Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

cloch (100+)

 
Tá an scanrachán seo thoir ag dul ins na céad-déaga le obair. Nach dona na gnaithí atá air a bheith dhá chur fhéin thar fholann mar sin. Sínfidh na clochair siúd leis, feicfidh tú féin air. Níl rud ar bith indon fear a shníomh, ach ag briseadh cloch.
 
Beidh daighce air nó go bhfaghaidh sé daithte é; agus gheobhaidh as a dheire. B'fhearr dhuit ag gabhail de chlocha ar do cheirteacha ná a bheith igcleitheamhnas a dhul ag baint aon-cheart dó. Is fada atá sé ag rith leis, ach an uair a gheobhas sé é, gheobhaidh sé in aoinfheacht é, agus is fada dhá thuaradh dó féin é
 
Ní daighceamhail go dtí é. Chonnaic mé na gearrbhodaigh annseo thíos oiche. Bhí siad ag caitheamh clo' neart (cloch). Chaith seisean í cho maith le duine. Bhí timcheall agus troigh ag C. ar 'chuile dhuine eile dhá raibh ann. Chaith seisean trí nó ceathair de chuarta aríst, ach, má chaith féin dar diaguidhe chinn air marc C. a chrínnt (chreinnt). D'fháisc sé air a shaicéad a mhic ó agus seo leis suas an bóithrín le teann daighce faoi gur bhuail C. é
 
Leagadh anuas dhá dhaigéad de dhá chloich i miainis (i bhfiaidhnis) an ghiúistis. 'Siad a chaith an bheirt thiar. Shílfeá nach éadáil mhór ar bith an t-amharc a thug duine aca ar na clocha. Ba mhó dhá fhonn a bhí air déarfá, breith uirre agus a caitheamh aríst. Tháinic scéin ins an ngiúistís
 
daigh
Doigh ghoile a theacht air siúd go deimhin! Tá coimpléasc aige siúd a leághfadh an chloch ghlas dhá dtugtaí dhó in a bhrúightín í. Is air mo léan nach mbeadh an mhairg. Chonnaic mise ag ithe fataí fuar beithidheach cheana é
 
dáimh
Sin í an dáimh ghaoil nach fearrde mise mórán í. Deirimse leat má theighimse ag iarraidh cloch mhine ar trust air ar maidin ambáireach, nach mórán maitheasa dhom a rádh go bhfuil dáimh ghaoil agam leis
 
Tá breith daingean ag na clocha isteach ar a chéile. Is maith a cuireadh ar an scair iad, gan bhréig gan mhagadh
+
dairt
Is deas iad do chuid dairteachaí. Nach gruadháin de chlocha atá tú a chaitheamh. Ní spóirt ar bith an tsúil a bhaint as duine.
TUILLEADH (7) ▼
Níl neart ag duine a dhul an bóthar aca, nach bhfuil cluiche aca amuigh roimhe, len a dhalladh le dairteachaí agus le clocha. 'Siad na h-údair iad. Is maith an tógáil atá sé a thabhairt orra — gan smacht gan ceannús ceann
Bhí mé ag teacht anoir as an oíche cheana, agus ní fhaca tú aon-ghábh ariamh mar a ndeacha mé ann. Bhí a raibh de ghasúir uiliog ar an mbaile faoi réir faoi mo chomhair ag bóithrín na bF. agus bhí mé do mo chaidhleadh le dairteacha aca, as sin anoir go dtí an gleann. Níor caitheadh cloch na miarthóig (méaróg) liom gan "doubt". Ó a fuair mise an gó sin tharm, tiocfaidh uisce le fánaidh aríst shul (d)á fheicfear mise aríst i mbaile Bh.
M'anam muise ó a chuaidh sé ar chaitheamh na ndairteachaí go bhfeicfidh tú mara bhfágtar an caitheamh faoi fhéin ar fad go (gur) gearr gur ar chaitheamh na gcloch a thiocfas sé. Ní fhaca tú ó rugadh tú an té is lugha acmhuinn grinn ná é sin.
Bheadh an scéal ceart go leor dá mbeithí taobh le dairteachaí a chaitheamh, ach seachain nar caitheadh clocha freisin. Ní thrustfainn A. Ní miste leis sin ins an gcatmara é, ach duine eicínt a dhonú. Streille gáire a chuirfeas sé air fhéin annsin. Is olc na gnaithí atá ar dhream ar bith a thiocfas i gcleitheamhnas a dhul ag déanamh spóirt ins an áit a mbeidh sé sin
Bhí sé cho maith dhuit a bheith ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh le bheith ag iarraidh an chloch sin a phléascadh le ord. Púdar a theastuigheas uaithe = obair do-dhéanta é féachaint leis an gcloich sin a phléascadh le ord
Dhá dteightheá ag caitheamh dairteacha anois leis an ngealaigh, nó ag gabhail do chlocha ar do cheirteachaí, ba samhaoinighe dhuit é ná a cheapadh go mbainidh tú beatha amach ar na cupla giodán breaclaighe sin. Is maith an fáiteall bruic iad, ach maidir le bheith ag ceapadh go ndéanaidh muirín (muirghín) cúis orra, gan teacht isteach ar bith eile tharta tá sé fánach aca
Go dtugaidh Dia ciall duit! Caitheamh dairteachaí a bhí annsin … bhuel b'ionann agus gurbh eadh. Ach an t-achrann atá mise a rádh; bhí dhá bhaile uiliog amuigh. Ceann aca ar chaon taobh de'n alt siúd atá ins an mbóthar taebh thiar d'Ard an Mh. Ba gheall le clocha sneachta iad na spalaí ag dul thart. Bhí mná agus gasúir freisin amuigh: 'chuile dhuine ó aois liath go leanbh ar na bailteachaí agus daigéad de chloch aige. Bhí muide ar an bhfascadh tigh Gh. agus feiceál againn ar fad air
 
dall 3
Bhí mé do mo dhalladh le clocha. Diabhal a leithide de cheathannaí! = do mo chaidhleadh; iad ag teacht orm an-tréan
 
