Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Díocas
ainm-fhocal; fireann
níl aon-iolraidh aige.
1.
díogras; dúthracht; dubh-fhonn; dúthruach oibre, ban, agus rl.; rachmall; dúil chráidhte chuig rud; an-spleodar críochnuighthe; goin; a beith an-líomhtha chuig rud; faobhar.
+
Tá díocas oibre air = an dubh-fhonn obair a dhéanamh; is beag nach mbeadh gearradh fiacal air in éadan na h-oibre
An nóiméad a dteigheann sé sin isteach ins an ngarrdha, teagann díocas air agus tabhair díocas air. Dheamhan a fhios agam in a dheidh sin nach mó a dhéanfadh fear nach mbeadh a leath-oiread díocais air — a ghlacfadh an saoghal go réidh. Is beag a bhíos de bharr an uathbháis go minic, agus an uair a bhíos obair féin déanta, is obair gan slacht í
TUILLEADH (4) ▼
Ná bac le díocas, ach siúd é a bhfuil an díocas air. Tá an cúl ó thuaidh ar fad spréidhte aige, th'éis a laghad achair agus ó a chuaidh sé ann
Tá díocas air chuig feamuinn, ach m'anam go bhfuil a donacht féin ins an bhfeamuinn. Pléidhfidh an caladh seo thíos leis é, feicfidh tú féin air. Má thagann carcair mhór di agus droch-uair, dar an leabhar ní mórán díocais a fhágfas seachtain di air
Bíonn díocas ar an aineoluidhe i gcomhnuí, go dteagaidh sé isteach ar an obair. Glacann sé é féin go réidh annsin, agus is fearrde é freisin é. Aindeoin a bhfuil de dhíocas air seo thíos, is suarach le rádh an fhoghail atá déanta aige le dhá lá. Diabhal mé dá mbadh gasúr a bheadh ann go mbeadh an oiread céadna déanta aige
Tá sé oibrighthe ceart anois, agus tá an fear a fheiceas sé síos ar a aghaidh ag cur a dhá oiread díocais air. Marach é sin ní bheadh leath-uathbhás air chor ar bith
+
Bhí sé thuas agus ciseog fhataí in a mhiainis (fiadhnuis) agus díocas air ag ithe éisc. Má bhíonn aon-bhreac ó'n mBreatain anall gheobhaidh sé siúd é
Ní fhaca mé aon-díocas ariamh mar a bhí air ag cnádadh an phíopa. Cé'n brígh ach tá lorga an phíopa cho gearr. Is diabhluidhe dúlaidhe a bhí sé ann. Tá mé ag ceapadh go raibh sé thart d'fhuireasbhaidh gail
TUILLEADH (3) ▼
Tá díocas air le olc. Ar thug tú faoi deara ariamh an chaoi a mbíonn sé ag cangailt an uair nach dtaithnigheann rud leis. Díocas uilc a bhíos air an uair sin
Ba mhór an chontabhairt é. Ó d'eirigh an braon ins an gcoirricín chor ar bith aige, bhí díocas air go sáitheadh sé duine eicínt. Bhí mé féin ag iarraidh 'chuile dhroch-arm dá bhfaca mé — sceanna agus pící — a chrapadh as a bhealach, ach 'ar ndú' ba ghearr air siúd arm a fháil dá mbaintí amach ceart é.
Dhá mhéad díocas muise dhá bhfuil ar Tom ag ól, tá a sheacht n-oiread díocais ar an dearbhráthair eile i ndiaidh ban. Ní fhaca tú thiar annseo é oíche na bainse. Ní raibh bean ins an teach — pósta ná scaoilte — nach raibh fastuighthe aige. Bhí S. bíodhgtha ins an gcúinne 'bhfeicfeadh sé a gcuirfeadh sé aon-araoid ar a bhean fhéin. Dá gcuireadh ba truagh dhó
+
Díocas iascaigh atá air. Ní bheadh fíth na feáin air indé mara bhfágainn mo ghort agus a dhul amach in éindigh leis. Chuaidh, mar is le bheith in m'amadán dom é. Dheamhan an priocadh féin a d'eirigh linn. Bhí sé ag strócadh liom indiu freisin, ach thug mé do'n diabhal é. Tá sé réidh go leor aige-san nach bhfuil imní guirt ná sléibhe air, ach ní hé sin domsa
Tháinic díocas troda air. D'fheicfeá é ag fáscadh na ndornaí síos len a thaobh agus é dhá shníomh féin. Dhá bhfaghadh sé an té a dhéanfadh leis é bheadh bualadh ann ar chuma ar bith — agus b'fhéidir marbhú
TUILLEADH (2) ▼
Tá an-díocas pósta ar an gceann siúd. Nach bhfeiceann tú ag imeacht ag cluanuidheacht í i gcomhnuí ins an áit a mbíonn fir. Má leagann tú láimh uirre, níl ann aice ach "leig amach mé", ach sin é an leigean-amach eile
Tá díocas ithte orm. Níor ith mé aon-ghreim ó d'eirigh grian indiu agus is maith fada siar ar an spéir í anois
+
