Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

bocht (100+)

 
abair
Déarfainn gur bocht an chaoi dhá leithide a bheith teáltaithe istigh sa teach sin chuile ré solais agus iad sin ag magadh faoi
 
'Sé an ruta seo anois idir dhá abhainn an áit is boichte in Éirinn
 
daigh
Níl pian ar bith is boichte ná na daitheachaí fiacal, agus níl pian ar bith ina dhiaidh sin is lú a mbíonn trua do dhuine ná í
 
'Sé Baile an Daighin é má dhéanann siad rud mar sin: a chuid féin a bhaint den duine bocht. Ní fhéadfaidís a dhéanamh. Nó dhá bhféadadh, is cneámhairí ar na hailt na dlíodóirí. Ar ndóigh ní dadaí eile iad
 
dáil
Is i ndáil le cheal éadaigh atá an duine bocht ó chonaic mise an chéad lá ariamh é
 
dairt
Tá a shúil sa meath chéanna anois le trí bliana ó buaileadh dairt air thuas ar an bportach. Ceann crua a bhí ann. Níor lig an té a chaith é, ná aon dhuine dhá chineál, tada as a láimh ariamh ach le gangaide. Dhún súil Ph. d'aon iarraidh. Chuaigh sí chun othrais. Chaith sé scaitheamh san easpaicil (ospidéal) léithe, ach dheamhan mórán maitheasa a rinne siad dó ansin ach gur fhuaraigh siad an phian air. Tá clúdach aige uirthi i gcónaí. Is maith an t-ádh atá air má bhíonn aon amharc aige aríst go brách inti. Dá leanadh sé amach mac Mh. fúithi thiocfadh sí daor air. Ach ní leanfadh. Tá sé ró-réchúiseach an duine bocht
 
Ara ab é an fear a bhuail dallach dubh ar shagart an pharóiste! Thug an sagart punt dó nuair a chuir sé an béal bocht air fhéin go raibh an bhean agus an chlann i ngéarchall. D'imigh leis agus d'ól sé é
 
Tá an duine bocht ina dhallarán. Ní léir dhó an bhánshoilse — tada leis
 
Ba damanta an cleas dó a dhul ag baint an gheadáinín talúna sin de na dílleachtaí bochta. Déarfá go mba bheag an tsúil le Dia a bheadh ag duine ar bith a bhuailfeadh faoi
 
dán
Má tá i ndán is go dtiocfaidh sé timpeall sa saol go deo go gcaithfidh sé a theacht in mo líonsa, tabharfaidh mise an freagra céanna air agus a thug seisean ar an mbean bhocht sin, mar ní thuilleann sé a mhalrait
+
danra
Mo chreach mhaidne, tá a bhfuil sa teach ansiúd chomh danra le chéile faoi bhuille ar bith oibre a dhéanamh: dar leat féin gur ag comórtas le chéile a bheidís, go bhfeicidís cén duine acu ba deacra a chur amach agá n-a chuid oibre. Gróigfidh fear acu é féin ar an teallach agus déanfaidh fear eile agus fear eile an cleas céanna, nó nach mbeidh áit ag míoltóig ina ngaire. Níl go dona ann ach an díthreabhach bocht is athair dóibh atá amuigh moch deireanach ag saothrú. Sin é an díol trua ar chaoi ar bith
TUILLEADH (2) ▼
Níl an saol go danra le aon duine ach leis an saighdiúr bocht a chaithfeas a dhul amach ar aghaidh na bpiléar uair ar bith a bhfuagrófar air
Bhí an saol sách danra leis an mbean bhocht sin ar chuma ar bith. Cailleadh a fear agus d'fhága sé áilín lag lúbach uirthi agus gan aici ach na cupla garraí sin lena dtógáil. Shaothraigh sí an saol go maith an créatúr, ach tá na scorachaí anois inchúntach agus diabhal a n-aireoidh sí é feasta
 
daor 2
Ná bac leis an dlí sin! Nach raibh an díthreabhach bocht sin daortha shula tugadh isteach sa gcúirt ariamh é. Dheamhan blas fios acu sin ar dhlí ach an oiread is atá agamsa nach raibh i gcúirt ná i gcaibidil ariamh. Ba ghnaíúla go mór dhóibh breith ar an bhfear sin agus a chrochadh as láimh, ná cúirt mhuga magadh mar sin a chur air
 
