Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

cloch (100+)

 
Tá an scanrachán seo thoir ag dul sna céadéaga le obair. Nach dona na gnaithí atá air a bheith dhá chur fhéin thar a fhulaing mar sin. Sínfidh na clochair siúd leis, feicfidh tú féin air. Níl rud ar bith in ann fear a shníomh ach ag briseadh cloch.
 
Beidh daidhce air nó go bhfaighe sé daite é; agus gheobhaidh as a dheireadh. B'fhearr dhuit ag gabháil de chlocha ar do cheirteacha ná a bheith i gcleithiúnas a dhul ag baint aon cheart dó. Is fada atá sé ag rith leis, ach nuair a gheobhas sé é, gheobhaidh sé in éineacht é, agus is fada dhá thuaradh dó féin é
 
Ní daidhciúil go dtí é. Chonaic mé na gearrbhodaigh anseo thíos oíche. Bhí siad ag caitheamh cloch neart. Chaith seisean í chomh maith le duine. Bhí timpeall is troigh ag C. ar chuile dhuine eile dhá raibh ann. Chaith seisean trí nó ceathair de chuarta aríst, ach, má chaith féin, dar diagaí chinn air marc C. a chrinnt. D'fháisc sé air a sheaicéad a mhic ó agus seo leis suas an bóithrín le teann daidhce faoi gur bhuail C. é
 
Leagadh anuas dhá dhaigéad de dhá chloich i mínis (i bhfianais) an ghiúistís. 'Siad a chaith an bheirt thiar. Shílfeá nach éadáil mhór ar bith an t-amharc a thug duine acu ar na clocha. Ba mhó dhá fhonn a bhí air déarfá, breith uirthi agus a caitheamh aríst. Tháinig scéin sa ngiúistís
 
daigh
Daigh ghoile a theacht air siúd go deimhin! Tá coimpléasc aige siúd a leáfadh an chloch ghlas dhá dtugtaí dhó ina bhrúitín í. Is air, mo léan, nach mbeadh an mhairg. Chonaic mise ag ithe fataí fuar beithíoch cheana é
 
dáimh
Sin í an dáimh ghaoil nach fearrde mise mórán í. Deirimse leat má théimse ag iarraidh cloch mhine ar trust air ar maidin amárach, nach mórán maitheasa dhom a rá go bhfuil dáimh ghaoil agam leis
 
Tá breith daingean ag na clocha isteach ar a chéile. Is maith a cuireadh ar an scair iad, gan bhréig gan mhagadh
+
dairt
Is deas iad do chuid dairteachaí. Nach gruáin de chlocha atá tú a chaitheamh. Ní spóirt ar bith an tsúil a bhaint as duine
TUILLEADH (7) ▼
Níl neart ag duine a dhul an bóthar acu, nach bhfuil cluiche acu amuigh roimhe lena dhalladh le dairteachaí agus le clocha. 'Siad na húdair iad. Is maith an tógáil atá sé a thabhairt orthu — gan smacht gan ceannús ceann
Bhí mé ag teacht anoir as an oíche cheana agus ní fhaca tú aon ghábh ariamh mura ndeachaigh mé ann. Bhí a raibh de ghasúir uileag ar an mbaile faoi réir faoi mo chomhair ag bóithrín na bF. agus bhí mé do mo chaidhleadh le dairteacha acu, as sin anoir go dtí an gleann. Níor caitheadh cloch na méaróig liom gan doubt. Ó fuair mise an gó sin tharm, tiocfaidh uisce le fána aríst shula fheicfear mise aríst i mbaile Bh.
M'anam muise ó chuaigh sé ar chaitheamh na ndairteachaí go bhfeicfidh tú mura bhfágtar an caitheamh faoi fhéin ar fad go (gur) gearr gur ar chaitheamh na gcloch a thiocfas sé. Ní fhaca tú ó rugadh tú an té is lú acmhainn grinn ná é sin
Bheadh an scéal ceart go leor dá mbeifí taobh le dairteachaí a chaitheamh, ach seachain nár caitheadh clocha freisin. Ní thrustfainn A. Ní miste leis sin sa gcat mara é, ach duine eicínt a dhonú. Streille gáire a chuirfeas sé air fhéin ansin. Is olc na gnaithí atá ar dhream ar bith a thiocfas i gcleithiúnas a dhul ag déanamh spóirt san áit a mbeidh sé sin
Bhí sé chomh maith dhuit a bheith ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh le bheith ag iarraidh an chloch sin a phléascadh le ord. Púdar a theastaíos uaithi — obair dodhéanta é féachaint leis an gcloich sin a phléascadh le ord
Dhá dtéiteá ag caitheamh dairteacha anois leis an ngealaigh, nó ag gabháil de chlocha ar do cheirteachaí, ba somhaoiní dhuit é ná a cheapadh go mbaine tú beatha amach ar na cupla geadán breaclaí sin. Is maith an fáiteall broic iad, ach maidir le bheith ag ceapadh go ndéana muirín cúis orthu, gan teacht isteach ar bith eile thartu, tá sé fánach acu
Go dtuga Dia ciall duit! Caitheamh dairteachaí a bhí ansin … bhuel b'ionann is gurbh ea. Ach an t-achrann atá mise a rá; bhí dhá bhaile uileag amuigh. Ceann acu ar chaon taobh den alt siúd atá sa mbóthar taobh thiar d'Ard an Mh. Ba gheall le clocha sneachta iad na spallaí ag dul thart. Bhí mná agus gasúir freisin amuigh: chuile dhuine ó aois liath go leanbh ar na bailteachaí agus daigéad de chloch aige. Bhí muide ar an bhfoscadh tigh Gh. agus feiceáil againn ar fad air
 
