhá dhicheall aige ar ball nuair a chaithfeas sé freastal do 'chuile shórt (fc. gnotha, gnatha)
+
Go gcuiridh Dia an t-ádh ort! Is beag an dicheall a rinne tú leis. Dhá ndéantá ní mar sin a bheadh sé
Dhá ndéanadh sibh an dicheall sin i gcomhnaí, bheadh rud agaibh, ach leigfidh sib a (bhur) maidí le sruth anois aríst go ceann míosa
TUILLEADH (5) ▼
Is dona na gnaithí a bhí oraibh an dicheall sin a dhéanamh le cuid aonduine. Dá mba bé (dá mba é) a (bhur) gcuid fhéin a bheadh ann, mise imbannaí gur beag an baoghal a bheadh oraibh a dhéanamh
Rinne sé a dhicheall ar an gcloich ach níor bhris sé í ina dheidh sin
Rinne sé a dhicheall orm, ach chinn air mé a leagan in a dheidh sin
Má ghníonn tú do dhicheall air, b'fhéidir go mbainfeá é, ach má's eadh ní ar an deis sin é
Rinne siad a ndicheall ar an máistir scoile len a bhriseadh, ach níor fhéad siad
·
Chuaidh mé thar mo dhicheall leis agus tá a shliocht orm: tá mo dhruim mar atá sí ó shoin. Ní fhéadaim a lúbadh ná a díriú
Níl gnaoithe (gnotha) ag duine ar bith a dhul thar a dhicheall. Má theigheann, beidh a shéala air. Sin é an chaoi ar bhain P. S. stangadh as féin
+
Dicheall fánach é a dhicheall sin. Ní chuirfidh sé a lúth amach deirimse leat
Déanadh sí a dícheall faoi chéad, agus is beag an ghoir a bhéas aice uirre siúd — ar inghin J. Th. Dicheall suarach é a dicheall le h-ais inghin J.
TUILLEADH (4) ▼
Droch-chríoch ar a dhichillín suarach! Is postamhail a laibhreochadh sé ins an áit a mbeadh fir!
Droch-rath ar do dhicheall agad! Bhí céad lá de mo shaoghal agus dhéanfainn an oiread i gcaitheamh uair an chluig agus a dhéanfá seachtain mhór fhada!
Sin é an dicheall suarach, a dhicheall sin!
Sin é an dicheall mar siúd, a dhicheall sin! Ní bheadh a dhíol féin móna bainte aige in imeacht ráithe, ní áirighim in imeacht mhíosa!
+
Ní bheidh sé déanta againn th'éis a (ar) ndíchill = dhá fheabhas dá n-oibreochaidh muid ní bheidh sé déanta (tá an leagan sin rí-choitianta i gcaint)
Th'éis a (ar) ndichill, is beag na fataí a fhéadfas muid a chur dhá mbeadh muid cho maith le Ceaite Heic (Hicks?)
TUILLEADH (13) ▼
Th'éis a ndichill ní bheidh aon-cheo dhá bharr aca
Is beag atá sé indon a dhéanamh th'éis a dhichill, agus is maith an scéal do chuid againn nach bhfuil. Dhá mbeadh, ní bheadh gnatha ar bith ag cuid againn ann
Cinnfidh sé air th'éis a dhichill. Níl a dhóthain stuaim ann, agus tá sé ro-uathbhásach le rud ar bith. Ní mór leis a dhéanamh de rith agus de léim
Ní bheidh sé craptha agaibh anois th'éis a (bhur) ndichill roimh an múr. Is beag an baoghal oraibh. Tá cion cheithre bheart ann fós, nó tuilleadh. Déanaighidh deabhadh ar aon-chor
Ní chuirfidh muid as í th'éis a (ar) ndichill. Tá sí ro-dhaingnighthe ann. Ní mór gró agus spéicí. Rud ar bith níos lugha ná sin ní chuirfidh as í
Níor fhéad mé aon-chaoi a chur uirre th'éis mo dhichill. Tá an feire uiliog réidh. B'fhéidir dhá dtugthá ag gréasaidhe maith í, go ndeasóchadh sé fós í, ach droch-sheans. Ná bac leis an leathar atá amuigh anois! Ní fiú do sheacht mallacht é
Th'éis a dichill, bhí sé fánach aice. Ab é siúd ru! Ní fhágfaidh sé siúd an teach ósta ar chomhairle aonduine, nó go mbeidh an chianóig dheireannach caithte aige.
