Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dul le
1.
+
Beidh sé ag dul le abhainn anocht (ag dul ar an abhainn ag saghdadh)
Chaith sé an lá ag dul suas agus anuas le abhainn (leis an abhainn. fc. somplaí: téigh go)
TUILLEADH (21) ▼
Chuaidh sé siar le claidhe
Gabh anonn le bóthar
Teirigh soir le cladach
Gabhfaidh mé ann le loch = gabhfaidh [mé] ins an áit a bhfuil mé ag dul le dhul le taobh na locha
An ndeachaidh sé le cladach le cupla oíche
Chuaidh mé le cladach ar maidin ag tóraidheacht raic (wrack)
Gabh suas le balla as sin
Chuaidh mise le balla agus chuaidh seisean ar colbh (i leabaidh)
Chuaidh siad siar le tórainn
An ndeachaidh tusa siar le sconsa an uair sin (leis an sconsa)
B'fhearr dhuit a dhul suas le bruach nó feicfidh sé tú
An ag dul le sruthán atá tú. 'Sé is fearr duit
Ní thú a chonnaic mé ag dul soir le céibh
Gabh anonn le uachtar
An ndeachaidh tú siar ó dheas le iochtar
Má tá tú ag dul le claise, ná fág aon-cheo bruimfhéir ann. Tá an giodán sin le claise (clais an tsrotha) an-tsalach
Chonnaic mé an bád ag dul siar le cloich (fc. cloch)
Chonnaic mé é ag dul suas le easca indiu
Sin é an áit a fheileas duit: a dhul le leachta. Tá an talamh sin deacair
Ná teirigh soir le cnocán annsin. Tá an áit faoi dhriseachaí agus faoi dheilgní ar fad.
Ná gabh síos le tráigh chor ar bith. Ní bhfuighidh tú a dhath annsin
2.
a.
+
Tá an bád ag dul le sruth = ag imeacht ins an bhfeacht
Má bhaineann tú maide (crann) ar bhruach na h-abhann, agus a chaith amach, gabhfaidh sé le sruth anuas go dtí an chara bheag agus féadfaidh tú a thógáil go deas annsin
TUILLEADH (3) ▼
Sin currach atá ag dul le sruth.
Níl annsin ach feamainn atá ag dul le sruth
Chuaidh sí le sruth orainn faoi thoildeona Dé
·
Chuaidh currach le gaoith annseo thiar aréir = d'imigh sí de'n chladach ag an taoille
Sin cuid de'n fheamainn atá ag dul le gaoith (fc. gaoth)
·
Tabhair aire dhuit féin ag dul le fánaidh. Níl na "brakes" sin thar mholadh beirte
Chuaidh sé le aill = thuit sé le aill; le fánaidh aille
b.
+
Ná leig de do mhaidí a dhul le sruth anois = ná leig aon-bhuille marbh in do ghnathaí
Tá airgead ag dul le gaoith annseo istigh = dhá chaitheamh go rabairneach nó go drabhlásach
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé imighthe le gaoith anois = an t-airgead caithte
3.
a.
+
Tá sé ag dul le buile = olc nó fearg air
Chuaidh sé le buile agus le báine (báinidhe) = tháinic olc agus rl. air; bhuail olc é
TUILLEADH (4) ▼
Gabhfaidh sé le dod má 'eireann (deir) tú é sin (fc. dod)
Rachaidh sí le cuthach (le gaoth na gcnoc) má chloiseann sí sin
Chuaidh sé le drabhlás = chuaidh sé chun drabhláis
Chuaidh sé le fán ar fad le goirid
b.
+
Tá sé ag dul le dlí = ag foghluim dlí; le slí bheatha a dhéanamh de'n dligheadóireacht agus rl.