Bainfidh siad an dara hairt as an Jap bocht anois más cúrsaí mar sin é. Ach diabhal a bhfuil daorbhasctha den Jap fhéin déarfainn. Fágfaidh sé cuid mhaith acu ag croitheadh na gcrúb shula chuirfeas siad i dteannta é
+
deacair 2
Is deacair don duine bocht teach ná áras a bheith aige agus a bhfuil ag glaoch air
TUILLEADH (1) ▼
Is deacair do na daoine bochta cúis ar bith a dhéanamh agus an saol atá ann
 
Ní dea-chaoi atá ar an duine bocht anois, ní hea sin. Ach 'sé is fhearr ar bith agus a bheith sa gcomhaireamh ceann chor ar bith, agus an chaoi ar shaothraigh sé an saol le scaitheamh
+
Is fadó fiannach an lá ó bhí na deachmaí sin ann. Ní hé an ministéara a chruinníodh chor ar bith iad, ach bhí proictéara aige a théadh thart. Chuala mé an tseanmhuintir ag rá go mbíodh conacra acu thíos i mB. an Ch. agus go bhfágaidís na hiomrachaí ansin gan baint go dtigeadh sé féin agus go mbaineadh sé iad. Gach deichiú hiomaire a d'fhágaidís aige. Déantaí an cleas céanna le na stucaí coirce: stuca as chaon deich stuca a fhágáil gan tarlú, nó go dtugadh an proictéara leis é. Ba in é dualgas an mhinistéara. Bhí na daoine in ainm is an teampall gallda a chothú freisin. Thigeadh na sagairt ansin, agus chaithfidís a ndualgas féin a fháil: coirce freisin. Sin é an uair a raibh an chreachadh ann. Chuile dhuine agus a bhuille féin ar an duine bocht. Ba doiligh dhó é a sheasamh eatarthu … Ní raibh cur in aghaidh dualgas an tsagairt chor ar bith, ach chloisinn na seandaoine ag rá go mbídís ag blaoch i dtóin an phroictéara nuair a thigeadh sé i gcoinne an deachma, nó dhá dhalladh le scrathachaí ó chúl an chlaí. Bheadh rud ar a shon agat dá mbeirtí ort. Chuirfí isteach thú (sa bpríosún). Ach ní raibh baol orthu siúd go raibh siad chomh hadhartha agus go mbéarfaí orthu. Measaim go mbíodh an ministéara féin ann scaití, mar chuala mé P. N. ag rá nuair a bhí siad ina bputaí, go gcuirtí suas leo a dhul isteach ar chúla an chlaí ag fuagairt i ndiaidh an mhinistéara: "a mhinistéirín cár fhága tú do bhean?" Deir siad gur sagart a d'iontaigh, a bhí sa ministéara a bhí anseo … (Cuntas faoi na deachmaí sa gceantar sin ó Sheán Ó Beáin, Páirc Gharbh, An Carn Mór, Baile Chláir)
TUILLEADH (2) ▼
Tabharfaidh sí an lao siúd atá aici don deachma. Níl aon bhiseach faoi. Tá sé ina ghoróir ansiúd le claí agus má bheireann oíche sheaca air, beidh sé ina spéice ar maidin. Shílfeá go mbeadh smais eicínt air thairis siúd. An-údair uileag a tháinig ón tarbh sin. Ach sin é an tógáil a fuair an díthreabhach bocht. Níor thóg sí aon lao ariamh, ach iad ag imeacht ina mbás ar sliobarna mar siúd
Is beag an fhoghail atá Páidín bocht in ann a dhéanamh feasta choíchin i ngarraí ar bith. Tá deachma na sláinte ar an duine bocht
 
Ní dea-chríoch a chuaigh uirthi an dílleachta bocht — cuireadh ó chrích í; bhí clann thabhartanais aici
+
Ara muise níor chuala tú an scéal deacrach seo: go ndearna an lad rua (an sionnach) sléacht anseo inniu! Cearc an áil a mh'anam. 'Sciob sé an ceann gan aireachtáil de mháthair an dáréag bhoicht,' mar adeireadh N.
TUILLEADH (1) ▼
Sin é féin an cogadh deacrach. Is iomaí máthair bhocht atá ag éagaoineadh dhá bharr
 