Níor shéid aon-oíche as aer ba mheasa ná í. Bhíodh sé ag dallacar chlocha sneachta 'chuile phuinte, agus gaoth ann a bhearrfadh tú. Ní bhfuair mé mo dhóthain le déanamh ariamh ach a theacht abhaile an oíche sin
 
Chuir siad an dalladh mullóg críochnuighthe air, lá agus gur fhéad siad an ágóid sin a bhualadh thall air. Ara tá aois chapall na muintire aice siúd, agus má bhí scór punt spré aice ba é a cloch neart é. Dheamhan sciúrtóg thairis a bhí aice ar chuma ar bith
 
Is dona na gnaithí atá ort do do dhamnú féin le na sean-chlochair sin, agus fios agad nach réidhteochadh na Fiannta Éireann iad, agus bídís ar an saoghal indiu. Ach níl aon-chomhairleachan indán do chuid de na daoine, nó go bhfágaidh an saoghal a shéala féin orra. An bhfeiceann tú M. Ph. Sh. annsin thoir, agus é sníomhtha de bharr a bheith ag plé le clocha
+
danra
Chaith muid an bhliain ag athchuinghe air an garrdha thíos a chur. Bhí sé comhgarach agus so-leasuighthe. Dubhrabhán atá ann agus ní iarrfadh sé ach daithín beag leasuighthe le an-fhataí a thabhairt. Ach thug sé an chluais bhodhar dhuinn. An garrdha seo thuas i mbarr an bhaile a bhí dhá chur thar bharr a chéille. An-dóigh fataí é, adeireadh sé. Níor chuir an t-aistear suas aon-chúl air, ná an chreafóig chloch bheag a dteastuigheann riar maith uaithe len a leasú. Chuir sé é. Ní raibh ann ach scriocháin (creacháin). Tabhair scriocháin orra. A chomhairle féin do mhac dhanra arsa tusa agus ní bhfuair sé ariamh níos measa
TUILLEADH (4) ▼
Ag lánú ingarrdha beag N. atá mé na laetheantaí seo agus is dan(d)ra an obair sin. Ní mór duit a bheith ag priocadh i gcomhnuí, arae tá sé faoi chlocha ar fad. Bheadh ciall leath-chlocha, ach gruadháin mhóra mhillteacha atá annsiúd. Ba bheag na clocha a bhíodh i ngarrdha N. chor ar bith fadó. Tá an talamh spíonta anois is cosamhail
Tá muid in ainm agus a bheith ag baint chloch ins an gcoiléar sin thíos, ach go bhfoiridh Dia ar na clocha sin. Ní bheadh carr cloch bainte seachtain agad ann agus cho dan(d)ra agus atá an coiléar. = na clocha do-bhainte ann
Tá an fheamuinn dubh atá againne in áit cho danra agus a chonnaic tú ariamh: thíos ar chúla an characáin. Bealach cho h-aistreánnach é agus atá ins an gcladach ach níor chás duinn é marach cho h-achrannach agus atá an roinn féin: clochair agus clocha gránna ar fad í. Dhá mbeadh crann ní ba mheasa ann, is againn a thuitfeadh sé, ach beidh aithroint ar an gcladach an bhliain seo chugainn le congnamh dé
Siúd é an féar atá danra ar a bhaint. Tá sé sínte as éadan agus driseacha cairthighthe amach ann, agus maidir le faobhar, caithim é chur suas is' chaon dara sracadh; arae tá sé bratthuighthe le clocha. Is mé a bheadh sásta dá mbeinn dealuighthe amach as. Diabhal mórán féir a bhéas dhá bharr siúd
+
daol
Bhuel teagann daol uilc air scaithtí agus bíonn sé cho corruighthe sin agus go (gur) beag nach mbaineann sé laogh as 'chuile bhó ar an mbaile. Sin é a bhealach. Ar an dá luath agus a dteigheann sé 'un míneadais aríst dheamhan duine go h-iomaoi is fheilmheanaighe ná é. Bhainfeadh naoidhneán ceart dó. Dheamhan neart aige air. Sin é an chaoi a bhfuil sé. An té atá saor arsa tusa caithead sé cloch
TUILLEADH (1) ▼
Má theangmhuigheann daol leis siúd is maith gasta a bheidheas sé ag tabhairt an tsráid amach do Mh. Ní rachainn faoi dhuit go gcaithfidh sé oíche Nodlag seo chugainn faoi shógh ann choidhchin. Má chaitheann, 'sé a chloch-neart é
 