Gabhfaidh sé le ceird = ag foghluim cheirde
TUILLEADH (11) ▼
Tá sé ag dul le ceird
Nach breagh nach ndeachaidh tú le ceird eicínt fadó, agus gan a bheith ag cur do shaoghail amú mar sin
Nach gann a chuaidh an saoghal air, má' sin í an cheird a ndeachaidh sé léithe faoi dheireadh
Tá 'chuile cheird cinnte ort anois. Meastú an ngabhfá le gadaidheacht nó le crochadóireacht. Dhá cheird ghnaoidheamhail go leor iad sin bíodh a fhios agad
B'fhearr dhó a dhul le scoil ná leis an gceird sin. Dheamhan lá foráis a chonnaic mé ar aon-duine ariamh a chuaidh le táilliúireacht: ag imeacht ag ól agus ag bruighin is chuil' áit — sin é a gceird
Chuaidh sé le gréasaidheacht idtosach, ach ghránuigh sé di sin, agus chuaidh sé le gaibhneacht annsin. An dá mhar a chéile an ball séire agus a ghiolla chreidim
Ní dheachaidh sé le figheadóireacht nó go raibh aois mhaith aige. Bhí na chúig bhliana fichead sáruighthe aige déarfainn
Is sean ins an saoghal nó go ndeachaidh sé le cneamhaireacht, ach ma ba shean fhéin, thug sé isteach ar chaill sé roimhe sin, marach gur cuireadh i bpríosún é
Sílim go rachaidh mé le bádóireacht ar fad.
Ghabhfadh an mac is óige le siúinéaracht — 'sé a raibh uaidh é — dhá bhfaghadh sé aon-ugach, ach sin rud nach bhfuair sé. B'fhearr leis an athair a bheith ag breathnú annsiúd orra ag leiciméaracht ná a gcur le ceird fhiuntach ar bith. Tá rud ar a shon aige anois
An uair a ghabh sé sin le "bacsáil" i dtosach ní raibh oiread priompalláin ann. Ach chaith sé léithe in a dheidh sin ariamh ó shoin
4.
+
Chuaidh sé leis = chuaidh sé ag troid (ag caraidheacht, ag dornáil agus rl.) leis
An bhfuil aon-mheas agad ort fhéin. B'fhearr dhuit a dhul liom.
TUILLEADH (6) ▼
Bhí siad líomhtha ceart a dhul le chéile, ach rinneadh eadarascán. Bhí a leigean le chéile, go bhfeicfí cé aca ab fhearr
Ní ghabhfaidh mise leis. Ní comórtas ar bith dhom é — fear atá dhá reamhrú le feoil 'chuile lá
"Anois b'fhéidir, is gearr go mbeidh a fhios cé hé searrach na deagh-lárach" adeir P. Ch. agus an bheirt ag tarraint ar a chéile agus ag cur gothadh troda orra féin. Ach ní ghabhfaidís le chéile in a dheidh sin. Bhí claonadh ag 'chaon duine aca ó'n gceann eile
Teighidís le chéile anois má's breagh leo é. Tá mise sáruighthe ag déanamh réidhtigh ó a tháinic an oíche. Is mór an peacadh ó atá an oiread sin díocas orra go gcoinneochaí ó chéile iad
Ghabhfainn leis muise, marach leisce a bheith orm a ghortú. Th'éis ar dhubhairt sé liomsa diabhal mé go bhfuil gnaoi agam air. Ba é an t-ól a chuir an deis air a bhí air
Teirigh leis, má tá an oiread sin fonn ort, agus ná bí ag sceaimhínteacht annsin i bhfad eile. Troid na mbó maol a bhéas ins an troid seo sílim
5.
+
Breagh má d'iarr sé thú nach ndeachaidh tú leis (ag obair)
Chuaidh mé lá leis (ag obair dó) annseo anuiridh ag baint fhataí, agus diabhal aithne a bhí air nach dom' íoc a bhí sé, bhí a laghad sin buidheachais aige orm. Beidh a shliocht air: beidh fiannaidheacht air shul a chuirfeas mise láighe i dtalamh aríst aige.
TUILLEADH (6) ▼
Nach diabhlaí nach rachadh sé leat má tá páighe ag teastáil uaidh, ach is fhearr leis ag imeacht ag leadaidheacht mar siúd
Nach dalba an mhaise dhó é. Bhí M. Ph. Mh. dhá iarraidh cupla lá leis an móin agus thairg sé seacht agus sé pighne ins an ló dhó, ach dheamhan a chos ná a chnáimh a ghabhfadh lá ná leiceann leis, mara bhfaghadh sé deich scilleacha ins an lá. "Is túisce a thiubharfadh an Diabhal leis thú ná a thiubharfainnse deich scilleacha dhuit" adeir M.
Chuaidh P. Sh. dhá lá leis ar son Dé, agus bhain sé naoi scilleacha ins an ló dhó (dhe). Tá breith a mbéil féin anois ag fir fánaighe
Ní rachadh aon-duine aca lá leat dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire agad, th'éis cúigear leoistí aca ann agus gan tada ó Dhia anuas ar a n-aire féin ach ag coinneál míoltógaí de na fuinneogaí
Bhí agad a theacht cupla lá liom ag baint choirrlighe. Fear breagh teangmháilte mar thusa nachar mhór le na liúrachaí siúd a thabhairt ó'n mbun.
