Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dodaire
ainmfhocal, fireann
stodaire amantaí
duine a bheadh dodach; duine gruama; duine stainciúil; bundún, streachaille.
+
'Sé an dodaire é a mhic ó! Nuair adúirt mé leis nach raibh aon ghualach agam, spréach sé. 'Cén chiall duit a theacht anseo d'uireasa gualaigh,' arsa seisean. 'Nach bhfuil a fhios agat an sórt saol atá ann. Is beag a bhéarfadh orm gan crú ar bith a dhéanamh duit, ach thú a ligean abhaile mar a tháinig tú. Chomhairleodh sin aríst thú'
Níl sé éasca dodaire mná a fháil a chinnfeadh uirthi. Bhuailfeá isteach go dtí í amantaí agus ní fhanfadh focal den chaint aici. Ní hea, ach dá n-abraíteá tada nach dtaitneodh léithe is maith gasta a chuirfeadh sí in do thost thú. Ní thaobhaím féin chor ar bith anois í
TUILLEADH (4) ▼
Dodaire í an mháistreás óg sin ann sílim. Is furasta a aithinte uirthi é. Tá an chuid eile acu fáilí go leor, ach ní bheannódh sí sin duit scaití. Tá sí ag leagan ar na malraigh beaga go binn freisin. Diabhal mé nár mhiste le duine faoi ghreasáil, ach maraíonn sise iad ó mhaidin go faoithin
Dodaire d'fhear é sin anois atá ar an mbus. Mura mbeidh do chuid airgid i gcúl do ghlaice agat dó, agus a shíneadh chuige ar an bpointe boise, 'sé a bhíos cantalach. Bhí sé ag dul ag cur S. Sh. Sh. bog te amach as an mbus an lá cheana an áit a raibh sé ag cinniúint dubh is dubh air a láimh a chur ina phóca ag an mbrú. Thug S. Sh. Sh. a dhúshlán. 'Is córa dhuit go mór a gcoinneáil dó,' adeir sé, 'agus gan muid a bheith anseo mar a bheadh matcheannaí i mboiscín'
Dodaire de bhó í. Tá dhá chuid dhá cuid bainne ag dul amú de bharr go ndóirteann sí i gcónaí é. Slabhra nár mhór di in ómós buaraí. Ní choinneodh tada eile í
Déarfainn gur dodaire maith í an múille sin ag T. Ch. Ach chreidim gurb annamh le múille gan a bheith ina dodaire. Bhíodh ceann agamsa anseo fadó agus b'éigean dom a díol. Nuair a bhuailfeadh an daol sin í, ní bheadh a fhios agat cá gcónódh sí leat féin ná leis an gcarr. Tá daoine ann a bhaineas ceart maith díobh, ach má tá, ní mise é

Féach freisin