Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dána
/dānə/
aidiacht
a.
sonnda, ámhailleach, do-chomhairleach, intinneamhail, tugtharach do do bhealach féin a bheith agad.
+
Is dána an gasúr thú. Shílfeá go bhféadfá an rud adéarfaí leat a dhéanamh. Beidh a shliocht ort: má bhíonn cead do chomhairle féin agad, is de bhuidheachas duinne é
Ní fhaca mé a leithide de pháiste ariamh tá sé cho dána sin. Nuair adubhradh leis gan a dhul amach ar an tsráid, sin é an uair a chuaidh sé amach. Thug mé isteach é agus fuair sé gleáradh, ach ba bheag an mhaith sin. Chuaidh sé amach aríst
TUILLEADH (11) ▼
Deir tú leis an ainnle bhradach sin a thosuigh ag aithléigheamh orm. Anois an bhfuil biseach agad? Nuair a chuaidh mé dhá bhualadh, 'sé'n chaoi ar neartuigh sé ar a mhaidí. Sin é an malrach atá dána. Dubhairt mise go bhfágfainn é go dteagthá-sa agus 'cead agad do rogha rud a dhéanamh leis. Ná ceil an tslat air, anois. Ro-fhada a chosain mise é
Tá an spailpín sin ugainne cho dána le muic. Ní dhéanfaidh sé ach an rud a thogróchas sé féin
Tá sé an-dána an-dúrainneach má chuirtear araoid ar bith air. An uair a fhéachas tú le foighid a chur ann, ní bheidh tú ach ag borradh leis
"Is dána muic ná gabhar ach sháruigh bean an diabhal" (leath-fhocal faoi dhánacht) = nuair a bhíos bean ag iarraidh a comhairle féin a fháil, ní féidir a bhaint di
Sháruigh tú an mhuic, tá tú cho dána sin
Is beag an mhaith de'n tsagart aon-cheo a rádh leis siúd ó a chaithfeas sé rud in a cheann. Tá sé cho dána leis an diabhal féin
Bhac an póilí é faoin a dhul ann, ach thug sé siúd a dhubhshlán agus chuaidh sé ann. Tá sé dubh-dhána mar sin th'éis nach bhfuil aon-duine faoi thalamh an domhain is lághaighe ná is oibliogáidighe ná é, má tá sé leat
Bhí na tighearnaí móra sáthach dána sa tír seo seal, ach b'éigin dóibh a seolta a stríocadh
Shílfeá go bhfuil an saoghal ag eirghe amach an-dána in aghaidh an chreidimh
Is diabhlaí dána atá na Sasanaigh sa tír fós. Tá mé ag ceapadh go bhfuil cuasnógaí aca i mBaile Átha Cliath agus in áiteachaí mar sin. Dream aca a rinne é sin
"Nuair is teann do'n phortán seadh is dán do'n ghearrán" = séard adeirtear go h-iondamhail leis seo: "nuair is teann do'n phortán 'seadh is fann do'n ghearrán, ach bíonn "dán" ag daoine ann, agus 'sé a bhíos in áiteacha (cuid de Chois-Fhairrge). Ní thuigim "dán" sa gcás seo fc. fánn, gearrán
+
"Tá rud dána drochmhúinte déanta agamsa agus fios a chur ort" adeirim féin, "ach inDomhnach a athair bhí sé ar a chailleadh nó facthas domsa go raibh" = rud sonnda sotalach
