Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
daingnigh
briathar
Fuaim — daingnigh — Iarthair na Gaillimhe; daighnigh — Achréidh
1.
rud a dhéanamh daingean, docht, cruadh, do-scaoilte, do-bhriste, do-oscailte, diongmhálta, do-réidhtighthe, tacamhail, teann, teangmháilte.
a.
+
Daingnigh an cnoth sin tuille ar an acastóir nó bainfidh sé.
Ní mór na bunannaí a dhaingniughadh ins an mbaile nó tiubharfaidh siad uatha
TUILLEADH (15) ▼
Níl sé leath sáthach daingnighthe agam, ach cé'n neart atá agam air, an uair nach bhfuil fad méire agam len a dhaingniughadh. Is beag an mhaith fear ceirde d'fhuireasbhaidh oirnise
Mara ndaingnighidh tú an glas sin, is gearr go mbeidh do dhorus béal in áirde feicfidh tú féin air.
Is beag an daingniughadh a theastóchadh ó'n bhfuinneoig sin anois an uair a dhéanfadh sí cúis
Is mór an daingniughadh nach mór do'n chroich fós, shul á fhéadfas tú pota a chur uirre. Pota ar bith a chrochfaidhe uirre sin, bheadh sé anuas in do mhullach ins an teine
Bí tusa ag daingniughadh ar an taobh sin, agus coinneochaidh mise righte é ar an taobh seo … Tá an iomarca daingniughadh anois agad air
Daingneochaidh dhá chor eile é. Aire dhuit! Bhain tú an iomarca corannaí as. Tá sé ro-dhocht ar fad anois.
Má thugann tú aníos 'ugamsa é sin oíche eicínt daighneóchaidh mé dhuit é
Níor dhaighnigh an fear céadna rud ar bith (bith) ariamh nach scaoilfeadh in a dhiaidh
Céard atá le daighniughadh ionn?
Daingnigh ort a fhleascaigh nó go bhfuagruighidh mise ort stopadh … Hó teaga leis. Ba cheart go ndéanfadh sin cúis anois
Ná bac len a bhun. Ní annsin atá an marach chor ar bith air. Daingnigh as a bharr é
Dhaingneochainn an táirnge tuilleadh, ach feicthear dom go bhfuil an clár buille tanuidhe
Níl aon-chnoth ag gabhail leis nach raibh ar bogadh. Fagh do "rinnse" agus daingnigh iad má's leat a dhul ar marcaidheacht air
Ní mór é a dhaingniughadh isteach (síos, uait, chugamsa, in uachtar agus rl.) go maith.
Daingneochaidh mé é ach a bhfaghaidh mé ionbhadh air
b.
+
Tá sé cho daingnighthe istigh anois ins an dream sin, agus nach gcuirfeadh súiste Oscair amach asta é
Tá an Béarla cho daingnighthe sin isteach i gcuid de na daoine, agus nach mbainfeadh geanntrachaí amach é.
TUILLEADH (11) ▼
Níl an creideamh sáthach daingnighthe ionnta. Dá mbeadh ní bheidís ar an gceird sin. Is dóigh gurb í an tír se'againn féin is fhearr creideamh anois
Tá an Ghaedhilge cho daingnighthe i gcuid againne, agus nach féidir í a chur asainn amach
"Ach dá mbeadh muid sáthach daingnighthe i gcreideamh an leinbh Íosa len a flaithis a shaothrú, go bhfuigheadh muid an ghlóir" (as amhrán a cumadh in Inis Bearachain Leitir Móir measaim)
Tá an droch-fháisc cho daingnighthe istigh ins an dream sin, agus nar mhór dóib tonn ghrásta cho mór le Tonn Uí Fhloínn len a cur amach
Sin é an chaoi a raibh Sasana ariamh. D'aimsigh sí 'chuile áit ar foghnamh agus chuir sí na geanntrachaí láidre isteach i gcruthamhnas duit go bhfuil sí cho daingnighthe anois, agus nach féidir a cur amach. Nar ba fearr a bhéas sí muise mara ndeachaidh sé righte go leor léithe ins an gcogadh seo. Mo choinsias chuaidh!
Tá an dream sin anois cho daingnighthe istigh ar an mbaile againn, agus nach mbainfeadh seacht gcatha na bhFiannta Éireann feanc asta. Diabhal é muis. Ní gar a bheith leo
'Sé an chaoi a bhfuil na diabhail dhá ndaingniughadh isteach le 'chuile chor. Do dhubhshlán anois cuir amach iad feiceamuist. Dhá splanctha dhá raibh tú dhá gcur isteach, beidh tú seacht n-uaire níos splanctha dhá gcur amach, creid mise dhuit ann