Ach a mbeiridh sé siar ar an áit dheacair agus ar an dearg-laoch rachaidh mise faoi dhuit go mbainfidh sin an díocas dó (de). Tá sé réidh go leor ag sleaghdóir carra mhóna a chur aníos in áit éascaidh ach is é an dearg-laoch agus "an fheoil chapaill" atá indan fear a chur ar a mhiotal. Chonnaic mise ins an bportach se'againn féin anuiridh é
Tá an mhaidin ann fós, agus é idtús a dhíocais, ach foighid ort go maoluighidh an ghrian siar. Cuirfidh mé geall leat gur furasta cur aige trathnóna
TUILLEADH (5) ▼
Sin é an chaoi a bhfuil sé. Buaileann daol é laetheanta. Ní fhaca tú aon-fhear oibre go h-iomaí a chinnfeadh air. Ach cho luath agus a chuireas sé an méid sin díocais thairis ní fhanann maith ná maoin ann. Dheamhan agus móide buille maitheasa a dhéanfadh sé aríst go ceann coicíse.
Deirimse díocas leat. Shíl mé an uair a thug sé an chloch leis amach as an mballa go gcuirfeadh sé an teach dá lúdrachaí. 'Ar ndú is air nach mbeadh an mhairg sin fhéin a dhéanamh, dá mbuaileadh sé faoi
Ní leigfeadh an díocas dó foighid a ghlacadh agus é a dhéanamh mar is ceart. Beidh déanamh eile anois air, th'éis a bhfuil caithte leis cheana
Má chuireann sé a dhíocas ann déanfaidh sé é. Mara gcuiridh tá sé fánach aige
Ní bheadh a fhios agad cé aca de'n bheirt — é féin nó a bhean — is mó díocas. Tá seisean go dona, ach sháruigh a bhean é
+
Tá sé caillte le díocas go dteighidh sé ag spealadóireacht, ach dar príosta níl aon-ghaisce ar an spealadóireacht muis. Is obair chruadh go leor í
Bhí fabhairt in a shúil le teann díocais a dhul in a h-éadan (a dhul in éadan mná). Is uaidh a theastóchadh a bheith dhá "bhlastáil" nó nach bhfanfadh smeámh ann. Shílfeá go mbeadh cuíbheamhlacht eicínt ann i láthair na ndaoine agus eile
TUILLEADH (2) ▼
A muise, bhí sé ag ól le díocas. Tabhair ól air
As díocas a bhris sé é. Bhí sé dhá fháscadh agus dhá shníomh ariamh ariamh, go ndearna sé dhá leith di. Níl a fhios ag an gcliobaire siúd céard é a spreacadh
+
Níl aon-fhéith ag gabhail leis nach bhfuil faoi dhíocas oibre
Níl aon-fhéith thuas ar a chorp nach gcuirfidh sé faoi dhíocas oibre nó go mbuailfidh sé amach an fear thoir. Níl ag dul idir é agus codladh na h-oíche ach an fear thoir.
TUILLEADH (8) ▼
Ní raibh aon-fhéith in a chorp nar chuir sé faoi dhíocas leis an gcloch a árdú ach chinn air gaoth a thabhairt di in a dheidh sin. Chinn an chloch siúd ar bhuachaillí maithe, thá mé ag rádh leat
Níl féith ná cnáimh ins an gcapall nach bhfuil faoi dhíocas aige ó mhaidin ag cur na gclocha siúd in aer. Má fhaghann sé cupla lá eile orra is gearr le dhul iad. Iarracht maith tarraingthe atá aige cheana féin orra.
Sin é an rud a thug giorrachan saoghail dó. Níl aon-lá dhár eirigh ar an bhfear sin nar chuir sé 'chuile fhéith in a chorp faoi dhíocas oibre, ba chuma ins an míádh céard a bheadh sé a dhéanamh. Mara mbeadh sé ach ag biorrú scoilb bhíodh an oiread sníomh agus útamáil aige agus dá mbadh ag iomradh báid mhóir a bheadh sé. An uair a thugas duine faisean faoi deara dhó féin is deacair leis scaradh leis
Cuirfidh mé geall leat má dhéanann tusa do sheacht míle dicheall agus má chuireann tú 'chuile chnámh ag gabhail leat faoi dhíocas, go gcinnfidh ort-sa a ghníomh-seisean a dhéanamh. Tá sé breagh go leor agad a bheith ag rádh nach hé an oiread sin móna a bhain sé, ach feiceamuist bain thusa ná aon-fhear in do thír an oiread. Thiubharfadh an méid sin cnámh le creinneadh do J. Gh. an lá ab fhearr a bhí sé, agus b'ait an sleaghdóir é
'Bhfeiceann tú an scramaire mór de mhac sin thiar ag P. Th. Sh.? 'Bhfaca tú ariamh ag damhsa é. Deamhan thiomanta cnáimh in a chorp nach mbíonn faoi dhíocas. Tabhair faoi deara anois aríst é thú féin. Chaith mé oíche ar fad ag breathnú air. Ní fhéadfainn mo shúil a thógáil dó
M'anam muise go bhfuair tú amach an fear a mbeadh 'chuile fhéith ag gabhail leis faoi dhíocas ag obair! Bheadh mo chreach! Ní lúbfadh sé a dhruim dá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire
