Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dán
/dān/
ainm-fhocal, fireann
geineamhnach uathaidh agus ainmneach iolraidh: dáin: dánta
1.
 duan, amhrán, filidheacht.
+
Tá dán mór fada aige = píosa fada filidheachta; laoithe fiannaidheachta (Níl an chiall seo de'n fhocal mórán sa gcaint ach go bhfuil sé ag teacht ar ais aríst ó aos foghluime agus as scoileannaí)
Ar chuala tú ariamh "Dán Mhac Dé" = dán diadha
TUILLEADH (2) ▼
Tá dánta agus amhráin agus scéalta aige
Níl scéal na dán agam
+
Sin í an chaint atá ag luighe le dán = dhá mbeadh amhrán nó píosa filidheachta ann agus truailliú i gcuid de'n chaint, gan an rannaidheacht a bheith ag luighe le chéile, agus dhá dtugtaí leagan eile air i riocht agus go mbeadh an rannaidheacht nó an chiall cheart ann, déarfaí an rud sin; nó má chuirtear focla isteach in amhrán, i scéal nó eile a theagas salach ar bhithin an scéil, nó má thugtar údar contráilte faoi scéal nó amhrán nó sean-fhocal nó a leithide sa gcaoi nach mbeidh an chaint ná an chiall ag luighe ceart le chéile, "ní bhíonn sin ag luighe le dán" ach oiread
"'Chuile shórt ag iarraidh a chórach féin agus an gadaidhe ag tuilleadh a chrochadh" Sin é atá ag luighe le dán agus ní hé an rud eile. Cé'n uair a chuala tú go raibh gadaidhe ar bith ag iarraidh a chrochadh. Dhá mbeadh, ní ghabhfadh sé ag gadaidheacht ("'chuile shórt ag iarraidh a chórach féin agus an gadaidhe ag iarraidh a chrochadh": ní raibh an cainteoir — bean as Muighinis — sásta leis an leagan sin)
TUILLEADH (7) ▼
Abair an cheathramhadh sin aríst 'sa gcaoi a bhfuil sí agadsa … Sin é atá ag luighe le dán. Tá ceathramha lia agamsa ann
Níl cuid de'n amhrán sin ceart agad. Níl an chaint ag luighe le dán — ag luighe le chéile ar chuma eicínt. D'aithneochainnse ar an bpuinte nuair a bheadh amhrán ag luighe le chéile
Tá mé ag dul amú ar an aithrighe sin. Níl sí ag luighe le dán chor ar bith anois dom. Is fadó an lá ó adubhairt mé í go deireannach
Is furasta aithinte ar an gceathramhadh sin nach bhfuil sí ag luighe le dán. Níl an dárna cuid ag teacht leis an gcéad chuid. Tá an t-amhrán sin ag P. Ch. annsin thiar. Is minic a chuala mé a mháthair go ndéanaidh Dia maith uirre, dhá rádh. Fagh uaidh siúd é. Tá sé ceart aige
Ní mheasaim go bhfuil an chaint sin ag teacht le dán chor ar bith. Nachar dhubhairt tú cheana gur báthadh é. Má báthadh cé'n chaoi a bhféadfadh sé a dhul isteach i dteach an scolóig … ó tuigim anois thú. An darna mac a báitheadh. Huga leat
Siúd é a mbeidh a chuid cainte ag teacht le dán. Nach hé atá indon an craiceann a chur ar scéal!
Gan doubt. 'Sé an rud atá tusa a rádh atá ag luighe le dán agus ní hé an rud adubhairt seisean
2.
 braighdeán nó ceangal bó.
a.