Níl aon dea-ghealladh faoi. Dhá mba leis biseach a fháil, shílfeá go bhfuil sé in am aige feasta. Tá faitíos orm nach bhfuil i ndán bisigh dhó — an duine bocht. Tá sé in ainseal air anois
+
dealg
An bhfeiceann tú mac P. N. atá san easpaicil le dul chun bliana lena láimh. Is mór adéarfá dhá dtugadh duine tsiocair dhó féin, ach 'sé a raibh de shiocair aige sin é a bheith ag briseadh cloch le oirdín ansiúd in aice an tí. D'éirigh fleasc beag den chloich — fleasc a bhí chomh tanaí le lann scine. Bhuail sé sa láimh é. Níor chuir sé suim ar bith ann, mar níor fhuiligh sí féin air. Dheamhan oiread is cuimhniú a rinne sé air go ceann seachtaine aríst, nuair a shéid sí suas. Rinne sí bollóg le at. Sin é an uair a chuimhnigh sé ar na clocha. Chuaigh sé go dtí an dochtúr agus chuir sé san easpaicil ar an bpointe é, agus tá sé ann ó shin. Déarfá go mba fánach an tsiocair a bhí ag an duine bocht sin. Ach sin é. Níl lot ar bith nach mbeadh dealg chomh dona leis
TUILLEADH (3) ▼
Bhí gearrbhodach ag L. Sh. Ph. Níorbh fhéidir a choinneáil istigh, ach ag bóithreoireacht ó oíche go maidin. Bhuail sé agus mharaigh sé é, agus thug sé chuile dhíol air go minic. Chodlaíodh sé sa gcró leath na n-oícheanta an áit a gcuireadh an t-athair an glas ar an doras. Bhí bó aige le aghaidh lao an oíche seo agus b'éigean dó fanacht ina shuí dhá cionn. Tháinig an mac domhain san oíche. Ní bhíodh an t-athair ag cur araoide ar bith an uair seo air — bhí sé sáraithe aige agus gan maith dhó ann. Dar fiagaí dúirt sé an oíche seo leis gan drochmhúineadh ar bith: 'is fhearr leat ag bóithreoireacht agus ar do chuid drabhláis,' adeir sé, 'ná a theacht isteach in am, agus aire a thabhairt don bhó, i leaba t'athair bocht a bheith caillte anseo dhá cionn.' Níor dhúirt an stócach tada ach bualadh siar a chodladh. Chuaigh an t-athair a chodladh as sin go maidin. Nuair a d'éirigh siad ar maidin, ní raibh an gearrbhodach sa teach, ná ar an mbaile. Cuireadh tuairisc, ach ní raibh fáil in áit ar bith air. D'fhan mar sin go bhfaca siad suim aimsire agus gan tuairisc ná fairnéis air, ar an bhfad sin. Sin é an uair a scríobh sé as Meiriceá agus chuir sé céad punt abhaile ar aon láimh amháin. Bhí an-tsaothrú dhó ar an railway. 'Sé an focailín sin adúirt a athair a spadhar é, i gcruthúnas duit nach bhfuil lot ar bith nach mbeadh dealg chomh dona leis
Deir siad gurb é a raibh d'údar aige, lá a ndeachaigh sé ag baint sceiche ansin thiar, gur fhuiligh dealg ar a mhéir. Lá arna mhárach bhí sé sa leaba aici agus níor éirigh sé níos mó. Cuireadh aithne air gan an sceach a bhaint — bhí geis eicínt uirthi — ach ní raibh comhairleachan ar bith ina chionn siúd. Is dona a chuaigh an sceach don duine bocht ar aon nós
Dealg sceiche a thóg sé an chéad uair agus ní thabharfadh sé cead d'aon duine a dhul ina gaire nó go ndearna sí cois bhocht sa deireadh. Chuir mé ceirín léithe le cupla oíche ag ceapadh go dtarraingeodh sé an drochábhar, ach dheamhan cosúlacht air scaradh fós léithe. Níl ceirín ar bith, adeir siad, is fhearr ag dealg ná teanga an tsionnaigh dá mbeadh sí againn. Tharraingeodh sí sin de ghorta gharta é, ach cá'il sí? Sin é an buille
 
