díocas
—ainmfhocal, fireann
—níl aon iolra aige
1.
díograis; dúthracht; dubhfhonn; dúrúch oibre, ban, srl.; rachmall; dúil chráite chuig rud; an-spleodar críochnaithe; goin; a beith an-líofa chuig rud; faobhar.
+–
Tá díocas oibre air — an dubhfhonn obair a dhéanamh; is beag nach mbeadh gearradh fiacal air in éadan na hoibre
An nóiméad a dtéann sé sin isteach sa ngarraí, teagann díocas air agus tabhair díocas air. Dheamhan a fhios agam ina dhiaidh sin, nach mó a dhéanfadh fear nach mbeadh a leathoiread díocais air — a ghlacfadh an saol go réidh. Is beag a bhíos de bharr an uafáis go minic, agus nuair a bhíos obair féin déanta, is obair gan slacht í
TUILLEADH (4) ▼
Ná bac le díocas, ach siúd é a bhfuil an díocas air. Tá an cúl ó thuaidh ar fad spréite aige, théis a laghad achair agus ó chuaigh sé ann
Tá díocas air chuig feamainn, ach m'anam go bhfuil a donacht féin sa bhfeamainn. Pléifidh an caladh seo thíos leis é, feicfidh tú féin air. Má thagann carcair mhór di agus drochuair, dar an leabhar, ní mórán díocais a fhágfas seachtain di air
Bíonn díocas ar an aineolaí i gcónaí, go dteaga sé isteach ar an obair. Glacann sé é féin go réidh ansin, agus is fearrde é freisin é. Ainneoin a bhfuil de dhíocas air seo thíos, is suarach le rá an fhoghail atá déanta aige le dhá lá. Diabhal mé dá mba gasúr a bheadh ann go mbeadh an oiread céanna déanta aige
Tá sé oibrithe ceart anois, agus tá an fear a fheiceas sé síos ar a aghaidh ag cur a dhá oiread díocais air. Murach é sin ní bheadh leathuafás air chor ar bith
+–
Bhí sé thuas agus ciseog fhataí ina mhínis (fianais) agus díocas air ag ithe éisc. Má bhíonn aon bhreac ón mBreatain anall gheobhaidh sé siúd é
Ní fhaca mé aon díocas ariamh mar a bhí air ag cnádadh an phíopa. Cén bhrí ach tá lorga an phíopa chomh gearr. Is diabhlaí dúlaí a bhí sé ann. Tá mé ag ceapadh go raibh sé thart d'uireasa gail
TUILLEADH (3) ▼
Tá díocas air le olc. Ar thug tú faoi deara ariamh an chaoi a mbíonn sé ag cangailt nuair nach dtaitníonn rud leis. Díocas oilc a bhíos air an uair sin
Ba mhór an chontúirt é. Ó d'éirigh an braon sa gcoirricín chor ar bith aige, bhí díocas air go sádh sé duine eicínt. Bhí mé féin ag iarraidh chuile dhrocharm dá bhfaca mé — sceana agus pící — a chrapadh as a bhealach, ach ar ndóigh ba ghearr air siúd arm a fháil dá mbaintí amach ceart é
Dhá mhéad díocas muise dhá bhfuil ar Tom ag ól, tá a sheacht n-oiread díocais ar an deartháir eile i ndiaidh ban. Ní fhaca tú thiar anseo é oíche na bainse. Ní raibh bean sa teach — pósta ná scaoilte — nach raibh fostaithe aige. Bhí S. bíogtha sa gcúinne go bhfeicfeadh sé an gcuirfeadh sé aon araoid ar a bhean fhéin. Dá gcuireadh ba trua dhó
+–
Díocas iascaigh atá air. Ní bheadh fí na feáin air inné mura bhfágainn mo ghort agus a dhul amach in éindí leis. Chuaigh, mar is le bheith in m'amadán dom é. Dheamhan an priocadh féin a d'éirigh linn. Bhí sé ag stróiceadh liom inniu freisin, ach thug mé don diabhal é. Tá sé réidh go leor aigesean nach bhfuil imní goirt ná sléibhe air, ach ní hé sin domsa
Tháinig díocas troda air. D'fheicfeá é ag fáscadh na ndornaí síos lena thaobh agus é dhá shníomh féin. Dhá bhfaigheadh sé an té a dhéanfadh leis é, bheadh bualadh ann ar chuma ar bith — agus b'fhéidir marú
TUILLEADH (2) ▼