+
An rópa a chuireas muintir Árann ar adharca na mbó nuair a bhíos siad dhá cur sa mbád ar Cheann Gainimh, sin é an dán
Teastóchaidh dáin uaib imbáireach má's libh a dhul 'nan aonaigh go Gaillimh
TUILLEADH (3) ▼
Ní fhéadfaidh sib a gcur sa mbád d'fhuireasbhaidh dáin, pébí cá bhfuighidh sib iad
Fágaigidh dán le h-aghaidh an tslóchtaí sin (fc. slóchtaí), agus bíodh sé sáthach láidir. Ní spalladh brúin (bróin?) ar bith uirre siúd an ruadhóigín siúd a bhriseadh
Chuir muid dán uirre agus ba deacair sin. Bhí sí an-dodach le dhul ina h-aice chor ar bith. Tá féirín anois ag an slóchtaí, agus níl mise ina dhiaidh air: ba danra é le margadh a dhéanamh leis
·
'Séard a bhí le déanamh leis sin dán a chur air, agus a thabhairt síos sa gcaladh agus an chéad bhád a bheadh ag dul ar an talamh ó thuaidh é a chur isteach innte. Ro-mhaith a bheadh sé aige agus an bhail atá sé a chur ar na daoine
b.
+
Cuirfidh sí dán ar fhear eicínt gan mórán achair = cuirfidh an bhean sin "buairín" ar fhear eicínt gan mórán achair; fastóchaidh sí fear eicínt; cuirfidh sí cluain nó dalladh mullóg ar fhear eicínt agus pósfaidh sé í
Agus chuir sí dán ar an slóchtaí len a pósadh. Sin í an cailín a bhí i riocht (mheall sí fear Chonamara)
TUILLEADH (5) ▼
Cuireadh sí dán ar a rogha duine anois, ach ní ormsa é ar chaoi ar bith. Go deimhin ní theastóchadh uaim ach sin, áird a thabhairt ar an mbideach sin
Dá gcuireadh sí bun a bundúin amach anois cinnfidh uirre dán a chur ar fhear ar bith. 'Sí an phrae í go deimhin, ag imeacht in a cailín Domhnaigh.
Tiocfaidh fear eicínt fós a chailín ó, agus fáiscfidh sé dán ort, agus eireochaidh tú as an gceird sin an uair sin, mar beidh do dhóthain ar t'aire dhá fhuireasbhaidh
Ní leigfidh mise de bhean ar bith dán a chur orm, ach mo spealóg a bhaint as 'chuile chúilín cho uain's sheasfas an óige dom. Deir siad nach dteagann an óige faoi dhó choidhchin. Tá sé sáthach luath ag duine pósadh ach a mbailighidh sé na deich mbliana fichead
Is diabhlaí a chruthuigh sí faoi dheireadh thiar agus dán a chur ar fhear eicínt. Ach an bhfuil fhios cé hé féin? Is mioniar Dé dhó muis, agus é a bheith ceangailte leis an tsuaróigín siúd. Is fada dhó a shaoghal. Níl againn a rádh ach go ndéanaidh Dia grásta air, mar is gearr go ndéarfar leis é ar aon nós
3.
torthaí, barra, scoth nó sméar-mhullaigh?