Tá fear an airgid in don é féin a dhaingniughadh isteach in a rogha áit. Ní comórtas ar bith do dhaoine dhona é
Ní fhéadfaidís eirghe as anois. Tá an poitín daingnighthe isteach ionnta sin le fiche líne. Ní bhainfí amach é asta, mara dtigeadh V2 a chuirfeadh an baile uiliog idtigh diabhail in aer
Ná leig don tslaghdán sin daingniú istigh ionnad, nó beidh moill ort shul a chuirfeas tú as do chrioslaí é
Ó a dhaingneós droch-ghalra mar sin in do chnámha, is obair a chur asta. Chaith casacht shlaghdáin ráithe fada in a lionnán (leannán) agamsa anuiridh.
·
Tá tú daingnighthe istigh innte fós. Ní fhágfaidh muid amach a corp gan tíortháil = scilling a bheadh ar chlár na h-imeartha, agus daoine ag imirt chártaí, agus beirt pháirtidhthe ag imirt ins an scilling
Tá mé cho daingnighthe istigh ins an sé pighne sin, agus nach gcuirfidh do cheann finne as mé. Faoi dhó cheana a bhí sé ar na bocáin agam a bheith as, ach diabhal mé gur rith liom 'chuile "thrip"
+
Tá an aimsir daingnithe anois = fanfaidh sí go breá má tá sí go breá, nó a mhalrait
Is aisteach í an tóirneach. Tugann sí athrú: aimsir bhriste nó aimsir dhaingnithe = dhá mbeadh an uair go breá í ag fanacht go breá
TUILLEADH (1) ▼
Tá an sneachta seo daingnithe anocht = seasfaidh sé scathamh
2.
rud a chomh-neartú; a dhéanamh spreacamhail, láidir, nó borradh leis.
+
Tá sí an-daingnighthe isteach ins an talamh sin anois, agus, 'ar ndú' tá an fear thoir ag daingniughadh léithe tuilleadh = ag borradh léithe; ag cur a chosa i dtaca tuilleadh
Má fhaghann sé cois ar bith isteach, mo léan géar daingneochaidh an dearbhráthair leis agus cuirfidh sé borradh agus borradh agus borradh eile faoi, nó nach féidir a chur amach
TUILLEADH (3) ▼
Tá tusa ag ceapadh go gcaithfear an dream seo amach go gairid. Bíodh ciall agad a dhuine chroidhe. 'Sé an chóir a bhfuil an Government seo ag daighniú. Tá siad ag leigean an oiread airgid amach ar an tír agus go bhfuil gach duine ag maoidheachtáil leobhtha
An gceapann tusa dá ndéantaí rud de'n tsórt sin nach hé an chóir a ndaighneochadh sé iad i leabaidh a lagachan. 'Sé d'aili
Má chuireann tú dlí orra, agus thú a chaitheamh, daingneochaidh sé iadsan. Rachaidh mé faoi dhuit go ndaingneochaidh. Mara bhfuil tú indon a gcur amach anois le bladar nó le bréagadh, leig dóib ar fad. Cinnfidh siad ort ar a mhalrait
3.
+
Tá siad daingnithe 'un troda anois = bainte amach chun troda; beidh siad scathamh ag troid len a chéile
Déarfainn go bhfuil an oíche anocht daingnithe chun seaca. Is furasta aithinte é
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé ag daingniú chun drochmhúineadh = bhí a chuid droch-mhúineadh ag neartú, bhí sé ag dul chun feirge nó chun uilc.

Féach freisin

daingnigh in iontrálacha eile (3)

 
dol 2
Cuir dol den cheann téide sin ar an gcloich sin thuas ar an gcala. Daingnigh thairis sin í a fhleascaigh! An síleann tú gur asal atá san mbád! Ní chorródh asal b'fhéidir, ach corróidh an bád
 
dún
'Nuair a bhí a h-áilín sin ar aon-chéill agus í ag iarraidh a dtógáil le strapadóireacht, mo choinsias 's dar m'anam ba mhaith léithe aice an dearbhráthair sin le brughadh air. Ach ar an dá luath agus ar dhaingnigh sí isteach ins an saoghal roint níor fhan meas ar bith aice ar an dearbhráthair ná ar a bhean. Tá sí cho dúinte in a éadan anois, agus a bheadh sí in éadan an duine is fuide amach uaithe ins an tír. Is gránna an chaoi é sin — nach gránna — do dheirbhshiúr agus do dhearbhráthair
 
Níl a fhios agad an chaoi le dhul dó chor ar bith. Scaoil é seo 'un tosaigh, agus fáisc é sin, nó go gcuiridh tú isteach é seo agus é a dhaingniú … Anois b'fhéidir! Tá cuma na maitheasa ort