daor 1
Ní thiocfadh teach an-daor ort roimh an gcogadh dhá mbeadh clocha agus gaineamh agad féin
+
de
Chaith siad an lá ag gabhail de chlocha air
TUILLEADH (1) ▼
Níor tháinig iadhadh orra ach dhá ghreadadh de chlocha
+
deacair 2
Céard a bhéarfadh an áit sin deacair? 'Ar ndú' níl cloch-bhuailte an iarainn ann!
TUILLEADH (3) ▼
Garrdha dubh-dheacair é siúd. Tá bonn cloch ar fad faoi
Tá sé cho deacair leis an Diabhal: fearbán agus bruimfhéar agus bunannaí créachtachaí agus clocha
Tá an coiléar siúd an-deacair. Gruadháin mhóra atá uiliog ann … A ní raibh goir ar bith ag an gcoiléar thiar air siúd. Clocha reatha ar fad a bhí 'san gcoiléar thiar
 
Eirigheadh muid as. Cé'n mhaith dhuinn a dhul ag cur a(r) gcuid alluis ag priocadh leis an áirdín clochach sin, agus ní bheidh leath-chloch fataí choidhchin air. Fág annsin ag an deachma é, i dtigh diabhail. Má thogruigheann an dream a thiocfas in a' ndiaidh se'againne é a romhar oibrigheadh leo, ach díthcéille dhuinne a dhul dhá dhéanamh. Dearg-dhíthcéille
 
Fuair sé airgead mór ar an áit sin a dhéanamh. Is airgead mór é len a mheas mar sin, ach cár fhága tú an deachmaíocht in a dheidh sin. Tá sé réidh go leór cheithre mhíle punt a rá, ach ní bhfuighidh sé leithphínn dhe sin go mbeidh an chloch spideóige thuas aige, agus gan fháil an uair sin fhéin ach a leath. Ní bhfuighidh sé an chuid eile nó go bpasálfaidh na "h-engineers" é, agus b'fhéidir gur fada é sin. Dar brí an leabhair bhí costas freisin air
 
Ba é an lá deacrach dóib an lá ar chuir siad cloch 'san teach nuadh sin ariamh. Tá smál nó léan eicínt orra ó shoin.
 
dealg
Bhfeiceann tú Mac P. N. atá ins an aspuicil le dul 'un bliana len a láimh. Is mór adéarfá dhá dtugadh duine tsiocair dhó féin, ach 'sé a raibh de shiocair aige sin é a bheith ag briseadh cloch le oirdín annsiúd in aice an tighe. D'eirigh fleasc beag de'n chloich — fleasc a bhí cho tanuidhe le lann scine. Bhuail sé ins an láimh é. Níor chuir sé suim ar bith ann, mar níor fhuiligh sí féin air. Dheamhan oiread agus cuímniú a rinne sé air go ceann seachtaine aríst, an uair a shéid sí suas. Rinne sí bulóg le at. Sin é an uair a chuimhnigh sé ar na clocha. Chuaidh sé go dtí an dochtúr agus chuir sé ins an aspuicil ar an bpuínte é, agus tá sé ann ó shoin. Déarfá go mbadh fánach an tsiocair a bhí ag an duine bocht sin. Ach sin é. Níl lot ar bith nach mbeadh dealg cho dona leis
 
Níl díol tighe de chlocha annsin agad hébrí céard a dhéanfas siad len a chur stór amháin
 
Chaith sé múr deannachtach aréir th'éis a dhul a chodladh dúinn: múr clocha sneachta. D'airigh mé ag clascairt ar na fuinneogaí iad. Diabhal a leithide de thormán!
+
Ní dhéanfaidh siad sin mórán cúis i gConndae na Midhe nó go mbeidh siad déanta ar an talamh agus ar an treabhadh. Agus is fada é sin. Is mór atá a fhios ag C. Sh. céard a bhaineas do chéachta go deimhin! Dá mbadh cloch a shínfí chuige agus rádh leis go raibh duine de Chloinn Mhac C. ag teacht aníos an bóthar …
TUILLEADH (1) ▼
Chuala mé go raibh siad déanta len a bhás. Nach diabhlaí sin, agus gan ann ach fear óg. Má tá sé dhá scór, 'sé a chloch-neart é. Níl sé lá ná leiceann thairis
 
Bhí an dearcadóir thiar indiu ag an gcoiléar aca. Feicfidh tú clocha dhá réabadh anois
+
dearg 1
Má chloiseann sé choíchin gur tú a rinne é diabhal bréag nach dtiúrfaidh sé fút dearg é. Beidh an chloch san muinchille aige i gcomhnaí dhuit
TUILLEADH (2) ▼
Cloch dhearg uiliog atá san mbóthar ó Chruimghleann siar = clocha a bhfuil dath dearg orra. Cineál eibhir
"Saighdiúirín dearg i mbarr an chrainn: cloch in a bholg agus maide in a dhruim" (sciochóire)
 
B'fhurasta aithinte Tom. Bhí deargán de gheansaí air a d'fheicfeá míle ó láthair. Bhrath mé a ionnsuidhe indiu faoi, ach leig mé tharm é in a dheidh sin. Ní fhágann sin nar thug mé len innseacht dó gur aithin mé é … Is dalba an rud a dhul ag caitheamh cith cloch le duine ar an gcaoi sin. Ní greann ar bith fear a dhonú.
 
