Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dodaire
ainm-fhocal, fireann.
sdodaire amanntaí
duine a bheadh dodach; duine gruama; duine stainceamhail; bundún, strachaille.
+
'Sé an dodaire é a mhic ó! An uair adubhairt mé leis nach raibh' aon-ghualach agam, spréach sé. "Cé'n chiall duit a theacht annseo d'fhuireasbhaidh gualaighe" arsa seisean. "Nach bhfuil a fhios agad an sórt saoghal atá ann. Is beag a bhéarfadh orm gan crudh ar bith a dhéanamh duit, ach thú a leigean abhaile mar a tháinic tú. Chomhairleochadh sin aríst thú
Níl sé éascaidh dodaire mná a fháil a chinnfeadh uirre. Bhuailfeá isteach go dtí í amanntaí agus ní fhanfadh focal de'n chaint aice. Ní h-eadh, ach dá n-abr(uigh)theá tada nach dtaithneochadh léithe is maith gasta a chuirfeadh sí in do thost thú. Ní thaobhuighim féin chor ar bith anois í.
TUILLEADH (4) ▼
Dodaire í an mháistreás óg sin ann sílim. Is furasta aithinte uirre é. Tá an chuid eile aca fáilidhe go leor, ach ní bheannóchadh sí sin duit scaithtí. Tá sí ag leagan ar na malraigh beaga go binn freisin. Diabhal mé nar mhiste le duine faoi ghriosáil, ach marbhuigheann sise iad ó mhaidin go faoithin
Dodaire d'fhear é sin anois atá ar an mbus. Mara mbeidh do chuid airgid i gcúl do ghlaice agad dó, agus a shíneadh chuige ar an bpuínte boise, 'sé a bhíos cantalach. Bhí sé ag dul ag cur S. Sh. Sh. bog te amach as an mbus an lá cheana, in áit a raibh sé ag cinneamhaint dubh agus dubh air a láimh a chur in a phóca ag an mbrughadh. Thug S. Sh. Sh. a dhubhshlán. "Is córa dhuit go mór a gcoinneál dó" adeir sé, "agus gan muid a bheith annseo mar a bheadh 'matcheannaí' i mboiscín"
Dodaire de bhó í. Tá dhá chuid dhá cuid bainne ag dul amú de bharr go ndóirteann sí i gcomhnuí é. Slabhra nar mhór di in omós buaraighe. Ní choinneochadh tada eile í
Déarfainn gur dodaire maith í an múille sin ag T. Ch. Ach chreidim gurb annamh le múille gan a bheith in a dodaire. Bhíodh ceann agamsa annseo fadó agus b'éigin dom a díol. An uair a bhuailfeadh an daol sin í, ní bheadh a fhios agad cá gcomhnóchadh sí leat féin ná leis an gcarr. Tá daoine ann a bhaineas ceart maith díob, ach má tá ní mise é

Féach freisin