deamhan 1
Dheamhan an measa beirthe é a dhuine bhoicht. Sin é an chaoi. Chuile bhuille in aghaidh an duine bhoicht go bhfóire Dia orainn (níl mé róchinnte gur an .i. dheamhan an, is cóir a scríobh i gcásannaí den tsórt seo. Fuaim /ə/ atá ann)
+
déan 1
Ní dhéanann sé gnaithe d'fhear bhocht a dhul rómhinic go dtí teach an ósta. Má théann beidh sé siar leis
TUILLEADH (1) ▼
Ná cuir bréag ar an duine bocht atá ag déanamh créafóige leis an fhad seo
 
Casadh liom lá i nG. í, agus í in ainriocht. Ní fhaca tú duine ar bith ariamh ba bhoichte béal ná í. Thug mé mo phunt deireanach déanach di, mar rinne mé trua di. Meas tú arbh iontaí liom an sneachta dearg ná an lá aonaigh a bhí chugat, í a fheiceáil ag ceannacht cuingir bhullán ansin thoir. Ní fhaca mise aon amharc ar mo phunt ó shin
 
An diabhal bocht muis, is furasta a díol d'fhear a thabhairt di anois! Dhéanfadh sí mór le duine ar bith a dhéanfadh mór léithe, ach is mór m'fhaitíos go bhfuil sí sa ngearradh dhíobh. "An tslat atá sean, ní fhanann uirthi aon mheas"
+
Is contúirt í an fharraige nuair a bhíos duine déanta uirthi féin. B'ait an curachóir é S. L. Ní bhfaightheá a leithide eile, dhá gcuirtheá slat ar sheacht bparóiste. Agus féacha ina dhiaidh sin, nach fánach an chaoi ar báitheadh é, an duine bocht …
TUILLEADH (1) ▼
Peaitch bocht, tá sé ar na preaba deireanacha. Tá déanta lena bhás
 
Dhá mbeadh déanta maitheasa ann, ní ag imeacht ina liúiste (leoiste) ar chnocáin a bheadh sé agus a athair bocht agus gan siúl an bhealaigh ann le neart sclábhaíochta
 
dearc
Tá dearcadh sách míchéatach aige nuair a thograíos sé é. Ach níl aon ghangaide sa duine bocht ina dhiaidh sin. Diabhal gangaide ná cuid de ghangaide!
 
dearg 1
Tá sí an-dearg den domhan timpeall an loit. Láimh bhocht í
 
Tá sé ag coinneáil dearóil go leor an duine bocht. Bhéarfaidh an geimhreadh seo a sháith le déanamh dhó. Dar príostaí bhéarfaidh
 
Sagart as an deascán anois a bhfuil aon laethúlacht ann mar a bhíodh sna sagairt fadó. Tá an saol rómhór ar a gcomhairle féin acu agus fuíoll na bhfuíoll acu anois. Fadó bhídís bocht agus croíúil, ach tá imní faoina gcuid saibhris orthu ar an saol seo
 
Dhá dteagadh deibhil ar bith d'fhéadfadh dream eicínt a dhul amach chomh fada leo, ach ní raibh aon bhád dhá rinneadh (dhár dearnadh) ariamh in ann é a mharaíocht (bharraíocht?). B'fhada a chaith duine acu ar an gcarraig, nó gur ardaigh an taoille tuile léithe an duine bocht. Ach cén neart a bhí air. Céad fáilte roimh ghrásta Dé
 
Titfidh déidín aige siod mura dtuga sibh cupla scilling dó le dhul ag an gcéilí. B'fhearr dhaoibh, má tá aon phínneachaí beaga ann, a gcaitheamh aige. Nach bhfuil an duine bocht ag saothrú an tsaoil sách dona agus gan é a choinneáil istigh san oíche Dé Domhnaigh. Dheamhan a n-éilíonn sé imeacht aon oíche eile
 
deilbh 1
Chreidim go bhfuil an bhean bhocht deilbhthe amach le aghaidh an bháis. Is maith atá sí ag saothrú an bháis ar aon nós. Diabhal bréag nach maith
 