+
Dheamhan a raibh ar dhánta na talmhana ariamh cruithneacht ní b'fhearr ná a bhí ag A. annsin thiar i bP. R. anuiridh … Deirim leat nach raibh a leithide de chruithneacht ar an Achréidh ariamh = ní feasach dom céard é dánta féin, ach measaim gur toradh nó barr nó fás é. Faoi chúrsaí na talmhana a baintear leas as i gcomhnaí: tá sé i gceist sa rádh cainte seo go mbadh í cruithneacht A. i bP. R. an sméar-mhullaigh; nachar fhás sí thrídh thalamh ariamh aon-chruithneacht a thiubharfadh an barr uaithe
Dhá gcuirtheá leasú ar an ngarrdha dubhrabháin sin thíos le cladach agad, ní raibh sé ar dhánta na talmhana ariamh aon-"swedes" mar bheadh ann. Ach is beag an mhaith an "dearg" (feamainn dearg.) B'fhearr duit daithín feamainn dubh ná ar thug tonn ar thráigh de'n "dearg"
TUILLEADH (2) ▼
Ní raibh sé ariamh ar dhánta na talmhana aon-chur is fhearr a d'íocfadh duine ná an "bheet" sin, ach cé'n mhaith sin nuair nach bhfuil aon-talamh ag na daoine len a cur. Tá bláthannaí agus beatha muc agus beithidheach uirre; ní ídigheann sí an talamh mar a ghníos an chruithneacht, agus dar príosta tá sí ag dul airgead mór. Tiocfaidh an "lorry" isteach ag an gclaidhe agad len a h-árdú uait. 'Sé an scéal é, tá an tír seo buailte ar 'chuile chaoi ina dheidh sin
Níl aon-mhaith dhuit ag caint. Feiceann tú féin nach bhfuil bualadh an ghráinne eorna ar dhánta na talmhana. Cá'il sé. An bhfeiceann tú an spleodar a chuir sé (poitín) sa seanduine sin thiar: nuair a bhí aige a bheith ag cur brat na scaball (taiséadaigh) faoi réir dhó féin, gur bhuail sé amach ag iarraidh mná. Céard eile atá indon é sin a dhéanamh fiafruighim díot
4.
 cinneamhaint; an rud atá le h-aghaidh duine.
+
An rud atá indán do dhuine caithfidh sé a dhul thríd (leath-fhocal) = an rud atá le h-aghaidh duine; an rud atá i gcinneamhaint duine; an rud atá ceaptha amach do dhuine roimh-ré
Is iomdha rud atá indán do'n duine ó lá a bheirthe go dtí lá a bháis = is iomdha tonnáiste atá in áirid dó ag an saoghal
TUILLEADH (8) ▼
Chreidim go raibh sé indán dó a bheith mar sin. Marach go raibh ní fhéadfadh an saoghal an oiread tonnáiste a thabhairt do dhuine ar bith agus a thug sé dhó. Ach níl aige ná ag aonduine eile, ach géilleamhaint dhá chrois
Tá rudaí mar sin indán do dhuine. Ní mar is toil linne ach mar is toil le Dia, agus aithnigheann Dia A dhuine Fhéin
Mara bhfuil sé indán dó críochnuighthe a bheith ina bhráthair, níl a fhios agam céard a déarfainn leis. Tá sé ro-aerach ar fad
Níl indán do'n eaglais an tsaint a chailleadh choidhchin. D'fhága Críost an tsaint aice. Chuala tú féin é
Níl indán duit a dhul go Flaithis adeir sé go dteagaidh craobhóigín ghlas ar an bpíosa mhaide sin atá san abhainn
Sin é an bás a bhí indán ag Dia dhó. Ní raibh a theacht uaidh aige
Má's crois é a bhí indán duit ag Dia chaithfeá glacadh leis
Níl a fhios ag duine cá'il fód a bháis ach léar (de réir) mar tá sé indán ag Dia dhó, agus léar mar chuirfeas Dia fios air
+
"Leagaim láimh ort nó ná leagaim: má's tú atá indán dom, is tú a bhéas agam" = go bpósfaidh duine an bhean atá ag an gcinneamhaint len aghaidh, bíodh eolas aige uirre nó ná bíodh; bíodh sí i bhfad ó bhaile agus rl.
Dhá mbeadh sí ag dul faoi agus thairis 'chuile mhionnóid, ba é an cás céadna dhó é nuair nach raibh sí indán dó. Ar chuala tú ariamh é: "leagaim láimh ort nó ná leagaim, má's tú atá indán dom is tú a bhéas agam"?
