Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dócúlacht
·
Ní furasta mórán de'n rath a dhéanamh ann ag docamhlacht an bhealaigh = bealach aistreánnach dona
Tabhair thusa docamhlacht ar sin! Bhí gacha le leagan dhá bhaint asam ag teacht aniar na clochair. Ní túisce a bheinn i mo shuidhe, ná a bhainfí treascairt eile asam. Gheall mise do Dhia, dhá dtugadh Sé abhaile slán mé nach dtiubharfainn an tabhairt sin orm féin de shiubhal oíche le mo ló aríst. Níor mhiste liom dhá mbeadh trí mhíle d'aithgiorra ann, ghabhfainn an tímpeall níos mó