Tá an-díocas pósta ar an gceann siúd. Nach bhfeiceann tú ag imeacht ag cluanaíocht í i gcónaí san áit a mbíonn fir. Má leagann tú láimh uirthi, níl ann aici ach "lig amach mé", ach sin é an ligean amach eile
Tá díocas ite orm. Níor ith mé aon ghreim ó d'éirigh grian inniu agus is maith fada siar ar an spéir í anois
+–
Ach a mbeire sé siar ar an áit dheacair agus ar an dearglaoch, rachaidh mise faoi dhuit go mbainfidh sin an díocas dó (de). Tá sé réidh go leor ag sleádóir cora mhóna a chur aníos in áit éasca, ach is é an dearglaoch agus an fheoil chapaill atá in ann fear a chur ar a mhiotal. Chonaic mise sa bportach s'againn féin anuraidh é
Tá an mhaidin ann fós, agus é i dtús a dhíocais, ach foighid ort go maolaí an ghrian siar. Cuirfidh mé geall leat gur furasta cur aige tráthnóna
TUILLEADH (5) ▼
Sin é an chaoi a bhfuil sé. Buaileann daol é laethanta. Ní fhaca tú aon fhear oibre go hiomaí a chinnfeadh air. Ach chomh luath agus a chuireas sé an méid sin díocais thairis, ní fhanann maith ná maoin ann. Dheamhan is móide buille maitheasa a dhéanfadh sé aríst go ceann coicíse.
Deirimse díocas leat. Shíl mé nuair a thug sé an chloch leis amach as an mballa go gcuirfeadh sé an teach dá lúdrachaí. Ar ndóigh is air nach mbeadh an mhairg sin fhéin a dhéanamh, dá mbuaileadh sé faoi
Ní ligfeadh an díocas dó foighid a ghlacadh agus é a dhéanamh mar is ceart. Beidh déanamh eile anois air, théis a bhfuil caite leis cheana
Má chuireann sé a dhíocas ann, déanfaidh sé é. Mura gcuire, tá sé fánach aige
Ní bheadh a fhios agat cé acu den bheirt — é féin nó a bhean — is mó díocas. Tá seisean go dona, ach sháraigh a bhean é
+–
Tá sé caillte le díocas go dté sé ag spealadóireacht, ach dar príosta níl aon ghaisce ar an spealadóireacht muis. Is obair chrua go leor í
Bhí foghairt ina shúil le teann díocais a dhul ina héadan (a dhul in éadan mná). Is uaidh a theastódh a bheith dhá bhlastáil nó nach bhfanfadh smeámh ann. Shílfeá go mbeadh cuibhiúlacht eicínt ann i láthair na ndaoine agus eile
TUILLEADH (2) ▼
A muise, bhí sé ag ól le díocas. Tabhair ól air
As díocas a bhris sé é. Bhí sé dhá fháscadh agus dhá shníomh ariamh ariamh, go ndearna sé dhá leith di. Níl a fhios ag an gcliobaire siúd céard é a spreacadh
+–
Níl aon fhéith ag gabháil leis nach bhfuil faoi dhíocas oibre
Níl aon fhéith thuas ar a chorp nach gcuirfidh sé faoi dhíocas oibre nó go mbuailfidh sé amach an fear thoir. Níl ag dul idir é agus codladh na hoíche ach an fear thoir
TUILLEADH (8) ▼
Ní raibh aon fhéith ina chorp nár chuir sé faoi dhíocas leis an gcloch a ardú, ach chinn air gaoth a thabhairt di ina dhiaidh sin. Chinn an chloch siúd ar bhuachaillí maithe, tá mé ag rá leat
Níl féith ná cnáimh sa gcapall nach bhfuil faoi dhíocas aige ó mhaidin ag cur na gclocha siúd in aer. Má fhaigheann sé cupla lá eile orthu, is gearr le dhul iad. Iarracht maith tarraingthe atá aige cheana féin orthu
Sin é an rud a thug giorrachan saoil dó. Níl aon lá dhár éirigh ar an bhfear sin nár chuir sé chuile fhéith ina chorp faoi dhíocas oibre, ba chuma sa mí-ádh céard a bheadh sé a dhéanamh. Mura mbeadh sé ach ag biorú scoilb, bhíodh an oiread sníomh agus útamáil aige agus dá mba ag iomramh báid mhóir a bheadh sé. Nuair a thugas duine faisean faoi deara dhó féin is deacair leis scaradh leis