TUILLEADH (1) ▼
Pósfaidh tú an duine nach bhfaca tú ariamh. Beidh tú ar siubhal go bhfaghaidh tú an té atá indán duit, agus níl a dhul thairis sin agad "leagaim láimh ort nó ná leagaim, má's tú atá indán dom is tú a bhéas agam." Sin é an chaoi a bhfuil sé. Tá cinneamhaint eicínt ag 'chuile dhuine, agus níl aon-ghoir againn í sin a sheachaint
+
Ní raibh indán an farc a bhaint aisti go deo go dteagadh an fear seo len a bhaint aisti, agus nach maith a tháinic in a dheidh [sin]
Níl indán an rud sin a dhéanamh go n-imighidh an ball dubh de'n fheadóig = go deo
TUILLEADH (6) ▼
Níl indán mise a mharbhú, adeir an fathach, go mbuailtear ar an mball dóráin atá ar mo chích dheis mé le ubh d'uibheachaí na lachan sin
Ní raibh indán é a chailleadh in a dheidh sin, go dteigheadh sé annsin
Ní raibh indán é a chur amach as an teach nó go dteagadh an mac ba shine as Meiriocá
Níl indán Sasana a bhualadh a mhic ó. Tá buadh eicínt aice ó Dhia — nó ó'n Diabhal!
Ní raibh indán é a mharbhú nó go ndéantaí an rud sin leis
Níl indán réidhteach do'n teach sin mara dteagaidh an mac atá imighthe abhaile. Sin é an buachaill a leagfadh ar chuid ar a chéile aca
+
Níl indán eirghe dó = ní eireochaidh sé; gheobhaidh sé bás as an tinneas atá air
Dhá mbeadh indán eirghe dhó, d'eireochadh sé (banbh). Ní raibh sé ag dul dom sin é é
TUILLEADH (15) ▼
Bhí muid leis scathamh anuiridh agus bhuail an slaghdán an bheirt againn. Chuaidh muid leis aríst i mbliana agus ná raibh ann mara dtáinic an sneachta. Níl indán déanta dhó chreidim (claidhe)
Níl indán báis dhó agus a liachtaí uair agus a chuaidh an ola air
Níl indán glanta dhóib. Sé a chosamhlacht é ar chuma ar bith, agus deir siad go mbíonn an chosamhlacht ann. 'Chuile lá beo a dteighim amach le soipín a bhaint asta (fataí i gcall a nglanta), teagann rud eicínt a chuireas as mo bhuille mé
Níl indán socrú dóib. Ní fheicfidh tú aon-deireadh ar an gcogadh sin go deo
'GCuiridh Dia dílis an t-ádh ort, agus éist leis. Níl tú ach do do chuir fhéin thar bharr do chéile le dhul ag comhairle airsin. Níl indán comhairle dhó; ach oibrigheadh sé leis. Comhairleochaidh an saoghal ar ball é
Níl indán triomú ar mhóin i mbliana. 'Bhfeiceann tú an aimsir atá ag teacht? Dheamhan dhá uair gréine a bhí ann i mbéal a chéile an samhradh seo fós
Níl indán athrú dóib sin choidhchin ná go deo nó go mbaintear na dabaí a chaith an "Government" eile aca (chuca) dóib (díob); sin nó go dtugaidh an "Government" seo dabaí níos fhearr dóib
Níl indán féir duit i mbliana, a mhic ó. Tá an talamh spalptha uiliog
Níl indán cladaigh dhom indiu. Caithfidh mé glaicín shíolta atá agam a fhódú
Chreidim nach bhfuil indán saidhbhris duinn
Níl indán pósta dhó. Nach bhfeiceann tú 'chuile bhean dhá eiteach
Níl indán airgid duit. Bhí cluiche glaice agad annsin agus leig tú uait é go fánach
Níl indán suaimnis duinn. Mara rud é, is rud eicínt eile é. Shíl mé nuair a d'imigh sí sin uainn go mbeadh linn, ach ó dhonacht maol is measa mullóg.