Ní le deárún ar bith a casadh an l. sin aniar inniu. Cuirfidh sé cloch báiteach san mbaithis ag duine eicínt roimh thráthnóna. Is air nach bhfuil an mhoill
 
deas 1
Ba deas puínteáilte a chuir sé isteach an chloch sin
 
Tá triúr aca ag baint deatach as coirce thíos ins an gcró. Sin iad na buachaillí agad, nach mbeidh i gcleitheamhnas "meaisín" ar bith ach a bhuailfeas a gcuid coirce féin go gaedhealach mar a rinne na daoine ariamh é. Ach tá an iomarca de'n spreallaireacht anois ar thuilleadh le dornán a thógáil in a láimh agus bualadh na cloiche a thabhairt air. Chuile shórt dhá chur ar éascaidheacht ar an saoghal seo. 'Seadh inDomhnach!
 
Cé'n sórt deidiorún de mhac é siúd aige. Chonnaic mé ag teacht aníos an lá cheana é agus bord na gcléibh de "mhaingiols" aige ar an asal. Bhí leathtromadh i gceann de na cléibh. "Cuir cloch 'sa gcliabh sin" arsa mise "nó ionntóchaidh an t-ualach." Diabhal cur, ach a chloigeann a bhualadh sa talamh. Is gearr gur ionntaigh an t-ualach. "Cuir suas anois é" arsa mise "má's breagh leat"
 
Mharbhuigh sé muic faoi Nodlaig — ceann a bhí suas le chúig clocha déag meadhchain ar a cois. Chuir sé oiread na fríde againn — díol béilí amháin. Níor dhéircighe dhuinn é. Dar mo choinsias níor chumaoin dó. Dheamhan ceo a bhí annseo ariamh nachar roinneadh druimscoilte leis — nachar roinneadh sin. Béidh a shliocht air: an rud céadna a dhéanamh leis aríst
 
Shíl sé deireadh a chur leat d'aon-iarraidh. Dhá bhfaighteá an chloch, ní fhágfadh sí deoir in do chluais
+
deis
Is deacair deis spealadóireacht' a fháil anois. Tá clocha faobhar ar a ghainne freisin cho maith le spealta
TUILLEADH (1) ▼
Ghabhfadh sí thart ar an mbóthar anois gan beannú duit. Tá sí an-mhór innte féin i gcomhnaí, té (cé) nach mórán le cois na sláinte atá aice anois. Má tá sí indon snáth a choinneál faoi'n bhfiacail, 'sé a cloch-neart é. Ach tá an onóir innte in a dheidh sin — an onóir gan deis
 
Ba cheart duit an áit sin a dheisiú amach ceart: na clocha sin a bhaint, na logáin sin a líonadh agus crainte a chur ann
 
dia 1
'Bhfeiceann tú anois é sin dhá mharú fhéin ag tochailt idir leacrachaí annsin ag iarraidh fataí agus arúr a shaothrú, agus mo chreach mhaidne na fataí agus an t-arúr a bhéas annsin. Tá faochain agus gliomaigh agus muiríní go barr-bachall len ais annsin amuigh, agus is mó a bheadh aige de bharr seachtaine leo, ná dhá gcaitheadh sé dhá lá a shaoil ag mianadóireacht sna clocha sin, ach is fhearr leis ag scríobadh leis an ngántann in a dheidh sin. Chreidim gur h-iomdha duine ag Dia, agus nach h-ionann tréartha do 'chuile dhuine mar deir siad
+
diaidh
Is fánach an tsiocair a bhí aige. Dheamhan blas ach iad a bheith amuigh ag déanamh spraoi ingarrdha atá annsiúd chois an bhóthair trathnóna Domhnaigh. Bhí seisean ag rith, agus cuireann duine de na gearr-bhodaigh — mac le P. É — cois roimhe. Caitheadh amach indiaidh a mhullaigh é, agus rug splinnc cloiche a bhí aníos ar an talamh annsin air, slán an tsamhail. Níor mhair sé achar ar bith. Sin é an áit is éalannaighe in do cholainn — an chamóig ara. Tá contabhairt ar dhuine i gcomhnaí, má fhaghann sé priocadh ar bith annsin
TUILLEADH (1) ▼
Bun crainn a thruisleáil mé agus a chuir in diaidh mo mhullaigh isteach i gcrích mé. Níor fágadh liobar leathair ná liobar éaduigh orm ach níor chás dom é agus a theacht cho saor sin as. Tá an áit ar fad faoi bhunannaí crainnte agus faoi chlocha, agus is fánach an chaoi a bhfuigheadh duine droch-threascairt ann. Ní leithne an t-aer ná an timpiste adeir siad
 
Chuir sé 'chuile mhíle fear de na póilíos as an diallaid le clocha
+
dian
Tá na clocha an-déan ar na carrannaí. Sníomhann siad uiliog iad
TUILLEADH (1) ▼
Ba déan an chioth chlocha sneachta í sin
 
Cladach díbeartha é. Tá sé ar aghaidh na righteachta ceart. Badh é do chloch neart seasamh ann lá geimhridh. D'fhuadóchadh an sinneán de do bhonnaidheachaí thú. Dheamhan thairis sin de ghaisce insan samhradh féin é
 