Ní raibh bord feamainne bainte agam th'éis mo dhichill, aindeoin gur fhan mé ann, nó go raibh sé ag tuileadh in mo mhullach. Ní bheadh duine ach dhá mheath fhéin leis an bhfáisín dona údaidh.
Ní dhéanfaidh tú aon-chúis th'éis do dhichill. Má's leat an áit sin a réidhteach fan go samhradh agus dóigh an sraith-aiteann agus na bunannaí sin 'dtigh diabhail as. Maidir le go gcuirfidh tú as mar sin iad, tá sé fánach agad
Ní dhéanfadh muid aon-bhun th'éis a (ar) ndichill. Bhí an bheirt eile seo ro-láidir. Dhá dtugainn é, scuabfainn do chuileata-sa, agus bhí cosaint aige seo i gcomhnaí ar an rí. Ní bheinn ach ag caitheamh m'aon i dtraipisí i gcomhnaí
Buaileadh iad indiaidh (tar éis) a ndíchill. Buaileadh agus go gránna. Ní raibh goir ná gaobhar aca ar an dream eile, agus ba cheart go mbeadh a fhios aca sin ó thús
Th'éis mo dhichill, gabhfaidh sé righte liom a bheith críochnuighthe an tseachtain seo. B'fhéidir dhá mbeadh freastal agam i gcomhnaí go mbeadh iarracht mhaith air, ach nuair a chaithim fhéin 'chaon dara súileoig a scaradh, is deacair dhom mórán dubhachain a dhéanamh. Tá an cúl siúd leis an gclaidhe thiar sáthach buan freisin.
Níl aon-asal indon a dhul ann anois. Chuaidh mise ann tá seachtain ó shoin, agus níor thug mé liom ach bord na gcléibh. Ba trioma an uair sin é ná anois. Chuaidh sé dhá bháthadh orm faoi dhó in a dheidh sin, th'éis mo dhichill
b.
+
Is maith an dicheall dom (orm) na cearca a choinneál as an ngarrdha sin thoir = 'sé mo dhóthain go binn é le déanamh
Is maith an dicheall air (dhó) móin a choinneál isteach dhá mbeadh gan tada eile a bheith ar a aire
TUILLEADH (10) ▼
Dar príosta ba mhaith an dicheall duit caint a choinneál leis agus a raibh le rádh aige. Is mór an t-iongnadh nach mbeadh sé tuirseach uair eicínt di
Ba mhaith an dicheall dhom salann a choinneál tarraingthe aige as G. ar feadh na bliana anuiridh. Ní raibh cinneadh go deo lé'r ith sé d'fheoil agus d'iasc
Is maith an dicheall dom pighneachaí a choinneál caithte amach lib. Tá trálach (tálach) in mo láimh le uair dhá gcaitheamh amach annseo, agus sibse dhá gcrapadh. Tá mé bánuighthe agaibh. Cáit cúig ionntuighthe thú féin asta, a chomhursa
Dar diaguidhe is maith an dicheall di an mhóin a scaradh. Agus tá scaradh fada uirre freisin
An uair a bhí siad uilig cruinn ba mhaith an dicheall di arán a choinneál fuinte leo, ba mhaith sin
Is maith an dicheall do T. a bheith ag tarraint mhóna do mhac Ph. Sh. Agus tá sé ag fágáil a chuid oibre féin annsin gan déanamh
Is maith an dicheall di a gcumhdach ar fad — cheithre dhuine dhéag aca. Cé'n bhrigh ach tá an chuid is sine aca cho h-ámhuilleach len a bhfaca tú ariamh, agus an chuid is óige an-chantalach
Is maith an dicheall do'n Ghearmánach coc a thabhairt dóib ar fad. Tá a bhfuil aca ann in a mhullach. Is gearr a thiubharfas anois. Tá sé ar na preaba deireannacha cheapfainn. B'ait é, agus seasamh an fhad sin féin
Ba mhaith an dicheall duit freastal dóib ar fad. Cé'n bhrigh, ach ní shásóchadh a bhfaca tú ariamh cuid aca sin. Ní bheadh uatha ach údar casaoide
Is maith an dicheall dom rith síos agus aníos ag siopaí 'chuile ré soluis le tobac a fháil duitse. Meas tú an bhfuil tada eile ar m'aire, ach a bheith ag "tendáil" ortsa. Is maith é mo luach saothair muis. Gheobhaidh tú féin feasta é ar mo shonsa nó troiscfidh tú. Is fadó an lá a bhí agam é a dhéanamh leat