dall 3
Bhí mé do mo dhalladh le clocha. Diabhal a leithide de cheathannaí! — do mo chaidhleadh; iad ag teacht orm an-tréan
 
Níor shéid aon oíche as aer ba mheasa ná í. Bhíodh sé ag dallacar chlocha sneachta chuile phointe, agus gaoth ann a bhearrfadh tú. Ní bhfuair mé mo dhóthain le déanamh ariamh ach a theacht abhaile an oíche sin
 
Is dona na gnaithí atá ort do do dhamnú féin le na seanchlochair sin, agus fios agat nach réiteodh na Fiannta Éireann iad, agus bídís ar an saol inniu. Ach níl aon chomhairleachan i ndán do chuid de na daoine, nó go bhfága an saol a shéala féin orthu. An bhfeiceann tú M. Ph. Sh. ansin thoir, agus é sníofa de bharr a bheith ag plé le clocha
+
danra
Chaith muid an bhliain ag achainí air an garraí thíos a chur. Bhí sé cóngarach agus soleasaithe. Dúrabhán atá ann agus ní iarrfadh sé ach daithín beag leasaithe le an-fhataí a thabhairt. Ach thug sé an chluais bhodhar dhúinn. An garraí seo thuas i mbarr an bhaile a bhí dhá chur thar bharr a chéille. An-dóigh fataí é, adeireadh sé. Níor chuir an t-aistear suas aon chúl air, ná an chréafóig chloch bheag a dteastaíonn riar maith uaithi lena leasú. Chuir sé é. Ní raibh ann ach screacháin (creacháin). Tabhair screacháin orthu. A chomhairle féin do mhac dhanra arsa tusa, agus ní bhfuair sé ariamh níos measa
TUILLEADH (4) ▼
Ag lánú i ngarraí beag N. atá mé na laethantaí seo agus is danra an obair sin. Ní mór duit a bheith ag priocadh i gcónaí, arae tá sé faoi chlocha ar fad. Bheadh ciall leathchlocha, ach gruáin mhóra mhillteacha atá ansiúd. Ba bheag na clocha a bhíodh i ngarraí N. chor ar bith fadó. Tá an talamh spíonta anois is cosúil
Tá muid in ainm is a bheith ag baint chloch sa gcoiléar sin thíos, ach go bhfóire Dia ar na clocha sin. Ní bheadh carr cloch bainte seachtain agat ann agus chomh danra agus atá an coiléar — na clocha dobhainte ann
Tá an fheamainn dubh atá againne in áit chomh danra agus a chonaic tú ariamh: thíos ar chúla an charracáin. Bealach chomh haistreánach é agus atá sa gcladach, ach níor chás dúinn é murach chomh hachrannach agus atá an roinn féin: clochair agus clocha gránna ar fad í. Dhá mbeadh crann ní ba mheasa ann, is againn a thitfeadh sé, ach beidh athroinnt ar an gcladach an bhliain seo chugainn le cúnamh Dé
Siúd é an féar atá danra ar a bhaint. Tá sé sínte as éadan agus driseacha caithrithe amach ann, agus maidir le faobhar, caithim é chur suas i chaon dara sracadh; arae tá sé brataithe le clocha. Is mé a bheadh sásta dá mbeinn dealaithe amach as. Diabhal mórán féir a bheas dhá bharr siúd
 
daol
Bhuel teagann daol oilc air scaití agus bíonn sé chomh corraithe sin agus go (gur) beag nach mbaineann sé lao as chuile bhó ar an mbaile. Sin é a bhealach. Ar an dá luath is a dtéann sé chun míneadais aríst, dheamhan duine go hiomaí is fheiliúnaí ná é. Bhainfeadh naíonán ceart dó. Dheamhan neart aige air. Sin é an chaoi a bhfuil sé. An té atá saor arsa tusa, caitheadh sé cloch
 
