Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
duirling
/dūrʟ′iɴ′/
ainmfhocal, baineann
an chuid den chladach a bhíos faoi leathchlocha agus faoi chlocha beaga. Bíonn na clocha ina sraith nó ina ndroim go hiondúil thuas in aice leis an talamh nó lena dumhcha ag an snáth mara nó ag barr láin rabharta móir, agus uaidh sin síos scaitheamh. Thíos faoin duirling a bhíos an trá, nó b'fhéidir gur coraí nó carracáin a bheadh ann scaití. Ach go hiondúil bíonn an duirling i mbarr cladaigh ar fad. Bíonn duirling mórán i ngach uile chladach. Tugtar freisin é ar gheadán a bheadh clochach ar thaobh abhann nó ar chuid de ghrinneall na habhann istigh le bruach nuair a thriomaíos sí roinnt sa samhradh.
a.
·
An Duirling Mhóir, Duirling an Bhantra, Duirling Bhéal na Trá srl. (ainmneacha áiteacha sa gcladach)
+
Clocha duirlinge a chuir sé uileag sa mballa sin
Tabhair aníos cupla carr clocha duirlinge agus cuir sa tsráid sin iad
TUILLEADH (12) ▼
Dhá mbeadh cupla carr leathchlocha duirlinge agat siad a dhéanfadh ceart thú ansin
Níl aon chapall cruthaithe a thabharfadh carr feamainne in aghaidh na duirlinge sin
Chuir an taoille mhór an oíche cheana an duirling uileag isteach sa ngarraí orm
Tá Tóchar na Duirlinge tachta aríst, agus an garraí báite. Shnámhfadh bád mór anois ann. Ní dhéanfaidh sé siúd aon mhaith go dté comhla taobh amuigh sa duirling
Tá scaipiúch beag feamainne sa duirling inniu
Bhí sé aníos sa snáth mara i mbéal na duirlinge
Bhí scoth-thaoille mhaith aréir ann. Tá ucht na duirlinge bainte fré chéile
Phléasc siad thíos sa duirling mhóir é. Thiocfadh an teach seo síos sa bpoll a rinne sé ann (pléascán mara)
Is beag nár bascadh sa duirling inniu mé. Tá na clocha bealaithe uileag ag an bhfeamainn lofa agus sciorr mé ar cheann acu agus baineadh treascairt asam, agus dar brí an leabhair, cuireadh síos le fána uileag mé
Ba mhaith an éadáil í sin ag siúl duirlinge agus na bróga páipéir sin uirthi. Thuas i mBaile Átha Cliath a bhí aige a fágáil, an áit a mbeadh sí ar a nádúr féin. Go deimhin ní bean do chladóir í
Tá duirlingeachaí an-dána ansin: duirlingeachaí seanfharraige. Bhuel tá mé ag ceapadh go bhfuil an oiread cloch ann ar chaoi ar bith, agus a dhéanfadh Berlin aríst, dá mb'fhéidir a dtabhairt as
Tá snáithín deas racálaí isteach i mbun na duirlinge agus gan roinnt gan roghain uirthi
b.
+
Bhí an bradán istigh ar dhuirling na habhann
Bhí siad ina suí síos ar dhuirling na habhann, iad cosnochta agus na boinn amuigh san uisce acu
TUILLEADH (1) ▼
Rugthas glanoscartha thoir ar dhuirling na habhann air agus an chamóig aige in éadan na mbradáin. Ní raibh aon cheann aige sílim, ach is cuma sin. Gabhfaidh sé daor air agus breith ar an gcamóig aige

duirling in iontrálacha eile (26)

 
cab
Nuair a bheadh lán mhara rabharta mhóir ann, d'éireodh sí (an tuile) cab ar chab le claí na duirlinge.
 
caidhl
Feicfidh tú an chaidhl chloch a rinne mé taobh amuigh ar an duirling agus níl ort ach do láimh a shá isteach faoin gclaí ar a n-aghaidh, agus gheobhaidh tú an scian ansin
 
Chuaigh sé ar snámh thíos ag Carracán na Duirlinge.
 
Tá an duirling ina círéabachaí fré chéile de bharr lán mhara na hoíche aréir. Ba chumasach an t-oibriú a bhí sa bhfarraige.
 
Chruinnigh sé cosamar feamainne a bhí scaipthe sa duirling agus thóg sé bearna gharraí an chladaigh, agus rinne sé cupla creachlaois mar sin, ach ag fánaíocht a chaith sé an chuid is mó den lá.
 