Dicheall in iontrálacha eile (6)

 
diaidh
Is maith an dicheall do na daoine a bheith indiaidh a chéile chor ar bith agus an aimsir a bhí ann le fada. Tá 'chuile dhuine ag fuasaoid slaghdáin, agus má tá féin is beag an dochar dóib. B'uair mhí-nádúrtha í. Níor thada eile í
 
Cuirfidh mé geall leat má dhéanann tusa do sheacht míle dicheall agus má chuireann tú 'chuile chnámh ag gabhail leat faoi dhíocas, go gcinnfidh ort-sa a ghníomh-seisean a dhéanamh. Tá sé breagh go leor agad a bheith ag rádh nach hé an oiread sin móna a bhain sé, ach feiceamuist bain thusa ná aon-fhear in do thír an oiread. Thiubharfadh an méid sin cnámh le creinneadh do J. Gh. an lá ab fhearr a bhí sé, agus b'ait an sleaghdóir é
 
Tá sé cho dúrainneach le aon-chríostuidhe dhá bhfaca mise ariamh. Má theigheann beithidheach thar claidhe isteach ar a chuid, is olc an peata é. Diabhal níos measa. Bhí diabhlánach de bhó bhradach agam annseo uair. Le M. Ph. Uí Dh. a dhíol mé í, agus mé reicthe aice ag dul imbradghail. Bhí an-tseasamh ag a raibh ar an mbaile léithe. Níl lá ar bith nach dteigheadh sí ar dhuine eicínt, agus ba mhinic a rinne sí foghail freisin. Ach le 'chuile chamánaí ar chuma ar bith, ní dheacha sí air-sean ach lá amháin. Bhí maol-bhearna leagtha igclaidhe Gharrdha an tSléibhe an áit a raibh siad ag cur isteach coirce as an lá roimhe sin, agus ní mórán tóigeál (tógáil) a thug siad uirre. Casadh an bhó ann ar chaoi ar bith. Níor léithe ab fhaillighe é 'ar ndú'. Isteach léithe ar an gcoinnleach, áit nach bhféadfadh sí mórán millteanais a dhéanamh. Ní raibh sí chúig nóiméad ann an uair a rug sé uirre. Rinne sé a sheacht míle dicheall í a bhascadh, ach bhí sí siúd í féin sáthach aigeanta. Anuas leis annseo in a theine bhruithte ag fuagairt foghlach agus dlighe orm féin de ghort an gharta. 'Sé a thug fúm. D'éist mé féin. 'Ar ndú' mar adeir an fear fadó bíodh an chluais bhodhar ag fear na foghlach. Agus bhí na seacht ndiabhail ar an mbó. Ach in a dhiaidh sin agus uiliog scáth ar mhill sí airsean, bhí aige a leigean thairis. B'fheasach dó go raibh fúm a díol ar aon-nós, ach a bhfaghainn an té a thóigfeadh uaim í. Ach tá sé cho dúrainneach sin agus go gcaithfeadh sé an ailp sin a bhaint asam faoi gur tanguigheadh (teangmhuigheadh) chor ar bith leis féin
 
droim
Is diachta dhuit do bholg a bheith thiar in do dhruim agad ar scáth an t-achar ó d'ith tú gliúrach (gleorach) cheana. Is maith an dicheall do dhuine beatha a choinneál caithte agad
+
Bhí mé ar mo shean-dicheall ar feadh an lae, ach chinn sé dubh agus dubh orm é a chríochnú in a dheidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhéadfaidh do shean-dicheall a chur as sin