daor 1
Ní thiocfadh teach an-daor ort roimh an gcogadh dhá mbeadh clocha agus gaineamh agat féin
+
de
Chaith siad an lá ag gabháil de chlocha air
TUILLEADH (1) ▼
Níor tháinig iamh orthu ach dhá ghreadadh de chlocha
+
deacair 2
Céard a bhéarfadh an áit sin deacair? Ar ndóigh níl cloch bhuailte an iarainn ann!
TUILLEADH (3) ▼
Garraí dubhdheacair é siúd. Tá bonn cloch ar fad faoi
Tá sé chomh deacair leis an diabhal: fearbán agus broimfhéar agus bunannaí créachtachaí agus clocha
Tá an coiléar siúd an-deacair. Gruáin mhóra atá uileag ann … A ní raibh gair ar bith ag an gcoiléar thiar air siúd. Clocha reatha ar fad a bhí sa gcoiléar thiar
 
Fuair sé airgead mór ar an áit sin a dhéanamh. Is airgead mór é lena mheas mar sin, ach cár fhága tú an deachmaíocht ina dhiaidh sin. Tá sé réidh go leor cheithre mhíle punt a rá, ach ní bhfaighidh sé leithphínn dhe sin go mbeidh an chloch spideoige thuas aige, agus gan a fháil an uair sin fhéin ach a leath. Ní bhfaighidh sé an chuid eile nó go bpasálfaidh na hengineers é, agus b'fhéidir gur fada é sin. Dar brí an leabhair bhí costas freisin air
 
Ba é an lá deacrach dóibh an lá ar chuir siad cloch sa teach nua sin ariamh. Tá smál nó léan eicínt orthu ó shin
 
dealg
An bhfeiceann tú mac P. N. atá san easpaicil le dul chun bliana lena láimh. Is mór adéarfá dhá dtugadh duine tsiocair dhó féin, ach 'sé a raibh de shiocair aige sin é a bheith ag briseadh cloch le oirdín ansiúd in aice an tí. D'éirigh fleasc beag den chloich — fleasc a bhí chomh tanaí le lann scine. Bhuail sé sa láimh é. Níor chuir sé suim ar bith ann, mar níor fhuiligh sí féin air. Dheamhan oiread is cuimhniú a rinne sé air go ceann seachtaine aríst, nuair a shéid sí suas. Rinne sí bollóg le at. Sin é an uair a chuimhnigh sé ar na clocha. Chuaigh sé go dtí an dochtúr agus chuir sé san easpaicil ar an bpointe é, agus tá sé ann ó shin. Déarfá go mba fánach an tsiocair a bhí ag an duine bocht sin. Ach sin é. Níl lot ar bith nach mbeadh dealg chomh dona leis
 
Níl díol tí de chlocha ansin agat, hé brí céard a dhéanfas siad lena chur stór amháin
 
Chaith sé múr deannachtach aréir théis a dhul a chodladh dúinn: múr clocha sneachta. D'airigh mé ag clascairt ar na fuinneogaí iad. Diabhal a leithide de thormán!
 
Ní dhéanfaidh siad sin mórán cúis i gContae na Mí nó go mbeidh siad déanta ar an talamh agus ar an treabhadh. Agus is fada é sin. Is mór atá a fhios ag C. Sh. céard a bhaineas do chéachta go deimhin! Dá mba cloch a shínfí chuige agus rá leis go raibh duine de Chlainn Mhac C. ag teacht aníos an bóthar …
 
Bhí an dearcadóir thiar inniu ag an gcoiléar acu. Feicfidh tú clocha dhá réabadh anois
+
dearg 1
Má chloiseann sé choíchin gur tú a rinne é, diabhal bréag nach dtabharfaidh sé fút dearg é. Beidh an chloch sa muinchille aige i gcónaí dhuit
TUILLEADH (2) ▼
Cloch dhearg uileag atá sa mbóthar ó Chromghleann siar — clocha a bhfuil dath dearg orthu. Cineál eibhir
"Saighdiúirín dearg i mbarr an chrainn: cloch ina bholg agus maide ina dhroim" (sceachóire)
 
B'fhurasta a aithinte Tom. Bhí deargán de gheansaí air a d'fheicfeá míle ó láthair. Bhraith mé a ionsaí inniu faoi, ach lig mé tharam é ina dhiaidh sin. Ní fhágann sin nár thug mé le n-inseacht dó gur aithin mé é … Is dalba an rud a dhul ag caitheamh cith cloch le duine ar an gcaoi sin. Ní greann ar bith fear a dhonú
 
Ní le dea-rún ar bith a casadh an l. sin aniar inniu. Cuirfidh sé cloch báiteach sa mbaithis ag duine eicínt roimh thráthnóna. Is air nach bhfuil an mhoill
 
deas 1
Ba deas pointeáilte a chuir sé isteach an chloch sin
 
Tá triúr acu ag baint deatach as coirce thíos sa gcró. Sin iad na buachaillí agat nach mbeidh i gcleithiúnas meaisín ar bith, ach a bhuailfeas a gcuid coirce féin go gaelach mar a rinne na daoine ariamh é. Ach tá an iomarca den spreallaireacht anois ar thuilleadh le dornán a thógáil ina láimh agus bualadh na cloiche a thabhairt air. Chuile shórt dhá chur ar éascaíocht ar an saol seo. Sea i nDomhnach!
 
