bocht
—aidiacht
—feidhm ainmfhocail leis amantaí
1.
daibhir, lom scabhartha; uireasach i maoin agus i mbrá gill.
a.
+–
Tá sé bocht.
Tá sé bocht agus ní bocht go dtí é.
TUILLEADH (24) ▼
Is suarach an t-ionadh dhó a bheith bocht agus an dola atá air
Tá sé chomh bocht lena leithide ar bith.
Níl mórán sa tír chomh bocht leis.
Deirimse bocht leat, ach siúd é atá bocht
Más bocht saibhir é, caithfidh sí déanamh leis anois ó phós sí é
Is fhearr a bheith bocht fhéin ná éalangach.
Níl duine ar bith bocht i láthair Dé.
Is cuma le Dia más saibhir nó bocht duine, ach a aitheanta a chomhlíonadh.
Is breá an rud a bheith bocht le hais a bheith go dona don chomharsa.
Tá chuile dhuine sa mullach ar an té atá bocht.
Tá muid bocht ó rugadh muid, agus beidh chreidim, go dté muid i dtalamh. Níl ann ach a bheith ag baint lá as. Ag caitheamh an tsaoil agus an saol dhár gcaitheamh
Má tá muid bocht fhéin, níl muid doicheallach.
Má tá sí bocht fhéin, tá croí mór fairsing aici.
Is mór an scéal é sin a bheith bocht, mar an fhad is a bhí aon cheo aige, ba mhaith faoi é.
Tá sé thar a bheith bocht anois. Níl bonn bán aige. Is gearr gur ag iarraidh a chodach a fheicfeas tú ag imeacht é.
Ní fhéadfadh an fear céanna a bheith ar a mhalrait de chaoi ach bocht, agus 'sé a chiontsiocair fhéin é. Thug sé fuadach dhá raibh aige.
Níl sé an-bhocht mar sin chor ar bith. Tá caitheamh agus fáil aige agus nach maith an rud sin. Caitheamh agus fáil beatha na naomh, adeir siad.
Tá sé chomh bocht le ní mé cé hé — tá sé an-bhocht ar fad
Tá sé de bheith ar chuid de na daoine a bheith bocht i gcónaí. I nDomhnach, éiríonn cuid eile as — éiríonn siad as an mbochtaineacht agus cnuasaíonn siad maoin.
Má tá sé bocht — an cráiteachán — ní boigréis ná rabairne atá dhá dhéanamh dhó.
Is lena bheith bocht dó a bheith ag faire ar an gcailligh siúd, mar ní scarfaidh sí le leithphínn rua dá cuid airgid go gcailltear í.
Is mairg a bheadh gan deoch; Is mairg a bheadh gan bia; Is mairg a bheadh go holc; Agus go bocht ina dhiaidh (seanrann)
Tá sé bocht ó Dhia agus ón saol!
Tá bocht agus bocht ann, ach tá seisean dólom ar fad.
b.
beo bocht: a bheith ag maireachtáil ar éigean de bharr na bochtaineachta.
+–
Tá sé beo bocht.
Beo bocht atá na daoine ariamh.
TUILLEADH (22) ▼
Tá sé beo bocht mar chuile dhuine eile dhá bhfuil anseo
Duine ar bith atá taobh le beithígh anois, is beo bocht atá sé
Is lena bheith beo bocht duit a bheith ag faire air sin.
Bhí sé ina shuí go te tamall ach tá sé beo bocht anois agus ag fáil a dhíol le déanamh snáth a choinneáil faoin bhfiacail.
Muise, dheamhan mórán le beo bocht iad, ainneoin go bhfuil cuid mhaith gaisce agus gláiféisce acub.
Níl tada le cois na sláinte aige anois. Tá sé beo bocht go leor.
Ní cás dó é mura bhfuil sé ach beo bocht, ach shíl mise nach raibh bonn bán aige.
Bhí dath gach bó ar sliabh acub tamall, ach ní mórán le beo bocht iad anois.
Ní mórán somhaoine dóibhsean a seanathair a bheith ina ridire caorach agus gan iad fhéin ach beo bocht, ní dhá roinnt leob é.
Is dhó is fusa cótaí móra a cheannacht, ní hionann sin agus daoine atá beo bocht.
Níl sé ach beo bocht ceart go leor, ach cén neart atá aige air sin. Más peaca a bheith buí, tá na mílte damanta.