Cinnfidh sé ar do dhicheall an chloch sin a árdú
 
Breagh nach mbreathnuigheann tú romhat! Chuir tú suas na clocha sin nó gur mhill tú a raibh déanta agam féin. Níl annsin ach ath-obair anois. Tá tú ro-dhicheallach ar fad. Níl aon-duine ag iarraidh do ghnaithí ort
 
Chuala mé go minic go raibh geis ar an gcnocán sin: go raibh sé sídheamhail. Deir 'chuile dhuine go raibh rudaí dhá fheiceál ann. Ach ní raibh géilleamhaint ar bith aige-san do chúrsaí de'n tsórt sin. Bhí rachmall an airgid air, agus chaith sé in a cheann teach nuadh a dhéanamh. Ní bheadh aon-shásamh aige ann go ndéanfadh sé ar an gcnocán sin é, th'éis go raibh 'chuile dhuine ag cur aithne air gan drannadh leis. Má's é an t-Athair M. féin é — 'sé a bhí annseo an uair sin — chuala mé gur dhubhairt sé leis go mbeadh sé in aithmhéala, mara bhfágadh sé an cnocán agus a raibh ann len a n-anshógh féin. Ach ní raibh aon-chomhairleachan in a chíonn. Ó a chuirfeadh sé roimhe rud a dhéanamh. Bhí sé cho dána le múille. Réab sé an cnocán as a lúdrachaí ar aon-nós, agus rinne sé an teach. Tá sé fuar falamh annsin ó shoin, mar a fheiceas tú féin é. Dheamhan duine a chomhnuigh ariamh ann sílim. Marbhuigheadh an mac shul má bhí sé déanta. Sáthach fánach a marbhuigheadh é freisin. Ord a thuit de'n scafall air. Buaileadh síos an inghean agus chaill sé an domhnuidheacht airgid léithe, ach ní dhearna sí aon-mhaith ariamh. Thuit binn an tighe go talamh shul má bhí sé réidh. Shílfeá go mbadh shin é a dhóthain de theasbánadh, ach chuaidh sé in a éadan as dubhshlán in ath-uair. Ní fhaca sé an chloch spideoige ariamh air. Bhí sé ag déanamh creafóige. Ó'n lá ar thosuigh sé ag ordluigheacht ar an gcnocán sin — shílfeá gur beith a bhí air é — níor fhan rud istigh ná amuigh aige nar tháinig an díleághadh air. D'imigh a raibh aige agus ar chruinnigh sé go cruadh — d'imigh sé in a ghlaedh ghlas. B'éigin do'n bhean agus do'n chuid eile de'n chlainn lascadh leo as ar fad ins an deire. Bhí an díleághadh ar a gcuid as comhair a dhá súil. Níl a fhios agam an raibh an oiread aca agus a thug go G. iad. Má bhí, dheamhan tada leis é. Níl duine ar a shliocht indiu; i gcruthamhnas nach ceart d'aonduine a dhul ag cur araoid ar an sluagh sidhe — diúltaigheamuide dhóibh agus fuagruigheamuid deagh-chomharsanacht orra!
 
ding
Níl annsin ach clocha reatha. Ní clocha choiléir iad. Bhainfeá le gró agus geanntrachaí iad. Is breagh seasúch (seasmhach) na clocha iad, dá mbeadh glac bainte dhíob
 
dioc
Tá sí cruptha ar a chéile ar fad anois agus dioc an fhuaicht uirre, agus bannlámh smaoise. Scrúdfadh sé na clocha a bheith ag breathnú uirre ag dul síos lena ciseán ag piocadh faochan. Níl aon-ghrádh-diadha ins an té a chuireas amach í — níl sin
 
Tá diocach chaillte de laogh aige, agus 'sé a chloch-neart é má sháruigheann sé an tsíon seo. Tá sé annsin thuas anois in a ghuróir i lúibinn an chlaidhe, agus é ag eitealla leis an bhfuacht. Tá an bhuinneach air i gceann mar tá sé. Sin í an cailín atá indon giorrú le na laoghanntaí
+
Deirimse díocas leat. Shíl mé an uair a thug sé an chloch leis amach as an mballa go gcuirfeadh sé an teach dá lúdrachaí. 'Ar ndú is air nach mbeadh an mhairg sin fhéin a dhéanamh, dá mbuaileadh sé faoi
TUILLEADH (2) ▼
Ní raibh aon-fhéith in a chorp nar chuir sé faoi dhíocas leis an gcloch a árdú ach chinn air gaoth a thabhairt di in a dheidh sin. Chinn an chloch siúd ar bhuachaillí maithe, thá mé ag rádh leat
Níl féith ná cnáimh ins an gcapall nach bhfuil faoi dhíocas aige ó mhaidin ag cur na gclocha siúd in aer. Má fhaghann sé cupla lá eile orra is gearr le dhul iad. Iarracht maith tarraingthe atá aige cheana féin orra.
 