Cén sórt deidearún de mhac é siúd aige. Chonaic mé ag teacht aníos an lá cheana é agus bord na gcléibh de mheaingeals aige ar an asal. Bhí leatromadh i gceann de na cléibh. 'Cuir cloch sa gcliabh sin,' arsa mise, 'nó iontóidh an t-ualach.' Diabhal cur, ach a chloigeann a bhualadh sa talamh. Is gearr gur iontaigh an t-ualach. 'Cuir suas anois é,' arsa mise, 'más breá leat'
 
Mharaigh sé muic faoi Nollaig — ceann a bhí suas le chúig clocha déag meáchain ar a cois. Chuir sé oiread na fríde againn — díol béilí amháin. Níor dhéircí dhúinn é. Dar mo choinsias, níor chomaoin dó. Dheamhan ceo a bhí anseo ariamh nár roinneadh droimscoilte leis — nár roinneadh sin. Beidh a shliocht air: an rud céanna a dhéanamh leis aríst
 
Shíl sé deireadh a chur leat d'aon iarraidh. Dhá bhfaighteá an chloch, ní fhágfadh sí deoir in do chluais
 
deis
Is deacair deis spealadóireachta a fháil anois. Tá clocha faobhar ar a ghainne freisin chomh maith le spealta
 
Ba cheart duit an áit sin a dheisiú amach ceart: na clocha sin a bhaint, na logáin sin a líonadh agus crainnte a chur ann
 
dia 1
An bhfeiceann tú anois é sin dhá mharú fhéin ag tochailt idir leacrachaí ansin ag iarraidh fataí agus arbhar a shaothrú, agus mo chreach mhaidne na fataí agus an t-arbhar a bheas ansin. Tá faochain agus gliomaigh agus muiríní go barr bachall lena ais ansin amuigh, agus is mó a bheadh aige de bharr seachtaine leo, ná dhá gcaitheadh sé dhá lá a shaoil ag mianadóireacht sna clocha sin, ach is fhearr leis ag scríobadh leis an nganntan ina dhiaidh sin. Chreidim gur hiomaí duine ag Dia, agus nach ionann tréathra do chuile dhuine mar adeir siad
+
diaidh
Is fánach an tsiocair a bhí aige. Dheamhan blas ach iad a bheith amuigh ag déanamh spraoi i ngarraí atá ansiúd chois an bhóthair tráthnóna Domhnaigh. Bhí seisean ag rith, agus cuireann duine de na gearrbhodaigh — mac le P. É — cois roimhe. Caitheadh amach i ndiaidh a mhullaigh é, agus rug splinc cloiche a bhí aníos ar an talamh ansin air, slán an tsamhail. Níor mhair sé achar ar bith. Sin é an áit is éalangaí in do cholainn — an chamóig ara. Tá contúirt ar dhuine i gcónaí má fhaigheann sé priocadh ar bith ansin
TUILLEADH (1) ▼
Bun crainn a thruisleáil mé agus a chuir i ndiaidh mo mhullaigh isteach i gcrígh mé. Níor fágadh liobar leathair ná liobar éadaigh orm ach níor chás dom é agus a theacht chomh saor sin as. Tá an áit ar fad faoi bhunannaí crainnte agus faoi chlocha, agus is fánach an chaoi a bhfaigheadh duine drochthreascairt ann. Ní leithne an t-aer ná an timpiste adeir siad
 
Chuir sé chuile mhíle fear de na póilíos as an diallait le clocha
+
dian
Tá na clocha an-déan ar na carrannaí. Sníomhann siad uileag iad
TUILLEADH (1) ▼
Ba déan an chith chlocha sneachta í sin
 
Cinnfidh sé ar do dhícheall an chloch sin a ardú
 
Breá nach mbreathnaíonn tú romhat! Chuir tú suas na clocha sin nó gur mhill tú a raibh déanta agam féin. Níl ansin ach athobair anois. Tá tú ródhícheallach ar fad. Níl aon duine ag iarraidh do ghnaithí ort
 