Déileáil dona a dhéanfas an díthreabhach sin in áit ar bith. Tá sí bocht, agus is dóigh nach mórán iarracht a bhíos ag lucht na siopaí uirthi. Fágann sí fiacha ina diaidh i chuile áit
+
Is bocht an rud deilín, agus bíodh a fhios agat go bhfanfadh éalang ort go deo dhá bharr. Breathnaigh ar Mh. T. Mh. ansin thiar. Sin é an chéad tsiocair a bhí aige. Bhain sé deilín eile aisti sula raibh an chéad cheann chuige fhéin, agus d'fhága an péire é ar an gcóir a bhfuil sé
TUILLEADH (1) ▼
Ba mhinic a chuala mé deilín bacaigh fadó. Níl bacach ná bean bhocht ar bith dhá dteagadh faoin doras nach mbíodh deilíní acu, ach is beag na deilíní ná na bacaigh atá ann anois. An méid sin féin tá mé ceapadh nach mbíonn aon smid Ghaeilge acu
+
Ní raibh aon bhacach ná aon cheannaí ná aon fhear bocht ná aon fhear déirce ag dul an bealach ariamh nach ann a tharraingíodh. Is ann a bhí an leaba dhearg i gcónaí ag lucht bóthair agus bealaigh
TUILLEADH (1) ▼
Is beag an déirce (grá dia) atá ann nach gcaithfeadh pínn ag an bpáiste bocht
 
Daoine déirceacha grádiaúla a bhí i chuile dhuine ar an bhfeadhain acu sin. Ní fheicfidís anó ar dhuine bhocht nó ba chinniúint orthu é. Bhí a shliocht orthu: bhí Dia buíoch dóibh agus chuir sé rud acu
+
Chuaigh deireadh leis an duine bocht
TUILLEADH (5) ▼
Chuir sé deireadh leis an duine bocht sin, ach tá a dheireadh fhéin roimhesean freisin
Ar ndóigh ní ag faire ar an seanfhear bocht sin atá i ndeireadh a shaoil agus a mhaitheasa atá tú
Tá siad sin in ainm is a bheith dhá dhéanamh sin in aisce — gan pínn gan bonn — ach ní bhíonn siad gan ailp a bhaint as ina dhiaidh sin. Cuirfidh mise geall leat gur mó a gcion féin di as deireadh na cúise, ná cion na ndaoine bochta a roinneann siad orthu é. An té a chruthaigh neamh agus talamh, níor fhága sé é féin ar deireadh. Ní fhágfaidh siadsan iad féin ar deireadh ach an oiread
Ní theagadh iamh air le mo chuimhne ach ag caint ar an mbás, agus chreidim an rud a bhíos dhá shíorlua go dteagann sé isteach sa deireadh. Tá sé féin imithe anois, an duine bocht!
Tógadh é faoi dheireadh thiar thall. Nár theaga sé amach choíchin muis! Is iomaí mailís atá déanta aige ar dhaoine bochta ó thosaigh sé ag díolachán ansin.
+
Níl aon chaoi ar Sheán bhocht. Tá sé deireanach — ag tarraingt ar an mbás; níl i ndán éirí dhó, ach b'fhéidir dó maireachtáil scaitheamh eile
TUILLEADH (1) ▼
Tá mo dhuine bocht deireanach, agus is mór an scéal sin. Ach céard a éireos dhá áilín?
 
deis
Ní bhfuair mé aon deis ar aon pháipéar le seachtain, ach chuala mé go raibh na Rúiseánaigh ag déanamh íospairte. Tá siad isteach ar fad sa nGearmáin. Is mór an seasamh ag an nGearmáin bhocht é agus an domhan ar fad dhá cúinneáil. Is gearr uaithi anois cheapfainn
 
Tá sé sin deisiúil go maith, ach dheamhan mórán gaisce ar an deartháir measaim. Ní fhaca mé aon cheo aige ar aon aonach le bliain. Uachta na mná a chuir rath ar Sh. Murach sin, mo léan ghéar, is maith bocht a bheadh sé
+
deoir
"Mo dheaide bocht bocht agus maide faoina ucht agus é ag silt na ndeor" (Tomhais: an buntsop)
TUILLEADH (1) ▼
Fuair sé bás. Dheamhan deoir a d'fhan sa duine bocht
 
