dodach
—aidiacht, dobhriathar as dod
—
taghdach, feargach, stainciúil srl.
+–
Bó dhodach í — bó a bheadh ag gabháil le cuthach nó ag ciceáil, agus a dhoirtfeadh an bainne mura gcuirtí buarach nó speir uirthi, nó scothach a driobaill a cheangal dá hioscaid
Thálfadh sí ceart go leor, ach 'sí an bhó is dodaí a chonaic tú ariamh í. Níl ceart ar bith le baint di mura gcaitear gabháil aici
TUILLEADH (4) ▼
Tá an gearrchaile sin dodach. Má mhaireann di, ní bheidh sé an-éasca ag buachaill óg a dhul ag dréim léithe, ach casfar cinnire eicínt leis an aimsir uirthi a cheansós í, feicfidh tú féin air
Duine dodach go leor é scaití — gruamánta, bunfheargach go leor
Má tá an capall chomh dodach sin, ní foláir cinnire níos fhearr ná thusa ina héadan. Cén t-eolas atá agatsa ar chaiple cé is moite den chupla geábh sin a thug tú G. leis an seanghearrán, agus ar ndóigh dheamhan cor a dhéanfadh sí sin dhá mbeadh gunna mór ag pléascadh ina cluais
Sagart sách dodach é i nDomhnach, mura bhfaighe sé a chuid ceart. D'ardaigh sé an tuarastal orainn anuraidh agus bhí cuid acu a chuir taobh leis an seanrud é, agus 'sé a bhí mosánach orthu. Bhagair sé a léamh ón altóir, ach níor léigh ina dhiaidh sin. Níor bheag dóibh ar thug sé de scamhailéireacht dóibh thairis
Féach freisin
→
dod
dodach in iontrálacha eile (4)
→
dán
Chuir muid dán uirthi agus ba deacair sin. Bhí sí an-dodach le dhul ina haice chor ar bith. Tá féirín anois ag an slóchtaí, agus níl mise ina dhiaidh air: ba danra é le margadh a dhéanamh leis
→
deis
Níl deis cheangail ar bith ar an gcapall sin amuigh agus tá faitíos orm go réabfaidh sí an doras. Tá sí an-dodach go deo
→
téigh do
'Sí an capall is socra agus is sásta in Éirinn í ach a dhul di go cuibhiúil. Má thosaíonn scéin ag teacht inti, níl maith ar bith dhuit a dhul chun drochmhúineadh léithe. Glac go réidh í. Is furasta léithe a dhul chun socrachta ach gan a bheith dodach léithe