Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Bocht
aidiacht
feidhm ainm-fhocail leis amanntaí.
1.
daidhbhir, lom scabhartha; uireasbhach i maoin a's imbráigíll.
a.
+
Tá sé bocht.
Tá sé bocht a's ní bocht go dtí é.
TUILLEADH (24) ▼
Is suarach a' t-iongnadh dhó a bheith bocht, a's an dola atá air.
Tá sé chomh bocht le na leithide a' bith.
Níl mórán sa tír chomh bocht leis.
Deirimse bocht leat, ach siúd é atá bocht.
Má's bocht, saidhbhir é, caithfe sí déanamh leis anois, ó phós sí é.
Is fhearr a bheith bocht fhéin ná éalannach.
Níl duine a' bith bocht i láthair dé.
Is cuma le Dia má's saidhbhir nó bocht duine, ach 'aitheanta a choimhlíonadh.
Is breagh an rud a bheith bocht, le h-ais a bheith go dona do'n chomhursa.
Tá 'chuile dhuine sa mullach ar a' té atá bocht.
Támuid bocht ó rugadh muid, a's beidh, chreidim, go dteigheamuid i dtalamh. Níl ann ach a' bheith 'baint lá as. A' caitheamh an tsaoghail a's an saoghal dhá('r) gcaith(eamh)
Má támuid bocht fhéin, níl muid doicheallach.
Má tá sí bocht fhéin, tá croidhe mór fairsing aice.
Is mór a' scéal é sin a bheith bocht, mar an fhad's bhí aon-cheo aige, ba mhaith faoi é.
Tá sé thar a bheith bocht anois. Níl bonn bán aige. Is gearr gur ag iarraidh a chodach 'fheicfeas tú ag imtheacht é.
Ní fhéadfadh an fear céadna a bheith ar a mhaltraid de chaoi ach bocht, a's 'sé a chionntsiocair fhéin é. Thug sé fuadach dhá raibh aige.
Níl sé an-bhocht mar sin chor a' bith. Tá caitheamh a's faghail aige, as nach maith an rud sin. 'Caitheamh a's faghail beatha na naomh' adeir siad.
Tá sé chomh bocht le 'nímé cé hé' = tá sé an-bhocht ar fad.
Tá sé de bheith ar chuid de na daoine a bheith bocht i gcomhnuidhe. InDomhnach eirigheann cuid eile as. = eirigheann siad as a' mboichteanacht, a's cnuasuigheann siad maoin.
Má tá sé bocht — an cráidhteachán — ní boigréis ná rabairne atá dhá dheanamh dhó.
Is le na bheith bocht dó a bheith faireadh ar a' gcailli(gh) siúd, mar ní scarfa sí le leithphighinn ruadh dá cuid airgid, go gcáilltear í.
Is mairg a bheadh gan deoch; Is mairg a bheadh gan biadh; Is mairg a bheadh go h-olc; A's go bocht 'na dhiaidh (sean-rann)
Tá sé bocht ó Dhia a's ó'n saoghal!
Tá bocht a's bocht ann, ach tá seisean dólom ar fad.
b.
Beo bocht = a bheith 'maireachtáil ar éigin, de bharr na boichteanachta.
+
Tá sé beo bocht.
Beo bocht atá na daoine ariamh.
TUILLEADH (22) ▼
Tá sé beo, bocht mar 'chuile dhuine eile dhá bhfuil annseo.
Duine a' bith atá taobh le beithidhigh anois, is beo bocht atá sé.
Is le na bheith beo, bocht duit a bheith 'faire air sin.
Bhí sé in a shuidhe go te, tamall, ach tá sé beo, bocht anois, a's a' faghail a dhíol le déanamh, snáth a choinneál faoi'n bhfiacail.
Muise, dheamhan mórán le beo, bocht iad, aindeoin go bhfuil cuid mhaith gaisce a's gláimhthéisce aca(b).
Níl tada le cois na sláinte aige anois. Tá sé beo bocht go leor.
Ní cás dó é, mara bhfuil sé ach beo bocht, ach shíl mise nach raibh bonn bán aige.
Bhí dath gach bó ar sliabh aca(b) tamall, ach ní mórán le beo, bocht iad anois.
Ní mórán samhaoine dóibsean a sean-athair a bheith ina ridire caorach, a's gan iad fhéin ach beo bocht, ní dhá roinnt leo(b) é.
Is dhó is fusa cótaí móra a cheannacht, ní h'ionann sin a's daoine atá beo bocht.
Níl sé ach beo, bocht, ceart go leor, ach cé'n neart atá aige air sin. 'Má's peacadh a bheith buidhe, tá na mílte damanta'.
Is mór leis, atá beo, bocht, a's gan aon-neart aca(b) air.
Beo bocht atá muid ó rugadh muid, a's beo bocht a bheidheas muid, go dteigheamuid i dtalamh, mara bhfuil ag Dia.
Dheamhan aithne anois, air, a raibh sé féin beo, bocht ariamh, le a bhfuil de ghoití a's de ghaileamaisidheacht aige.