Dá mbeadh indán maitheasa di, bheadh sí ina suidhe feasta = ní dhéanfaidh sí aon-mhaith; gheobhaidh sí bás
'Sé a chosamhlacht nach bhfuil indán maitheasa dó. Tá sé le bliain mhór fhada annsiúd anois ar chúl a chinn, agus gan biseach ar bith ag teacht air
+
Níl aon-dán maitheasa di tá faitíos orm. Duine ar bith a dteangmhóchaidh an eitinn sin leis, ní féidir í a chur as a chrioslaigh
Má tá aon-dán maitheasa duit, siúd é an áit agad. Mara dteagaidh tú suas ar chomhairle na ndochtúirí, cé'n mhaith dhuit a dhul aca chor ar bith?
TUILLEADH (3) ▼
Níl aon-dán briseadh do'n leic seo. Chuaidh dhá gheábh "dynamite" innte agus má chuaidh féin, níor bhain siad aiste ach cupla fleasc
Níl aon-dán teacht dó sin choidhchin. Fanóchaidh sé sin i Sasana
Níl aon-dán feamainne dhom na laethantaí seo. Tá sí sciobtha orm chuile mhaidin, dhá mhoiche dhá dteighim síos
+
Sílim féin gur bunscéal é indán (/ɛ̄ ɴān/) sin. Níl indán ar bith ann, ach go gcaithfidh daoine a bheith ag caint
'Sé an chaoi a bhfuil an scéal sin má eirigheann rud duit le do chiontsiocair nó le do chionfaillighe féin, ní raibh ann ach go raibh sé indán duit. Sin caint ar sreath, adeárfainnse. Chonnaic mé laogh le T. Mh. annseo thuas dhá chailleadh le buinneach anuiridh. Ó'n lá ar bhuail sí é, go dtí an lá ar thug sí léithe é, dheamhan thiomanta purgóid ná buidéal a thug an fear sin do'n laogh sin, ná go fiú's a chur ar mhalrait féir ní dhéanfadh sé. Bhí mé féin agus é féin annsin thuas chois an chlaidhe ag breathnú air ag fáil bháis. "Ní raibh aon-dán eirghe dhó" adeir sé. "'Séard a bhí le déanamh leat" adeirimse "chúig bhliana príosúin a dhul ort"
TUILLEADH (3) ▼
Cloisfidh tú duine ag rádh go bhfuil "indán" ann. Dheamhan "indán" ná "indán." Nachar chuala tú ariamh é: "sháruigh an fhoighid ar an dubh-chinneamhaint"
"An té nach bhfuil fhios aige le snámh níl indán dó ach é a bháthadh" (sean-fhocal) = ("Námhaid í an cheird gan í a fhoghluim"): an té a rachas ag plé le rud chor ar bith, ba cheart dó fios a bheith aige len a dhéanamh, mar níl sé ach ag cur as dó féin mar a mbeidh fhios
Sílim féin nach bhfuil "indán" chor ar bith ann ach toilíocht = ghníonn an duine rudaí dhá thoildeona féin, ach ní bhíonn sé i gcinniúint dó a ndéanamh (fc. freisin dúchas)
+
Má tá indán agus go gcuirfidh sé aon-araoid ort, buail isteach ar an smut é = má thárluigheann sé go gcuirfidh agus rl; má's rud é go gcuirfidh agus rl.; má chuireann sé aon-araoid ort agus rl. (Tá an leagan sin an-choitianta i gcaint)
Má tá indán agus go dtiocfaidh sé timpeall sa saoghal go deo, go gcaithfidh sé a theacht in mo líon-sa, tiubharfaidh mise an freagra céadna air agus a thug seisean ar an mbean bhocht sin, mar ní thuilleann sé a mhalrait
TUILLEADH (10) ▼
Má tá indán agus go bhfeicfidh mise thú ag caint le ceachtar aca sin, tiubharfaidh mé dual na druinne dhuit