Is mór leis atá beo bocht agus gan aon neart acub air.
Beo bocht atá muid ó rugadh muid agus beo bocht a bheas muid go dté muid i dtalamh, mura bhfuil ag Dia.
Dheamhan aithne anois air a raibh sé féin beo bocht ariamh le a bhfuil de ghoití agus de ghaileamaisíocht aige.
Lag slán a mhic ó, agus beo bocht (freagra a thug duine nuair a fiafraíodh dhe cén chaoi a raibh sé).
Má tá sé beo bocht nach dhó fhéin is measa sin. Air fhéin, an duine bocht, atá a lear agus ní orainne.
Más fíor di fhéin, níl sí ach beo bocht, agus is beag dhá cuid cluanaíochta é sílim.
Dhá bhfaighidís saibhreas Rí Sheoirse, beo bocht a bheidís ina dhiaidh, hé brí cén chaoi a gcuireann siad an drochbhail air.
Tá an-tsaothrú dhó ach má tá fhéin, tá sé beo bocht ina dhiaidh mar nach gcuireann sé aon bhail air ach an drochbhail.
Is diachta dhó a bheith beo bocht,agus a bhfuil a chlann a shaothrú.
Murach an t-uachta, is beo bocht a bheidís fós.
Bídís buíoch don seanathair agus dhá chuid airgid nó is beo bocht a bheidís lena saol.
c.
duine bocht: tugann sé i gceist líon na mbocht fré chéile go hiondúil.
+–
Mac an duine bhoicht — duine nach mbíonn spré ná maoin aige ag bualadh faoin saol dó
Is foghlamtha an mac duine bhoicht é.
TUILLEADH (6) ▼
'Sé atá leitheadach do mhac duine bhoicht
Ní comhluadar ar bith an dream sin do mhac duine bhoicht.
Is beag an mheas atá acub sin ar mhac duine bhoicht.
Cén ghnaithe atá ag mac duine bhoicht ag comórtas leob sin! Chinnfeadh air a bheith suas leob théis a dhíchill.
Is gléasta an mhaise dhó é do mhac duine bhoicht.
"Téann an dlí don duine bocht, mar théanns uisce an earraigh do na cearca" (seanfhocal) — sciúrann sé iad; ní fhágann sé bonn bán orthu
+–
'Sé leas an duine bhoicht fanacht ón dlí, ar chuala tú ariamh é: i ngan fhios don dlí is cóir a bheith ann.
'Sí bróig an duine bhoicht í — bróg throm tairní.
TUILLEADH (16) ▼
Ní beag don duine bocht a bhfuil le n-íoc cheana aige agus gan a bheith ag cur tuilleadh gearraíochaí air i gceann mar atá air.
Chuile shórt anuas ar an duine bocht, ach b'amhlaidh a bhí sé ariamh, chreidim. Chuile rud ag luí ar an lagar agus an lagar ar an talamh.
Is breá an ball í i dteach duine bhoicht — bean bhreá dhathúil ghléasta
Nach í iníon an duine bhoicht í! — bean ghléasta; cailín Domhnaigh; bean bhocht a mbeadh an iomarca cóirí catha agus gaileamaisíocht uileag aici
Is breá áirgiúil an teach duine bhoicht é — teach breá áirgiúil é, ainneoin nach raibh tada le cois na sláinte ag an té ar leis é tharas aon duine eile san áit
'Siad na fataí beatha an duine bhoicht.
'Sé an ceanneasna éadach an duine bhoicht — ní chiallaíonn seo gurb é is iondúla dhó a chaitheamh, ach ciallaíonn sé gurb é is fóintí agus is faide a mbainfidh sé caitheamh as.
'Sí bean an duine bhoicht í — togha soláthraí nó fáiteallaí de bhean; bean a bhfuil iarraidh a codach inti agus atá seiftiúil barainneach
Is ait an bhean duine bhoicht í
Is leitheadach an mhaise dóibh é, do chlainn duine bhoicht!
Ní thabharfaidh sé sin bolg anois do bheatha duine bhoicht! Tá an iomarca cleachta aige ar fhuíoll na bhfuíoll a fháil, ach i nDomhnach, bainfear as a chleachta é má chaitheann sé i bhfad anseo.