Lag slán a mhic ó, a's beo bocht (freagra a thug duine nuair a fiafruigheadh dhe, cé'n chaoi a raibh sé).
Má tá sé beo, bocht, nach dhó fhéin is measa sin. Air fhéin, an duine bocht, atá a lear, a's ní orainne.
Má's fíor di fhéin, níl sí ach beo, bocht, a's is beag dhá cuid cluanaidheachta é sílim.
Dhá bhfaghaidís saidhbhreas Rí Sheoirse, beo bocht a bheidís in a dhiaidh, hébrí cé'n chaoi a gcuireann siad a' droch-bhail air.
Tá an-tsaothrú dhó, ach má tá fhéin, tá sé beo, bocht in a dhiaidh, mar nach gcuireann sé aon-bhail air, ach a' droch-bhail.
Is diadhachta dhó a bheith beo bocht, a's a bhfuil a chlann a shaothrú.
Marach a' t-udhachta is beo bocht a bheidís fós.
Bídís buidheach do'n sean-athair, a's dhá chuid airgid, nó is beo, bocht a bheidís le na saoghal.
c.
Duine bocht = tugann sé igceist líon na mbocht fré chéile go h-iondamhail.
+
Mac a' duine bhoicht = duine nach mbíonn spré ná maoin aige a' bualadh faoi'n saoghal dó.
Is foghlamta an mac duine bhoicht é.
TUILLEADH (6) ▼
'Sé atá leitheadach de mhac duine bhoicht.
Ní comhluadar a' bith an dream sin, do mhac duine bhoicht.
Is beag a' mheas atá aca(b) sin ar mhac duine bhoicht.
Cé'n ghna(ithe) atá ag mac duine bhoicht a' comórtas leo(b) sin! Chinnfeadh air, a bheith suas leo(b) th'éis a dhichill.
Is gléasta an mhaise dhó é, de mhac duine bhoicht.
'Teigheann a' dlighe do'n duine bocht, mar theighea(nn)s, uisce an earraigh do na cearca' (sean-fhocal) = sciúrann sé iad; ní fhágann sé bonn bán orra.
+
'Sé leas a' duine bhoicht, fanacht ó'n dlighe, ar chuala tú ariamh é: 'ingan fhios do'n dlighe is cóir a bheith ann'.
'Sí bróig an duine bhoicht í = bróg throm tairngí.
TUILLEADH (16) ▼
Ní beag do'n duine bocht a bhfuil len' íoc cheana aige, a's gan a bheith 'cur tuille gearraidheachaí air, i gceann mar tá air.
'Chuile shórt anuas ar a' duine bocht, ach b'amhla a bhí sé ariamh, chreidim. Chuile rud a' luighe ar a' lagar, a's an lagar ar a' talamh.
Is breagh an ball í idteach duine bhoicht = bean bhreagh dhathamhail, ghléasta.
Nach í inghean an duine bhoicht í! = bean ghléasta; cailín Domhnaigh; bean bhocht, a mbeadh an iomarca cóirí catha a's gaileamaisidheacht uileag aice.
Is breagh, áirgeamhail a' teach duine bhoicht é = teach breagh, áirgeamhail é, aindeoin nach raibh tada le cois na sláinte ag a' té ar leis é fharras aon-duine eile 'san áit.
'Siad na fataí beatha an duine bhoicht.
Sé'n ceann-asna éadach an duine bhoicht = ní chialluigheann seo, gurb é, is iondamhla dhó a chaitheamh, ach cialluigheann sé gurb é is foghaintighe a's is fuide a mbainfe sé caitheamh as.
'Sí bean a' duine bhoicht í = togha soláthruidhe nó fátalluidhe de bhean; bean a bhfuil iarraidh a codach innte, a's atá seifteamhail, barrainneach.
Is ait a' bhean duine bhoicht í.
Is leitheadach a' mhaise dóib é, de chlainn duine bhoicht!
Ní thiubharfa sé sin bolg anois do bheatha duine bhoicht! Tá an iomarca cleachta aige ar fhuigheall na bhfuigheall a fhaghail, ach inDomhnach bainfear as a chleachta é, má chaitheann sé i bhfad annseo.
Má tóigeadh bocht fhéin é, dheamhan aithne anois air, gur mac duine bhoicht chor a' bith é.
Chuirfinn geall gur beag a' mheas a bheadh aige anois, ar bheatha an duine bhoicht. Is cam a bhreathnóchadh sé ort déarfainn dá dtairgtheá 'scadán caoch', a's fataí tura dhó.
Tá'n fear saidhbhir ceart go leor, ach 'sé'n duine bocht atá ag íoc ann i gcomhnuidhe.
Rinne siad créatúlacht ar a' duine, chomh uain's fuair siad a chead, ach d'eirigh an duine bocht in a mullach fhéin as deire na cúise (na tighearnaí talmhana).
Cuimhnighimse ar an am, nach n-óladh aon-duine bocht aon-tae, thar chupla uair sa mbliadhain — lá chinn bhliadhna, nó lá de'n tsórt sin. Fataí a bhíodh aige, ar chuile bhéilí. Anois, tá fataí faoi ráta ar fad.