Tá sé in athchur an anama anois. Níl ann ach go bhfuil díogarnach anála ann ar éigin — an duine bocht. Má sháruigheann sé an oíche, 'sé a chloch-neart é. Beidh tórramh agaibh a scurachaí. Níorbh í ab fhearr linn dá mbeadh neart air, ach níl. Fuair an teach sin ar a mhéis féin é imbliana, ní dhá roint leo é
 
An mhóin bhán sin, sin í díogha an phortaigh. Caithfidh muid í sin a choinneál duinn féin, agus an chloch-mhóin a dhíol. Ní dhrannfadh aon-fhear "lorry" le móin bháin mara indán agus go mbeadh sí an-fhliuch, agus go mbeadh sé ag iarraidh meadhchain a dhéanamh, rud a bhíos siad ag iarraidh a dhéanamh scaithtí. Is cuma le cuid aca cé'n sórt conuas a chaithfeas tú aca. Dhá fhliche dá mbeidh sí, is amhlaidh is mó meadhchan í
+
díol 2
Ní fhéadfadh bád aeir tuirlingt in áit ar bith ins an tír seo. Dhéanfaí sprúdhánaí di ag na clocha. Níl a díol réidhtigh ann
TUILLEADH (1) ▼
Bhí N. thuas oíche agus ní bheadh aon-sásamh aige ann mara dteightí ag caitheamh le M. — bhí sé imighthe síos tigh T. Faoi dheireadh thiar thall chuaidh muid síos ar chúla na h-aille, agus chaith muid cupla miaróg (méaróg) le M. ach caitheadh cith le N. Bhí sé thíos ins an ngleainnín agus bhí caor-theinte dhá bhaint as an gclaidhe len ais. Ní raibh a dhul ar a chúl ná ar a aghaidh aige. Ní fhéadfadh sé a theacht aníos go dtí muide in aghaidh na gcloch, agus bhí M. taobh amuigh, agus é ag iarraidh a theacht thar claidhe go marbhuigheadh sé é ar bhun an cúig déag. 'Ar ndú' sin é a raibh uainne. Ba é déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh, an oíche sin ar chaoi ar bith
 
Tháinig díoghaltas Dé anuas ar an dream sin ar fad de bharr an chréatúlacht agus an spídeamhlacht a thug siad do dhaoine bochta. Tá na caróga ag déanamh neádrachaí in a gcuid simléir indiu, agus gan cloch ar fhuaid a gcúirteanna, ach an féar ag fás ar a "hálldúre."
 
Is diomallaighe sib ar mhóin ná trí theach. Tháinic ualach móna indé, agus tá sé indáil le ídighthe anois aríst. 'Sé 'u' (bhur) gcloch neart an lá a bhaint as
 
Ná cloiseadh duine ar bith thú ag caint faoi thalamh na tíre seo. Ní thiubharfadh fear Achréidh a mbeadh giodán réasúnta chor ar bith aige, deich triuf ar a bhfuil de thalamh istigh in do thír: diomallachaí. Níl neart ag duine a dhul amach ag baint claise láin, nach ag mianadóireacht le clocha a chaithfeas tú an lá
 
díon 1
Cró "concrete" é agus hébrí cé'n sórt suathadh a thug sé do'n "choncrete" nó cé'n bealach a ndearna sé é, níl díon an deoir féin ins na ballaí. Shoraidh dhó nach ndearna cró cloiche. B'fhearr "balla fuar" go fada ná é siúd. B'fhéidir go mbeadh sé buille fuar, ach bheadh sé tirm. Dheamhan fuar a bheadh dó ach an oiread dhá mbuailtí le bualtraigh bó é, mar ghníodh na daoine ariamh. Tá 'chuile íntreacht ag teacht amach anois, ach níl in a leath ach ealadhain le dalladh mullóg a chur ar dhaoine. Sin é an méid
 
Bhainfeá cairrgín ar dhíthráigh 'chuile rabharta annsin thíos, ach diabhal dosán ann anois. Crínneadh (creinneadh) na clocha le cupla bliain. Níl a dhath orra amach ó'n gcré anois
 
Tá ceann beag ag N. agus ní dhéanann sé suaimneas ar bith ach ag diúgaireacht leis igcomhnuí. Dar brigh an leabhair chuirfeadh sé carghaos ort ag breathnú air. Dheamhan suim ar bith aice féin ann. Dubhairt mise léithe é a thabhairt siar go bhfeicfeadh an dochtúr é. "Dheamhan dochtúr muis" adeir sí "ná cuid de dhochtúir. Bíodh sé ag diúgaireacht leis annsin agus a chead sin aige. An uair a thogróchas sé stopadh stopfaidh sé. Níl cheal ar bith air. Daighean páiste ins an tír a fuair a aire sin; ach aon-mhaith amháin dom é." Dheamhan cás ar bith aice ann. 'Sí nach bhfuil an scruball innte. Shílfeá gurb é an chaoi a mbeadh sí guthamhail go bhfuigheadh aon-duine caidéis do'n pháiste, agus níl aon-duine dhá bhfeicfeadh é nach gcaithfeadh caidéis eicínt a fháil dó. Scrúdfadh a chuid diúgaireacht' na clocha glasa — scrúdfadh sin
 