Má tógadh bocht fhéin é, dheamhan aithne anois air gur mac duine bhoicht chor ar bith é.
Chuirfinn geall gur beag an mheas a bheadh aige anois ar bheatha an duine bhoicht. Is cam a bhreathnódh sé ort déarfainn dá dtairgtheá scadán caoch agus fataí tura dhó.
Tá an fear saibhir ceart go leor, ach 'sé an duine bocht atá ag íoc ann i gcónaí.
Rinne siad créatúlacht ar an duine, chomhuain is a fuair siad a chead, ach d'éirigh an duine bocht ina mullach fhéin as deireadh na cúise (na tiarnaí talúna).
Cuimhnímse ar an am nach n-óladh aon duine bocht aon tae thar chupla uair sa mbliain — lá chinn bhliana nó lá den tsórt sin. Fataí a bhíodh aige ar chuile bhéilí. Anois, tá fataí faoi ráta ar fad
d.
fear bocht, bean bhocht, scoláire bocht srl. Go hiondúil ciallaíonn bean bhocht agus fear bocht, fear nó bean a bheadh ag gabháil thart ag iarraidh a gcodach ó theach go teach. Ba tréan sa tír iad — sa tír seo ar aon nós — trí fichead bliain ó shin agus cuid is lú ná trí fichead bliain. Sin é a tugtar orthu fós freisin — fear bocht nó bean bhocht. Tá cuimhne fós ar na scoláirí bochta, agus ar a gcuid leabhar agus buannaíochta. De réir an tseanchais sagairt a chaill na gráimh agus a bhíodh ag imeacht rompu ag déanamh filíochta nó ag múineadh scoile a bhformhór.
+–
Tá tú chomh luaineach le bean bhocht ar aonach (sin leathfhocal).
Tá sé ag imeacht chomh luaineach le bean bhocht ar aonach.
TUILLEADH (10) ▼
Tháinig bean bhocht chuig an doras agus d'iarr sí déirce in onóir Dé agus Mhuire.
Má iarrann duine bocht déirce in onóir Dé agus Mhuire, ní cóir é a dhiúltú.
Ó bhean bhocht a bhíodh ag dul thart anseo fadó a thóg mé na seanphaidreachaí sin.
Níor chuir sí bean bhocht ón doras ariamh gan lóistín na hoíche a thabhairt di.
Fear bocht a bhí ann ag dul thart ag iarraidh a chodach.
Níor eitigh mé fear bocht ariamh faoi dhéirce ná faoi lóistín na hoíche.
Bhíodh fir bhochta agus mná bochta isteach ina sealtaí roimhe seo. Ní maith a bhíodh duine imithe nuair a bhíodh duine eile isteach.
Is mór an mhaith a tháinig ar an saol ón am a mbíodh fir bochta agus mná bochta ag dul thart ag iarraidh a gcodach chuile lá, agus chuile phointe sa ló amantaí.
Dheamhan ceird fhiúntach ar bith a bhí ann fadó ach fir bhochta ag dul thart ó theach go teach, pailitéaraí agus botháin bheaga chois an bhóthair acub, agus rógairí reatha agus tóraithe ag imeacht ag robáil agus ag sladadh. Níl tada den obair sin anois ann.
Is beag a bhéarfadh orm imeacht in m'fhear bocht i ndiaidh mo chinn romham agus ag iarraidh mo chodach ó theach go teach. B'fhearr dhom sin fhéin ná ag iarraidh a bheith ag baint cirt dhíbse, agus gur mór libh dom an greim a chuirim ar mo bhéal.
e.
béal bocht: duine a bhíos i gcónaí ag casaoid ar an saol, agus ar chora chrua an tsaoil, deirtear go mbíonn béal bocht air nó aige.
+–
Dhá mbeadh saibhreas Rí Seoirse aici, bheadh an béal bocht aici ina dhiaidh sin.
Ní fhaca mé ariamh é nach é an béal bocht a bheadh air.
TUILLEADH (5) ▼
Níl sa mbéal bocht sin ach imeartas ar fhaitíos a mbeifí ag iarratas tada uirthi.
Tá sé ag déanamh airgid as éadan agus ina dhiaidh sin fhéin, tá an béal bocht air — tá sin.
Tá an béal bocht air mura bhféada sé a dhá láimh a chur timpeall ar an saol.
