Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Docht
ainm-fhocal; fireann
geineamhnach uathaidh: doicht.
1.
calcadh; stopainn; bacainn; teampán; guaim; coisceadh.
·
Tá docht uisce 'sa tóchar siúd. An súighteán a tháinic aníos leis an rabharta agus leis an taoille mhór, tá sé coinnighthe i bhfus, in áit ar leag sí béal an tóchair amuigh sa dúrlinn. Tá an tóchar ar fad calcuighthe anois. Ní dhéanfaidh sé siúd aon-mhaith go gcuirtear comhla amuigh leis
Beidh docht uisce agad sa bportach sin, nó go mbainidh tú an stannadh amach uait. Is bocht sa diabhal nach mbeadh. Nach furasta aithinte do dhall gan súil é
+
Ní ól ar bith é an "lemonade" bradach sin. Bhí mé thoir annsin lá in éindigh le M. B. agus le S. Ó. C. agus J. N. Chaith mé an lá ag ól an lemonade: buidéal ar an bpionta leo-san. Chuir sé docht orm faoi dheireadh. Dheamhan deoir a bhí mé indon a dhéanamh thríom síos aige. Shíl mé go raibh mé réidh. Dubhairt D. liom a dhul amach agus an t-uisce a fhágáil ag scárdadh as an "tap" go ceann scathamh. Sin é an uair a tháinic sé
Tá docht ar a uisce. Ach ní measa rud eile. Sean-fhear ar bith a mbuailfidh sé sin é, is gearr é a shaoghal. B'fhéidir go mairfeadh sé bliain nó dhó leis, ach diabhal mórán thairis
TUILLEADH (1) ▼
'Sé'n chaoi a raibh sé ag dul domsa docht a bheith orm. Bhí a mh'anam in imeacht trí nó ceathair de laetheanta. Chuaidh mé siar ag an dochtúr, ach 'ar ndú', ba déanamh mo ghearáin le giolla gan truaighe é. Cé'n brigh ach bhí leisce orm a dhul ag caint faoi le aonduine. Diabhal easna dhó (dhe) nachar tháinig uaidh féin sa deireadh
2.
scárdadh nó brúscadh nuair a chuirfí i leathtaobh teampán.
+
Bhí stopainn ar a uisce, agus thug an dochtúr purgóid eicínt dó. Annsin bhuail docht fuail é = bhí stopainn ar an uisce nó go dtug an phurgóid fuascailt dó, ach tháinic sé annsin in a scáird chumasach
Sin é an chaoi a bhfuil sé sin go bhfóiridh Dia orainn! Rinne sé éagcóir eicínt air fhéin ag árdú clocha isteach igcarr annsin thiar cupla bliain ó shoin, agus tá stopainn ar an uisce ó shoin. 'Sé'n chaoi a mbíonn sé aige, stopainn agus docht fuail gacha le seachtain
TUILLEADH (1) ▼
Tháinic docht fuail uirre — an créatúr — cupla lá shul ó fuair sí bás, agus níorbh fhéidir soithigh a fháil a dtuillfeadh sé ann. Rud eicínt a rinne an dochtúr léithe. Ach má seadh féin, ní bhfuair sí aon-bhiseach in a dhiaidh

Docht in iontrálacha eile (6)

 
Tá sé daingean docht (no docht daingean) annsin anois
 
Daingneochaidh dhá chor eile é. Aire dhuit! Bhain tú an iomarca corannaí as. Tá sé ro-dhocht ar fad anois.
 
danra
Shílfeá go bhfuil an claibín atá ar an mbuidéal dubhaighe seo an-docht. Is dan(d)ra é le scriútháil dhe. Dar príosta cinnfidh sé orm
 
Ní raibh deacracht ar bith air é a chur isteach. Ach bhí sé cho docht len a bhfaca tú ariamh istigh. Fuair sé anró ón a bhaint amach aríst
 
do- 2
Nach sib a chuir docht ann é. Tá sé do-bhogtha
 
droim
An bhfuil tú indon é a chur dhíot de do dhruim. Is diabhaltaí docht atá sé