Ba é a labhair go dána drochmhúinte freisin. Dubhairt sé mara dteigheadh T. amach dhá dheoin féin, go gcuirfeadh seisean ag imeacht é agus deifir air!
TUILLEADH (3) ▼
Gabh amach anois, agus labhair go dána droch-mhúinte léithe agus abair má mhilleann a cuid beithidheach aon-cheo ort níos mó, go n-íocfaidh sí é
Labhair an mháthair go dána drochmhúinte leo, agus chuir sí aithne orra fanacht as ach mo léan géar, dheamhan lá áird aca sin ar a máthair. Dhá n-abruigheadh an t-athair focal amháin, b'fhearr é ná dhá gcaitheadh an mháthair a teanga leo
Tá sé sin dána drochmhúinte. Ruittialach bradach má chuireann duine ar bith aon-araoid air
+
Mara bhfuil tú mór ná láidir ná bí dána ná drochmhúinte (sean-chomhairle)
Cé'n fáth dhuitse a bheith ag cur do chosa uait? Ara chuala tú ariamh é, mara bhfuil tú mór ná láidir ná bí dána ná droch-mhúinte
TUILLEADH (3) ▼
Nach furasta leat fear a bhualadh! An raibh tú ag ceapadh go gcuirfinnse mí-aighneas ar Sh. Sé'n chaoi a bhfuil sé agamsa: an té nach bhfuil mór ná láidir ná bíodh sé dána ná droch-mhúinte
Bhí an t-ádh ar an tír se'againn féin nach raibh sí sa gcogadh chor ar bith. Congnamh Thaidhg an tSléibhe do Mhuirbheach gan buille leis ná in a aghaidh, arsa tusa. Agus b'amhlaidh ab fhearr é. Mara bhfuil tú mór ná láidir ná bí dána ná droch-mhúinte
"High for Blakes and Dalys" agus pléidhidís féin le chéile anois é. Meastú an bhfuil baoghal ormsa a dhul isteach ag déanamh eadarascáin annsin? Diabhal baoghal muis. An té nach bhfuil mór ná láidir, ná bíodh sé dána ná droch-mhúinte
b.
sceirdeamhail, garbh, faoi alltracha agus muláin, gan a bheith ineolta.
+
Cladach an-dána atá siar annsin = garbh, dásachtach, sceirdeamhail
Buaileadh an luing ar chladach dána sean-fhairrge, agus chaith sí annsin go ceann fada sul ar féadadh a tabhairt as
TUILLEADH (4) ▼
Bád ar bith a thiubharfadh rith cladaigh di féin ar na brantraí (branraí) dána sin, ní fhágfaí clár ar a corp
Deir siad go bhfuil álltrachaí an-dána in Árainn. Le téad a scaoiltear síos daoine ar éadan na h-aille. Teigheann siad ann ag coilleadh neádrachaí
Níl cladaigh dána ar bith amach annsin ar ghualainn na h-áite seo. Tá lom trágha ann: trághannaí móra míne fad t'amhairc uait, agus bréidíní fairrge ag briseadh orra. Is mór an áilleacht iad sa samhradh
Ní bhíonn an fheamuinn sin ach ar chladaigh dána na sean-fhairrge. Ní fhásfadh sí ar na glas-chuanta seo chor ar bith. Níl an t-oibriú sáthach mór sa bhfairrge