Dhá mbeadh sé dhá únfairt fhéin in airgead, 'sé an cás céanna é — bheadh an béal bocht air ina dhiaidh sin
Déanfaidh sé béal bocht má iarrann tú tada air.
2.
truamhéalach; focal le cur i gceist, gur díol trua, nó gur maith an oidhe trua é, an duine nó an rud atá sonraithe.
+–
Nach gearr a mhair sé — an duine bocht (ní chiallaíonn bocht daibhir anseo, ach go mba mhór an díol trua é go bhfuair sé bás chomh hóg).
Tá a dhóthain ar a aire thairis anois, an duine bocht.
TUILLEADH (8) ▼
Tá an duine bocht go dona le seachtain.
Go ndéana Dia trócaire ar an duine bocht, ba mhór an scéal é!
Chreidim gur cailleadh Neidín bocht.
Is mór an peaca a dhul ag fiachadh ar an duine bocht.
Ní beag don duine bocht a bhfuil air cheana agus gan tusa ag déanamh tuillidh air.
Is beag an náire a bhí air a dhul ag bualadh an duine bhoicht sin (b'fhéidir nach duine daibhir a bhí ann chor ar bith, ach duine ar leag Dia láimh air nó a bhí sean, croite, nó éalangach, nó a raibh an saol ag gabháil dá mhaidí air)
Céard a rinne tú ar an bpáiste bocht.
"Mo dheaide bocht bocht agus a mhaide faoina ucht agus é ag sileadh na ndeor ó mhaidin go neoin; mo dheaide bocht bocht agus a mhaide faoin ucht, agus é ag sileadh na ndeor agus ag ól dí as tobairín na féasóige" (Dhá leagan ar an tomhais atá ar bhuntsop)
3.
dona; droch — x (rud ar bith).
a.
+–
Is bocht bocht an chaoi a bhfuil sé! — is olc, dona an deis atá air (nó an cheird atá air)
Is bocht an chaoi dhó a bheith ar an gcuma sin — duine a bheadh go holc agus go héagórach nó duine a bheadh tugtha don ól srl. (ní chiallaíonn sé daibhir. Suarach, éagórach, nó míbhéasach é).
TUILLEADH (17) ▼
Is bocht an rud do dhuine a bheith go holc dhá chomharsa.
Is bocht an rud d'aon duine a chuid a chaitheamh go dona nó go drabhlásach i dteach an óil.
Is bocht an chaoi do dhuine a bheith ag cur bréag ar a chomharsa mar sin.
Is bocht an cheird atá air.
Is bocht an bhail a chuir sé ar a chlainn — is bocht sin.
Is bocht an bealach atá leis — ní dhá roinnt leis é!
Is bocht an rud do dhuine ar bith a leithide sin de chleas a dhéanamh.
Is bocht an chaoi do do chomharsa béil dorais gan beannú dhuit sa mbóthar.
Is bocht an bealach atá le duine ar bith nach dtaobhóidh a chomharsa lá an anó
Is bocht an éadáil do dhuine ar bith a bheith ag faire ar an dá chircín sin go mbeire siad.
Is bocht an éadáil dó é a chur taobh leis an méid sin agus a bhfuair daoine eile.
Is bocht an cúiteamh a fuair sé ar shon a chuid soilís — é a bhualadh isteach ar an straois.
Is bocht an chomaoin é sin le cur ar dhuine théis a theacht an fhad bealaigh.
Dheamhan bréag nach bocht an chomaoin a caitheadh linn ann théis chomh moltanach agus chuala muid daoine air.
Is bocht an lá dhó an lá ar fhága sé an áit thiar — b'olc
Ba bocht an lá di an lá ar fhága sí an baile amach, ach cén neart a bhí aici air?
Nach bocht an tslí do dhuine a bheith ag piocadh faochan! Ach céard eile atá ag na daoine!
b.
créachtach nó cneách; lochtach nó éalangach. cos, lámh, lot srl. bocht: go dona; séidte; ata; ina búistiún; lán drochábhair; go suarach le breathnú uirthi.
+–
Tá cois bhocht aige — cois a bheadh ata nó séidte, nó drochlot uirthi
Is bocht an láimh atá air
TUILLEADH (15) ▼
Is bocht an rúitín atá aige.
Is bocht an ghlúin atá aici. Tá sí séidte suas ar fad.