Gheobhfá neart diúilicíní annsin thíos ar an Leic Pháirteach am ar bith san Earrach ná sa Samhradh. Chuala mé fear ag rádh nuair a bhíos sé ag tuileadh gur maith an dóigh breac fanacht caithte i bpoll (an dorugha a bheith caithte ann) dhá mbeadh carraig nó leac in aice leis a bheadh faoi dhiúilicíní. Deir sé go dteagann na blátháin agus na ballaigh agus na truisc stupóige isteach ag ithe na ndiúilicíní. D'fheicfeá iad ag imeacht do na clocha leis an taoille tuile. Is minic a chonnaic mé iad ag eirghe do na clocha agus ag dul ag sireoireacht sa taoille. An bhfaca tú an oscailt bheag atá isteach ann. L'aghaidh beatha is dóigh é sin
 
Déan deabhadh anois má rinne tú ariamh é. Is gearr nach léar duit do láimh. Tá an lá ag diúltú dhá sholus cheana, agus níl siar ná aniar ann an tráth seo bhliain. Dhá mbeadh an lorry líonta againn ó sholus, níor chás duinn é. Níl muid ag iarraidh fearacht Sh. Ph. Mh. a dhéanamh leis: spaidealach agus scrathachaí agus clocha a thabhairt dó de shiubhal oíche!
 
dlaoi
D'fheicfeá ag fás in a dhlaoitheannaí ar na clocha thíos 'sa gcladach é
 
Go dtugaidh Dia ciall duit! Tá caint ag muintir Shasana ar 'chuile shórt ach ar dhlisteanas. Sin é an chloch is fuide siar ar a bpáidrín ar aon-nós. Bí siúráilte dhó (dhe)
 
dlúth 1
"In a aige — in a throisleáin — a bhíos an snáth th'éis an crann deilbh a fhágáil. In a cheirtlíní a bhíos an t-inneach. Chuirfeadh an figheadóir an aige 'san seol agus thosóchadh sé ag caitheamh an innigh air, nó go mbeadh na ceirtlíní ídighthe. Mara mbeadh a dhóthain innigh ag an bhfigheadóir, bheadh easnamh (/æsɴə/) ort, agus chaithfeá tuilleadh a fháil, hébrí cá bhfuightheá é. É a thógáil ó bhean eicínt … Inneach bán a chaitheamh ar dhlúth dubh sin é an ceann asna. Dhá mbeadh dlúth agus inneach bán ann, sin é an flainín bán — ábhar drárannaí agus báiníní agus pluideannaí. Bíonn an t-inneach agus an dlúth dubh le dhá ghlas chaorach. Nó d'fhéadfá olann daithte a chur ar bhán, l'aghaidh treabhsair agus bheist. Daithtear an dlúth agus an t-inneach l'aghaidh seaicéid nó chasógaí. Chuiridís láib ar an dath leis an mbréidín dhubh a bhíos 'sna seaicéid thíre a dhathú. Dhá ndaithteá inneach le scraith chloch, agus oiread na fríde glas chaorach a chaith thríd an dlúth, dhéanfadh sé éadach breagh. Rinne mo mháthair culaith dhó dhom annseo uair. Bhainfeadh sé an solas as do shúile. Ní raibh aon-bhean óg 'sa tír nach in mo dhiaidh a bhí nó go raibh sí caithte! Ach caitheadh in aer an obair sin. Níl triúr ban istigh in do thír indiu atá indon olann a dhathú. Níl a fhios aca céard a bhaineas dó" (Sliocht as cuntas faoi éadach ó Mháirtín Ó Chadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
 
dochar
Sin rud nach bhfuair aon-dhuine ann féin ariamh a rádh liomsa, go ndearna mé dochar ná díobháil do bheithidheach a bheadh aige. Ní dhearnas muis. Dhá mbeadh an chloch ins an muinchille agam do dhuine ní ar a bheithidheach a ghabhfainn dhá ídiú. D'ídeochainn air féin é
 
Dar fiadh tá gearradh sáthach docharach uirre. Annsin ar an ngruaidh, slán an tsamhail. An uair a caitheadh de'n bhicycle in aghaidh an sconnsa í, rug spiacán cloiche uirre
 
docht 1
Sin é an chaoi a bhfuil sé sin go bhfóiridh Dia orainn! Rinne sé éagcóir eicínt air fhéin ag árdú clocha isteach igcarr annsin thiar cupla bliain ó shoin, agus tá stopainn ar an uisce ó shoin. 'Sé'n chaoi a mbíonn sé aige, stopainn agus docht fuail gacha le seachtain
 
Is docamhlach an bealach ag capall é, is docamhlach sin. Shílfeá go dtiocfadh cúigear nó seisear aca le chéile, agus brat cloch agus scráib ghainimh a chur ar an sean-bhoithrín siúd, thar agus a bheith ag breathnú air agus é caithte go grinneal mar tá sé
 
