Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dócúlacht
·
Ní furasta mórán den rath a dhéanamh ann ag dócúlacht an bhealaigh — bealach aistreánach dona
Tabhair thusa dócúlacht air sin! Bhí gacha le leagan dhá bhaint asam ag teacht aniar na clochair. Ní túisce a bheinn i mo shuí, ná a bhainfí treascairt eile asam. Gheall mise do Dhia, dhá dtugadh sé abhaile slán mé nach dtabharfainn an tabhairt sin orm féin de shiúl oíche le mo ló aríst. Níor mhiste liom dhá mbeadh trí mhíle d'aicearra ann, ghabhfainn an timpeall níos mó