Chuala mé go minic go raibh geis ar an gcnocán sin: go raibh sé síúil. Deir chuile dhuine go raibh rudaí dhá fheiceáil ann. Ach ní raibh géilliúint ar bith aigesean do chúrsaí den tsórt sin. Bhí rachmall an airgid air, agus chaith sé ina cheann teach nua a dhéanamh. Ní bheadh aon shásamh aige ann go ndéanfadh sé ar an gcnocán sin é, théis go raibh chuile dhuine ag cur aithne air gan drannadh leis. Más é an tAthair M. féin é — 'sé a bhí anseo an uair sin — chuala mé gur dhúirt sé leis go mbeadh sé in aiféala mura bhfágadh sé an cnocán agus a raibh ann lena n-anó féin. Ach ní raibh aon chomhairleachan ina chionn ó chuirfeadh sé roimhe rud a dhéanamh. Bhí sé chomh dána le múille. Réab sé an cnocán as a lúdrachaí ar aon nós, agus rinne sé an teach. Tá sé fuar folamh ansin ó shin, mar a fheiceas tú féin é. Dheamhan duine a chónaigh ariamh ann sílim. Maraíodh an mac shul má bhí sé déanta. Sách fánach a maraíodh é freisin. Ord a thit den scafall air. Buaileadh síos an iníon agus chaill sé an domhnaíocht airgid léithe, ach ní dhearna sí aon mhaith ariamh. Thit binn an tí go talamh shul má bhí sé réidh. Shílfeá go mba in é a dhóthain de thaispeánadh, ach chuaigh sé ina éadan as dúshlán in athuair. Ní fhaca sé an chloch spideoige ariamh air. Bhí sé ag déanamh créafóige. Ón lá ar thosaigh sé ag orlaíocht ar an gcnocán sin — shílfeá gur beith a bhí air é — níor fhan rud istigh ná amuigh aige nár tháinig an díleá air. D'imigh a raibh aige agus ar chruinnigh sé go crua — d'imigh sé ina ghlae ghlas. B'éigean don bhean agus don chuid eile den chlainn lascadh leo as ar fad sa deireadh. Bhí an díleá ar a gcuid os comhair a dhá súil. Níl a fhios agam an raibh an oiread acu agus a thug go G. iad. Má bhí, dheamhan tada leis é. Níl duine ar a shliocht inniu; i gcruthúnas nach ceart d'aon duine a dhul ag cur araoid ar an slua sí — diúltaí muide dhóibh agus fuagraímid dea-chomharsanacht orthu!
 
ding
Níl ansin ach clocha reatha. Ní clocha choiléir iad. Bhainfeá le gró agus geanntrachaí iad. Is breá seasúch (seasmhach) na clocha iad, dá mbeadh glac bainte dhíobh
 
dioc
Tá sí craptha ar a chéile ar fad anois agus dioc an fhuaicht uirthi, agus banlámh smaoise. Scrúdfadh sé na clocha a bheith ag breathnú uirthi ag dul síos lena ciseán ag piocadh faochan. Níl aon ghrá dia sa té a chuireas amach í — níl sin
+
Deirimse díocas leat. Shíl mé nuair a thug sé an chloch leis amach as an mballa go gcuirfeadh sé an teach dá lúdrachaí. Ar ndóigh is air nach mbeadh an mhairg sin fhéin a dhéanamh, dá mbuaileadh sé faoi
TUILLEADH (2) ▼
Ní raibh aon fhéith ina chorp nár chuir sé faoi dhíocas leis an gcloch a ardú, ach chinn air gaoth a thabhairt di ina dhiaidh sin. Chinn an chloch siúd ar bhuachaillí maithe, tá mé ag rá leat
Níl féith ná cnáimh sa gcapall nach bhfuil faoi dhíocas aige ó mhaidin ag cur na gclocha siúd in aer. Má fhaigheann sé cupla lá eile orthu, is gearr le dhul iad. Iarracht maith tarraingthe atá aige cheana féin orthu
+
díol 2
Ní fhéadfadh bád aeir tuirlingt in áit ar bith sa tír seo. Dhéanfaí spruánaí di ag na clocha. Níl a díol réitigh ann
TUILLEADH (1) ▼
Bhí N. thuas oíche agus ní bheadh aon sásamh aige ann mura dtéití ag caitheamh le M. — bhí sé imithe síos tigh T. Faoi dheireadh thiar thall chuaigh muid síos ar chúla na haille agus chaith muid cupla méaróg le M., ach caitheadh cith le N. Bhí sé thíos sa ngleainnín agus bhí caor thinte dhá bhaint as an gclaí lena ais. Ní raibh a dhul ar a chúl ná ar a aghaidh aige. Ní fhéadfadh sé a theacht aníos go dtí muide in aghaidh na gcloch, agus bhí M. taobh amuigh agus é ag iarraidh a theacht thar claí go maraíodh sé é ar bhun an cúig déag. Ar ndóigh sin é a raibh uainne. Ba é déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh an oíche sin ar chaoi ar bith
 
Tháinig díoltas Dé anuas ar an dream sin ar fad de bharr an chréatúlacht agus an spídiúlacht a thug siad do dhaoine bochta. Tá na caróga ag déanamh neadrachaí ina gcuid simléir inniu, agus gan cloch ar fhuaid a gcúirteanna, ach an féar ag fás ar a hall door
 