Dheamhan a dhath ariamh a d'éirigh dhom ach gur sheas mé ar chloich ghéir agus rinne sí sileadh. Ach i nDomhnach, is bocht an chois anois í.
Beidh fiannaíocht air siúd shul ó fhéadfas sé aon chois a chur faoi. Is bocht an lot atá air — an duine bocht.
Is bocht an láimh atá aige. Tá sí ina búistiún le at.
Dheamhan a fhios agam ó Dhia anuas céard a d'éirigh do thaobh mo choise, ach is bocht an lot atá uirthi ar aon chor.
'Sé an tsiocair a bhí agam i dtosach, mé a bheith ag biorú claí ar gharraí na bplandaí ansin thiar agus thit spalla ar ucht mo choise. D'fhan mar sin go cheann cupla lá agus rinne sí bracha. Dhá shileadh a lig mé aisti ó shin, ach is bocht an bhail atá uirthi fós.
Níl aon ghnaithe agat a bheith ag forcamhás air sin le mórán cúnta a thabhairt duit go gcneasaí a láimh, agus tabhair láimh bhocht uirthi!
Sách bocht atá droim a láimhe fós théis an bhrú sin a fuair sí.
Mura bhfuil ag Dia, gheobhaidh sé rud le déanamh ó na chois. Tá lot bocht uirthi.
Tá cois sách bocht aige fós. Chaithfeadh sé nach dtáinig máthair an drochábhair amach chor ar bith.
Tá ainfheoil ag teacht ar an lot agus tá sé an-bhocht fós.
Bíonn sé ag stróiceadh le pian ina láimh agus is suarach an t-ionadh dhó sin, arae is bocht an lot atá air.
Tharraing an snáth leonta cuid mhaith den drochábhar ach tá rúitín sách bocht fós aige mar sin fhéin.
Tá faitíos orm go gcaithfidh sibh an t-earrach a dhéanamh ar mo shonsa. Tá mo chois chomh bocht fós agus a bhí sí an tseachtain ar leon mé í, hé brí cén t-údar nach bhfuil sí ag cneasú feasta.
c.
·
'Is dona an rud a bheith go holc agus go bocht ina dhiaidh' (seanfhocal — ní móide go gciallódh "bocht" anseo daibhir. Bheadh sé chomh dóichíde go gciallódh sé éalangach, aithiseach, nó in anchaoi. Chiallódh sé amantaí freisin go mbeadh caitheamh ina dhiaidh ag an té a rinne an t-olc, arae nach dtiocfadh sé chun tosaigh ná chun tairbhe dhó fhéin)
Sin é a bhfuil dá bharr anois aige. Is dona an rud a bheith go holc agus go bocht ina dhiaidh.
4.
ní iontach; nach suarach an t-ionadh; nach beag an dochar. Ainneoin gur focal domhínithe go leor é bocht i leaganachaí den tsórt seo, is focal coitianta é agus ní baileach go bhfuil ceachtar de na focla réamhluaite ar chomhchéill leis. 'Sé an leagan is beag an dochar dhó is gaire col leis. Ach i ráití gearra is mó a baintear leas as, mar a bheadh duine faoi ionadh as ucht caint a chaith duine eile nó a shamhail, cuirim i gcás: Seán: "Tá Pádraig Ó C. an-deisiúil" Peadar: "Nach bocht dó sin!" (is beag an dochar dhó sin; is aige atá slí a bheith deisiúil — neart talúna, maoine, cúnta, nó eile). Ach ní bhíonn teilgean diúltach air an gcaint i gcónaí. Cloistear "is bocht dó sin" srl.
+–
Má tá an t-earrach déanta aige fhéin aige nach bocht dó sin! Áit a bhfuil dháréag agus píobaire! — is suarach an t-ionadh dó (is beag an dochar dhó; b'iontas é mura mbeadh; tá air aige; is ceart dó; srl.) an t-earrach a bheith réidh aige (an cur a bheith déanta aige), arae tá cúnamh mór aige. (Trí dhuine dhéag clainne, nó go leor clainne)
Bhí lán a chraicinn d'olc air agus ba bhocht dó sin — fear a raibh a chuid millte agus gan sásamh na séanadh le fáil aige faoi.
TUILLEADH (14) ▼
Nach bocht dó a bheith cloíte fhéin — fear nár fhága an leaba agus nach ndeachaigh greim ar a bhéal le chúig lá!
