Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dodach
aidiacht; do-bhriathar as dod
taghdach, feargach, stainceamhail agus rl.
+
Bó dhodach í = bó a bheadh ag gabhail le cuthach nó ag ciceáil, agus a dhoirtfeadh an bainne mara gcuirtí buarach nó speir uirre, nó scóthach a driobaill a cheangal dá h-ioscaid
Tháilfeadh sí ceart go leor, ach 'sí an bhó is dodaighe a chonnaic tú ariamh í. Níl ceart ar bith le baint di mara gcaithtear gabhail aice
TUILLEADH (4) ▼
Tá an gearrchaile sin dodach. Má mhaireann di, ní bheidh sé an-éascaidh ag buachaill óg a dhul ag dréim léithe, ach casfar cinnire eicínt leis an aimsir uirre, a cheannsóchas í, feicfidh tú féin air
Duine dodach go leor é scaithtí = gruamánta, bun-fheargach go leor
Má tá an capall cho dodach sin, ní f'lár cinnire níos fhearr ná thusa in a h-éadan. Cé'n t-eolus atá agadsa ar chaiple cé's moite de'n chupla geábh sin a thug tú G. leis an sean-ghearrán, agus 'ar ndú dheamhan cor a dhéanfadh sí sin, dhá mbeadh gunna mór ag pléascadh ina cluais
Sagart sáthach dodach é indomhnach mara bhfaghaidh sé a chuid ceart. D'árduigh sé an tuarastal orainn anuraidh, agus bhí cuid aca a chuir taobh leis an sean-rud é, agus 'sé a bhí musánach orra. Bhagair sé a léigheamh ó'n altóir, ach níor léigh in a dheidh sin. Níor bheag dóib ar thug sé de scaimhléaracht dóibh thairis

Féach freisin

dod

dodach in iontrálacha eile (4)

 
dán
Chuir muid dán uirre agus ba deacair sin. Bhí sí an-dodach le dhul ina h-aice chor ar bith. Tá féirín anois ag an slóchtaí, agus níl mise ina dhiaidh air: ba danra é le margadh a dhéanamh leis
 
deis
Níl deis cheangail ar bith ar an gcapall sin amuigh agus tá faitíos orm go réabfaidh sí an doras. Tá sí an-dodach go deo
 
'Sí an capall is socra agus is sásta in Éirinn í, ach a dhul di go cuíbheamhail. Má thosuigheann scéin ag teacht ínnte, níl maith ar bith dhuit a dhul 'un droch-mhúineadh léithe. Glac go réidh í. Is furasta léithe a dhul 'un socracht' ach gan a bheith dodach léithe
 
Ní féidir a dhul faoi'n mbó sin chor ar bith. Tá sí an-dodach