Ná cloiseadh duine ar bith thú ag caint faoi thalamh na tíre seo. Ní thabharfadh fear Achréidh a mbeadh geadán réasúnta chor ar bith aige deich triuf ar a bhfuil de thalamh istigh in do thír: diomalachaí. Níl neart ag duine a dhul amach ag baint claise láin nach ag mianadóireacht le clocha a chaithfeas tú an lá
 
díon 1
Cró concrete é agus hé brí cén sórt suaitheadh a thug sé don choncrete nó cén bealach a ndearna sé é, níl díon an deoir féin sna ballaí. Shoraidh dhó nach ndearna cró cloiche. B'fhearr balla fuar go fada ná é siúd. B'fhéidir go mbeadh sé buille fuar, ach bheadh sé tirim. Dheamhan fuar a bheadh dó ach an oiread dhá mbuailtí le bualtraigh bó é mar a ghníodh na daoine ariamh. Tá chuile intreacht ag teacht amach anois, ach níl ina leath ach ealaín le dallamullóg a chur ar dhaoine. Sin é an méid
 
Bhainfeá carraigín ar dhíthrá chuile rabharta ansin thíos, ach diabhal dosán ann anois. Crinneadh na clocha le cupla bliain. Níl a dhath orthu amach ón gcré anois
 
Tá ceann beag ag N. agus ní dhéanann sé suaimhneas ar bith ach ag diúgaireacht leis i gcónaí. Dar brí an leabhair, chuirfeadh sé carghas ort ag breathnú air. Dheamhan suim ar bith aici féin ann. Dúirt mise léithe é a thabhairt siar go bhfeicfeadh an dochtúr é. 'Dheamhan dochtúr muis,' adeir sí, 'ná cuid de dhochtúir. Bíodh sé ag diúgaireacht leis ansin agus a chead sin aige. Nuair a thogrós sé stopadh, stopfaidh sé. Níl cheal ar bith air. Daighean páiste sa tír a fuair a aire sin; ach aon mhaith amháin dom é.' Dheamhan cás ar bith aici ann. 'Sí nach bhfuil an scrupall inti. Shílfeá gurb é an chaoi a mbeadh sí gothúil go bhfaigheadh aon duine caidéis don pháiste, agus níl aon duine dhá bhfeicfeadh é nach gcaithfeadh caidéis eicínt a fháil dó. Scrúdfadh a chuid diúgaireachta na clocha glasa — scrúdfadh sin
 
Gheofá neart diúilicíní ansin thíos ar an Leic Pháirteach am ar bith san earrach ná sa samhradh. Chuala mé fear ag rá, nuair a bhíos sé ag tuile gur maith an dóigh breac fanacht caite i bpoll (an dorú a bheith caite ann), dhá mbeadh carraig nó leac in aice leis a bheadh faoi dhiúilicíní. Deir sé go dteagann na blátháin agus na ballaigh agus na troisc stopóige isteach ag ithe na ndiúilicíní. D'fheicfeá iad ag imeacht de na clocha leis an taoille tuile. Is minic a chonaic mé iad ag éirí de na clocha agus ag dul ag sirtheoireacht sa taoille. An bhfaca tú an oscailt bheag atá isteach ann. Le aghaidh beatha is dóigh é sin
 
Déan deabhadh anois má rinne tú ariamh é. Is gearr nach léir duit do láimh. Tá an lá ag diúltú dhá sholas cheana, agus níl siar ná aniar ann an tráth seo bhliain. Dhá mbeadh an lorry líonta againn ó sholas, níor chás dúinn é. Níl muid ag iarraidh fearacht Sh. Ph. Mh. a dhéanamh leis: spadalach agus scrathachaí agus clocha a thabhairt dó de shiúl oíche!
 
dlaoi
D'fheicfeá ag fás ina dhlaoitheannaí ar na clocha thíos sa gcladach é
 
Go dtuga Dia ciall duit! Tá caint ag muintir Shasana ar chuile shórt ach ar dhlisteanas. Sin é an chloch is faide siar ar a bpaidrín ar aon nós. Bí siúráilte dhó (dhe)
 