d.
Fear bocht, bean bhocht, scoláire bocht etc. Go h-iondamhail cialluigheann "bean bhocht" a's "fear bocht", fear nó bean a bheadh a' gabhail thart ag iarraidh a gcodach ó theach go teach. Ba tréan sa tír iad — sa tír seo, ar aon-nos — trí fichead bliadhain ó shoin, a's cuid as lugha ná trí fichead bliadhain. Sin é a tugtar orra fós freisin — "fear bocht" nó "bean bhocht". Tá cuimne fós ar na scoláirí bochta, a's ar a gcuid leabhar, a's buadhannuigheachta. De réir a' tseanchuis sagairt "a chaill na grádhaimh", a's a bhíodh ag imtheacht rómpa a' deanamh filidheachta nó a' múnadh scoile, a bhfurmhór.
+
Tá tú chomh luaithneach le bean bhocht ar aonach (sin leath-fhocal).
Tá sé ag imtheacht chomh luaithneach, le bean bhocht ar aonach.
TUILLEADH (10) ▼
Tháinic bean bhocht chuig an dorus a's d'iarr sí déirce in onóir dé a's Mhuire.
Má iarrann duine bocht déirce 'in onóir dé a's Mhuire', ní cóir é 'dhiúltú.
Ó bhean bhocht a bhíodh ag (d)ul thart annseo fadó, a thóig mé na sean-phaidreachaí sin.
Níor chuir sí bean bhocht ó'n dorus ariamh, gan lóistín na h-oidhche a thabhairt di.
Fear bocht a bhí ann ag dul thart ag iarraidh a chodach.
Níor eitigh mé fear bocht ariamh faoi dhéirce ná faoi lóistín na h-oidhche.
Bhíodh fir bhochta a's mná bochta isteach in a sealtaí roimhe seo. Ní maith a bhíodh duine imthighthe nuair a bhíodh duine eile isteach.
Is mór a' mhaith a tháinic ar a' saoghal ó'n am a mbíodh fir bochta a's mná bochta ag (d)ul thart ag iarraidh a gcodach 'chuile lá, a's chuile phuínnte sa ló amanntaí.
Dheamhan ceird fhiuntach a' bith a bhí ann fadó, ach fir bhochta ag (d)ul thart ó theach go teach, poiléataraí a's botháin bheaga chois a' bhóthair aca(b), a's rógairí reatha a's tóruidhthe ag imtheacht a' robáil, a's a' sladadh. Níl tada de'n obair sin anois ann.
Is beag a bhéarfadh orm imtheacht in m'fhear bocht indiaidh mo chinn romham, a's ag iarraidh mo chodach ó theach go teach. B'fhearr dhom sin fhéin, ná ag iarraidh a bheith a' baint cirt dhíbse, a's gur mór líb dom, an greím a chuirim ar mo bhéal.
e.
"Béal bocht" = duine a bhíos igcomhnuidhe a' casaoid ar a' saoghal, a's ar chora chruadha an tsaoghail, deirtear go mbíonn "béal bocht" air, nó aige.
+
Dhá mbeadh saidhbhreas Rí Seoirse aice, bheadh an béal bocht aice, in a dheidh sin.
Ní fhaca mé ariamh é, nach hé an béal bocht a bheadh air.
TUILLEADH (5) ▼
Níl sa mbéal bocht sin, ach imeartas, ar fhaitchios, a mbeithí ag iarratas tada uirre.
Tá sé 'deanamh airgid as éadan, a's in a dheidh sin fhéin, tá'n béal bocht air — tá sin.
Tá'n béal bocht air, mara bhféada sé a dhá láimh, a chuir tímcheall ar a' saoghal.
Dhá mbeadh sé dhá ionnfairt fhéin in airgead, sé'n cás céadna é — bheadh a' béal bocht air, in a dheidh sin.
Déanfa sé béal bocht, má iarrann tú tada air.
2.
truaighmhéalach; focal le cur i gceist, gur díol truaighe, nó gur maith an aghaidh truaighe é, an duine nó an rud atá sonnruighthe.
+
Nach gearr a mhair sé — an duine bocht. (ní chialluigheann "bocht", daidhbhir annseo, ach go mbadh mhór an díol truaighe é, go bhfuair sé bás chomh h-óg).
Tá a dhóthain ar aire thairis anois, an duine bocht.
TUILLEADH (8) ▼
Tá'n duine bocht go dona le seachtmhain.
Go ndeana Dia trócaire ar a' duine bocht, ba mhór a' scéal é!
Chreidim gur cailleadh Neidín bocht.
Is mór a' peacadh a dhul a' fiachadh ar a' duine bocht.
Ní beag do'n duine bocht a' bhfuil air, cheana, a's gan tusa a' déanamh tuille air.
Is beag an náire a bhí air, a dhul a' bualadh an duine bhoicht sin (b'fhéidir nach duine daidhbhir a bhí ann chor a' bith, ach duine ar leag Dia láimh air, nó bhí sean, craithte nó éalannach, nó a raibh an saoghal a' gabhail dá mhaidí air).