Cuirfidh mé geall leat má dhéanann tusa do sheacht míle dícheall, agus má chuireann tú chuile chnámh ag gabháil leat faoi dhíocas, go gcinnfidh ortsa a ghníomh seisean a dhéanamh. Tá sé breá go leor agat a bheith ag rá nach é an oiread sin móna a bhain sé, ach feiceamuist bain thusa ná aon fhear in do thír an oiread. Thabharfadh an méid sin cnámh le crinneadh do J. Gh. an lá ab fhearr a bhí sé, agus b'ait an sleádóir é
An bhfeiceann tú an scramaire mór de mhac sin thiar ag P. Th. Sh.? An bhfaca tú ariamh ag damhsa é. Deamhan thiomanta cnáimh ina chorp nach mbíonn faoi dhíocas. Tabhair faoi deara anois aríst é thú féin. Chaith mé oíche ar fad ag breathnú air. Ní fhéadfainn mo shúil a thógáil dó
M'anam muise go bhfuair tú amach an fear a mbeadh chuile fhéith ag gabháil leis faoi dhíocas ag obair! Bheadh mo chreach! Ní lúbfadh sé a dhroim dá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire
Ní raibh féith ina cholainn nach raibh lúbtha amach faoi dhíocas siúil. Deirimse leat go bhfuil sé siúd freisin in araíocht bóthar a ghearradh nuair a thogrós sé é
M'anam muise gur furasta dhomsa ar leathuinsín gágach tae sa tseachtain chuile fhéith in mo chorp a chur faoi dhíocas ag obair. Ní hea, ach is mé is fearr ar bith agus a bheith in ann aon bhuille a dhéanamh ar an mbod siar eile sin (coffee). Ní mó ná dhá bhfaighinn dalladh feola agus dalladh pórtair go mbeinn in ann foghail eicínt a dhéanamh. Maidir le go bhfuil cothú fear oibre sa mbeatha atá ag imeacht anois — níl muise. Is ait atá na daoine ag cruthachtáil go bhféadann siad breith ar láí ar bith léithe
2.
+–
Bhain sé a dhíocas aisti — fear a rachadh ag cúirtéireacht le bean agus a sásódh an chúirtéireacht é, nó a fhearacht sin de rud
Má castar liom in mo shiúlta í, bainfidh mé mo dhíocas aisti, ach ní rachaidh mé dhá tóraíocht — dheamhan é
TUILLEADH (3) ▼
Bhainfeadh chuile dhuine a gcasfadh sí leis a dhíocas aisti siúd. Gearrchaile laethúil gan leithead gan onóir í, agus í agat ar sheol na braiche más leat a dhul ag déanamh grinn ná siamsa
Níl cuibhiúlacht ar bith ó Dhia anuas inti ach í ansiúd ina rúisc ag chuile fhear lena dhíocas a bhaint aisti más breá leis é. Meas tusa nach gránna an chaoi do bhean ar bith a bheith mar sin. Measaimse ar chaoi ar bith
Ní thiocfaidh sé ag cuartaíocht chor ar bith anois go ceann i bhfad ach ag cláradh na mná agus ag baint a dhíocais aisti. Is fearr dó ar an gceird sin ná ag spochadh le N. Mh. mar a bhí sé le deich mbliana
+–
Tabhair cead ceoil anois dó go mbainfidh sé a dhíocas as an melodeon. Nuair a bhainfeas, is umhal éasca a thiocfas sé linn abhaile. Ach mura bhfaighe sé cead ceoil, ní thiocfaidh
Tá bicycle nua anois aige agus é ar bís ag fanacht leis le bliain. Ní fheicfidh tú aríst anois é go mbeidh a dhíocas bainte as an rothar sin aige. Dheamhan a mbeadh a fhios ag duine cén cheard aniar ó na Sceirde a mbeadh sé sin. Nuair a chorrós sé siúd ó bhaile, tabharfaidh sé an rith fada air féin
TUILLEADH (3) ▼
Bainfidh sé a dhíocas as an talamh siúd dhá rómhar agus dhá shaothrú anois. Is fada an lá a theastaigh rud eicínt uaidh a bhainfeadh an macnas as, ach tá sé aige faoi dheireadh
Má cheannaigh siad football, bainfidh siad a ndíocas aisti tamall agus tabharfaidh siad suaimhneas domsa. Bhí mé reicthe istigh sa teach acu. Ní raibh a sheasamh agam mórán níos faide. Murach gur chrap siad leo, gheobhaidís an tsráid amach. An raibh a athrú le déanamh agam leo?