Má bhí indán agus go raibh sé le pósadh, breagh nachar phós sé, agus gan a dhul ag tarraint slí chainte air féin agus gan a fhios sa diabhal cé'n fáth
Má bhí indán agus go raibh an scéal sin amhlaidh, is iongantas é, nachar chuala muid smid ariamh faoi. Ach sílimse nach bhfuil ann ach pait a chum duine eicínt. Is beag an stró ar na buachaillí báire siúd i mbéal an dorais aige a chumadh
Má tá indán agus go bhfuil briste dhi aríst (tiúb rothair) caith amach san aoileach í. Sin é eile a bhfuil de mhaith léithe. Shíl mé agus a ndeachaidh de chaoi aréir uirre nach dtiubharfadh sí uaithe go cheann píosa
Má tá indán agus gur chuir sé bréag de'n tsórt sin ar ghearrchaile gnaoidheamhail ar bith, ní raibh mion-mulóg dhe a fhágáil indiaidh a chéile. Ro-mhaith a bheadh sé aige ná ag duine ar bith eile a chaithfeadh a leithide de chaint
Má tá indán agus go dtiocfaidh na fathachaí móra seo thiar ag cocaireacht leis an ngarrdha sin, ní bheidh cúinne an ghirrfhiadha féin ann trathnóna = má theigheann siad isteach ann ag obair (dhá chur faoi fhataí), cuirfidh siad ar fad é in aon-lá amháin
Dhá mbeadh indán agus go bhfuigheadh an t-athair aon-bhaladh óil air, ní fhágfadh sé an t-úimead (nóiméad) féin faoi chaolachaí an tighe é
Mara bhfuil indán agus go bhfeicfidh mé thú as seo go ceann seachtaine, teirigh ann agus abair an rud sin leo, agus cuir scéal agamsa cé'n toradh a fuair tú
Mara bhfuil indán agus go gcoinneochaidh sé a chuid beithidheach de mo chuid talmhana-sa, th'éis a bhfuagairt, gabhfaidh mé isteach de mo shiubhal ionnsaidhe ag turnae, agus cuirfidh mé leota de "nútice" (notice) amach aige, agus mara stopaidh sin é, searbhálfaidh mé é
Mara bhfuil i ndán agus go mbeadh rud ar bith air. Is mór an t-iongnadh liom nach dtáinic sé abhaile. B'annamh leis sin fanacht oíche ó bhaile muis

Féach freisin

Dán in iontrálacha eile (4)

 
dána
"Nuair is teann do'n phortán seadh is dán do'n ghearrán" = séard adeirtear go h-iondamhail leis seo: "nuair is teann do'n phortán 'seadh is fann do'n ghearrán, ach bíonn "dán" ag daoine ann, agus 'sé a bhíos in áiteacha (cuid de Chois-Fhairrge). Ní thuigim "dán" sa gcás seo fc. fánn, gearrán
 
daor 2
Tá siad ag iarraidh é a dhaoradh. Is maith an aghaidh sin ar an ruifíneach, má tá i ndán agus gur thug sé droch-chor dhá bhean. Níor mhaith liom a bheith in a bhróga anois. Tá sé indroch-arán
 
An té a mbeidh déidín tuithte aige ná bac thusa leis. Má bhíonn sé tuithte ceart aige, is fear réidh é. Dochtúirí na cruinne ní leigheasfadh é. Má ghníonn an giall crapadh tá sé craptha, agus ná bac thusa len a thabhairt ar ais, mar níl aon-ndán ar ais dó. Déarfaidh do rogha dochtúr leat é cuirfidh mise geall
 
Má's soininn nó doininn é ambáireach, gabhfaidh an ghlaicín féir sin isteach. Diabhal baoghal ormsa a bheith dhá bhuachailleacht amuigh ins an móinfhéar sin níos fuide. Aon-chás amháin é ar aon-chor. Níl aon-athrú in dán do'n uair