Céard a rinne tú ar a' bpáiste bocht.
Mo dheaide bocht, bocht, a's a mhaide faoi'n ucht a's é a' sileadh na ndeor, ó mhaidin go neoin; mo dheaide bocht bocht, a's a mhaide faoi'n ucht, as é a' sileadh na ndeor, a's ag ól dighe as tobairín na féasóige (Dhá leagan ar a' tomhais atá ar bhun-tsop)
3.
dona; droch — x (rud a' bith).
a.
+
Is bocht, bocht an chaoi 'bhfuil sé! = is olc, dona an deis atá air (nó'n cheird atá air)
Is bocht an chaoi dhó a bheith ar an gcuma sin = duine bheadh go h-olc a's go h-éagcórach, nó duine bheadh tugtha do'n ól etc. (ní chialluigheann sé daidhbhir. Suarach, éagcórach nó mí-bhéasach é).
TUILLEADH (17) ▼
Is bocht a' rud do dhuine a bheith go h-olc dhá chomharsa.
Is bocht a' rud d'aonduine a chuid a chaitheamh go dona nó go dreabhlásach, idteach an óil.
Is bocht a' chaoi do dhuine a bheith 'cur bréag ar a chomhursa mar sin.
Is bocht a' cheird atá air.
Is bocht a' bhail a chuir sé ar a chlaínn — is bocht sin.
Is bocht a' bealach atá leis — ní dhá roínnt leis é!
Is bocht a' rud do dhuine 'bith a leithide sin do chleas a dhéanamh.
Is bocht a' chaoi do do chomhursa béil doruis, gan beannú dhuit sa mbóthar.
Is bocht a' bealach atá le duine 'bith nach dtaobhócha a chomhursa lá an anshógha.
Is bocht an éadáil do dhuine a' bith a bheith faire ar a' dá chircín sin, go mbeire siad.
Is bocht an éadáil dó, é 'chuir taobh leis a' méid sin, a's a bhfuair daoine eile.
Is bocht a' cúitiú a fuair sé ar shon a chuid soighlis — é a bhualadh isteach ar a' straois.
Is bocht a' chumaoin é sin le cuir ar dhuine th'éis a theacht an fhad bealaigh.
Dheamhan bréag nach bocht a' chumaoin a caitheadh linn ann, th'éis chomh moltanach a's chuala muid daoine air.
Is bocht a' lá dhó, an lá ar fhága sé an áit thiar = b'olc.
Badh bocht a' lá di, an lá'r fhága sí an baile amach, ach cé'n neart a bhí aice air?
Nach bocht a' tslighe do dhuine a bheith 'piocadh faochan! Ach céard eile atá ag na daoine!
b.
créachtach nó cneadhach; lochta[ch] nó éalannach. cos, lámh, lot etc bocht = go dona; séidthe; attha; in a búistiún; lán droch-adhbhair; go suarach le breathnú uirre.
+
Tá cois bhocht aige = cois a bheadh athta nó séidthe, nó droch-lot uirre.
Is bocht a' láimh atá air.
TUILLEADH (15) ▼
Is bocht a' rúitín atá aige.
Is bocht a' ghlúin atá aice. Tá sí séidthe suas ar fad.
Dheamhan a dhath ariamh ad'eirigh dhom, ach gur sheas mé ar chloich ghéir, a's rinne sí sileadh. Ach inDomhnach is bocht a' chois anois í.
Beidh fiannuidheacht air siúd, shul ó fhéadfas sé aon-chois a chuir faoi. Is bocht an lot atá air — an duine bocht.
Is bocht an láimh atá aige. Tá sí in a búistiún le at.
Dheamhan fhios agam ó dhia anuas, céard adeirigh do thaobh mo choise, ach is bocht a' lot atá uirre ar aon-chor.
Sé'n tsiocair a bhí agham, idtosach, mé a' bheith 'biorrú claidhe ar gharrdha na bplanndaí annsin thiar, a's thuit spala ar ucht mo choise. D'fhan mar sin, go cheann cupla lá, a's rinne sí bracha. Dhá shileadh a leig mé aisti, ó shoin, ach is bocht a' bhail atá uirre fós.
Níl aon-ghna(ithe) aghad a bheith a' forcabhás air sin le mórán conganta a thabhairt duit go gcneasuighe a láimh, a's tabhair láimh bhocht uirre!
Sáthach bocht atá druim a láimhe fós, th'éis a' bhrughadh sin a fuair sí.
Mara bhfuil ag Dia, gheobha sé rud le déanamh ó na chois. Tá lot bocht uirre.
Tá cois sáthach bocht aige fós. Chaithfead sé nach dtáinic máthair a' droch-adhbhair amach chor a' bith.
Tá ainfheoil a' teacht ar a' lot, a's tá sé an-bhocht fós.
Bíonn sé a' strócadh le pian in a láimh, a's is suarach a' t-iongnadh dhó sin, arae, is bocht a' lot atá air.
Tharraing a' snáth leonta cuid mhaith de'n droch-adhbhar, ach tá rúitín sáthach bocht fós aige mar sin fhéin.
