Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
docht
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha: doicht
1.
calcadh; stopainn; bacainn; tiompán; guaim; coisceadh.
·
Tá docht uisce sa tóchar siúd. An súiteán a tháinig aníos leis an rabharta agus leis an taoille mhór, tá sé coinnithe abhus, an áit ar leag sí béal an tóchair amuigh sa duirling. Tá an tóchar ar fad calcaithe anois. Ní dhéanfaidh sé siúd aon mhaith go gcuirtear comhla amuigh leis
Beidh docht uisce agat sa bportach sin, nó go mbaine tú an stanna amach uait. Is bocht sa diabhal nach mbeadh. Nach furasta a aithinte do dhall gan súil é
+
Ní ól ar bith é an lemonade bradach sin. Bhí mé thoir ansin lá in éindí le M. B. agus le S. Ó. C. agus J. N. Chaith mé an lá ag ól an lemonade: buidéal ar an bpionta leosan. Chuir sé docht orm faoi dheireadh. Dheamhan deoir a bhí mé in ann a dhéanamh thríom síos aige. Shíl mé go raibh mé réidh. Dúirt D. liom a dhul amach agus an t-uisce a fhágáil ag scairdeadh as an tap go ceann scaithimh. Sin é an uair a tháinig sé
Tá docht ar a uisce. Ach ní measa rud eile. Seanfhear ar bith a mbuailfidh sé sin é, is gearr é a shaol. B'fhéidir go mairfeadh sé bliain nó dhó leis, ach diabhal mórán thairis
TUILLEADH (1) ▼
'Sé an chaoi a raibh sé ag dul domsa docht a bheith orm. Bhí a mh'anam, in imeacht trí nó ceathair de laethanta. Chuaigh mé siar ag an dochtúr, ach ar ndóigh, ba déanamh mo ghearáin le giolla gan trua é. Cén bhrí ach bhí leisce orm a dhul ag caint faoi le aon duine. Diabhal easna dhó (dhe) nár tháinig uaidh féin sa deireadh
2.
scairdeadh nó brúscadh nuair a chuirfí i leataobh tiompán.
+
Bhí stopainn ar a uisce, agus thug an dochtúr purgóid eicínt dó. Ansin bhuail docht fuail é — bhí stopainn ar an uisce nó go dtug an phurgóid fuascailt dó, ach tháinig sé ansin ina scaird chumasach
Sin é an chaoi a bhfuil sé sin go bhfóire Dia orainn! Rinne sé éagóir eicínt air fhéin ag ardú clocha isteach i gcarr ansin thiar cupla bliain ó shin, agus tá stopainn ar an uisce ó shin. 'Sé an chaoi a mbíonn sé aige, stopainn agus docht fuail gacha le seachtain
TUILLEADH (1) ▼
Tháinig docht fuail uirthi — an créatúr — cupla lá shul ó fuair sí bás, agus níorbh fhéidir soithigh a fháil a dtoillfeadh sé ann. Rud eicínt a rinne an dochtúr léithe. Ach más ea féin, ní bhfuair sí aon bhiseach ina dhiaidh

docht in iontrálacha eile (5)

 
Tá sé daingean docht (nó docht daingean) ansin anois
 
danra
Shílfeá go bhfuil an claibín atá ar an mbuidéal dúigh seo an-docht. Is danra é le scriúáil dhe. Dar príosta cinnfidh sé orm
 
Ní raibh deacracht ar bith air é a chur isteach. Ach bhí sé chomh docht lena bhfaca tú ariamh istigh. Fuair sé anró óna bhaint amach aríst
 
do- 2
Nach sibh a chuir docht ann é. Tá sé dobhogtha
 
droim
An bhfuil tú in ann é a chur dhíot de do dhroim. Is diabhaltaí docht atá sé