Is mór an díol-truaighe í gan duine ar líon na gCríostaidhthe aice le súileoig fhataí a chur. Ba mhór an trócaire do bheirt nó triúr agaibh a dhul cupla lá léithe agus an póicín fataí siúd a chur di. Ní bheadh sib aon-chupla lá leis chor ar bith
6.
·
Chuaidh sé leis abhaile = d'imigh leis abhaile; shiubhail sé leis abhaile (imigh go h-iondamhail ins an leagan seo)
7.
+
Len a athair atá sé ag dul = d'aithneochthá as a athair é; tá sé ag dul i gcosamhlacht len a athair as a chruth agus a dheallradh; 'siad na bealaigh céadna atá leis agus atá leis an athair
Ní liomsa a chuaidh tú. Dhá mbadh eadh, ní thiocfá abhaile de'n aonach gan do dhóthain a bheith ólta agad. D'ól mé mo dhóthain agus thug Dia rud dom in a dheidh sin. Deir siad go dtugann sé do chroidhe a chaithte é. Le muintir do mháthar atá tú ag dul. Ní fhaca mé ariamh iad nach in a gcneagairí a bheidís, ní fhaca sin
TUILLEADH (11) ▼
Cé leis a bhfuil sé ag dul meastú. Déarfaidís seo gur liomsa é, ach feicthear dhom go bhfuil súile friochanta an athar aige agus an smig
Go deimhin duine ar bith a chonnaic an mháthair ariamh, is furasta aithinte dhó gur léithe atá sí ag dul: na mailí céadna agus an clab truisc céadna freisin
Le t'athair atá tú ag dul críochnuighthe. Tá cúl do chainte leat go díreach mar atá leis-sean.
Má theigheann tú le na C-e, beidh gnaoi na ndaoine ort. Ba lághach feilmheanach an dream ar chnoc agus ar chnocán ar bhóthar agus ar fhiodán iad ariamh, ní as ucht mise dhá rádh é
Níl a fhios agam cé leis a ndeachaidh tú chor ar bith le go mbeitheá in do fhleascach mar atá tú. Is deas puinteáilte an bhean í do mháthair, agus ní taise do t'athair é: tá sé sáthach gusamhail len a rogha gnatha a dhéanamh
Má theigheann sé len a shean-athair, beidh a dhóthain cóirí catha aige ar chuma ar bith
Is tú t'uncail déanta. Ní le duine ar bith eile atá tú ag dul ach leis! Sí an spágaireacht chéadna atá ag an gcupla agaibh bail ó Dhia oraibh, ó a chaithfeas mé é a rádh líb
D'eile cé leis a mbeadh sé ag dul ach le muintir a athar. Tá an braon mór ann bail ó Dhia air. Cuirfidh sé sin taobhach ar dhaoine ach a dteagaidh aois dó. Searradh bó (buadh?) agus biseach ort, a mhaicín!
Nar ba buil le Dia é a dhul len a shean-mháthair ar chaoi ar bith, mar b'olc í go ndéanaidh Dia grásta uirre
Dhá dteighinn leatsa, ní easba triollúis a bheadh orm ar chaoi ar bith
Ní dheachaidh S. Ph. Mh. le T. má bhí gaol féin aige leis = ní raibh siad ar aon-cháilíocht
8.
·
Tá tú ag dul ro-fhada ar fad leis an scéal (leis an gcaint, leis an magadh; leis an ealadhain agus rl.) anois = dhá leanacht ro-fhada; dhá chur i bhfad scéil; is gearr go gcuiridh sé fearg nó mí-thaithneamh ar dhaoine mara n-eirighidh tú as
9.
a.
+
D'fhéach sé sin féin ach ní dheachaidh leis = níor eirigh leis; chinn sé air a bheart nó a chúis a chur igcrích
Shíl sé an chréatúlacht a dhéanamh ach ní dheachaidh leis. Tapuigheadh in am é
TUILLEADH (9) ▼
Má ghníonn sé sin muise ní rachaidh leis. 'Leabharsa féin ní rachaidh.