Tá faitchíos orm go gcaithfe sib a' t-Earrach a dheanamh ar mo shonsa. Tá mo chois chomh bocht fós, a's bhí sí an tseachtmhain ar leon mé í, hébrí cé'n t-ughdar nach bhfuil sí a' cneasú feasta.
c.
·
'Is dona an rud a bheith go h-olc a's go bocht in a dhiaidh' (sean-fhocal — ní móide go gciallóchadh "bocht" annseo daidhbhir. Bheadh sé chomh dóichide go gciallóchadh sé éalannach, aithiseach, nó in an-chaoi. Chiallóchad sé amanntaí freisin, go mbeadh caitheamh ina dhiaidh ag an té a rinne an t-olc, arae nach dtiocfadh sé 'un tosuigh ná 'un tairbhe dhó fhéin)
Sin é 'bhfuil dá bharr anois aige. Is dona an rud a bheith go h-olc a's go bocht in a dhiaidh.
4.
ní iongantach; nach suarach a' t-iongnadh; nach beag a' dochar. (Aindeoin gur focal do-mhínighthe go leor é "bocht" i leaganachaí de'n tsórt seo, is focal coitchiannta é, a's ní baileach go bhfuil ceachtar de na focla réamh-luaidhte ar choimh-chéill leis. Sé'n leagan "is beag a' dochar dhó" is goire col leis. Ach i ráidhtí gearra, is mó a baintear leas as, mar bheadh duine faoi iongnadh as ucht cainnt a chaith duine eile, nó a shamhail, cuirimigcás: Seán: "Tá Pádraig Ó C. an-deiseamhail" Peadar: "Nach bocht dó sin!" (is beag a' dochar dhó sin; is aige atá slighe a bheith deiseamhail — neart talmhana, maoine, conganta, nó eile). Ach ní bhíonn tligean diúltach air an gcainnt i gcomhnuidhe. Cloistear "Is bocht dó sin" etc.)
+
Má tá an t-Earrach déanta aige fhéin aige, nach bocht dó sin! Áit a bhfuil dháréag a's píobaire! = is suarach a' t-iongnadh dó (is beag a' dochar dhó; b'iongantas é mara mbeadh; tá air aige; is ceart dó; etc) an t-earrach a bheith réidh aige (an cur a bheith déanta aige), arae tá congnamh mór aige. (Trí dhuine dhéag cloinne, nó go leor cloinne).
Bhí lán a chraicinn d'olc air, a's ba bhocht dó sin — fear a raibh a chuid millte, a's gan sásamh na séanadh le faghail aige faoi.
TUILLEADH (14) ▼
Nach bocht dó a bheith claoidhte fhéin — fear nar fhága an leaba, a's nach ndeacha greim ar a bhéal le chúig lá!
Nach bocht dó, a dhul a' breathnú ar a dheirbhshiúr!
Má tá sé subháilceach féin linn is bocht dhó sin! Is fada go mbí a bhfuair sé annseo, cúitighthe aige.
Nach bocht dó a bheith fuar, má chaith sé an oidhche amuigh faoi'n doininn sin!
Má tá sé falamh fhéin, nach bocht dó sin — fear nar ghnothuigh oiread a's cluithche ó shuidh sé anocht ag clár na h-imeartha.
Is bocht dó a bheith le cuthach a's le báine! 'Sí a leas-mháthair a thóigfeadh air, é, a's an bhail a chuaidh air.
Nach bocht dom codladh a bheith orm — fear a chaith an oidhche aréir ar neamh-chodladh!
Nach bocht duit sin! Is mór a' t-ughdar gaisce do dhuine, cupla punt a thabhairt dá mháthair, faoi'n Nodlaig, nó faoi Cháisc, a's a liachtaí rud atá glaodhach uirre! (duine a bhí a' déanamh gaisce, faoi'n méid dhá shaothrú a bhí sé 'thabhairt uaidh le h-aghaidh an tighe).
Nach bocht dó go deimhin a bheith as cionn a chuid oibre, a's an congnamh atá aige! B'fhéidir, dhá mbeadh sé aonraic, fearacht daoine eile, go mbeadh sé chomh mór 'un deire le 'chuile dhuine.
Má tá airgead tirm fhéin leagtha thairis aige, nach bocht dó sin! Dá mbeinnse a' saothrú cheithre phunt sa tseachtmhain, measaim, go mbeidhinn in mo ridire.
Is bocht dó a bheith in a bhromaire, a's an bheathú atá sé a fhaghail. Tá sé sactha le 'na bhfuil sé, 'ithe, de thogha chuile chineál.
Má tá imnidhe fhéin orm nach bocht dom sin! Cé'n uair cheana a d'fhan sé amuigh go mbeadh an oidhche caithte thar druim, mar seo.
Nach bocht dó an méid sin a dhéanamh, a's é íoctha air!
Má tá mé tuirseach fhéin nach bocht dom sin — duine a tháinic cúig mhíle d'aistear a chos, a's gan blaiseadh dhe ghreim ná de dheoch fós indiu.

