Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

meathdhuirling (2)

 
An tóchar sin a dhéanamh! Sin scéal a mbeadh fiannaíocht air murach gur casadh an bhó mhór sin timpeall. B'ait a thapaigh mé é! Bhí sé ina shuí thíos ar cholbha an Charracáinín théis a bheith ar snámh. Ag bailiú glaicín chuailleachaí thoir ar an Meathdhuirling a bhí mé fhéin. 'Lá breá é,' adeir sé … Bhain muid amach sa seanchas. 'Gaeilgeoir thú,' adeirimse. 'Ní hea,' adeir sé. 'Ag fámaireacht atá mé.' D'fhiafraigh sé ansin tuige na cuailleachaí. D'inis mé fhéin dhó. Ach le scéal gearr a dhéanamh dhó, chaintigh mé ar an tóchar, agus go raibh an talamh báite cheal a dhéanta. 'An 'speáinfeá dhom é,' adeir sé … — ní dhéanfaí go ceann fada é, agus bheadh a lán cainte agus scríbhneoireacht air
 
dúch
Deir siad nuair a bhíos bric eile ar a thí gurb in é an uair a dtosaíonn an láimhíneach sin ag cur dúigh uaidh. Ní fhágann sé míor meacan den fharraige ina thimpeall nach mbíonn faoi dhúch aige. Ní léir don iasc eile ansin é. Bhí mé fhéin agus máistir scoile a bhí anseo thuas ar leave tigh J. amuigh ar meath an bhliain cheana. Ná raibh ann mura mbuaileann ceann acu é. 'Caith amach é i dtigh diabhail,' adeirimse, 'ní eallach ar bith é sin le bheith dhá bhuachailleacht sa gcurach.' Diabhal caitheamh! Ag déanamh iontais de na dathannaí a bhí air a bhí sé. 'Oibrigh ort a bhuachaill,' arsa mise i m'intinn féin, 'ní móide go mbeifeá chomh dathúil ar ball.' Ach níor bhac mé níos mó leis. Tháinig muid isteach sa gcaladh ansin thíos. 'An bhfuil tú ag brath ar an t-ógánach seo a thabhairt leat,' adeirim féin, agus theann mé siar scaithín ar an trá. 'Caithfidh tú treabhadh nó tiomáilt a dhéanamh, mar tá cúram orm an churach a chur suas.' Ní raibh fios na faillí aige. Beireann mo dhuine bocht ar an láimhíneach, agus ní leis an láimhíneach ab fhaillí é; scaoil sé scuaid as agus bhí an trá faoi dhúch aige suas go dtí an leicín shleamhain údaí sa meathdhuirling. Níor thaobhaigh mo dhuine na curachaí uaidh sin amach