Má chuaidh leis an uair sin ní rachaidh leis i gcomhnaí. Dhá fhad dhá dteigheann an madadh ruadh beirtear air ins an deireadh, in a dheidh sin
Chuaidh sé ar chneamhaireacht ag ceapadh nach mbraithfí é, ach ní dheachaidh leis. Rugthas air ina dheidh sin, agus chuaidh sé daor air
Is maith an scéal é nach ndeachaidh leis sin ar chaoi ar bith. Mharbhuigh sé a bhean: nach raibh sé follasach ag Feara Fáil. Níor thruaighe ar bith é, ná aonduine eile a dhéanfas a mhacsamhail de chleas
Is beag nach ndeachaidh leis an bhfear sin a chuir a bhean ins an tobar. Ach chionntuigh sé féin é féin in a dheidh sin. Dá fheabhas a mbíonn de phleaineannaí aca, fágann siad marach eicínt ar a gcuid cúrsaí i gcomhnaí. Marach go bhfágann: ní bheadh duine ar bith ins an tír ins an gcomhaireamh ceann. Bheadh 'chuile dhuine marbhuighthe ag duine eicínt eile
Ní dheachaidh leat a ghleacaidhe an babhta sin dhá imeartha thú. Shíl tú go raibh mise feidheartha agus go n-eireochadh cúig leat ar do dheich, ins an achar gearr. Is cosamhail nach miste leat faoi'n mbun árd, ach do chúig féin a fháil
Ní rachaidh leis muis nó is cinneamhaint ormsa é. Tá cupla "gíománach" agamsa ins na bólaí sin, agus níl agam ach an scéal a mheabhrú dhóib, agus ní chuideochaidh siad tada leis ach a dtosuighidh siad
Ní rachadh leo marach an chaoi a dtáinic an saoghal, agus gur áitigheamar féin a chéile. Bhí sé bruithte ar bhainne dhó agus gheobhadh sé a phasóid. Ach ar an dá luath agus ar eirigh "power" leis an dream eile thosuigh sé ag brughadh orra, agus ba ghearr go mbadh é togha an domhain aca é. Thastuigh a bhót agus a chuid airgid uatha, agus buaileadh cois ar an spiadóireacht. Is ait an mac an saoghal a dhearbhráthair mo chroidhe!
Is aigeanta an mhaise dhó é, ach ní rachaidh leis feadh agus mise T. a fheiceál. Deirimse leat go n-innseochaidh mise do T. cé hé féin agus céard a shíl sé a dhéanamh orainn. Dhéanfadh T. gar ar bith a d'fhéadfadh sé domsa
+
Chuaidh leis sáthach fada, ach ní bhíonn bóthar ar bith nach mbíonn casadh ann in a dheidh sin = d'eirigh leis; níor brathadh nó níor bacadh é (fc. somplaí — "ní dheachaidh leis" thuas. Is coitianta an leagan "ní dheachaidh leis" ná "chuaidh leis")
Chuaidh leat an "trip" sin, ach ní bhfuighidh tú ar do chomhairle féin mar sin i gcomhnaí é, ná dheamhan baoghal ort
TUILLEADH (3) ▼
Chuaidh léithe sáthach fada, ach rugthas uirre ins an deireadh dhá imeartha dá raibh sí
Rachaidh leis tamall, ach is maith an staic tamall. Ní bhíonn rud ar bith ach tamall
Chuaidh leis an-fhada leis an bpoitín, ach in a dheidh sin agus uiliog, tóigeadh é faoi dheireadh thiar. Is deacair a dhul uatha (ó na póilíos) i gcomhnaí
b.
·
Níl a fhios agam cé'n chaoi a ngabhfadh sé leis marach an t-ómós atá dhá bhean = cé'n chaoi a mbeadh an scéal aige
Is deacair a rádh cé'n chaoi a ngabhfadh sé leis marach go bhfuair an sean-fhear bás
c.
+
Tá sé ag dul righte (cruadh, déan, deacair, anróighteach agus rl.) liom cúis ar bith a dhéanamh anois = is ar éigin a fhéadaim agus rl.; is beag nach bhfuil sé ag cinnt orm agus rl.
Chuaidh sé go snaoim (snaidhm) an rópa leis nachar marbhuigheadh é = chuaidh sé rí-ghar dó
TUILLEADH (1) ▼
Chuaidh sé chois croidhe liom é a fheiceál ins an gcaoi sin, ach céard d'fhéadfainn a dhéanamh = chuir sé an-charghas orm

Féach freisin

dod
le