Bhí muid dhá uair go láidir ar an gcarraig san am ar bhuail ceann cruachán M. B. Chuir sé dhá sheanurchar sa bhfarraige é, agus chornaigh sé suas an dorú. 'Ní áit buaile ná seanbhaile d'aon duine an charraig seo,' adeir sé, agus lig sé leis fhéin suas an duirling.
+
beo 1
Tá go leor gainimh beo sa duirling sin thíos.
TUILLEADH (1) ▼
Chomh luath agus a tháinig siad isteach ó shnámh, tháinig siad aníos i mbun na duirlinge agus thosaigh dhá n-únfairt fhéin sa ngaineamh beo. Dheamhan snáth a bhí orthub ach an oiread leis an oíche a (ar) rugadh iad.
+
bruach
Tá claise Gharraí an Chladaigh ag cur thar bruach. Tá mé ag ceapadh gurb é an cúltsruth agus súiteán an rabharta is ciontaí leis. Is beag an mhaith a bheith leis an gclaise chéanna go ndéantar tóchar ceart amach ar an duirling.
TUILLEADH (1) ▼
B'áibhéil an taoille a bhí anocht ann. Bhí sí bruach ar bhruach le barr na duirlinge.
 
Bhuail sé roimhe siar an duirling gan thú ná mé a rá le aon duine.
 
buinne 1
Fuair T. C. agus N. bairille beag sa mbruth faoi thír tá suim blianta ó shin. D'áitigh ar an mbeirt ag dul dó ag ceapadh gur ól a bhí ann, agus ba ea freisin, agus ná raibh Dia leis murar thit an buinne tónach anuas lofa dhe agus dheamhan deoir a d'fhan ann nár dóirteadh amach sa snátha mara. Shuigh an cúpla síos ar an duirling ag caoineadh na héadála! Deir siad fhéin gur 'rum' a bhí ann, ach is dona a chreidfinn é.
 
Is mór nach maith dhuit a bheith san airdeall ort fhéin ag siúl sa duirling.
 
aire
Bí aireach sa duirling mar tá cuid de na leacrachaí an-bhealtaithe agus an-tsleamhain ag an bhfeamainn lofa
 
amuigh
An bhfuil carnán na duirlinge amuigh fós agat — tugtha go dtí na páirceannaí atá le leasú
 
Bíonn an-bhrónfháscadh ag an duirling sin nuair a bhíos tarraingt faoi chladaí. Diabhal go gcloisfeá an gíoscán a bhíos aici anseo
 
Tá an-fhaobach déanta den duirling ag an taoille mhór a bhí aréir ann. Tá sí cartaithe fré chéile.
 
feadh
Shiúil sé soir feadh na duirlinge ag forcamhás ar fheamainn dearg
 
Tá na cladaí sin thíos anois chomh gealta le croí do bhoise. Ní bhfaightheá bord feamainne istigh ar an roinn s'againne anois, dhá gcaithfeá do bhliain dhá baint. Roimhe seo, d'fheicinnse feamainn dubh ina sraith aníos go dtí bun na duirlinge, ach dhá gcuirtheá do shúile ar bhior anois, ní fheicfeá foithnín ann. Chreidim go bhfuil an smál céanna ag teacht ar an gcladach agus atá ar an saol
 
Chonaic mise forchosán ariamh ansin ag muintir an leathbhaile thoir nuair a bheidís ag feamnú as a gcuid fhéin den chladach. Bhíodh cead acu an bhearna sin atá le Garraí an Chladaigh aige a leagan amach ar an duirling. Is cosúil go bhfuil rún aige seo a gcoinneáil as, má fhéadann sé. Is groí an scéal é má fhéadann agus iad ag dul ariamh ann
 
docht 1
Tá docht uisce sa tóchar siúd. An súiteán a tháinig aníos leis an rabharta agus leis an taoille mhór, tá sé coinnithe abhus, an áit ar leag sí béal an tóchair amuigh sa duirling. Tá an tóchar ar fad calcaithe anois. Ní dhéanfaidh sé siúd aon mhaith go gcuirtear comhla amuigh leis
+
droim
Tá droim na duirlinge uileag réabtha de bharr taoille na hoíche aréir. Ba deannachtach an oíche í (droim an duirlinge: strapadh ard a bhíos ar dhuirling in aice a bharr)
TUILLEADH (4) ▼
Chonaic mé ag lascadh soir droim na duirlinge ardtráthnóna é
Gheofá clocha thíos i ndroim na duirlinge a d'fheilfeadh thar cionn dó sin
Nach diabhlaí an feothan a bhí aréir ann agus gur cuireadh aníos an snáth siúd thar dhroim na duirlinge, agus ionann is suas go dtí claí na corraí … Anois céard adeir tú!
Tá an duirling (toirling) uilig droim ar ais de bharr an oibriú a bhí sa bhfarraige aréir. Oíche mhór a bhí inti