Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
daingnigh
briathar
fuaim: daingnigh — iarthar na Gaillimhe; daighnigh — Achréidh
1.
rud a dhéanamh daingean, docht, crua, doscaoilte, dobhriste, do-oscailte, diongbháilte, doréitithe, tacúil, teann, teangmháilte.
a.
+
Daingnigh an cnó sin tuilleadh ar an acastóir nó bainfidh sé
Ní mór na bunannaí a dhaingniú sa mbaile nó tabharfaidh siad uathu
TUILLEADH (15) ▼
Níl sé leath sách daingnithe agam, ach cén neart atá agam air nuair nach bhfuil fad méire agam lena dhaingniú. Is beag an mhaith fear ceirde d'uireasa oirnise
Mura ndaingní tú an glas sin, is gearr go mbeidh do dhoras béal in airde, feicfidh tú féin air
Is beag an daingniú a theastódh ón bhfuinneoig sin anois nuair a dhéanfadh sí cúis
Is mór an daingniú nach mór don chroich fós shula fhéadfas tú pota a chur uirthi. Pota ar bith a chrochfaí uirthi sin, bheadh sé anuas in do mhullach sa tine
Bí tusa ag daingniú ar an taobh sin, agus coinneoidh mise rite é ar an taobh seo … Tá an iomarca daingniú anois agat air
Daingneoidh dhá chor eile é. Aire dhuit! Bhain tú an iomarca corannaí as. Tá sé ródhocht ar fad anois
Má thugann tú aníos chugamsa é sin oíche eicínt, daighneoidh mé dhuit é
Níor dhaighnigh an fear céanna rud ar bith ariamh nach scaoilfeadh ina dhiaidh
Céard atá le daighniú ann?
Daingnigh ort a fhleascaigh nó go bhfuagraí mise ort stopadh … Hó teaga leis. Ba cheart go ndéanfadh sin cúis anois
Ná bac lena bhun. Ní ansin atá an marach chor ar bith air. Daingnigh as a bharr é
Dhaingneoinn an tairne tuilleadh, ach feictear dom go bhfuil an clár buille tanaí
Níl aon chnó ag gabháil leis nach raibh ar bogadh. Faigh do rinse agus daingnigh iad más leat a dhul ar marcaíocht air
Ní mór é a dhaingniú isteach (síos, uait, chugamsa, in uachtar srl.) go maith
Daingneoidh mé é ach a bhfaighe mé ionú air
b.
+
Tá sé chomh daingnithe istigh anois sa dream sin, agus nach gcuirfeadh súiste Oscair amach astu é
Tá an Béarla chomh daingnithe sin isteach i gcuid de na daoine, agus nach mbainfeadh geanntrachaí amach é
TUILLEADH (11) ▼
Níl an creideamh sách daingnithe iontu. Dá mbeadh, ní bheidís ar an gceird sin. Is dóigh gurb í an tír s'againn féin is fhearr creideamh anois
Tá an Ghaeilge chomh daingnithe i gcuid againne, agus nach féidir í a chur asainn amach
"Ach dá mbeadh muid sách daingnithe i gcreideamh an linbh Íosa lena flaithis a shaothrú, go bhfaigheadh muid an ghlóir" (as amhrán a cumadh in Inis Bearachain, Leitir Móir measaim)
Tá an drocháisc chomh daingnithe istigh sa dream sin, agus nár mhór dóibh tonn ghrásta chomh mór le Tonn Uí Fhloinn lena cur amach
Sin é an chaoi a raibh Sasana ariamh. D'aimsigh sí chuile áit ar fónamh agus chuir sí na geanntrachaí láidre isteach, i gcruthúnas duit go bhfuil sí chomh daingnithe anois agus nach féidir a cur amach. Nár ba fearr a bheas sí muise, mura ndeachaigh sé rite go leor léithe sa gcogadh seo. Mo choinsias chuaigh!
Tá an dream sin anois chomh daingnithe istigh ar an mbaile againn, agus nach mbainfeadh seacht gcatha na bhFiannta Éireann feanc astu. Diabhal é muis. Ní gar a bheith leo
'Sé an chaoi a bhfuil na diabhail dhá ndaingniú isteach le chuile chor. Do dhúshlán anois cuir amach iad feiceamuist. Dhá splanctha dhá raibh tú dhá gcur isteach, beidh tú seacht n-uaire níos splanctha dhá gcur amach, creid mise dhuit ann
Tá fear an airgid in ann é féin a dhaingniú isteach ina rogha áit. Ní comórtas ar bith do dhaoine dhona é
Ní fhéadfaidís éirí as anois. Tá an poitín daingnithe isteach iontu sin le fiche líne. Ní bhainfí amach é astu, mura dtigeadh V2 a chuirfeadh an baile uileag i dtigh diabhail in aer
Ná lig don tslaghdán sin daingniú istigh ionat nó beidh moill ort shula chuirfeas tú as do chrioslaigh é
Ó dhaingneos drochghalra mar sin in do chnámha, is obair a chur astu. Chaith casacht shlaghdáin ráithe fada ina leannán agamsa anuraidh
·
Tá tú daingnithe istigh inti fós. Ní fhágfaidh muid amach a corp gan tiaráil — scilling a bheadh ar chlár na himeartha, agus daoine ag imirt chártaí, agus beirt pháirtithe ag imirt sa scilling
Tá mé chomh daingnithe istigh sa sé pínne sin, agus nach gcuirfidh do cheann fine as mé. Faoi dhó cheana a bhí sé ar na bacáin agam a bheith as, ach diabhal mé gur rith liom chuile thrip
+
Tá an aimsir daingnithe anois — fanfaidh sí go breá má tá sí go breá, nó a mhalrait
Is aisteach í an toirneach. Tugann sí athrú: aimsir bhriste nó aimsir dhaingnithe — dhá mbeadh an uair go breá, í ag fanacht go breá
TUILLEADH (1) ▼
Tá an sneachta seo daingnithe anocht — seasfaidh sé scaitheamh
2.
rud a chomhneartú; a dhéanamh spreacúil, láidir, nó borradh leis.
+
Tá sí an-daingnithe isteach sa talamh sin anois, agus ar ndóigh, tá an fear thoir ag daingniú léithe tuilleadh — ag borradh léithe; ag cur a chosa i dtaca tuilleadh
Má fhaigheann sé cois ar bith isteach, mo léan géar daingneoidh an deartháir leis, agus cuirfidh sé borradh agus borradh agus borradh eile faoi, nó nach féidir a chur amach
TUILLEADH (3) ▼
Tá tusa ag ceapadh go gcaithfear an dream seo amach go gairid. Bíodh ciall agat a dhuine chroí. 'Sé an chóir a bhfuil an government seo ag daighniú. Tá siad ag ligean an oiread airgid amach ar an tír agus go bhfuil gach duine ag maíochtáil leofa
An gceapann tusa dá ndéantaí rud den tsórt sin nach é an chóir a ndaighneodh sé iad i leaba a lagachan. 'Sé deile
Má chuireann tú dlí orthu, agus thú a chaitheamh, daingneoidh sé iadsan. Rachaidh mé faoi dhuit go ndaingneoidh. Mura bhfuil tú in ann a gcur amach anois le bladar nó le bréagadh, lig dóibh ar fad. Cinnfidh siad ort ar a mhalrait
3.
+
Tá siad daingnithe chun troda anois — bainte amach chun troda; beidh siad scaitheamh ag troid lena chéile
Déarfainn go bhfuil an oíche anocht daingnithe chun seaca. Is furasta a aithinte é
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé ag daingniú chun drochmhúineadh — bhí a chuid drochmhúineadh ag neartú, bhí sé ag dul chun feirge nó chun oilc

