→
téigh go
gabha (28)
→
cóineas
Níl aon chóineas dhá raibh ag gabháil le teach ariamh nach bhfuil aige siúd. Ní raibh acra ariamh ag siúinéara ná ag gabha nach bhfuil aige. Más í an tsnáthad mhálaí fhéin í, tá sí aige.
→
bealach
Tá chuile scéal go maith go gcloise tú an dá scéal. Ní hé an oiread sin chor ar bith atá an gabha s'againn fhéin as bealach thar aon ghabha eile.
+
→
beo 2
Chuir an gabha an tairne sa mbeo (nó i mbeo) — thiomáin sé rófhada thríd an gcrúib é go ndeachaigh sé sa mbeo
TUILLEADH (2) ▼
Chuir an gabha tairne i mbeo inti inniu.
'Sí an capall is contráilte í dhár fhéach gabha ariamh le crú a chur uirthi. Ní thagann táirm ar bith uirthi go dtéann sé ar thiomáilt (thiomáint) na dtairní. An lá faoi dheireadh a raibh cothrom cruite ag gabháil uirthi, chuir sé dhá thairne sa mbeo inti agus b'éigean dó a dtarraingt aríst ar ais.
+
→
bioraím
Níor bhioraigh an gabha an chocáil sách maith ar an gcrú.
TUILLEADH (1) ▼
Bioraíonn agus géaraíonn an gabha na tairní seaca sa mbealach go mbéarfaidís greim ar an reothalach.
→
bior
Chuir an gabha bior iarainn sa tine gur thug sé goradh dhó, agus ansin, lúb sé é go ndearna sé tlú dhe
→
faill
Breá ar thug sibh an fhaill dó? Is bocht nach dtógfaí sibh! Nach bhfuil a fhios agaibh go mbíonn sé siúd i gcónaí ag faire ar an teach ósta sin, agus súil gabha i ndiaidh tairne aige féint (feáchaint) an bhfeicfeadh sé tada ag corraí
Tugann an gabha foghairt don drill. Coinníonn sé dhá chur síos is aníos san uisce nó go mbíonn foghairt ann. Ní ligeann an fhoghairt don fhaobhar maolú. Ní imeoidh an géaradas as má bhíonn foghairt ann. Ní théann foghairt ar bith i gcrú. Cuireann sé san uisce é, ach má chuireann féin, ní chuireann sé aon fhoghairt ann. Ní bhíonn aon chall dó leis. I gcruach a théas foghairt — foghairt a chur i gcruaigh: to temper steel
+
→
foireann
Cé mhéad atá an gabha seo thoir a bhaint amach ar an bhfoireann anois?
TUILLEADH (1) ▼
Tá mo dhóthain gualach agam le aghaidh foireann iarainn, ach tá an gabha sin thiar ag leanacht na ndaoine ródhaor ar fad
→
ith
Bhuail an sliabh gortach mé aniar ag tigh Chóilí agus fhóbair mé a dhul isteach ag Pheadair an Ghabha ag iarraidh rud le n-ithe
→
folaigh
Folaigh fúthu. Tá súil gabha i ndiaidh tairne aige seo thall ar gach cárta dá bhfuil ag dul amach
→
fuíoll
M'anamsa muise go bhfuil an crú sin déanta: déanta gan fuíoll chomh maith agus dhá mba amach as teallach an ghabha a thiocfadh sé. Déanta gan fuíoll béim an chasúir a mhic ó — gan lorg an chasúir go ciotach air; déanta i gcruth is nach n-aithneofaí gur togha fear ceirde a rinne é
→
feire
Shílfeá gur beag an feire atá sa gcrú sin chor ar bith. Na bac le aon ghabha nach gcuirfidh slacht ar an rásáil muis
Chuir an gabha an t-iarann sa teallach agus ba ghairid go raibh sé dubhdhearg agus ansin cródhearg aige. Thosaigh sé dhá lascadh ar an inneoin ansin agus murar bhain sé dreas as ní lá go maidin é
→
deargán
Thóg sé as an tine é nuair a bhí sé ina dheargán agus thosaigh sé dhá lascadh ar an inneoin. Níor chuir sé biseach ar bith isteach ann, ach an dá bhrionglán a tháthú agus aon cheann amháin a dhéanamh dhíobh. Siúd é atá deas air. An-ghabha é. Níl gair ar bith ag an mB. air. Níl sé fhoisceacht mbeannaí Dia dhó
→
deasaigh
Ní mór an tlú sin a thabhairt ag an ngabha, nó ag fear deasaithe eicínt go dtáthaítear an dá bhrionglán
→
dreas 2
Is gearr a bheadh an gabha ag cur deise air sin. Thabharfadh sé goradh dhó sa teallach, agus ghabhfadh sé ina éadan ar an inneoin ansin, agus bheadh sé dhá ghreadadh nó nach bhfágfadh sé a dhath den dreas sin air. D'fheicfeá ag éirí dhó leis an orlaíocht é. Féadfaidh tusa an cleas céanna a dhéanamh, mura bhfuil tú ródhíomhaoineach
→
déan 1
Ní dhéanfadh tada na gnaithí anois, ach dhá mbeadh an bhís atá ag an ngabha againn go bhféadfadh muid a chur isteach inti, agus chasfadh sin gan bhuíochas é
→
téigh do
T'anam ón dacs é, níor thug tú an méid sin dó. Ní raibh aon phunt ag dul dó: dhá chrú tá cupla mí ó shin, agus dhá sheanchrú anois, agus thug tú gualach aige an uair dheireanach. Scriosadóir é má bhain sé an oiread sin díot. Tá rud le déanamh leis: a dhul ag gabha eicínt eile
→
téigh ó
Tá an tlú sin gaibhte ó mhaith. B'fhéidir dhá dtugtá ag an ngabha é go dtáthódh sé aríst é