A muise a mhuirnín, má theigheann tú siar go R. Mh. gabhfaidh tú ag brughadh ar an doicheall. Thug an tincéara fhéin a mhallacht dó: ceathramhadh cloch fhataí a bhí aige th'éis soláthar trí lá, agus in a cheann sin goideadh an "sádar" (solder) uaidh. Nach gann a chuaidh an saoghal orra, go mb'éigin dóib a dhul ag fiachadh ar an tincéara. Ach cé'n neart a bhí aca air. 'Ar ndú níl nidh dhá'r dhealbh an ghrian ann ach breaclachaí agus clochair
+
dóigh 1
"Boss" réidh go leor é. Mara bhfeiceadh sé thú ag déanamh dógha de'n scéal ar fad ní abróchadh sé tada. Bhí mé féin agus M. Bh. annsin thiar anuiridh ag baint chlocha reatha ingarrdha D. Shuidh muid síos agus na piocóideachaí caithte uainn againn. Diabhal easna dhó nachar théaltuigh aniar, agus ní fhaca muid ariamh ariamh é, gur rug sé ceart críochnuighthe orainn. Meastú céard a rinne sé: a dhruim a thabhairt duinn ar an toirt … Chaithfeadh sé T. Mh. a bhriseadh. Rinne sé sin dóigh dhó (dhe) amach is amach. Fear ar bith a leagadh an barra uaidh os a choinne agus a chuireadh péire uileannachaí air fhéin ag dradaireacht le 'chuile bhean a theigheadh thart an bóthar
TUILLEADH (3) ▼
Ba mhaith an dóigh gáiridhe dhuit a theacht ag éisteacht leis oíche eicínt, má bhíonn sé i "ngiúmar" (humour). Tá scéalta aige a bhainfeadh gáire as na clocha. Ach má bhíonn múisiam ná dubrón ar bith air, ní bhfuighidh tú smid ná smeaid uaidh
D'fhéadfá a rádh gur maith an dóigh é: gabhaltas mór talmhana agus gan cloch bhuailte an iarainn istigh ar a fhuaid. Tá airgead tirm ag an mbuachaill sin freisin, cheapfainn
D'iarr sé braon fíona mar dhóigh dhe nach bhfuil sé ag ól, agus go n-ólfadh sé an chloch íochtair de Ghaillimh. Ach bhí leisce air a ól as comhair an tsean-lánamhain in a dheidh sin. Ach badh aon-chás amháin dó é. Is maith atá a fhios aca sin céard is cor dó
+
dóigh 3
Má tá sé tuithte féin, is liom na clocha. Chuala tú ariamh é: má dhóightear an teach, is le bean an tighe an luath
TUILLEADH (2) ▼
Tá tú dóighte {{= a lán cleis agus cluichí, bíonn "dóghadh" ionnta: sé sin duine a ghabhail, nó a fhastú, nó lámh a leagan air, agus cuirtear pionús ar an té sin annsin, nó caithfidh sé a dhul in áit an duine eile a dhóghas é, nó comhairtear puintí ins an gcluiche in a aghaidh. Cuirim i gcás "'bhFalach Bhíodhg". Is cluiche simplí é. Teigheann duine A. ar chúla leachta nó cloiche nó a leithide agus cromann sé síos agus a shúile clúduighthe aige, agus imigheann an chuid eile amach ar fud an ghiodáin, go dteighidh siad i bhfalach. Cho luath agus a fhuagróchas duine aca ar A. go bhfuil siad i bhfalach, nó a dhéanfas siad comhartha dhó, eireochaidh sé agus fágfaidh sé an daoradh (an áit a raibh A. cromta nó cloch in aice leis) dhá dtóruigheacht. De réir mar a bhéas sé ag dúiseacht an dreama eile as a n-áit faluighthe, leanfaidh sé iad le breith orra, nó láimh a leagan ar dhuine aca. Féachfaidh siadsan leis an daoradh a shroicheamhaint gan a ngabhail nó a "ndóghadh". An té a n-eireochaidh le A. lámh a leagan air nó a ghabhail, beidh an té sin "dóighte", agus caithfidh sé a dhul isteach agus cromadh ag an daoradh, mar a rinne A. an geábh roimhe sin, agus beidh cead a choise ag A. féin a dhul i bhfalach anois. Déantar geábh eile de'n chluiche ar an gcóir chéadna. Tá dóghadh in a lán cluichí agus siamsaí eile freisin. Leis an liathróid a déantar "an dóghadh" ins an gcluiche corr. Buailtear an té a bhíos in a rithte-reathach, leis an liathróid, agus bíonn sé dóighte. Tá dóghadh i bpúicín, i gclocha péire agus i gcluichí eile freisin
Seo é "Riocairdín" anois. Cuir na clocha péire ins an gcrúib oscailte agus lioc anuas na méarachaí roint. Anois caith suas uiliog iad, agus ionntuigh do láimh agus tóig iad ar chúl do láimhe. Mara gcoinnighidh tú ceann, beidh tú dóighte (beidh tú as)
 
Ní thaithneochadh an ceann céadna chor ar bith liom. Tá an iomarca cóirí catha aige agus é ro-dhóigheamhail as féin ar fad. Labhair mé leis an lá faoi dheireadh faoi shaor cloiche eicínt a thabhairt ag breathnú ar an mballa siúd atá sé a dhéanamh. Ba suarach an blas a bhí aige orm faoi go gcuimneochainn ar a leithide de rud. "Cé'n chúram saoir atá orm" arsa seisean. "Nach bhfuil mé féin indon balla a dhéanamh cho maith le saor ar bith"
 
dol 1
Bail ó Dhia ort, níor íoc mé an chéad-dola féin fós imbliana, ní hé amháin an dara dola a íoc. 'Sé an cíos céadna an chloch is faide siar ar mo pháidrín. Cuiridís an sirriam agam má's breagh leo, agus cuiridís as an tseilbh mé. Is beag sin agam. Maidir len a mbuachfai[dh] duine ar bith ar thalamh ins an saoghal atá ann, 'sé cuid an bheagáin é