Nach bocht dó a dhul ag breathnú ar a dheirfiúr!
Má tá sé suáilceach féin linn, is bocht dhó sin! Is fada go mbí a bhfuair sé anseo cúitithe aige.
Nach bocht dó a bheith fuar má chaith sé an oíche amuigh faoin doininn sin!
Má tá sé folamh fhéin, nach bocht dó sin — fear nár ghnóthaigh oiread agus cluiche ó shuigh sé anocht ag clár na himeartha.
Is bocht dó a bheith le cuthach agus le báine! 'Sí a leasmháthair a thógfadh air é agus an bhail a chuaigh air.
Nach bocht dom codladh a bheith orm — fear a chaith an oíche aréir ar neamhchodladh!
Nach bocht duit sin! Is mór an t-údar gaisce do dhuine cupla punt a thabhairt dá mháthair faoin Nollaig nó faoi Cháisc, agus a liachtaí rud atá ag glaoch uirthi! (duine a bhí ag déanamh gaisce faoin méid dhá shaothrú a bhí séa thabhairt uaidh le haghaidh an tí)
Nach bocht dó go deimhin a bheith os cionn a chuid oibre agus an cúnamh atá aige! B'fhéidir, dhá mbeadh sé aonraic fearacht daoine eile, go mbeadh sé chomh mór chun deiridh le chuile dhuine.
Má tá airgead tirim fhéin leagtha thairis aige, nach bocht dó sin! Dá mbeinnse ag saothrú cheithre phunt sa tseachtain, measaim go mbeinn in mo ridire
Is bocht dó a bheith ina bhromaire agus an bheathú atá sé a fháil. Tá sé sactha lena bhfuil sé aithe de thogha chuile chineál.
Má tá imní fhéin orm, nach bocht dom sin! Cén uair cheana a d'fhan sé amuigh go mbeadh an oíche caite thar droim mar seo.
Nach bocht dó an méid sin a dhéanamh agus é íoctha air!
Má tá mé tuirseach fhéin, nach bocht dom sin — duine a tháinig cúig mhíle d'aistear a chos agus gan blaiseadh dhe ghreim ná de dheoch fós inniu
bocht in iontrálacha eile (50+)
→
faiteach
Is bocht an chaoi do dhuine a bheith chomh faiteach sin ar fad. Céard a fhéadfas aon duine a dhéanamh ort?
Tá feadhnach diabhalta ólta aige inniu. Is bocht nach mbeadh agus é ina éadan ó uair an darna haifreann. Bánóidh sé é fhéin leis. Níl sé ag tógáil ceann ar bith anois as — taoscán; bleánach; scalach maith
→
fearadh
Is fearadh ar an tír an dole seo. Dar príosta, is fearadh ar dhaoine bochta é ar aon nós. Céard a dhéanfaidís murach é?
→
fear
Go lige Dia a sláinte di! Is mór an grá dia a rinne sí agus an dílleachta bocht sin a thabhairt léithe. Fearfaidh Dia agus Muire Mháthair a cuid grá dia uirthi. 'Siad atá i riocht
Níorbh fhiú d'aon duine a dhul ag fiachadh ar an bhfeithideach bocht sin. Níl ann ach na cheithre eite. Is beag le go bhfuil sé i ndiaidh a chéile chor ar bith
→
foilsigh
An corpadóir bradach! 'Sé cóir Dé é an méid sin a éireachtáil dó. Ba bheag aige fhéin dícheannadh a dhéanamh ar chréatúir bhochta. Chuir sé an bhaintreach sin thuas de dhroim tí. Chuir sé faoi ndeara di páipéar a shaighneáil dó ar a cuid talúna agus gan a fhios aici céard a bhí ann ach gur theastaigh cupla cloch mhine uaithi le aghaidh a háilín … Ach foilsíonn Dia an éagóir míle glóire agus moladh leis fhéin. B'fhéidir go bhfaigheadh an cneámhaire ar a mhéis fhéin anois é, agus ní ag amhdú an oilc é, ní mór linn dó
+
→
foirgthe
Ná bac le na Gearmánaigh bochta anois. Tá a ndíol ar a n-aire agus iad foirgthe leis an ocras
TUILLEADH (1) ▼
Dar diagaí tá chuile fhear dhá ardú (i bpáí) ach go bhfóire Dia ar an talmhaí bocht. Tá sé foirgthe ar fad
Chaith mé an lá ag tuineadh leis ag iarraidh é a thabhairt ann ach ní abródh sé drúcht ná báisteach. Téirigh tusa ina éadan anois má thograíonn tú, ach mo chomhairle duit ligean dó ar fad. Is bocht an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt
→
frídeoir
Ara is beag é a dhícheall, an frídeoirín bocht caillte. Ar ndóigh ní meáchan atá sé siúd in ann a thógáil. Ceo ar bith ach go dtabharfadh sé do bhéilí chugat sa ngarraí. Sin é an méid.