Féach freisin

daingnigh in iontrálacha eile (6)

 
Sin ní fhágfaidh sé anois chomh uain is a bheas grian ag dul deiseal. Beir air sin! Sin é atá daingnithe!
 
dol 2
Cuir dol den cheann téide sin ar an gcloich sin thuas ar an gcaladh. Daingnigh thairis sin í a fhleascaigh! An síleann tú gur asal atá sa mbád! Ní chorródh asal b'fhéidir, ach corróidh an bád
+
droim
Coinnigh daingnithe air anois agus ná díol oiread agus ualach amháin leis aisti mura gceannaí sé faoina droim uait í. Má théann tú ag sceidínteacht léithe, ní bheidh a leath oiread dhá barr agat agus a bheadh lena díol faoina droim. Cuileálfaidh sé chuile fhód fliuch ag gabháil léithe. Feicfidh tú féin air gur díon déirce leis a fáil amach anseo nuair a bheas sí gann. Beidh sí thrí lasadh faoi Fhéil Bríde seo chugainn
TUILLEADH (1) ▼
Is deacair deirimse leat de Valera a chur de dhroim seoil anois … Ar ndóigh, seo é aríst é. Bíodh a fhios agat go bhfuil sé chomh daingnithe anois agus nach gcuirfear as an áit a bhfuil sé é go ceann fiche bliain ó inniu. Foighid ort go go bhfeice tú!
 
dún
Nuair a bhí a háilín sin ar aon chéill agus í ag iarraidh a dtógáil le strapadóireacht, mo choinsias is dar m'anam, ba mhaith léithe aici an deartháir sin le brú air. Ach ar an dá luath is ar dhaingnigh sí isteach sa saol roinnt, níor fhan meas ar bith aici ar an deartháir ná ar a bhean. Tá sí chomh dúnta ina éadan anois agus a bheadh sí in éadan an duine is faide amach uaithi sa tír. Is gránna an chaoi é sin — nach gránna — do dheirfiúr agus do dheartháir
 
Níl a fhios agat an chaoi le dhul dó chor ar bith. Scaoil é seo chun tosaigh, agus fáisc é sin nó go gcuire tú isteach é seo agus é a dhaingniú … Anois b'fhéidir! Tá cuma na maitheasa ort