dlúth 1
"Ina uige — ina throisleáin — a bhíos an snáth théis an crann deilbh a fhágáil. Ina cheirtlíní a bhíos an t-inneach. Chuirfeadh an fíodóir an uige sa seol agus thosódh sé ag caitheamh an innigh air, nó go mbeadh na ceirtlíní ídithe. Mura mbeadh a dhóthain innigh ag an bhfíodóir, bheadh easnamh (/æsɴə/) ort, agus chaithfeá tuilleadh a fháil, hé brí cá bhfaightheá é. É a thógáil ó bhean eicínt … Inneach bán a chaitheamh ar dhlúth dubh, sin é an ceann easna. Dhá mbeadh dlúth agus inneach bán ann, sin é an flainín bán — ábhar drárannaí agus báiníní agus pluideannaí. Bíonn an t-inneach agus an dlúth dubh le dhá ghlas chaorach. Nó d'fhéadfá olann daite a chur ar bhán, le aghaidh treabhsair agus bheist. Daitear an dlúth agus an t-inneach le aghaidh seaicéid nó chasógaí. Chuiridís láib ar an dath leis an mbréidín dhubh a bhíos sna seaicéid thíre a dhathú. Dhá ndaiteá inneach le scraith chloch, agus oiread na fríde glas chaorach a chaitheamh thríd an dlúth, dhéanfadh sé éadach breá. Rinne mo mháthair culaith dhó dhom anseo uair. Bhainfeadh sé an solas as do shúile. Ní raibh aon bhean óg sa tír nach in mo dhiaidh a bhí nó go raibh sí caite! Ach caitheadh in aer an obair sin. Níl triúr ban istigh in do thír inniu atá in ann olann a dhathú. Níl a fhios acu céard a bhaineas dó" (Sliocht as cuntas faoi éadach ó Mháirtín Ó Cadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
 
dochar
Sin rud nach bhfuair aon dhuine ann féin ariamh a rá liomsa, go ndearna mé dochar ná díobháil do bheithíoch a bheadh aige. Ní dhearnas muis. Dhá mbeadh an chloch sa muinchille agam do dhuine, ní ar a bheithíoch a ghabhfainn dhá ídiú. D'ídeoinn air féin é
 
Dar fia tá gearradh sách dochrach uirthi. Ansin ar an ngrua, slán an tsamhail. Nuair a caitheadh den bhicycle in aghaidh an sconsa í, rug spiacán cloiche uirthi
 
docht 1
Sin é an chaoi a bhfuil sé sin go bhfóire Dia orainn! Rinne sé éagóir eicínt air fhéin ag ardú clocha isteach i gcarr ansin thiar cupla bliain ó shin, agus tá stopainn ar an uisce ó shin. 'Sé an chaoi a mbíonn sé aige, stopainn agus docht fuail gacha le seachtain
 
Is dócúlach an bealach ag capall é, is dócúlach sin. Shílfeá go dtiocfadh cúigear nó seisear acu le chéile, agus brat cloch agus scráib ghainimh a chur ar an seanbhóithrín siúd, thar is a bheith ag breathnú air agus é caite go grinneall mar atá sé
 
A muise a mhuirnín, má théann tú siar go R. Mh. gabhfaidh tú ag brú ar an doicheall. Thug an tincéara fhéin a mhallacht dó: ceathrú cloch fhataí a bhí aige théis soláthar trí lá, agus ina cheann sin, goideadh an sádar (solder) uaidh. Nach gann a chuaigh an saol orthu go mb'éigean dóibh a dhul ag fiachadh ar an tincéara. Ach cén neart a bhí acu air. Ar ndóigh níl ní dhár dhealbh an ghrian ann ach breaclachaí agus clochair
+
dóigh 1
Boss réidh go leor é. Mura bhfeiceadh sé thú ag déanamh dóighe den scéal ar fad ní abródh sé tada. Bhí mé féin agus M. Bh. ansin thiar anuraidh ag baint chlocha reatha i ngarraí D. Shuigh muid síos agus na piocóideachaí caite uainn againn. Diabhal easna dhó nár théaltaigh aniar, agus ní fhaca muid ariamh ariamh é, gur rug sé ceart críochnaithe orainn. Meas tú céard a rinne sé: a dhroim a thabhairt dúinn ar an toirt … Chaithfeadh sé T. Mh. a bhriseadh. Rinne sé sin dóigh dhó (dhe) amach is amach. Fear ar bith a leagadh an bara uaidh os a choinne agus a chuireadh péire uillinneachaí air fhéin ag dradaireacht le chuile bhean a théadh thart an bóthar
TUILLEADH (3) ▼
Ba mhaith an dóigh gáirí dhuit a theacht ag éisteacht leis oíche eicínt, má bhíonn sé i ngiúmar (humour). Tá scéalta aige a bhainfeadh gáire as na clocha. Ach má bhíonn múisiam ná dobrón ar bith air, ní bhfaighidh tú smid ná smeaid uaidh
D'fhéadfá a rá gur maith an dóigh é: gabháltas mór talúna agus gan cloch bhuailte an iarainn istigh ar a fhuaid. Tá airgead tirim ag an mbuachaill sin freisin, cheapfainn
D'iarr sé braon fíona mar dhóigh dhe nach bhfuil sé ag ól, agus go n-ólfadh sé an chloch íochtair de Ghaillimh. Ach bhí leisce air a ól os comhair an tseanlánúin ina dhiaidh sin. Ach ba aon chás amháin dó é. Is maith atá a fhios acu sin céard is cor dó
+
dóigh 3
Má tá sé tite féin, is liom na clocha. Chuala tú ariamh é: má dhóitear an teach, is le bean an tí an luaith
TUILLEADH (1) ▼
Seo é "Riocairdín" anois. Cuir na clocha péire sa gcrúib oscailte agus lioc anuas na méarachaí roinnt. Anois caith suas uileag iad, agus iontaigh do láimh agus tóg iad ar chúl do láimhe. Mura gcoinní tú ceann, beidh tú dóite (beidh tú as)
 