Ní raibh féith in a cholainn nach raibh lúbtha amach faoi dhíocas siubhail. Deirimse leat go bhfuil sé siúd freisin in araidheacht bóthar a ghearradh an uair a thogróchas sé é.
M'anam muise gur furasta dhomsa ar leath-uinsín gágach tae ins an tseachtain 'chuile fhéith in mo chorp a chur faoi dhíocas ag obair. Ní h-eadh ach is mé is fearr ar bith agus a bheith indon aon-bhuille a dhéanamh ar an mbod siar eile sin (coffee). Ní mó ná dhá bhfaghainn dalladh feola agus dalladh pórtair go mbeinn in dan foghail eicínt a dhéanamh. Maidir le go bhfuil cothú fear oibre ins an mbeatha atá ag imeacht anois — níl muise. Is ait atá na daoine ag cruthachtáil go bhféadann siad breith ar láighe ar bith léithe
2.
+
Bhain sé a dhíocas aisti = fear a rachadh ag cúirtéaracht le bean agus a sásóchadh an chúirtéaracht é, nó a fhearacht sin de rud.
Má castar liom in mo shiubhalta í, bainfidh mé mo dhíocas aiste, ach ní rachaidh mé dhá tóruigheacht — dheamhan é
TUILLEADH (3) ▼
Bhainfeadh 'chuile dhuine a gcasfadh sí leis a dhíocas aiste siúd. Gearrchaile laethamhail gan leithead gan onóir í, agus í agad ar sheol na braiche má's leat a dhul ag déanamh grínn ná siamsa
Níl cuíbheamhlacht ar bith ó Dhia anuas innte ach í annsiúd in a rúisc ag 'chuile fhear len a dhíocas a bhaint aiste má's breagh leis é. Meas tusa nach gránna an chaoi de bhean ar bith a bheith mar sin. Measaim-se ar chaoi ar bith
Ní thiocfaidh sé ag cuartuidheacht chor ar bith anois go ceann i bhfad ach ag cláradh na mná agus ag baint a dhíocais aisti. Is fearr dó ar an gceird sin ná ag spochadh le N. Mh. mar a bhí sé le deich mbliana
+
Tabhair cead ceoil anois dó go mbainfidh sé a dhíocas as an melodeon. An uair a bhainfeas is umhal éascaidh a thiocfas sé linn abhaile. Ach mara bhfaghaidh sé cead ceoil ní thiocfaidh
Tá "bicycle" nua anois aige agus é ar bís ag fanacht leis le bliain. Ní fheicfidh tú aríst anois é go mbeidh a dhíocas bainte as an róthar sin aige. Dheamhan a mbeadh a fhios ag duine cé'n cheárd aniar ó na Sceirde a mbeadh sé sin. An uair a chorróchas sé siúd ó bhaile tiubharfaidh sé an rith fada air féin
TUILLEADH (3) ▼
Bainfidh sé a dhíocas as an talamh siúd dhá romhar agus dhá shaothrú anois. Is fada an lá a theastuigh rud eicínt uaidh a bhainfeadh an macnas as, ach tá sé aige faoi dheire
Má cheannuigh siad "football" bainfidh siad a ndíocas aiste tamall, agus tiubharfaidh siad suaimhneas domsa. Bhí mé reicthe istigh ins an teach aca. Ní raibh a sheasamh agam mórán níos fuide. Marach gur chrap siad leo gheobhfaidís an tsráid amach. An raibh a athrú le déanamh agam leo?
Amach leo ins an iothlainn agus chonnaic siad coca féir ann a bhí ídighthe roint as a bhun. Thosuigh "set" aca ag teacht de rithte reathach faoi ar 'chaon taobh agus ag baint a ndíocais mar sin as an gcoca. B'fhearr ag baint a ndíocais as an gcoca iad ná as rud eicínt eile arsa tusa. Chuir siad druim ar ais é ins an deire. Tá mé ag ceapadh go raibh T. le buile agus le báine
3.
a.
+
Tuige nachar chuir tú tuilleadh díocais san gcic? = tuige nachar tharraing tú ní bfhearr í
Níor chuir tú do dhóthain díocais san mbuille. Sin é a chlis ort
TUILLEADH (2) ▼
Tá ruibh ar an diabhal sin. Mara mbeadh sé ach ag déanamh spraoi fhéin leat, is mian leis díocas a chur san dorna. Dhonódh sé an-éascaidh thú, an diabhal
Is beag eile díocais a chuirfeá san iarraidh nuair a d'fhágfá réidh é. Tá réiteach maith air mar atá sé = tá sé leath-mharbh
b.
+
Bhí sé ag déanamh a dhíocais = ag déanamh a dhichill (ag troid)
Is beag an mhaith dhuit a bheith dhá mhaoidheachtáil. Tá sé ag déanamh a dhíocais mar atá sé.
TUILLEADH (1) ▼
Rinne sé a dhíocas orm ach ba gheárr le dhul é. Chuir mise taobh na bpoll as a chionn gan mórán stró
·
Chuaigh sé ar a dhíocas dhá dhéanamh = ar a mhine ghéire
Breá nach ndeachaidh tú ar do dhíocas leis. Nach bhfuil a fhios agad nach ndéanfá mar sin é