Is mór an peaca an deoraí beag sin de ghasúr atá ann a fheiceáil thíos in éadan feamainne, agus an goróir bocht seacáilte. Cí Dia gur mór an náire di a ligean amach leithide an lae inniu — lá a phréachfadh na gabhair
+
dia 1
A Dhia na glóire nach bocht an chaoi é!
TUILLEADH (12) ▼
Ní bheidh na daoine bocht mar seo i gcónaí. Tá Dia láidir, agus is iomaí maith a d'fhéadfadh sé a dhéanamh ar na daoine
Dia agus Muire linn anocht agus amárach! Nach bocht an bás a fuair sé
Dia agus Muire linn! Ní beag dó a dhonacht an duine bocht. An bhfuil aon bhó eile aige ach í sin anois?
Go gcoinní Dia os cionn do pháistí thú a bhean bhocht! — le máthair clainne
Go bhfóire Dia orainn! Nach bocht an scéal é: í ina baintreach anois agus áilín lag aici
Muise B. bhocht, tá sí an-réchúiseach. Níl ann ach gur chaith Dia an t-anam inti ar éigean
Is dona a bhí sí beo ariamh an bhean bhocht. Chaith Dia an t-anam inti, sin é an méid
Dhá dtugadh Dia dhó go bhfaigheadh sé an uachta sin, ba mhór ab fhiú don duine bhocht é
Go deimhin is duine le Dia é mo dhuine bocht; sea sin. Níl leath a dhóthain guis ann
Shílfeá nach dtabharfadh sé aird ar dhaoine ar an gcaoi sin, mura bhfuil seafóid air. Duine le Dia é mo dhuine bocht
Is mór an náire dhóibh a bheith ag saighdeadh faoin díthriúch (díthreabhach) bocht sin — duine le Dia mar é. Dar leat féin, ba chóir dóibh dóigh mhagaidh eicínt thairis a fháil
Duine le Dia é mo Mh. bocht. Dhá gcloistheá ag caint le sagart strainséara ansin thoir anuraidh é! Shíl an sagart go mba duine é a raibh an-bhreithiúnas ann i gcaitheamh i bhfad, ach bhraith sé sa deireadh é ina dhiaidh sin
 