Ní thaitneodh an ceann céanna chor ar bith liom. Tá an iomarca cóirí catha aige agus é ródhóighiúil as féin ar fad. Labhair mé leis an lá faoi dheireadh faoi shaor cloiche eicínt a thabhairt ag breathnú ar an mballa siúd atá sé a dhéanamh. Ba suarach an blas a bhí aige orm faoi go gcuimhneoinn ar a leithide de rud. 'Cén chúram saoir atá orm,' arsa seisean. 'Nach bhfuil mé féin in ann balla a dhéanamh chomh maith le saor ar bith'
 
dol 1
Bail ó Dhia ort, níor íoc mé an chéad dola féin fós i mbliana, ní hé amháin an dara dola a íoc. 'Sé an cíos céanna an chloch is faide siar ar mo phaidrín. Cuiridís an sirriam agam más breá leo, agus cuiridís as an tseilbh mé. Is beag sin agam. Maidir lena mbuachfaidh duine ar bith ar thalamh sa saol atá ann, 'sé cuid an bheagáin é
+
An claí dólámhach atá tú ag brath air a dhéanamh ansin? Cén tsomhaoine dhuit thú féin a mharú leis. Nach bhfuil a fhios agat gur gearr go mbainfidh tú stangadh asat féin le na clocha móra sin, mura nglaca tú t'ionú nó go bhfaighe tú cúnamh. M'anam nach ceird do dhuine a bheith ina scanrachán mar sin
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé ag déanamh bóthair dólámhach isteach sna garrantaí thoir. Má tá féin, ní gan í gan ó é. Tá clocha i dtalamh ansiúd agus ní bhainfidh a cheann fine iad. Ach beidh sé siúd ag tuineadh leo nó go gcuire sé as ar uain nó ar éigean iad. Tá sé an-dúshlánach nuair a chaitheas sé rud ina chloigeann
 
domhain 1
Is beag an domhain chor ar bith atá sa ngarraí thiar. Tá an chloch leis i chuile áit ann
 
dona
Is dona atá mé deich gclocha, agus gan a bheith dhá chloich dhéag
 
Fhóbair tú mé a dhonú a scabhaitéirín. Nach bhfuil a fhios agat mura scoire tú de chaitheamh na gcloch go mbainfidh tú an tsúil as duine eicínt. Cén bhail a bheas ort ansin?
 
An bhfeiceann tú an áit a bhfuil dónaillín istigh faoin gcloich. Ní fiú duit a dhul ag fiachadh air. Níl sprúille ar bith éisc air sin. Triáil na clocha sin. B'fhéidir go gcasfaí iascán fúthu (dónaillín: portán beag bídeach sa gcás seo. Is minic a tugtar ar phortáin ríbheag é)
 
Dhorchaigh sé go mór le ceathrú uair. Ach níl aon mhoill ar an tráthnóna an tráth seo bhliain. "Tráthnóna fómhair nó bheith ag caitheamh clocha i bpoll móna"
+
Ní scaoiltear na criosanna de na dornáin chor ar bith leis an meaisín buailte seo ach a ngearradh le scian nó le corrán. Céad slán don tsaol a mbuaileadh muid na dornáin ar an clocha. Nach ann a bhíodh an spraoi dhá scaoileadh agus ag déanamh punannachaí dhóibh (dhíobh)
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan roinnt punann ná dornán eatarthu, agus mura bhfuil féin, ní beo iad gan a bheith ag sciolladóireacht ar a chéile chuile ré solais. Sílim gur faisean é a thugas daoine faoi deara dóibh féin. Bhainfeadh cuid de na daoine troid as na clocha
+
dorú
Dorú marbh a bhí aige. Deile. Ar ndóigh níl tú ag ceapadh gur dorú cloiche a bhí aige amuigh ar an meath mhóir. Is barrúil an t-iascaire a dhéanfása
TUILLEADH (1) ▼
Níl a fhios agamsa nárbh é an dorú marbh ab fhearr leis an iascach carraige fhéin ar na corachaí domhaine sin. Tugann na clocha go tóin iad, agus dheamhan breac ar bith a chothaíos na poill dhomhaine sin an tráth seo bhliain ar chaoi ar bith. Ag rith idir dhá uisce go barr cladaigh a bhíos siad