Féach freisin

Dána in iontrálacha eile (10)

 
danra
Ní dhéanfaidh an fear seo thoir aon-bhun muis. Thosuigh sé thar cionn, ach 'ar ndú, ní de'n abhras an chéad snáth mar adeireadh C. Th. Tá sé ro-dhána. Níl neart agad focal a rádh leis, mar ní ghéillfeadh sé duit. A chomhairle féin do mh[ac] dhanra arsa tusa agus ní bhfuair sé ariamh níos measa.
 
Chuala mé go minic go raibh geis ar an gcnocán sin: go raibh sé sídheamhail. Deir 'chuile dhuine go raibh rudaí dhá fheiceál ann. Ach ní raibh géilleamhaint ar bith aige-san do chúrsaí de'n tsórt sin. Bhí rachmall an airgid air, agus chaith sé in a cheann teach nuadh a dhéanamh. Ní bheadh aon-shásamh aige ann go ndéanfadh sé ar an gcnocán sin é, th'éis go raibh 'chuile dhuine ag cur aithne air gan drannadh leis. Má's é an t-Athair M. féin é — 'sé a bhí annseo an uair sin — chuala mé gur dhubhairt sé leis go mbeadh sé in aithmhéala, mara bhfágadh sé an cnocán agus a raibh ann len a n-anshógh féin. Ach ní raibh aon-chomhairleachan in a chíonn. Ó a chuirfeadh sé roimhe rud a dhéanamh. Bhí sé cho dána le múille. Réab sé an cnocán as a lúdrachaí ar aon-nós, agus rinne sé an teach. Tá sé fuar falamh annsin ó shoin, mar a fheiceas tú féin é. Dheamhan duine a chomhnuigh ariamh ann sílim. Marbhuigheadh an mac shul má bhí sé déanta. Sáthach fánach a marbhuigheadh é freisin. Ord a thuit de'n scafall air. Buaileadh síos an inghean agus chaill sé an domhnuidheacht airgid léithe, ach ní dhearna sí aon-mhaith ariamh. Thuit binn an tighe go talamh shul má bhí sé réidh. Shílfeá go mbadh shin é a dhóthain de theasbánadh, ach chuaidh sé in a éadan as dubhshlán in ath-uair. Ní fhaca sé an chloch spideoige ariamh air. Bhí sé ag déanamh creafóige. Ó'n lá ar thosuigh sé ag ordluigheacht ar an gcnocán sin — shílfeá gur beith a bhí air é — níor fhan rud istigh ná amuigh aige nar tháinig an díleághadh air. D'imigh a raibh aige agus ar chruinnigh sé go cruadh — d'imigh sé in a ghlaedh ghlas. B'éigin do'n bhean agus do'n chuid eile de'n chlainn lascadh leo as ar fad ins an deire. Bhí an díleághadh ar a gcuid as comhair a dhá súil. Níl a fhios agam an raibh an oiread aca agus a thug go G. iad. Má bhí, dheamhan tada leis é. Níl duine ar a shliocht indiu; i gcruthamhnas nach ceart d'aonduine a dhul ag cur araoid ar an sluagh sidhe — diúltaigheamuide dhóibh agus fuagruigheamuid deagh-chomharsanacht orra!
 
dóigh 1
Má's ag tóruigheacht creathnaigh a tháinig tú is olc an dóigh (creathnaigh) é seo. Níor mhór duit a dhul ar chladach dána le creathnach a fháil. Is diabhlaí dúlaidhe atá sib ins an gcreathnach suas annsin i gcomhnuí
 
drann
Bhí muid ag caitheamh le easóig annsin thuas indiu, agus ba mhór an t-ár í ag drannadh agus ag caitheamh seilí amach. An bhfuil feithideach ar bith cho dána léithe. Bhí ceathar nó cúigear againn in a h-éadan, agus dheamhan claonadh a dhéanfadh sí in a dheidh sin ach ag síonghail agus ag drannadh. Smíochadh í faoi dheireadh le clocha
+
Tá rud dána drochmhúinte déanta agam (fc. dána)
TUILLEADH (1) ▼
Mara bhfuil tú mór ná láidir ná bí dána ná drochmhúinte (fc. dána)
 
dubh 1
Chinn sé dubh agus dubh orm aon-cheart a bhaint di, th'éis gur fhéach mé chuile chaoi léithe. Ach bhí sí an-dána den domhan
 
Tá dúrlinneachaí an-dána annsin: dúrlinneachaí sean-fhairrge. Bhuel tá mé ag ceapadh go bhfuil an oiread cloch ann ar chaoi ar bith, agus a dhéanfadh Berlin aríst dá mb'fhéidir a dtabhairt as
 
Cuireadh amach as í faoi rádh agus nach ngéillfeadh sí dona ceannphuirteachaí a bhí uirre. Is dána í sin ná muic
 
Nach bhfeiceann tú go bhfuil mé ag dul di le seachtain, agus ag tuineadh léithe ag iarraidh uirre fuirgheacht as, ach 'sé an cás céadna é. Tá sí cho dána le múille