Amach leo san iothlainn agus chonaic siad coca féir ann a bhí ídithe roinnt as a bhun. Thosaigh set acu ag teacht de rite reathach faoi ar chaon taobh agus ag baint a ndíocais mar sin as an gcoca. B'fhearr ag baint a ndíocais as an gcoca iad ná as rud eicínt eile arsa tusa. Chuir siad droim ar ais é sa deireadh. Tá mé ag ceapadh go raibh T. le buile agus le báine
3.
a.
+–
Tuige nár chuir tú tuilleadh díocais sa gcic? — tuige nár tharraing tú ní b'fhearr í
Níor chuir tú do dhóthain díocais sa mbuille. Sin é a chlis ort
TUILLEADH (2) ▼
Tá ruibh ar an diabhal sin. Mura mbeadh sé ach ag déanamh spraoi fhéin leat, is mian leis díocas a chur sa dorna. Dhonódh sé an-éasca thú, an diabhal
Is beag eile díocais a chuirfeá san iarraidh nuair a d'fhágfá réidh é. Tá réiteach maith air mar atá sé — tá sé leathmharbh
b.
+–
Bhí sé ag déanamh a dhíocais — ag déanamh a dhíchill (ag troid)
Is beag an mhaith dhuit a bheith dhá mhaíochtáil. Tá sé ag déanamh a dhíocais mar atá sé
TUILLEADH (1) ▼
Rinne sé a dhíocas orm ach ba ghearr le dhul é. Chuir mise taobh na bpoll os a chionn gan mórán stró
·
Chuaigh sé ar a dhíocas dhá dhéanamh — ar a mhine ghéire
Breá nach ndeachaigh tú ar do dhíocas leis. Nach bhfuil a fhios agat nach ndéanfá mar sin é
Féach freisin
díocas in iontrálacha eile (13)
→
deannach
Ná raibh Dia ag asail muise mura raibh sé ag baint deannaigh as ceathrúnaí an asail soir le fána. Feac láí a bhí aige agus níl aon iarraidh dhá raibh sé a thabhairt ar na heasnachaí dhó nach gcloisfeá go mín réidh socair thiar ag tigh Mh. 'Tabharfaidh mé ag an bpóilí tú,' adeireadh sé, agus díocas air leis an bhfeac
Bhí beirt cheannaí ag dul an bóthar fadó. Thosaigh siad ag sáraíocht. Dúirt ceann acu go mb'fhearr an bhréag ná an fhírinne. Sháraigh an ceann eile air nárbh fhearr. 'Fágfaidh muid ar bhreithiúnas an chéad rud a chasfas linn ar an mbóthar é,' adeir duine acu. 'Tá go maith,' adeir an ceann eile. Chuir siad geall as. D'imigh leo dhá siúl ionsaí. Ba ghearr go dtáinig siad ar dheargadaol ar an mbóthar. Chrom an ceannaí bréagach síos. 'Cé is fhearr an fhírinne ná an bhréag,' adeir sé leis an deargadaol. 'An bhréag, go deile,' adeir an deargadaol. 'Sín amach mo gheall agam,' adeir an Ceannaí bréagach. Shín. Scar siad lena chéile. Ba ghearr a chuaigh an ceannaí bréagach nuair a thosaigh sé ag cur scrúdaidh air féin. Dheamhan easna dhó nach bhfilleann ar a chois aríst, nó go dtáinig sé suas leis an deargadaol. Cromann sé síos agus baineann sé póg dó. Ghreamaigh an deargadaol dhá bhéal. Is gearr go raibh seacht mbrat deargadaoil air, agus bhí siad dhá ithe isteach go grinneall. Cuireadh fios ar an sagart dó. Tháinig an sagart. Nuair a chonaic sé an deis a bhí air, chuaigh sé amach as an seomra agus thosaigh sé ag léamh a leabhair. 'Gabh isteach,' adeir sé leis an gcailín faoi cheann tamaill, 'agus féacha cén chaoi a bhfuil sé.' Chuaigh an cailín isteach. 'Tá sé faoi dheargadaoil ar fad,' adeir sí. 'Níl scioltar fágtha air nach bhfuil ite dhó.' Léigh sé leis eadra eile. 'Gabh isteach anois,' adeir sé, 'agus féacha cén chaoi atá air.' 'Tá fiche brat deargadaoil anois air,' adeir sí. 'Níl ann ach na cnámha geala. Is gearr an bás uaidh.' 'Tá an cholainn ag an diabhal,' adeir an sagart, 'ach beidh an t-anam agamsa dhá bhuíochas.' Tháinig an oiread eile díocais air ag léamh … (Scéal a fuair mé ó m'athair faoi na deargadaoil)
