Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dúrlinn (torlainn?)
/dūrʟ′iɴ′/
ainm-fhocal, buineann.
an chuid de'n chladach a bhíos faoi leath-chlocha agus faoi chlocha beaga. Bíonn na clocha in a sraith nó ina ndruim go h-iondamhail thuas in aice leis an talamh nó lena dumhcha ag an snáth-mara nó ag bárr-láin rabharta móir agus uaidh sin síos scathamh. Thíos faoi'n dúrlinn a bhíos an tráigh, nó b'fhéidir gur coraí nó caracáin a bheadh ann scaithtí. Ach go h-iondamhail bíonn an dúrlinn i mbarr-cladaigh ar fad. Bíonn dúrlinn mórán is gach uile chladach. Tugtar freisin é ar ghiodán a bheadh clochach ar thaobh abhann nó ar chuid de ghrinneal na h-abhann istigh le bruach nuair a thriomaíos sí roint san samhradh.
a.
·
An Dúrlinn Mhóir, Dúrlinn an Bhantra, Dúrlinn Bhéal na Trágha agus rl. (ainmneacha áiteacha ins an gcladach)
+
Clocha dúrlinne a chuir sé uiliog sa mballa sin
Tabhair aníos cupla carr clocha dúrlinne agus cuir sa tsráid sin iad
TUILLEADH (12) ▼
Dhá mbeadh cupla carr leath-chlocha dúrlinne agad siad a dhéanfadh ceart thú annsin
Níl aon-chapall cruthuighthe a thiubharfadh carr feamuinne in aghaidh na dúrlinne sin.
Chuir an taoille mhór an oíche cheana an dúrlinn uiliog isteach sa ngarrdha orm
Tá Tóchar na Dúrlinne tachttha aríst, agus an garrdha báithte. Shnámhfadh bád mór anois ann. Ní dhéanfaidh sé siúd aon-mhaith go dteighidh comhla taobh amuigh ins an dúrlinn
Tá scaipiúch beag feamuinne sa dúrlinn indiu
Bhí sé aníos sa snáth mara imbéal na dúrlinne
Bhí scoth-thaoille mhaith aréir ann. Tá ucht na dúrlinne bainte fré chéile
Phléasc siad thíos sa dúrlinn mhóir é. Thiocfadh an teach seo síos sa bpoll a rinne sé ann (pléascán mara)
Is beag nachar bascadh sa dúrlinn indiu mé. Tá na clocha bealuighthe uiliog ag an bhfeamuinn lobhtha agus sciorr mé ar cheann aca agus baineadh treascairt asam, agus dar brígh an leabhair cuireadh síos le fánaidh uiliog mé
Ba mhaith an éadáil í sin ag siubhal dúrlinne agus na bróga páipéir sin uirre. Thuas imBaile Átha Cliath a bhí aige a fágáil, an áit a mbeadh sí ar a nádúr féin. Go deimhin ní bean do chladóir í
Tá dúrlinneachaí an-dána annsin: dúrlinneachaí sean-fhairrge. Bhuel tá mé ag ceapadh go bhfuil an oiread cloch ann ar chaoi ar bith, agus a dhéanfadh Berlin aríst dá mb'fhéidir a dtabhairt as
Tá snáithín deas rocálaighe isteach imbun na dúrlinne agus gan roint gan roghain uirre.
b.
+
Bhí an bradán istigh ar dhúrlinn na h-abhann
Bhí siad in a suí síos ar dhúrlinn na h-abhann, iad cosnochttha agus na buinn amuigh san uisce aca
TUILLEADH (1) ▼
Rugthas glan-eascartha thoir ar dhúrlinn na h-abhann air agus an chamóig aige in éadan na mbradáin. Ní raibh aon-cheann aige sílim ach is cuma sin. Gabhfaidh sé daor air agus breith ar an gcamóig aige

Dúrlinn in iontrálacha eile (1)

 
docht 1
Tá docht uisce 'sa tóchar siúd. An súighteán a tháinic aníos leis an rabharta agus leis an taoille mhór, tá sé coinnighthe i bhfus, in áit ar leag sí béal an tóchair amuigh sa dúrlinn. Tá an tóchar ar fad calcuighthe anois. Ní dhéanfaidh sé siúd aon-mhaith go gcuirtear comhla amuigh leis