diabhal 1
Diabhal mé nach beag duit t'aistir a bhean bhocht?
+
diabhal 2
Nach é an diabhal ina chraiceann anois é, a dhul ag bacadh na ngasúir bhochta
TUILLEADH (5) ▼
Níl aon ghaol ag an diabhal le duine bocht (seanfhocal) — is mó an cathú a fhéadfas an diabhal a chur ar an duine saibhir; ní bhíonn tada ag an duine bocht le caitheamh, ná ní bhíonn a shúil le rud ar bith
Tá sé fánach ag daoine dona a bheith ag comórtas leo sin. Ní bhíonn aon ghaol ag an diabhal adeir siad, leis an duine bocht
Níl a fhios nach mar is dona is fhearr agus is deacair a rá nach ea. Má bhíonn duine bocht féin, dheamhan is móide gur fearr dhó beirthe é. Ní bhíonn aon ghaol ag an diabhal leis an duine bocht. Aithníonn an buachaill sin a dhuine féin freisin
Má tá caitheamh agus fáil ag duine, tá a cheart aige. Is beag lena chois a bhíos ag an gcuid is mó de na daoine ar chaoi ar bith. Is iomaí bó mhór ar fud an tsaoil, agus brá gill acu, agus gan é ach ag cur chathaithe orthu, agus ag cur an diabhail ag siocadh leo. Ní bhíonn aon ghaol ag an diabhal leis an duine bocht, tá a fhios agat
Go dtuga an diabhal thairis amach as a phutóig é! Canta aráin mar sin imithe ag madadh agus a liachtaí créatúr bocht ar fud an tsaoil anocht ar mhaith leis a fháil. Ach ní hé an madadh is measa ach a gcuid sraoillíocht fhéin a fhágas ar forbhás an rud
+
Nach ort atá an diachair! Breá nach ligeann tú den duine bocht?
TUILLEADH (1) ▼
Nach diabhaltach an diachair atá ort nach ligeann de do chuid cumadóireacht. Tá an fear bocht thar bharr a chéille agat. Cén bhrí ach picil a dhéanamh de ghrán seagail! Is lad thú!
+
Is diachta nach gcrochfaí an diabhlánach, agus a bhean maraithe aige. Is mór an díol trua anois é mar dhóigh dhe, ach ní fheicim go bhfuil trua ar bith don chréatúr bocht atá faoin gcréafóig. Sin é an chaoi a mbíonn sé: fear dhá bheathú agus fear dhá mharú
TUILLEADH (1) ▼
Ba diachta dó nár fhan sa mbaile. Is fada siar a thug a chosa é. Cár fhága tú an cunórtas ar ndóigh! M'anam féin muise dá mbeadh seisean buailte síos — nár lige Dia an fear bocht! — gur fada go gcuimhneodh J. Mh. a theacht aniar do shiúl a chos ag breathnú air. Tá baol beag air go deimhin
+
diaidh
I ndiaidh an méid sin ar fad cén bhail atá anois air. Nach bhfuil sé i gcruth a dhul ag iarraidh a chodach. Chuala mise ariamh é gur mairg a bheadh go holc agus go bocht ina dhiaidh
TUILLEADH (7) ▼
Bonn an aoin seo thoir atá sé a fháil. Is gearr go dté sí amach ag spaisteoireacht di fhéin anois, ar theacht don tráthnóna, i ndiaidh a loirgne a bhreacadh sa tine ó mhaidin. Nach í iníon an duine bhoicht í!
Fuair tú amach an té a mbeadh gnaíúlacht ann. Mo chreach mhaidne, is fadó a d'fhága sé ina dhiaidh a raibh de ghnaíúlacht ag siúl leis. Diabhal a raibh de chailleadh air shula phós sé, ach bhí sé bocht an uair sin. Chomh luath agus a thosaigh an saol ag féithiú leis, chaith sé an bhogshíneadh in aer
Níl duine ar bith i ndiaidh an duine bhoicht sin, agus caithfidh sé a dhul ag saothrú ina dhiaidh sin
Is lag lúbach an mhuirín atá ina diaidh — an bhean bhocht — máthair a fuair bás
Is minic ariamh a ghlan fear leis i ndiaidh a chinn roimhe agus ní fhaca sé aon lá den ádh ariamh ach é. B'fhéidir go dtiocfadh an té sin abhaile blianta ina dhiaidh sin agus é ina ridire. Ní bheadh sé ach beo bocht, dhá bhfuiríodh sé sa mbaile i gcónaí
Níl duine ar bith aici anois le dhul i ndiaidh an chapaill. Caithfidh an bhean bhocht a díol
dole mór aige, agus pinsean seanI.R.A. agus tá punt seanphinsean ag teacht isteach ann chuile sheachtain, agus chúig leathchoróin (alúntais páistí), agus deich nó dó dhéag de phunta d'airgead na Gaeilge sin, agus ina dhiaidh sin féin, tá an béal bocht air, agus bíonn an oiread fuasaoide aige agus shílfeá nach dtáinig aon tsaol ariamh is measa ná é
 
Rinne sé cleas díbheirgeach ar an duine bocht sin — rud nach mbeadh ceart; rud fealltach nó drochmhúinte nó díoltasach srl.
 
díbir
Chaith siad sin a saol ag cur díbirt agus fáin ar dhaoine bochta, agus tá na préacháin ag déanamh neadracha sna simléir acu féin anois. Más feall fillfear
 
Bhí an rí mór ag déanamh dícheannadh ar dhaoine bochta. Dar fia dúirt an gaiscíoch ó Éirinn go gcuirfeadh sé féin dá chois é nó go gcaillfeadh sé leagan leis …
 
Níl dídean ná a dhath ag an duine bocht anois ach lorg cois na bó ar an gcnangaire. Is deacair dhó aon chaoi a bheith air agus an bhail a chuaigh air
 
díle 1
Go deo na Díle aríst ní fheicfidh tú aon chogadh théis an chinn seo. Beidh siad thrína chéile chomh sách de chogadh feasta agus gur luar le chuile dhream an diabhal ná é a tharraingt. Ba eo é an cogadh is measa a tháinig fós. 'Sé an fear a bhí sa mbaile ar an teallach is measa a shaothraigh an cogadh seo. Roimhe seo ní bhíodh dhá fháil faoi na foraí ach an saighdiúr bocht a bhíodh ar aghaidh na bpiléar