Cat! Ní mharódh súiste Oscair cat! Chonaic mise cat dubh a bhí thíos againn féin cheana. Bhí sé ag marú éanacha. Dúirt mo mháthair go ndéana Dia grásta uirthi é a chur faoi phota, ach d'ardaigh muid féin linn soir é ar an réiteach i nGarraí an Bh. Chraplaigh muid i dtosach é i riocht is nach bhféadfadh sé imeacht. Shaighid muid na madraí ansin ann agus chaith siad uair dhá streachailt. Diabhal marú! Chuaigh muid féin ansin ag caitheamh leis — gruáin mhóra mhillteacha — nó go raibh muid sáraithe. Diabhal marú. D'áitigh orainn ansin dhá chiceáil mar a bheadh football ann, ach diabhal marú. Ní fhaca mé aon rud beo ariamh a fuair an oiread spídiúlachta leis, agus i ndiaidh an méid sin ar fad bhí díogarnach anála ann. Dhá mbeadh aon chiall againn 'sé a bháthadh a dhéanfadh muid nó a chur faoin bpota, ach cár fhága tú an óige agus a chuid díocais. An bhfuil a fhios agat céard a rinne muid leis as a dheireadh: cupla feac láí a fháil agus a bheith ag gabháilt air nó nach raibh smeámh ann. Is minic a chuimhnigh mé air ó shin agus a chuaigh sé thríom. Ní raibh scrupall ar bith ionainn agus an chaoi siúd a chur air
→
drandal
Siúd é a bhfuil an drandal aige a mhic ó le dhul in éadan feola. Chomh luath agus a gheobhas sé a boladh, teagann díocas ar an drad aige le teann dúil inti. Ní fhaca mé fear a bharrtha ariamh ag an mbord. Ní fhaca ná aon duine eile
→
droim
Sin é a chuir na Blueshirts de dhroim seoil anseo. Mharaigh siad é le ar bhuail siad air, ach ba chuma sin. Bheadh sé ina choileachín aríst lá ar na mhárach, agus é faoi dhó chomh líofa acu agus a bhí sé roimhe sin. Spreag sé na daoine ina n-aghaidh chomh mór sin agus nach raibh gair acu léine ghorm a fheiceáil ar thom féin nach ndéanfaidís míle píosa dhi. An gceapfá choíchin le breathnú air anois go mbeadh an oiread sin díocais ann. Is corrdhuine a cheapfadh
→
dúil
Níl duine ar bith ag cur dúile ina cuid talúna ach an chuid eile di féin — na L. Tá díocas orthu sin ag imeacht ag lorg talúna. Nach sílfeá go mb'fhearr di acu é ná é a bheith ag dul i léig ansiúd cheal a shaothraithe
→
dúradán
Tá dúradán beag de lao aige, agus ní fhaca mé an oiread díocais ar bheithíoch dhá bhearradh féin ariamh agus atá air. Tá an drioball crinnte amach aige as féin. Is diabhaltaí nach bhféachfadh sé lena dhul roimhe siúd, shula chuirfeas sé é féin ó mhaith
+
→
téigh ar
Chuaigh sé ar a dhíocas ceart ina héadan — fear ag dul ag obair go dúthrachtach; fear in éadan mná; tarbh in éadan bó a bheadh faoi dháir srl.
TUILLEADH (2) ▼
Má théann sé siúd ar a dhíocas in éadan na gcloch, réiteoidh sé an chora sin thíos ag an gcladach, ní áirím clochairín den tsórt sin
Níl rud ar bith dá mbíonn sé a dhéanamh nach dtéann sé ar a dhíocas leis, más ag feadaíl féin é
Má théann sé siúd chun díocais ceart leis an obair, ní bheidh aon cheo di gan déanamh faoi cheann dhá lá
→
téigh le
Téidís le chéile anois más breá leo é. Tá mise sáraithe ag déanamh réitigh ó tháinig an oíche. Is mór an peaca, ó tá an oiread sin díocas orthu, go gcoinneofaí ó chéile iad