Féach freisin

Bocht in iontrálacha eile (50+)

 
Is bocht an chaoi do dhuine a bheith cho faiteach sin ar fad. Céard a fhéadfas aonduine a dhéanamh ort?
 
Tá feánach diabhalta ólta aige inniu. Is bocht nach mbeadh agus é in a éadan ó uair an darna hAifreann. Bánóidh sé é fhéin leis. Níl sé ag tógáil ceann ar bith anois as = taoscán; bleánach; scallach maith
 
Is fearadh ar an tír an "dole" seo. Dar príosta, is fearadh ar dhaoine bochta é ar aon-nós. Céard a dhéanfaidís marach é?
 
fear
Go leige Dia a sláinte di! Is mór an grádh diadha a rinne sí, agus an dílleachta bocht sin a thabhairt léithe. Fearfaidh Dia agus Muire Mháthair a cuid grádh Dia uirre. Siad atá i riocht
 
Níorbh fhiú d'aonduine a dhul ag fiachadh ar an bhfeithideach bocht sin. Níl ann ach na cheithre eite. Is beag le go bhfuil sé indiaidh a chéile chor ar bith
 
An corpadóir bradach! Sé cóir Dé é an méid sin a eireachtáil dó. Ba bheag aige fhéin dícheannadh a dhéanamh ar chréatúir bhochta. Chuir sé an bhaintreach sin thuas de dhruim tí. Chuir sé faoi ndeara di páipéar a shaighneáil dó ar a cuid talúna agus gan a fhios aice céard a bhí ann, ach gur theastuigh cupla cloch mhine uaithe l'aghaidh a háilín … Ach foillsíonn Dia an éagcóir míle glóire agus moladh leis fhéin. B'fhéidir go bhfuigheadh an cneamhaire ar a mhéis fhéin anois é, agus ní ag amhdú an oilc é, ní mór linn dó
+
Ná bac le na Gearmánaí bochta anois. Tá a ndíol ar a n-aire agus iad foirghe leis an ocras
TUILLEADH (1) ▼
Dar diagaí tá chuile fhear dhá árdú (i bpáighe) ach go bhfoiridh Dia ar an talmhaí bocht. Tá sé foirghe ar fad
 
Is bocht an lot atá ar a chois. Tá an cnáimh ag freagairt ann.
 