Féach freisin

Díocas in iontrálacha eile (13)

 
Ná raibh Dia ag asail muise mara raibh sé ag baint deannaigh as ceathramhnaí an asail soir le fánaidh. Feac láighe a bhí aige agus níl aon-iarraidh dhá raibh sé a thabhairt ar na h-easnachaí dhó nach gcloisfeá go mín réidh socair thiar ag tigh Mh. "Tiubharfaidh mé ag an bpóilí tú" adeireadh sé, agus díocas air leis an bhfeac
 
Bhí beirt cheannaidhe ag dul an bóthar fadó. Thosuigh siad ag sáraidheacht. Dubhairt ceann aca go mb'fhearr an bhréag ná an fhírinne. Sháruigh an ceann eile air nacharbh fhearr. Fágfamuid ar bhreitheamhnas an chéad rud a chasfas linn ar an mbóthar é, adeir duine aca. Tá go maith adeir an ceann eile. Chuir siad geall as. D'imigh leo dhá siubhal ionnsaidhe. Ba ghearr go dtáinic siad ar dhearga daol ar an mbóthar. Chrom an ceannaidhe bréagach síos. "Cé is fhearr an fhírinne ná an bhréag" adeir sé leis an dearga daol. "An bhréag, go' deile", adeir an dearga daol. Sín amach mo gheall agam, adeir an Ceannaidhe bréagach. Shín. Scar siad len a chéile. Ba ghearr a chuaidh an ceannaidhe bréagach, nuair a thosuigh sé ag cur scrúdaidh air féin. Dheamhan easna dhó nach bhfilleann ar a chois aríst, nó go dtáinic sé suas leis an dearga daol. Cromann sé síos agus baineann sé póg dó. Ghreamuigh an dearga daol dhá bhéal. Is gearr go raibh seacht mbrat dearga daoil air, agus bhí siad dhá ithe isteach go grinneal. Cuireadh fios ar an sagart dó. Tháinic an sagart. Nuair a chonnaic sé an deis a bhí air, chuaidh sé amach as an seomra agus thosuigh sé ag léigheamh a leabhair. "Gabh isteach" adeir sé leis an gcailín faoi cheann tamaill "agus feacha cé'n chaoi a bhfuil sé." Chuaidh an cailín isteach. "Tá sé faoi dhearga daoil ar fad" adeir sí. "Níl sciolltar fágtha air, nach bhfuil ithte dhó." Léigh sé leis eádradh eile. "Gabh isteach anois" adeir sé "agus feacha cé'n chaoi atá air." "Tá fiche brat dearga daoil anois air," adeir sí. "Níl ann ach na cnámha geala. Is gearr an bás uaidh." "Tá an cholainn ag an diabhal," adeir an sagart, ach beidh an t-anam aghamsa dhá bhuidheachas." Tháinic an oiread eile díocais air ag léigheamh … (Scéal a fuair mé ó m'athair faoi na dearga daoil)
 