Sin anam bocht eicínt a bhí ar fuaidreamh ar fud an tsaoil ag cur a pheiriachaí dhó (dhe)
→
fága
Tá an fharraige ag míniú anuas aríst. Is furasta a aithinte é, agus a bhfuil de na fágaí sin inti. Rinne an bádóir seol inniu, ach ní dheachaigh sé thar bharr na C. D'fhill sé ar ais aríst. B'oibrithe leis a bhí sí déarfainn. Tá sé saothraithe go maith ag an duine bocht agus fuiríocht calaidh air ansin le seachtain.
+
→
fág
Nach air a bhí an t-ádh go dtáinig an seanriadaire sin abhaile as Meiriceá chuige. Más bocht a frítheadh é, is saibhir a fágadh é (thit airgead an tseanriadaire air)
TUILLEADH (3) ▼
Ná bac leis sin anois. B'fhéidir go raibh sé bocht scaitheamh, ach más bocht a frítheadh é, is saibhir a fágadh é. Deir siad gur fearr "seo é; seo é, ná cá'il sé: cá'il sé"
Fágadh lag lúbach an duine bocht
Chuaigh sé isteach sa mbainc ag iarraidh airgid, adeir tú. Sin é a fhágas bocht é — cruthaíonn sin go bhfuil sé bocht
→
fágtha
Tá an dílleachta bocht an-fhágtha anois, gan duine ná deoraí sa teach ach é fhéin. Dheamhan mórán le dhá bhliain déag é cheapfainn
+
→
fán
Chuaigh sí le fán (an tsaoil) an dílleachta bocht — chaill sí a clú srl.
TUILLEADH (1) ▼
Is mór an babhta ar an duine bocht má chaitheann sé a dhul amach le fán. Cén bhrí ach gur chleacht sé sin fuíoll na bhfuíoll ariamh go dtí an saol seo fhéin!
+
→
fóir
Go bhfóire Dia ar an duine bocht. Is díol trua é
TUILLEADH (4) ▼
Go bhfóire Mac Dé orainn, nach bocht an chaoi atá air!
Go bhfóire an tAthair Síoraí anocht orainn, nach beag an scrupall fear ar bith a chuaigh ag déanamh a leithide de chleas ar dhílleachta bhocht
Go bhfóire Críost ar na créatúir bhochta atá amuigh ar aghaidh na bpiléar!
An bhfuil tú ag fáil fóirín ar bith ar an bpian … is mór is fiú dhuit a dhuine bhoicht gur bhodhraigh an phian ghártha siúd a bhí ort inné. B'fhéidir go dtéaltódh sí i leaba a chéile le cúnamh dé
Ní fhágann sé M. chor ar bith, ach an oiread is fháganns an chaolóid riabhach an chuach. Is maith atá sé dhá saothrú an duine bocht agus ní móide gur fiú an tairbhe an trioblóid (fear a bhí ag caitheamh a bhróga le bean).
Chuaigh fear thart anseo an bhliain cheana agus é gléasta mar a bheadh tincéara ann. Ar a chaomhúint a bhí sé i ngeall ar bhean bhocht eicínt a robáil agus a mharú thart síos. Dheamhan duine beo nach gcuirfeadh sé dalladh púicín air. Siar faoi Chonamara in áit eicínt a rugthas air as a dheireadh agus cuireadh príosúntacht lena ló air. Má cuireadh fhéin, ba mhaith an oidhe sin air, ná ar aon duine eile a dhéanfadh a leithide de chleas.
Ní mór don duine bhocht carraeireacht a dhéanamh le snáth a choinneáil faoin bhfiacail.