Chaith mé an lá ag tuineadh leis ag iarraidh é a thabhairt ann, ach ní abródh sé drúcht ná báisteach. Teirigh tusa in a éadan anois má thograíonn tú, ach mo chomhairle duit leigean dó ar fad. Is bocht an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt
 
Ara is beag é a dhicheall an frídeóirín bocht caillte. 'Ar ndó' ní meáchan atá sé siúd indon a thógáil. Ceó ar bith ach go dtiúrfadh sé do bhéilí chugad san ngarraí. Sin é an méid.
 
Sin anam bocht eicínt a bhí ar fuaidreamh ar fud an tsaoil ag cur a phiorfhiachaí dhó (dhe)
 
Sin é a d'fhága ar lár an duine bocht
 
fága
Tá an fharraige ag míniú anuas aríst. Is furasta aithinte é, agus a bhfuil de na fágaí sin inti. Rinne an bádóir seól inniu, ach ní dheachaidh sé thar bharr na C. D'fhill sé ar ais aríst. B'oibrithe leis a bhí sí déarfainn. Tá sé saothraithe go maith ag an duine bocht agus fuiríocht caladh air annsin le seachtain.
+
fág
Nach air a bhí an t-ádh go dtáinig an sean-riadaire sin abhaile as Meiriocá chuige. Más bocht a fríodh é, is saibhir a fágadh é (thuit airgead an tsean-riadaire air)
TUILLEADH (3) ▼
Ná bac leis sin anois. B'fhéidir go raibh sé bocht scathamh, ach más bocht a fríodh é, is saibhir a fágadh é. Deir siad gur fearr "seo é; seo é, ná cáil sé: cáil sé"
Fágadh lag lúbach an duine bocht
Chuaigh sé isteach san mbeainc ag iarraidh airgid, adeir tú. Sin é a fhágas bocht é = cruthaíonn sin go bhfuil sé bocht
 
Tá an dílleachta bocht an-fhágha anois, gan duine ná deóraí san teach ach é fhéin. Dheamhan mórán le dhá bhliain déag é cheapfainn
+
fán
Chuaigh sí le fán (an tsaoil) an dílleachta bocht = chaill sí a cliú agus rl.
TUILLEADH (1) ▼
Is mór an babhta ar an duine bocht má chaitheann sé a dhul amach le fán. Cén bhrí ach gur chleacht sé sin fuigheall na bhfuigheall ariamh go dtí an saol seo fhéin!
+
fóir
Go bhfoire Dia ar an duine bocht. Is díol truaighe é
TUILLEADH (4) ▼
Go bhfoire Mac Dé orainn, nach bocht an chaoi atá air!
Go bhfoire an t-Athair Síorraí anocht orainn, nach beag a scruball fear ar bith a chuaigh ag déanamh a leithide de chleas ar dhílleachta bhocht
Go bhfoire Críost ar na créatúir bhochta atá amuigh ar aghaidh na bpiléar!
An bhfuil tú ag fáil fóirín ar bith ar an bpian … is mór is fiú dhuit a dhuine bhoicht gur bhodhraigh an phian ghárha siúd a bhí ort inné. B'fhéidir go dtéaltódh sí i leabaidh a chéile le cúnamh dé
 
Ní fhágann sé M. chor ar bith, ach an oiread's fhága(nn)s an chaolóid riabhach an chuach. Is maith atá sé dhá saothrú an duine bocht, a's ní móide gur fiú an tairbhe an trioblóid (fear a bhí 'caitheamh a bhróga le bean).
 
Chuaidh fear thart annseo an bhliadhain cheana, a's é gléasta mar bheadh tinncéara ann. Ar a chaomhamhaint a bhí sé ingeall ar bhean bhocht eicínt a rubáil a's a mharbhú, thart síos. Dheamhan duine beo, nach gcuirfeadh sé dalladh púicín air. Siar faoi Chonamara in áit eicínt a rugthas air as a dheire, a's cuireadh príosúntacht le na ló air. Má cuireadh fhéin ba mhaith an aghaidh sin air, ná ar aon-duine eile a dhéanfadh a leithide de chleas.
 
Ní mór do'n duine bhocht carraeracht a dhéanamh le snáth a choingbheál faoi'n bhfiacail.
+
ceal 1
Mara bhfuil bráigill a's bruighshléacht air, ní cheal a shaothruighthe é. Ach níl tada ag eirghe leis a' duine bocht. Tá'n díleághadh ar a chuid.
TUILLEADH (1) ▼
Ní cheal a shaothruighthe atá ort-sa, a dhuine bhoicht, mara bhfagha tú braon óil. Shílfeá nach leigfeadh an náire dhuit a bheith ag imtheacht a' súdaireacht a's a' sclaibéaracht mar tá tú. Tá do cháil faoi'n tír.
 