Cut! Ní mharbhóchadh súiste Oscair cut! Chonnaic mise cut dubh a bhí thíos againn féin cheana. Bhí sé ag marbhú éanacha. Dubhairt mo mháthair go ndéanaidh Dia grásta uirre é a chur faoi phota, ach d'árduigh muid féin linn soir é ar an réidhteach i nGarrdha an Bh. Chraipligh muid idtosach é i riocht agus nach bhféadfadh sé imeacht. Shaghd muid na mádraí annsin ann agus chaith siad uair dhá strachailt. Diabhal marbhú! Chuaidh muid féin annsin ag caitheamh leis — gruadháin mhóra mhillteacha — nó go raibh muid sáruighthe. Diabhal marbhú. D'áitigh orainn annsin dhá chiceáil mar bheadh "football" ann, ach diabhal marbhú. Ní fhaca mé aon-rud beo ariamh a fuair an oiread spídeamhlacht' leis, agus indiaidh an méid sin ar fad bhí díogarnach anála ann. Dhá mbeadh aon-chiall againn 'sé a bháthadh a dheanfadh muid nó a chur faoi'n bpota, ach cá'r fhága tú an óige agus a chuid díocais. An bhfuil a fhios agad céard a rinne muid leis as a dheire: cupla feac láighe a fháil agus a bheith ag gabhailt air, nó nach raibh smeámh ann. Is minic a chuimnigh mé air ó shoin, agus a chuaidh sé thríom. Ní raibh scruball ar bith ionnainn agus an chaoi siúd a chur air
 
do- 2
Níl rud ar bith do-dhéanta, má tá díocas ceart ar dhuine a dhéanamh
 
Siúd é a bhfuil an dranndal aige a mhic ó le dhul in éadan feola. Cho luath agus a gheobhas sé a baladh, teagann díocas ar an drad aige, le teann dúil innte. Ní fhaca mé fear a bhárrtha ariamh ag an mbord. Ní fhaca ná aon-duine eile]
 
droim
Sin é a chuir na "Blue-shirts" de dhruím seoil annseo. Mharbhuigh siad é, lé'r bhuail siad air, ach ba chuma sin. Bheadh sé in a choileaichín aríst lá ar na bháireach, agus é faoi dhó cho líomhtha aca agus a bhí sé roimhe sin. Spreag sé na daoine in a n-aghaidh cho mór sin, agus nach raibh goir aca léine ghorm a fheiceál ar thom féin nach ndéanfaidís míle píosa dhi. An gceapfá choidhchin le breathnú air anois go mbeadh an oiread sin díocais ann. Is corr-dhuine a cheapfadh
 
dúil
Níl duine ar bith ag cur dúil' in a cuid talmhana ach an chuid eile di féin — na L. Tá díocas orra sin ag imeacht ag lorg talmhana. Nach sílfeá go mb'fhearr di aca é ná é a bheith ag dul i léig annsiúd cheal a shaothruighthe
 
Tá dubhradán beag de laogh aige agus ní fhaca mé an oiread díocais ar bheithidheach dhá bhearradh féin ariamh, agus atá air. Tá an drioball crínnte (creinnte) amach aige as féin. Is diabhaltaí nach bhféachfadh sé len a dhul roimhe siúd, shul 'á chuirfeas sé é féin ó mhaith
+
Chuaidh sé ar a dhíocas ceart in a h-éadan = fear ag dul ag obair go dúthrachtach; fear in éadan mná; tarbh in éadan bó a bheadh faoi dháir agus rl.
TUILLEADH (2) ▼
Má theigheann sé siúd ar a dhíocas in éadan na gcloch, réidhteochaidh sé an chora sin thíos ag an gcladach, ní áirighim clochairín de'n tsórt sin
Níl rud ar bith dá mbíonn sé a dhéanamh nach dteigheann sé ar a dhíocas leis, má's ag feadghail féin é
 
Má theigheann sé siúd 'un díocais ceart leis an obair, ní bheidh aon-cheo di gan déanamh faoi cheann dhá lá
 
Teighidís le chéile anois má's breagh leo é. Tá mise sáruighthe ag déanamh réidhtigh ó a tháinic an oíche. Is mór an peacadh ó atá an oiread sin díocas orra go gcoinneochaí ó chéile iad