+
→
ceal 1
Mura bhfuil brá gill agus bruithshléacht air, ní cheal a shaothraithe é. Ach níl tada ag éirí leis an duine bocht. Tá an díleá ar a chuid.
TUILLEADH (1) ▼
Ní cheal a shaothraithe atá ortsa, a dhuine bhoicht, mura bhfaighe tú braon óil. Shílfeá nach ligfeadh an náire dhuit a bheith ag imeacht ag súdaireacht agus ag sclaibéireacht mar atá tú. Tá do cháil faoin tír.
Ní ag obair atá sé ach ag cipiléireacht léithe. Ach dheamhan éitir sa duine bocht le aon tsaothar crua a dhéanamh.
→
cleite
Nach bocht nach mbeadh sé ag déanamh gaisce as na Céidigh agus gurb iad an cleite is fhearr ina sciathán fhéin iad.
+
→
cliar
Tá sé tinn creatánach agus cliar ann i gcónaí. 'Sé mo mheas go bhfuil a chuid maitheasa ar iarraidh, an duine bocht.
TUILLEADH (1) ▼
Tá casacht agus cliar air anois le coicís, agus dheamhan an beag den duine bocht an méid sin agus gan tuilleadh dhá bhualadh.
Níl cló stiúrtha ar bith ar an duine bocht ar an aimsir seo. Tá sé ag ól agus ag an caitheamh (airgid) faoi is thairis
+
→
conán
Dheamhan duine beo a thiocfadh ag cur aon araoid ar an gconán sin, mura mbeadh an cat mara ar fad air — créatúr bocht nach mbíonn i dtroid ná i mbruíon, ná nach raibh ariamh.
TUILLEADH (1) ▼
Nach gann a chuaigh an saol air go ndeachaigh sé ag cur achrainn ar an gconán bocht sin.
→
cora
Diabhal mé gur mór an scéal é, an duine bocht! Má bhí sé beagmhaitheasach fhéin, dheamhan duine cuideáin ná aitheantais a lig sé thart an bóthar sin thíos ariamh gan cara chainte a bhualadh air, agus mura ndéanadh sé tada eile, chuirfeadh sé chuile dhuine faoi choimrí Dé.
+
Tá mé ag ceapadh go bhfuil sé an-lom an duine bocht, arae feicim a chlann ag dul soir cos-nochta chuig an scoil le bliain.
TUILLEADH (1) ▼
Níl aige, an duine bocht, ach béilí cosnochtaithe.
+
Chomhuain is a bhí an dá sheanfhear bhochta sin ansin ag béal an dorais aige, chaith sé a shaol ag meabhrú do lucht cuarta chuile bhiorán dá bhféadfaidís a dhéanamh orthub a dhéanamh dhóibh. Dheamhan duine sa tír anois nach ag déanamh bioráin air fhéin atá. Níorbh é leathchóir Dé é mura dteagadh cothromacan síneadh na huaire ar ais air fhéin.
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan mórán díol trua í, má tá sí fhéin ag fáil cothromacan síne na huaire anois ó bhean a mic. Dheamhan leath an chirt a dhéanfadh sí léithe, dhá mhéad dhá ndéanadh sí uirthi, arae mharaigh sí fhéin an tseanbhean bhocht a fuair sí sa teach sin roimpi — máthair an fhir.
Foilseoidh Dia é fhéin ar an té a dhéanfas an éagóir. Is iomaí créatúlacht a rinne an diabhlánach sin ar dhaoine bochta, ach tá sé fhéin ag fáil cothromacan síne na huaire anois, agus dheamhan mórán cáis ag aon duine céard a gheobhas sé ach oiread.
M’anam go bhfeicfidh tú go dtabharfaidh an cliamhain cothromacan síne na huaire dhó anois, agus má thugann féin, is beag an scéal é agus an droch-cheann a chaith sé fhéin lena athair bocht.
+
→
cuntanós
Ní fheicim fear ar bith is lú cuntanós ná é don duine bhocht. Cén bhrí, ach gur as an lathaigh a d'éirigh sé fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
Duine ar bith a bhfuil aon phínn sa mbainc siúd aige, tá cuntanós dó ann. Ara croithfear lámha leis a mhic ó, agus tá sé ina sir anseo, agus ina sir ansiúd. Ach má théann créatúr bocht isteach ann ag iarraidh trifle ar airleacan, is cam na streillí a chuirfeas siad orthub fhéin leis.