Is gearr a bhí sé a' ceisniú chor a' bith an duine bocht, gur scuab sé.
 
Ní ag obair atá sé ach a' cipiléaracht léithe. Ach dheamhan éitir sa duine bocht le aon-tsaothar cruadh a dhéanamh.
 
cleite
Nach bocht nach mbeadh sé a' déanamh gaisce as na Céidigh, a's gurb iad an cleite is fhearr in a sciathán fhéin iad.
+
cliar
Tá sé tinn criotánach a's cliar ann i gcomhnuidhe. 'Sé mo mheas, go bhfuil a chuid maitheasa ar iarraidh, an duine bocht.
TUILLEADH (1) ▼
Tá casacht a's cliar air anois, le coigthidhis, a's dheamhan a' beag de'n duine bocht a' méid sin, a's gan tuille dhá bhualadh.
 
Níl cló-stiúrtha ar bith ar a' duine bocht ar an aimsir seo. Tá sé ag ól a's ag a' caitheamh (airgid) faoi 's tairis
 
Nach hí bean a' duine bhoicht í! — coinicéar mór millteach
+
conán
Dheamhan duine beo a thiocfadh a' cur aon-araoid ar a' gconán sin, mara mbeadh a' catmara ar fad air — créatúr bocht nach mbíonn idtroid ná imbruighin, ná nach raibh ariamh.
TUILLEADH (1) ▼
Nach gann a chuaidh an saoghal air, go ndeacha sé a' cur achrainn ar a' gconán bocht sin.
 
cora
Diabhal mé gur mór a' scéal é, an duine bocht! Má bhí sé beag-mhaitheasach fhéin, dheamhan duine coideáin ná aitheantais a leig sé thart a' bóthar sin thíos ariamh, gan carra chainnte a bhualadh air, a's mara ndéanadh sé tada eile, chuirfeadh sé chuile dhuine faoi 'choimrighe Dé'.
+
Tá mé 'ceapadh go bhfuil sé an-lúm a' duine bocht, (lom = lúm) arae feicim a chlann ag (d)ul soir cos-nochttha chuig a' scoil le bliadhain.
TUILLEADH (1) ▼
Níl aige, an duine bocht ach béilidhe cosnochtuighthe.
+
Chomh uain's a bhí an dá shean-fhear bhochta sin annsin ag béal a' doruis aige, chaith sé a shaoghal a' meabhrú do lucht cuarta chuile bhiorán dá bhféadfaidís a dhéanamh orra(b) a dhéanamh dhóib. Dheamhan duine sa tír anois, nach a' deanamh bioráin air fhéin atá. Níorbh é leath-chóir Dé é, mara dteagadh cothromacan síneadh na h-uaire ar ais air fhéin.
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan mórán díol-truaighe í, má tá sí fhéin a faghail cothromacan síne na h-uaire anois ó bhean a mic. Dheamhan leath-chirt a dhéanfadh sí léithe, dhá mhéad dhá ndéanadh sí uirre, arae mharbhuigh sí fhéin an tsean-bhean bhocht a fuair sí sa teach sin roimpe — máthair an fhir.
Foillseocha Dia É fhéin, ar a' té a dhéanfas an éagcóir. Is iomdha créatúlacht a rinne an diabhlánach sin ar dhaoine bochta, ach tá sé fhéin a' faghail cothromacan síne na h-uaire anois, a's dheamhan mórán cáis ag aon-duine céard a gheobhfas sé, ach oiread.
M'anam go bhfeicfe tú go dtiubhra an cliamhain cothromacan síne na h-uaire dhó anois, a's má thugann féin is beag a' scéal é, a's an droch-cheann a chaith sé fhéin len' athair bocht.
+
Ní fheicim fear a' bith is lugha contanás ná é do'n duine bhocht. Cé'n bhrigh, ach gur as an lathaigh a d'eirigh sé fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
Duine ar bith a bhfuil aon-phighinn sa mbeainnc siúd aige, tá contanás dó ann. Ara craithfear lámha leis a mhic ó, a's tá sé in a 'sir' annseo, a's in a 'sir' annsiúd. Ach má theigheann créatúr bocht isteach ann ag iarraidh 'trifle' ar áirleacan, is cam na streillí a chuirfeas siad orra(b) fhéin leis.
 
Dheamhan aithne air, an cíosáinín bocht, nach fear ar foghnamh é fhéin.